This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021D1305
Council Decision (CFSP) 2021/1305 of 5 August 2021 amending Decision 2010/638/CFSP concerning restrictive measures against the Republic of Guinea
Cinneadh (CBES) 2021/1305 ón gComhairle an 5 Lúnasa 2021 lena leasaítear Cinneadh 2010/638/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht na Guine
Cinneadh (CBES) 2021/1305 ón gComhairle an 5 Lúnasa 2021 lena leasaítear Cinneadh 2010/638/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht na Guine
ST/11002/2021/INIT
IO L 283, 6.8.2021, pp. 18–19
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
6.8.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 283/18 |
CINNEADH (CBES) 2021/1305 ÓN gCOMHAIRLE
an 5 Lúnasa 2021
lena leasaítear Cinneadh 2010/638/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht na Guine
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 25 Deireadh Fómhair 2010, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2010/638/CBES (1) a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht na Guine. |
|
(2) |
Ba cheart faisnéis faoi chúigear a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2010/638/CBES a thabhairt cothrom le dáta. |
|
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2010/638/CBES a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2010/638/CBES mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 5 Lúnasa 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
G. DOVŽAN
(1) Cinneadh 2010/638/CBES ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2010 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht na Guine (IO L 280, 26.10.2010, lch. 10).
IARSCRÍBHINN
San Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2010/638/CBES, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas in ionad iontrálacha 1 go dtí 5 faoin gceannteideal ‘Liosta na ndaoine dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 4’:
|
|
Ainm (agus ailiasanna féideartha) |
Faisnéis chéannachta |
Cúiseanna |
|
‘1. |
Captain Moussa Dadis CAMARA |
Dáta breithe: 01.01.64 nó 29.12.1968 Pasuimhir: R0001318 Inscne: fireann Seoladh: Ouagadougou (Burkina Faso) Feidhm nó gairm: Iar-mhíleata agus ceannaire junta míleata CNDD (Conseil National pour la Democratie et le Developpement) |
Duine a shainaithin an Coimisiún Idirnáisiúnta Fiosrúcháin mar dhuine atá freagrach as imeachtaí an 28 Meán Fómhair 2009 sa Ghuine |
|
2. |
An Coirnéal Moussa Tiégboro CAMARA Ailias: Moussa Thiegboro CAMARA |
Dáta breithe: 01.01.1968 Pasuimhir: 7190 Inscne: fireann Feidhm nó gairm: Ardrúnaí, Uachtaránacht Phoblacht na Guine |
Duine a shainaithin an Coimisiún Idirnáisiúnta Fiosrúcháin mar dhuine atá freagrach as imeachtaí an 28 Meán Fómhair 2009 sa Ghuine |
|
3. |
An Coirnéal Dr. Abdoulaye Chérif DIABY |
Dáta breithe: 26.02.1957 Pasuimhir: 13683 Inscne: fireann Feidhm nó gairm: dochtúir míleata |
Duine a shainaithin an Coimisiún Idirnáisiúnta Fiosrúcháin mar dhuine atá freagrach as imeachtaí an 28 Meán Fómhair 2009 sa Ghuine |
|
4. |
An Captaen Aboubacar Chérif (ailias Toumba) DIAKITÉ |
Inscne: fireann Seoladh: Conakry (Republic of Guinea) Feidhm nó gairm: iar-mhíleata. Faisnéis eile: faoi choinneáil |
Duine a shainaithin an Coimisiún Idirnáisiúnta Fiosrúcháin mar dhuine atá freagrach as imeachtaí an 28 Meán Fómhair 2009 sa Ghuine |
|
5. |
An Coirnéal Jean-Claude PIVI (ailias Coplan) |
Dáta breithe: 01.01.1960 Inscne: fireann Feidhm nó gairm: An tAire atá i gceannas ar Shlándáil an Uachtaráin |
Duine a shainaithin an Coimisiún Idirnáisiúnta Fiosrúcháin mar dhuine atá freagrach as imeachtaí an 28 Meán Fómhair 2009 sa Ghuine’ |