EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D1822

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1822 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2021 maidir le Cathaoirleach ar an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) a cheapadh

ST/12334/2021/INIT

IO L 369, 19.10.2021, p. 9–10 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2021/1822/oj

19.10.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 369/9


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1822 ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Deireadh Fómhair 2021

maidir le Cathaoirleach ar an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) a cheapadh

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 48(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 48(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, arna leasú le Rialachán (AE) 2019/2175 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), bunaithe ar ghearrliosta iarrthóirí cáilithe arna chur i dtoll a chéile ag Bord Maoirseoirí ESMA, glacfaidh an Chomhairle cinneadh chun an Cathaoirleach a cheapadh, tar éis daingniú ó Pharlaimint na hEorpa.

(2)

An 26 Samhain 2020, fuair an Chomhairle an gearrliosta de thriúr iarrthóirí arna roghnú ag Bord Maoirseoirí ESMA do phost an Chathaoirligh ar ESMA.

(3)

An 11 Nollaig 2020, chuir an Uachtaránacht an triúr iarrthóirí faoi agallamh thar ceann na mBallstát.

(4)

An 22 Meán Fómhair 2021, tháinig Coiste na mBuanionadaithe ar chomhaontú maidir le duine de na hiarrthóirí ar an ngearrliosta do phost an Chathaoirligh ar ESMA: Verena ROSS.

(5)

An 29 Meán Fómhair 2021, chuir an Chomhairle litir chuig Parlaimint na hEorpa á rá go nglacfadh an Chomhairle cinneadh maidir le Verena ROSS a cheapadh ina Cathaoirleach ar ESMA, dá ndaingnódh Parlaimint na hEorpa í do phost an Chathaoirligh ar ESMA.

(6)

An 5 Deireadh Fómhair 2021, dhaingnigh Parlaimint na hEorpa Verena ROSS do phost an Chathaoirligh ar ESMA.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, ceaptar Verena ROSS ina Cathaoirleach ar an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) go ceann tréimhse 5 bliana ón 1 Samhain 2021.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 15 Deireadh Fómhair 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. CIGLER KRALJ


(1)  IO L 331, 15.12.2010, lch. 84

(2)  Rialachán (AE) 2019/2175 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach), Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais, Rialachán (AE) 2016/1011 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas, agus Rialachán (AE) 2015/847 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí (IO L 334, 27.12.2019, lch. 1).


Top