This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021D1866
Council Decision (CFSP) 2021/1866 of 22 October 2021 amending Decision 2010/788/CFSP concerning restrictive measures against the Democratic Republic of the Congo
Cinneadh (CBES) 2021/1866 ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2021 lena leasaítear Cinneadh 2010/788/CBES a bhaineann le bearta sriantacha in aghaidh Phoblacht Dhaonlathach an Chongó
Cinneadh (CBES) 2021/1866 ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2021 lena leasaítear Cinneadh 2010/788/CBES a bhaineann le bearta sriantacha in aghaidh Phoblacht Dhaonlathach an Chongó
ST/12580/2021/INIT
IO L 377, 25.10.2021, p. 33–33
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
25.10.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 377/33 |
CINNEADH (CBES) 2021/1866 ÓN gCOMHAIRLE
an 22 Deireadh Fómhair 2021
lena leasaítear Cinneadh 2010/788/CBES a bhaineann le bearta sriantacha in aghaidh Phoblacht Dhaonlathach an Chongó
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint do Chinneadh 2010/788/CBES ón gComhairle an 20 Nollaig 2010 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht Dhaonlathach an Chongó agus lena n-aisghairtear Comhsheasamh 2008/369/CBES (1),
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 20 Nollaig 2010, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2010/788/CBES. |
(2) |
An 29 Meitheamh 2021, ghlac Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe Rún (“UNSCR”) 2582 (2021), lena leasaítear na critéir chun daoine agus eintitis a ainmniú le bheith faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach i mír 9 agus mír 11 de UNSCR 1807 (2008). |
(3) |
Tá gá le tuilleadh gníomhaíochta ón Aontas chun bearta áirithe a chur chun feidhme. |
(4) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2010/788/CBES a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
In Airteagal 3(1) de Chinneadh 2010/788/CBES, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):
“(i) |
ionsaithe ar choimeádaithe síochána de chuid MCENAC nó ar phearsanra de chuid na Náisiún Aontaithe, lena n-áirítear baill den Ghrúpa Saineolaithe, nó ar phearsanra leighis nó ar phearsanra daonnúil a phleanáil, a stiúradh, a urrú nó páirt a ghlacadh iontu;”. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Deireadh Fómhair 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
G. DOVŽAN