This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021D1344
Commission Decision (EU) 2021/1344 of 9 August 2021 establishing criteria to define the period of time for which persons posing a threat to security may be banned from the Commission’s premises
Cinneadh (AE) 2021/1344 ón gCoimisiún an 9 Lúnasa 2021 lena mbunaítear critéir chun an tréimhse ama a shainmhíniú ar lena linn a fhéadfar daoine a bhfuil bagairt don tslándáil ann dá ndeasca a thoirmeasc ó áitribh an Choimisiúin
Cinneadh (AE) 2021/1344 ón gCoimisiún an 9 Lúnasa 2021 lena mbunaítear critéir chun an tréimhse ama a shainmhíniú ar lena linn a fhéadfar daoine a bhfuil bagairt don tslándáil ann dá ndeasca a thoirmeasc ó áitribh an Choimisiúin
C/2021/6044
IO L 292, 16.8.2021, pp. 27–29
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
16.8.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 292/27 |
CINNEADH (AE) 2021/1344 ÓN gCOIMISIÚN
an 9 Lúnasa 2021
lena mbunaítear critéir chun an tréimhse ama a shainmhíniú ar lena linn a fhéadfar daoine a bhfuil bagairt don tslándáil ann dá ndeasca a thoirmeasc ó áitribh an Choimisiúin
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint do Chinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir le Slándáil sa Choimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 12(1), pointe (b) agus Airteagal 21 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Teastaíonn sé ón gCoimisiún feidhmiú i dtimpeallacht shlán shábháilte. Dá réir sin, tá gá le cur chuige comhtháite comhleanúnach maidir lena shlándáil, lena gcuirfear leibhéil iomchuí chosanta ar fáil do dhaoine, do shócmhainní agus d’fhaisnéis atá i gcomhréir le rioscaí sainaitheanta, agus lena n-áirithítear go gcuirfear slándáil ar fáil ar bhealach éifeachtúil tráthúil. Tá bagairtí agus dúshláin mhóra i réimse na slándála le sárú ag an gCoimisiún, go háirithe maidir leis an sceimhlitheoireacht agus le spiaireacht pholaitiúil agus spiaireacht tráchtála. |
|
(2) |
Chun slándáil daoine, sócmhainní agus faisnéise a áirithiú, déanann an Coimisiún, go háirithe Stiúrthóireacht Slándála a Ard-Stiúrthóireachta um Acmhainní Daonna agus um Shlándáil, bearta de bhun Chinneadh (AE, Euratom) 2015/443 a bhfuil feidhm acu maidir le gach roinn de chuid an Choimisiúin agus in áitribh uile an Choimisiúin. Ar na bearta sin tá bearta teoranta maidir le daoine a bhfuil bagairt don tslándáil ann dá ndeasca, lena n-áirítear daoine a thoirmeasc ó áitribh an Choimisiúin ar feadh tréimhse ama de bhun Airteagal 12(1), pointe (b) den Chinneadh sin, |
|
(3) |
Foireann an Choimisiún atá sainordaithe go cuí i gcomhréir le hAirteagail 5 agus 12 de Chinneadh (AE, Euratom) 2015/443, ba cheart dóibh, agus cinneadh á dhéanamh acu maidir le duine nó daoine a thoirmeasc ó áitribh an Choimisiúin, i gcás ina measfar, de bhun Airteagal 12(1), pointe (b) den Chinneadh sin, go bhfuil bagairt ar a shlándáil dá dheasca nó dá ndeasca, ba cheart dóibh measúnú a dhéanamh ar an mbaol sin de réir an cháis, agus maidir leis na cúinsí ábhartha aonair. |
|
(4) |
D’fhéadfadh feidhm a bheith ag an srian ar rochtain maidir le háitreabh amháin de chuid an Choimisiúin, roinnt áitribh nó fiú na háitribh ar fad. |
|
(5) |
Ba cheart dóchúlacht, tromchúis agus fad na bagartha a chur san áireamh i dtréimhse an toirmisc. |
|
(6) |
Níor cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo maidir le toirmeasc ar rochtain ar áitribh an Choimisiúin, ar cinneadh é a glacadh i gcomhthéacs imeachtaí cur ar fionraí de bhun Airteagal 23 d’Iarscríbhinn IX a ghabhann leis na Rialacháin Foirne. |
|
(7) |
Níor cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo maidir le baill foirne de chuid an Choimisiúin atá ag obair i dToscaireachtaí an Aontais ar cheart dóibh a bheith faoi réir na rialacha slándála maidir leis tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí . |
|
(8) |
I gcomhréir leis na rialacha nós imeachta inmheánacha, an comhalta den Choimisiún atá freagrach as cúrsaí slándála, tá sé tugtha de chumhacht dó trí bhíthin Chinneadh C(2016) 2797 ón gCoimisiún (2) rialacha cur chun feidhme a leagan síos lena mbunófar na critéir is gá chun na tréimhsí ama is infheidhme maidir le toirmeasc ar rochtain ar áitribh an Choimisiúin a shainmhíniú de bhun Airteagal 12 de Chinneadh (AE, Euratom) 2015/443. Rinneadh an chumhacht sin a fho-tharmligean chuig Ard-Stiúrthóir na hArd-Stiúrthóireachta um Acmhainní Daonna agus um Shlándáil trí bhíthin Chinneadh C(2021) 2684 ón gCoimisiún (3). |
|
(9) |
Na bearta slándála de bhun an Chinnidh seo, ba cheart iad na prionsabail maidir le slándáil sa Choimisiún a leagtar síos in Airteagal 3 de Chinneadh (AE, Euratom) 2015/443 a chomhlíonadh, agus urraim á tabhairt do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh go háirithe, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
1. Leis an gCinneadh seo, leagtar amach na critéir chun an tréimhse ama a shainmhíniú ar lena linn a fhéadfar daoine a bhfuil bagairt don tslándáil ann dá ndeasca a thoirmeasc ó áitribh an Choimisiúin de bhun Airteagal 12(1), pointe (b) de Chinneadh (AE, Euratom) 2015/443.
2. Beidh feidhm ag an gCinneadh seo maidir le gach roinn de chuid an Choimisiúin agus i ngach áitreabh de chuid an Choimisiúin. Beidh na baill foirne de chuid an Choimisiúin atá ag obair i dToscaireachtaí an Aontais faoi réir na rialacha slándála don tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (4).
3. Ní bheidh feidhm ag an gCinneadh seo maidir le himeachtaí cur ar fionraí de bhun Airteagal 23 d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialacháin Foirne na nOifigeach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (5).
Airteagal 2
Raon feidhme an toirmisc
1. Féadfaidh feidhm a bheith ag an toirmeasc dá dtagraítear in Airteagal 1(1) maidir le háitreabh amháin de chuid an Choimisiúin, roinnt áitreabh nó na háitribh ar fad.
2. I gcás ina roinneann an Coimisiún áitreabh le hinstitiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais, cuirfidh an Coimisiún an cinneadh maidir le toirmeasc a chur ar rochtain ar chodanna an áitribh ina bhfuil an Choimisiúin in iúl do na hinstitiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí sin.
Airteagal 3
Tréimhse an toirmisc
1. Beidh tréimhse an toirmisc dá dtagraítear in Airteagal 1(1) bunaithe ar mheastachán ar fhad dóchúlacht agus tromchúis na bagartha don tslándáil.
2. Áireofar na nithe seo a leanas sna critéir chun measúnú a dhéanamh ar thromchúis na bagartha don tslándáil:
|
(a) |
an méid dochair a d’fhéadfadh a bheith ann de thoradh na bagartha sin, maidir le beatha, sláine coirp, folláine nó sláinte daoine, agus an damáiste a d’fhéadfadh a bheith ann do shócmhainní agus d’fhaisnéis; |
|
(b) |
cé acu atá nó nach bhfuil baint ag an mbagairt le cion coiriúil a dhéanamh; |
|
(c) |
cé acu ar bhonn faillí, mórfhaillí nó intinne atá an bhagairt; |
|
(d) |
cé acu foréigneach, ionsaitheach nó atriallach atá iompar an duine a bhfuil bagairt ann dá dheasca; |
|
(e) |
méid an chaillteanais airgeadais a d’fhéadfadh a bheith ann don Choimisiún; |
|
(f) |
méid an damáiste a d’fhéadfaí a dhéanamh do chlú an Choimisiúin. |
3. I gcás nach féidir tréimhse na bagartha a mheas go leorchinnte agus gur bagairt an-tromchúiseach atá inti, féadfar toirmeasc a chur ar an duine a bhfuil bagairt ann dá dheasca go dtí go bhfógrófar a mhalairt. Tá feidhm aige sin, go háirithe, i gcás ina mbaineann ceann de na saintréithe seo a leanas leis an mbagairt:
|
(a) |
is é atá i gceist leis an mbagairt a bheith páirteach i ngníomhaíochtaí agus i líonraí sceimhlitheoireachta nó spiaireachta; |
|
(b) |
is é an toradh a d’fhéadfadh a bheith ar an mbagairt sin go gcaillfí beatha, go ndéanfaí díobháil nó dochar tromchúiseach, nó damáiste suntasach do mhaoin, go gcuirfí faisnéis íogair nó rúnaicmithe i mbaol, go gcuirfí isteach ar chórais TF nó ar acmhainní riachtanacha oibríochtúla de chuid an Choimisiúin; |
|
(c) |
is éard atá i gceist leis an mbagairt iompar foréigneach, ionsaitheach nó atriallach, iompar a bhfuil sé d’éifeacht aige cur isteach go mór ar fheidhmiú sheirbhísí an Choimisiúin. |
Airteagal 4
Athbhreithniú ar thoirmisc
Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar aon chinneadh a dhéanfar de bhun Airteagal 12(1), pointe(b) de Chinneadh (AE, Euratom) 2015/443 arna iarraidh sin don duine lena mbaineann, ar choinníoll go léiríonn an duine sin eilimintí substainteacha nua lena féidir athscrúdú a dhéanamh ar an toirmeasc. Bunóidh an Coimisiún a athbhreithniú ar na critéir as ar eascair an toirmeasc tosaigh.
Airteagal 5
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 9 Lúnasa 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
Gertrud INGESTAD
An tArd-Stiúrthóir
An Ard-Stiúrthóireacht um Acmhainní Daonna agus um Shlándáil
(1) IO L 72, 17.3.2015, lch. 41.
(2) Cinneadh C(2016) 2797 ón gCoimisiún an 4 Bealtaine 2016 maidir le cumhachtú a bhaineann le slándáil.
(3) Cinneadh C(2021) 2684 ón gCoimisiún an Dé Máirt 13 Aibreán 2021 lena ndeonaítear fo-tharmligean cumhachtaí a deonaíodh i gCinneadh C(2016) 2797 ón gCoimisiún maidir le cumhachtú a bhaineann le slándáil.
(4) Cinneadh ADMIN(2017) 10 ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 19 Meán Fómhair 2017 maidir leis na rialacha slándála don tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (IO C 126, 10.4.2018, lch. 1).
(5) Rialachán Uimh. 31 (CEE), 11 (CEFA), lena leagtar síos Rialacháin Foirne Oifigigh an Chomhphobail Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Chomhphobail Eorpaigh agus an Chomhphobail Eorpaigh d’Fhuinneamh Adamhach (IO P 045, 14.6.1962, lch. 1385).