This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021D1737
Council Decision (EU) 2021/1737 of 23 September 2021 on the position to be adopted, on behalf of the European Union, within the EEA Joint Committee concerning the amendment of Protocol 31 on cooperation in specific fields outside the four freedoms, annexed to the EEA Agreement (Digital Europe Programme) (Text with EEA relevance)
Cinneadh (AE) 2021/1737 ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2021 maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, i gComhchoiste LEE a bhaineann leis an leasú ar Phrótacal 31, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse, atá i gceangal le Comhaontú LEE (Clár don Eoraip Dhigiteach) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Cinneadh (AE) 2021/1737 ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2021 maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, i gComhchoiste LEE a bhaineann leis an leasú ar Phrótacal 31, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse, atá i gceangal le Comhaontú LEE (Clár don Eoraip Dhigiteach) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
ST/11241/2021/INIT
IO L 348, 1.10.2021, pp. 13–14
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
1.10.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 348/13 |
CINNEADH (AE) 2021/1737 ÓN gCOMHAIRLE
an 23 Meán Fómhair 2021
maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, i gComhchoiste LEE a bhaineann leis an leasú ar Phrótacal 31, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse, atá i gceangal le Comhaontú LEE (Clár don Eoraip Dhigiteach)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 172 agus Airteagal 173(3), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2894/94 ón gComhairle an 28 Samhain 1994 a bhaineann le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (1), agus go háirithe Airteagal 1(3) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tháinig an Comhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (2) (“Comhaontú LEE”) i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994. |
|
(2) |
De bhun Airteagal 98 de Chomhaontú LEE, féadfaidh Comhchoiste LEE a chinneadh, inter alia, Prótacal 31 maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse (“Prótacal 31”), atá i gceangal le Comhaontú LEE, a leasú. |
|
(3) |
Tá Rialachán (AE) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(4) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Prótacal 31 i gceangal le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin. |
|
(5) |
Ba cheart, dá bhrí sin, seasamh an Aontais i gComhchoiste LEE a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhchoiste LEE i ndáil leis an leasú atá beartaithe ar Phrótacal 31 maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse, atá i gceangal le Comhaontú LEE, beidh sé bunaithe ar an dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE (4).
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Meán Fómhair 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
G. DOVŽAN
(1) IO L 305, 30.11.1994, lgh. 6.
(3) Rialachán (AE) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Clár don Eoraip Dhigiteach agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2015/2240, (IO L 166, 11.5.2021, lch. 1).
(4) Féach doiciméad ST 11242/21 ar http://register.consilium.europa.eu.