Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D1321

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1321 ón gCoimisiún an 6 Lúnasa 2021 lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2007/453/CE a mhéid a bhaineann le stádas ESB Cheanada agus na hÉireann (Tugadh fógra dó faoi dhoiciméid C(2021) 5789) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2021/5789

    IO L 286, 10.8.2021, p. 17–20 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2021/1321/oj

    10.8.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 286/17


    CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1321 ÓN gCOIMISIÚN

    an 6 Lúnasa 2021

    lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2007/453/CE a mhéid a bhaineann le stádas ESB Cheanada agus na hÉireann

    (Tugadh fógra dó faoi dhoiciméid C(2021) 5789)

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 lena leagtar síos rialacha maidir le heinceifileapaití spúinseacha in-tarchurtha áirithe a chosc, a smachtú agus a dhíothú (1), agus go háirithe Airteagal 5(2), an tríú fomhír, de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    I Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 déantar foráil go bhfuil na Ballstáit nó tríú tíortha nó réigiúin díobh (tíortha nó réigiúin) le haicmiú de réir a stádais einceifileapaite spúinsí bólachta (ESB) i gceann de thrí chatagóir: riosca diomaibhseach ESB, riosca smachtaithe ESB agus riosca neamhchinnte ESB.

    (2)

    In Airteagal 5(2), an tríú fomhír de Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 déantar foráil go bhféadfar athmheasúnú a dhéanamh ar an aicmiú ESB ar leibhéal an Aontais más rud é gur chuir an Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe (OIE) tír iarrthach i gceann de na trí chatagóir ESB.

    (3)

    I gCinneadh 2007/453/CE ón gCoimisiún (2), liostaítear stádas ESB na dtíortha nó na réigiún de réir a riosca ESB féin i gCodanna A, B nó C den Iarscríbhinn a ghabhann leis an ngníomh sin. Meastar gur riosca diomaibhseach ESB atá ag baint leis na tíortha nó na réigiúin a liostaítear i gCuid A den Iarscríbhinn sin, meastar gur riosca smachtaithe ESB atá ag baint leis na cinn a liostaítear i gCuid B, agus déantar foráil i gCuid C den Iarscríbhinn sin go meastar gur riosca neamhchinntithe ESB atá ag baint leis na tíortha nó na réigiúin nach liostaítear i gCodanna A nó B.

    (4)

    Faoi láthair is faoi Chuid B den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2007/453/CE a thagann Ceanada agus Éire, is é sin is tíortha iad a bhfuil riosca smachtaithe ESB ag baint leo.

    (5)

    An 27 Bealtaine 2021, ghlac Comhthionól Domhanda Thoscaireachtaí OIE Rún Uimh. 17, dar teideal "Recognition of the Bovine Spongiform Encephalopathy Risk Status of Members(3), i bhfianaise a theacht i bhfeidhm an 29 Bealtaine 2021. Sa Rún sin, is éard a glacadh leis gur riosca diomaibhseach ESB atá i gCeanada agus in Éirinn, i gcomhréir le Cód um Shláinte na nAinmhithe Talún OIE. Tar éis athmheasúnú an scéil ar leibhéal an Aontais, agus i ngeall ar Rún Uimh. 17 ó OIE, mheas an Coimisiún gur cheart stádas ESB OIE nua sa dá thír a léiriú san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2007/453/CE.

    (6)

    Dá bhrí sin, ba cheart liosta na dtíortha nó na réigiún san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2007/453/CE a leasú ionas gur i gCuid A den Iarscríbhinn sin a liostófar Ceanada agus Éire, is é sin faoi thíortha nó réigiúin a bhfuil riosca diomaibhseach ESB ag baint leo.

    (7)

    Dá bhrí sin, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2007/453/CE a leasú dá réir.

    (8)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir le tuairim an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Cinneadh 2007/453/CE.

    Airteagal 2

    Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 6 Lúnasa 2021.

    Thar ceann an Choimisiúin

    Stella KYRIAKIDES

    Comhalta den Choimisiún


    (1)  IO L 147, 31.5.2001, lch. 1.

    (2)  Cinneadh 2007/453/CE ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2007 lena mbunaítear stádas ESB na mBallstát agus tríú tíortha nó réigiún díobh de réir an riosca ESB a bhaineann leo (IO L 172, 30.6.2007, lch. 84)

    (3)  https://www.oie.int/app/uploads/2021/05/a-r17-2021-bse.pdf


    IARSCRÍBHINN

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Cinneadh 2007/453/CE:

    "IARSCRÍBHINN

    LIOSTA DE THÍORTHA NÓ DE RÉIGIÚIN

    A.   Tíortha nó réigiúin lena mbaineann riosca diomaibhseach ESB

    Na Ballstáit

    An Bheilg

    An Bhulgáir

    An tSeicia

    An Danmhairg

    An Ghearmáin

    An Eastóin

    Éire

    An Spáinn

    An Chróit

    An Iodáil

    An Chipir

    An Laitvia

    An Liotuáin

    Lucsamburg

    An Ungáir

    Málta

    An Ísiltír

    An Ostair

    An Pholainn

    An Phortaingéil

    An Rómáin

    An tSlóivéin

    An tSlóvaic

    An Fhionlainn

    An tSualainn

    Réigiúin na mBallstát (*1)

    Tuaisceart Éireann

    Tíortha Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa

    An Íoslainn

    Lichtinstéin

    An Iorua

    An Eilvéis

    Tríú tíortha

    An Airgintín

    An Astráil

    An Bhrasaíl

    Ceanada

    An tSile

    An Cholóim

    Cósta Ríce

    An India

    Iosrael

    An tSeapáin

    Geirsí

    An Namaib

    An Nua-Shéalainn

    Panama

    Paragua

    Peiriú

    An tSeirbia (*2)

    Singeapór

    Na Stáit Aontaithe

    Uragua

    B.   Tíortha nó réigiúin lena mbaineann riosca smachtaithe ESB

    Na Ballstáit

    An Ghréig

    An Fhrainc

    Tríú tíortha

    Meicsiceo

    Nicearagua

    An Chóiré Theas

    An Téaváin

    An Ríocht Aontaithe cé is moite de Thuaisceart Éireann

    C.   Tíortha nó réigiún lena mbaineann riosca neamhchinnte ESB

    Tíortha nó réigiúin nach liostaítear i gCodanna A nó B.

    .

    (*1)  I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 5(4) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann i gcomhréir le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal sin, chun críocha na hIarscríbhinne seo, cuimsíonn tagairtí do na Ballstáit an Ríocht Aontaithe i leith Thuaisceart Éireann.

    (*2)  Faoi mar a thagraítear dóibh in Airteagal 135 den Chomhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit de pháirt, agus Poblacht na Seirbia, den pháirt eile (IO L 278, 18.10.2013, lch. 16)."


    Top