Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D1831

    Cinneadh (AE) 2021/1831 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2021 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe thar ceann an Aontais idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Cabo Verde lena leasaítear an Comhaontú maidir le héascú a dhéanamh ar eisiúint na víosaí gearrfhanachta le saoránaigh Phoblacht Cabo Verde agus le saoránaigh an Aontais Eorpaigh

    ST/5034/2021/INIT

    IO L 371, 19.10.2021, p. 3–4 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/1831/oj

    Related international agreement

    19.10.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 371/3


    CINNEADH (AE) 2021/1831 ÓN gCOMHAIRLE

    an 7 Deireadh Fómhair 2021

    maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe thar ceann an Aontais idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Cabo Verde lena leasaítear an Comhaontú maidir le héascú a dhéanamh ar eisiúint na víosaí gearrfhanachta le saoránaigh Phoblacht Cabo Verde agus le saoránaigh an Aontais Eorpaigh

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe pointe (a) d’Airteagal 77(2), i gcomhar le pointe (a) den dara fomhír d’Airteagal 218(6) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1)

    I gConclúidí an 20 Samhain 2007, ba dhíol sásaimh don Chomhairle agus d’ionadaithe rialtais na mBallstát a tháinig le chéile sa Chomhairle an teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an gcaidreamh sa todhchaí idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Cabo Verde. Thar aon ní, ba dhíol sásaimh don Chomhairle doimhniú an chaidrimh idir an tAontas agus Cabo Verde trí Phlean Gníomhaíochta d’fhorbairt ar “chomhpháirtíocht speisialta” idir an dá pháirtí a chur chun feidhme. Ina theannta sin, leis an teachtaireacht sin, foráilítear gurb é is aidhm don “chomhpháirtíocht speisialta” sin tús a chur le hidirphlé oscailte, cuiditheach, pragmatach agus gur tosaíocht straitéiseach comhroinnte é an comhrac in aghaidh na hinimirce neamhdhlíthiúil.

    (2)

    An 1 Nollaig 2014, tháinig Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Cabo Verde maidir le héascú a dhéanamh ar eisiúint na víosaí gearrfhanachta le saoránaigh Phoblacht Cabo Verde agus le saoránaigh an Aontais Eorpaigh (2) (“an Comhaontú 2014”) i bhfeidhm.

    (3)

    Ón 1 Nollaig 2014 i leith, tá forás tagtha ar an reachtaíocht idir an tAontas agus Cabo Verde, leis an athbhreithniú a rinneadh ar an gCód Víosa le Rialachán (AE) 2019/1155 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus cinneadh Cabo Verde chun saoránaigh an Aontais a dhíolmhú ón gceanglas víosa le haghaidh fanachtaí suas go 30 lá. I bhfianaise na n-athruithe sin agus i bhfianaise an mheasúnaithe a rinne an Coiste Comhpháirteach a bhunaítear faoi Airteagal 10 den Chomhaontú 2014 agus gur dá chúram faireachán ar chur chun feidhme Chomhaontú 2014 ba chóir cuid de na forálacha, lena n-éascaítear eisiúint na víosaí le saoránaigh Cabo Verde agus, ar bhonn cómhalartach, le saoránaigh an Aontais maidir le tréimhse fanachta atá beartaithe le haghaidh tréimhse nach faide ná 90 lá i rith tréimhse 180 lá a choigeartú agus a chomhlánú trí Chomhaontú leasaitheach.

    (4)

    I gcomhréir le Cinneadh (AE) 2021/1830 ón gComhairle (4), an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Cabo Verde lena leasaítear an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Cabo Verde maidir le héascú a dhéanamh ar eisiúint na víosaí gearrfhanachta le saoránaigh Phoblacht Cabo Verde agus le saoránaigh an Aontais Eorpaigh (“an Comhaontú leasaitheach”), síníodh an Comhaontú sin an 18 Márta 2021, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta is faide anonn.

    (5)

    Is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha de acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (5). Dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo ná níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir an chuir i bhfeidhm a ghabhann leis.

    (6)

    I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, prótacal atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo ná níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir an chuir i bhfeidhm a ghabhann leis.

    (7)

    Ba cheart an Comhaontú leasaitheach a fhormheas,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leis seo, formheastar an Comhaontú thar ceann an Aontais idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Cabo Verde lena leasaítear an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Cabo Verde maidir le héascú a dhéanamh ar eisiúint na víosaí gearrfhanachta le saoránaigh Phoblacht Cabo Verde agus le saoránaigh an Aontais Eorpaigh (6).

    Airteagal 2

    Tabharfaidh Uachtarán na Comhairle, thar ceann an Aontais, an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 2(1) den Chomhaontú leasaitheach (7).

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar lá a ghlactha.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 7 Deireadh Fómhair 2021.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    M. DIKAUČIČ (m)


    (1)  Toiliú an 16 Meán Fómhair 2021 (Ní hann do théacs an Chomhaontuithe seo sa Ghaeilge).

    (2)  IO L 282, 24.10.2013, lch. 3.

    (3)  Rialachán (AE) 2019/1155 Ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí) (IO L 188, 12.7.2019, lch. 25).

    (4)  Cinneadh (AE) 2021/1830 an 22 Feabhra 2021 ón gComhairle, maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Cabo Verde lena leasaítear an Comhaontú maidir le héascú a dhéanamh ar eisiúint na víosaí gearrfhanachta le saoránaigh Phoblacht Cabo Verde agus le saoránaigh an Aontais Eorpaigh (féach leathanach 1 den Iris Oifigiúil seo).

    (5)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).

    (6)  Féach leathanach 5 den Iris Oifigiúil seo.

    (7)  Déanfaidh Ardrúnaíocht na Comhairle dáta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe leasuithe a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh..


    Top