Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D1839

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1839 ón gCoimisiún an 15 Deireadh Fómhair 2021 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le créasóid a úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2021/7348

    IO L 372, 20.10.2021, p. 27–28 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 05/11/2022; Arna aisghairm le 32022R1950

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2021/1839/oj

    20.10.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 372/27


    CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1839 ÓN gCOIMISIÚN

    an 15 Deireadh Fómhair 2021

    lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le créasóid a úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 14(5) de,

    Tar éis dul i gcomhairle leis an mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Cuireadh an tsubstaint ghníomhach créasóid san áireamh in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) maidir lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha le haghaidh chineál táirge 8, agus de bhun Airteagal 86 de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 meastar, dá bhrí sin, créasóid a bheith formheasta faoin Rialachán sin, faoi réir na sonraíochtaí agus na gcoinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin.

    (2)

    An 27 Deireadh Fómhair 2016, cuireadh iarratas isteach i gcomhréir le hAirteagal 13(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ar athnuachan an fhormheasa maidir le créasóid a úsáid i dtáirgí bithicídeacha le haghaidh chineál táirge 8.

    (3)

    An 16 Meán Fómhair 2019, chuir iar-údarás inniúil meastóireachta na Ríochta Aontaithe moladh faoi bhráid na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (“an Ghníomhaireacht”) maidir leis an athnuachan. Is é údarás inniúil na Polainne a ghlac ról an údaráis inniúil meastóireachta maidir leis an iarratas an 30 Eanáir 2020.

    (4)

    Ós rud é nach raibh tuairim na Gníomhaireachta ar athnuachan fhormheas na substainte gníomhaí ar fáil fós faoi mhí Iúil 2020, cuireadh dáta éaga an fhormheasa maidir le créasóid ar atráth go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2021 le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1038 ón gCoimisiún (3) ionas go mbeidh go leor ama ann chun an scrúdú ar an iarratas a chríochnú.

    (5)

    I gcomhréir le hAirteagal 14(3) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, ghlac an Ghníomhaireacht a tuairim (4) an 4 Nollaig 2020, ag féachaint do chonclúidí an údaráis inniúil meastóireachta.

    (6)

    Is mar charcanaigin, catagóir 1B, a aicmítear créasóid, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus comhlíonann sí na critéir maidir le bheith ina substaint mharthanach, bhithcharnach agus thocsaineach agus ina substaint an-mharthanach agus an-bhithcharnach de réir Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), agus comhlíonann sí na critéir eisiaimh a leagtar amach in Airteagal 5(1), pointí (a) agus (e) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Cé go bhfuil tús curtha cheana féin leis an scrúdú chun cinneadh a dhéanamh an gcomhlíontar ar a laghad coinníoll amháin d’Airteagal 5(2), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, agus an bhféadfaí an formheas maidir le créasóid a athnuachan dá bhrí sin, ní fhéadfar an scrúdú seo a thabhairt chun críche roimh dhul in éag don fhormheas reatha.

    (7)

    Thairis sin, tá créasóid, a cuid comhdhúl agus adhmad atá cóireáilte leo faoi réir na srianta a leagtar síos in Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006. Tar éis Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/961 ón gCoimisiún (7), tá an Fhrainc chun sainchomhad a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta, i gcomhréir le hIarscríbhinn XV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, lena dtionscnaítear nós imeachta srianta an Aontais i gcomhréir le hAirteagail 69 go 73 den Rialachán sin. Ní mór tuilleadh scrúdaithe a dhéanamh chun comhsheasmhacht a áirithiú idir an measúnú ar athnuachan an fhormheasa maidir le créasóid mar shubstaint ghníomhach faoi Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 agus nós imeachta srianta an Aontais faoi Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, agus chun foráil a dhéanamh maidir le rialú éifeachtach ar chréasóid agus ar adhmad atá cóireáilte léi.

    (8)

    Dá bharr sin, ar chúiseanna nach bhfuil neart ag an iarratasóir orthu, is cosúil gur in éag a rachaidh an formheas maidir le créasóid a úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 sula nglacfar cinneadh maidir lena hathnuachan. Dá bhrí sin, is iomchuí dáta éaga an fhormheasa maidir le créasóid a chur ar atráth go ceann tréimhse leordhóthanach chun gur féidir scrúdú a dhéanamh ar an iarratas.

    (9)

    I bhfianaise na tréimhse is gá chun cinneadh a dhéanamh an gcomhlíontar ar a laghad coinníoll amháin d’Airteagal 5(2), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, agus an bhféadfaí an formheas maidir le créasóid a athnuachan dá bhrí sin, is iomchuí dáta éaga an fhormheasa maidir le créasóid a chur ar atráth go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2022.

    (10)

    Seachas dáta éaga an fhormheasa, faoi réir na sonraíochtaí agus na gcoinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE tá créasóid formheasta fós,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Dáta éaga an fhormheasa maidir le créasóid a úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8, cuirtear ar atráth é go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2022.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 15 Deireadh Fómhair 2021.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 167, 27.6.2012, lch. 1.

    (2)  Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar an margadh (IO L 123, 24.4.1998, lch. 1).

    (3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1038 ón gCoimisiún an 15 Iúil 2020 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le créasóid a úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 (IO L 227, 16.7.2020, lch. 74).

    (4)  Tuairim an Choiste um Tháirgí Bithicídeacha ar an iarratas maidir le hathnuachan fhormheas na substainte gníomhaí: créasóid, Cineál táirge: 8, ECHA/BPC/274/2020, arna ghlacadh an 4 Nollaig 2020.

    (5)  Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoracha 67/548/CEE agus 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1).

    (6)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).

    (7)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/961 ón gCoimisiún an 7 Meitheamh 2019 lena n-údaraítear beart sealadach arna ghlacadh ag Poblacht na Fraince i gcomhréir le hAirteagal 129 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú, agus Srianadh Ceimiceán (REACH) chun srian a chur ar úsáid agus ar chur ar an margadh adhmad áirithe atá cóireáilte le créasóid agus substaintí eile gaolmhara (IO L 154, 12.6.2019, lch. 44).


    Top