Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D1304

    Cinneadh (CBES) 2021/1304 ón gComhairle an 5 Lúnasa 2021 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2016/849 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré

    ST/10909/2021/INIT

    IO L 283, 6.8.2021, p. 13–17 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/1304/oj

    6.8.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 283/13


    CINNEADH (CBES) 2021/1304 ÓN gCOMHAIRLE

    an 5 Lúnasa 2021

    lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2016/849 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 27 Bealtaine 2016, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2016/849 (1) a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré.

    (2)

    I gcomhréir le hAirteagal 36(2) de Chinneadh (CBES) 2016/849, rinne an Chomhairle athbhreithniú ar liostaí na ndaoine agus na n-eintiteas ainmnithe a leagtar amach in Iarscríbhinní II, III, V agus VI a ghabhann leis an gCinneadh sin.

    (3)

    Ba cheart na bearta sriantacha i gcoinne gach duine agus eintiteas dá bhfuil ar na liostaí a leagtar amach in Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2016/849 a choimeád ar bun, agus an ráiteas ar na cúiseanna a ghabhann le deichniúr agus le heintiteas amháin, mar aon leis an bhfaisnéis aitheantais faoi cheathrar, a uasdátú.

    (4)

    Ina theannta sin, ba cheart an fhaisnéis aitheantais a ghabhann le duine amháin díobh siúd atá ar an liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2016/849 a uasdátú.

    (5)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2016/849 a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear, leis seo, Iarscríbhinní I, II agus III a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2016/849 mar a leagtar amach iad san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 5 Lúnasa 2021.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    G. DOVŽAN


    (1)  Cinneadh (CBES) 2016/849 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2016 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2013/183/CBES (IO L 141, 28.5.2016, lch. 79).


    IARSCRÍBHINN

    (1)

    In Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2016/849, faoin gceannteideal ‘A. Daoine’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 77:

     

    Ainm

    Ailias

    Dáta breithe:

    Dáta an ainmniúcháin ag na NA

    Ráiteas ar chúiseanna

    ‘77.

    Ri Pyong Chul

    Ri Pyong Chol, Ri Pyo’ng-ch’o’l

    Bliain bhreithe: 1948

    Náisiúntacht: DPRK

    Inscne: Fireann

    Seoladh: DPRK

    22.12.2017

    Comhalta malartach den Political Bureau of the Workers’ Party of Korea agus an Chéad Leas-Stiúrthóir ar an Munitions Industry Department.’

    (2)

    In Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2016/849, faoin gceannteideal ‘I. Daoine agus eintitis atá freagrach as cláir DPDC a bhaineann le hairm núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le hairm ollscriosta eile, nó daoine nó eintitis atá ag gníomhú thar a gceann nó faoina stiúir, nó eintitis atá faoi úinéireacht nó faoi rialú acu’, fo-cheannteideal ‘A. Daoine’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontrálacha 6, 7, 10, 11, 15, 16, 17, 18, 19, 24, agus 25:

     

    Ainm

    Ailias

    Faisnéis aitheantais

    Dáta ainmniúcháin

    Ráiteas ar chúiseanna

    ‘6.

    SO Sang-kuk

    SO Sang Kuk

    Dáta breithe: 30.11.1938

    Inscne: fireann

    22.12.2009

    Ceann ar Department of Nuclear Physics, Kim Il Sung University.’

    ‘7.

    KIM Yong Chol

    KIM Yong-Chol; KIM Young-Chol; KIM Young-Cheol; KIM Young-Chul

    Dáta breithe: 1946

    Áit bhreithe: Pyongan-Pukto, DPRK

    Inscne: fireann

    19.12.2011

    Comhalta den Workers’ Party of Korea Central Military Commission, den Politburo agus den State Affairs Commission of the Democratic People’s Republic of Korea. Iarcheannasaí an Reconnaissance General Bureau (RGB), eintiteas atá faoi réir smachtbhannaí ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. D’fhéadfaí gur athcheapadh é ina stiúrthóir ar an United Front Department.’

    ‘10.

    HONG Sung-Mu

    HUNG Sun Mu; HONG Sung Mu

    Dáta breithe: 1.1.1942

    Inscne: fireann

    20.5.2016

    Leas-stiúrthóir ar an Munitions Industry Department (MID). I gceannas ar fhorbairt clár a bhaineann le gnáthairm agus gnáthdhiúracáin, lena n-áirítear diúracáin bhalaistíocha. Duine de na daoine is mó atá freagrach as na cláir forbartha tionscail le haghaidh airm núicléacha. Sa cháil sin dó, bhí sé freagrach as tacú le cláir DPDC a bhaineann le hairm núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le hairm ollscriosta eile nó as na cláir sin a chur chun cinn. Chonaic sé an diúracán balaistíoch idir-ilchríochach Hwasong-15 á láinseáladh an 28 Samhain 2017. Ghlac sé páirt i gcruinniú den Central Military Commission of the Korean Worker’s Party in Iúil 2020, a bhí dírithe ar “díspreagadh cogaí”, sofhriotal a úsáidtear chun tagairt do chlár núicléach DPDC. Atofa ar an Party Central Committee in Eanáir 2021.’

    ‘11.

    JO Kyongchol

    JO Kyong Chol

    Inscne: fireann

    20.5.2016

    Ginearál sa Korean People’s Army. Iarchomhalta den Central Military Commission of the Workers’ Party of Korea, ar comhlacht lárnach é do chúrsaí cosanta náisiúnta i DPDC. Stiúrthóir ar an Military Security Command. Sa cháil sin dó, bhí sé freagrach as tacú le cláir DPDC a bhaineann le hairm núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le hairm ollscriosta eile nó as na cláir sin a chur chun cinn. I dteannta Kim Jong Un don druil dóiteáin airtléire fadraoin is mó riamh. Atofa ar an Party Central Committee in Eanáir 2021.’

    ‘15.

    KIM Rak Kyom

    KIM Rak-Gyom; KIM Rak Gyom

    Inscne: fireann

    20.5.2016

    Ginearál Ceithre Réalta, iar-Cheannasaí an Strategic Rocket Force, eintiteas a d’ainmnigh na Náisiúin Aontaithe agus ina bhfuil ceithre aonad diúracán straitéiseacha agus oirbheartaíochta, lena n-áirítear an bhriogáid KN-08 (ICBM). Iarchomhalta den Central Military Commission of the Workers’ Party of Korea, ar comhlacht lárnach é do chúrsaí cosanta náisiúnta i DPDC. Sainaithníodh i dtuarascálacha na meán go raibh KIM i láthair ag an tástáil innill ICBM in Aibreán 2016 le KIM Jong Un. Sa cháil sin dó, bhí sé freagrach as tacú le cláir DPDC a bhaineann le hairm núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le hairm ollscriosta eile nó as na cláir sin a chur chun cinn. Druil lámhaigh roicéid bhalaistíche ordaithe.’

    ‘16.

    KIM Won-hong

    KIM Won Hong

    Dáta breithe: 7.1.1945

    Áit bhreithe: Pyongyang, DPRK

    Uimhir an phas: 745310010

    Inscne: fireann

    20.5.2016

    Ginearál. Iar-Chéad-Leas-Stiúrthóir ar an General Political Department of the Korean’s People’s Army. Iar-Stiúrthóir ar an State Security Department. Iar-Aire Slándála Stáit. Iarchomhalta den Central Military Commission of the Workers’ Party of Korea agus den National Defence Commission, a bhí ina chomhlacht lárnach do chúrsaí cosanta náisiúnta i DPDC sular ndearnadh é a athchóiriú mar an State Affairs Commission (SAC), arb iad na comhlachtaí lárnacha do chúrsaí cosanta náisiúnta i DPDC. Sa cháil sin dó, bhí sé freagrach as tacú le cláir DPDC a bhaineann le hairm núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le hairm ollscriosta eile nó as na cláir sin a chur chun cinn.’

    ‘17.

    PAK Jong-chon

    PAK Jong Chon

    Inscne: fireann

    20.5.2016

    Ainmnithe i nDeireadh Fómhair 2020 mar Mharascal an Korean People’s Army, Ceannaire ar an bhFoireann Ghinearálta ó Aibreán 2019. Comhalta den Politburo ó Aibreán 2020. Comhalta den Central Military Commission of the Workers’ Party of Korea, ar comhlacht lárnach é do chúrsaí cosanta náisiúnta i DPDC. Sa cháil sin dó, bhí sé freagrach as tacú le cláir DPDC a bhaineann le hairm núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le hairm ollscriosta eile nó as na cláir sin a chur chun cinn. Tofa ar an Party Central Committee, an Political Bureau of the Central Committee agus an Central Military Commission in Eanáir 2021.’

    ‘18.

    LI Yong-ju

    LI Yong Ju

    Inscne: fireann

    20.5.2016

    Aimiréal an Korean People’s Army. Iarchomhalta den Central Military Commission of the Workers’ Party of Korea, ar comhlacht lárnach é do chúrsaí cosanta náisiúnta i DPDC. Iar-Ardcheannasaí ar an Korean People’s Navy, atá rannpháirteach i bhforbairt clár diúracán bailistíoch agus i bhforbairt acmhainneachtaí núicléacha fhórsaí cabhlaigh DPDC. Sa cháil sin dó, bhí sé freagrach as tacú le cláir DPDC a bhaineann le hairm núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le hairm ollscriosta eile nó as na cláir sin a chur chun cinn.’

    ‘19.

    SON Chol-ju

    SON Chol Ju

    Inscne: fireann

    20.5.2016

    Ginearál an Korean People’s Army. Leas-Stiúrthóir atá freagrach as an Korea People’s Army a eagrú agus iar-Stiúrthóir Polaitiúil ar an Air and Anti-Air forces, a dhéanann maoirseacht ar fhorbairt roicéad frith-aerárthaigh nuachóirithe. Sa cháil sin dó, bhí sé freagrach as tacú le cláir DPDC a bhaineann le hairm núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le hairm ollscriosta eile nó as na cláir sin a chur chun cinn. Tuairiscíodh go raibh a mhac liostaithe mar rannpháirtí i gcruinniú den Central Military Commission i mBealtaine 2020 mar Leas-Stiúrthóir a bhí freagrach as an Korean People’s Army a eagrú.’

    ‘24.

    RI Myong Su

     

    Dáta breithe: 1937

    Áit bhreithe: Myongchon, North Hamgyong, DPRK

    Inscne: fireann

    7.4.2017

    Leas-Mharascal an Korean People’s Army, an chéad leascheannasaí ar an Korean People’s Army Supreme Command. Anuas go 2018, comhalta den Central Military Commission of the Workers’ Party of Korea agus Ceann Foirne an People’s Armed Forces. Tá tionchar ag Ri Myong Su i gcónaí i ndáil le cúrsaí cosanta náisiúnta, lena n-áirítear cláir DPDC a bhaineann le hairm núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le hairm ollscriosta eile. Glacann sé páirt go rialta i bparáidí míleata na Cóiré Thuaidh. Tá Ri ina chomhalta le fada den Supreme People’s Assembly (SPA); an 14ú ceann faoi láthair.’

    ‘25.

    SO Hong Chan

     

    Dáta breithe: 30.12.1957

    Áit bhreithe: Kangwon, DPRK

    Pas: PD836410105

    Dáta éaga an phas: 27.11.2021

    Inscne: fireann

    7.4.2017

    An Chéad Leas-Aire agus Stiúrthóir ar an Logistics Bureau of the People’s Armed forces, comhalta den Central Military Commission of the Workers’ Party of Korea agus Ginearál sna People’s Armed Forces. Sa cháil sin dó, tá So Hong Chan freagrach as tacú le cláir DPDC a bhaineann le hairm núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le hairm ollscriosta eile nó as na cláir sin a chur chun cinn. Atofa ina chomhalta den Central Committee in Eanáir 2021.’

    (3)

    In Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2016/849, faoin gceannteideal ‘I. Daoine agus eintitis atá freagrach as cláir DPDC a bhaineann le hairm núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le hairm ollscriosta eile, nó daoine nó eintitis atá ag gníomhú thar a gceann nó faoina stiúir, nó eintitis atá faoi úinéireacht nó faoi rialú acu’, fo-cheannteideal ‘B. Eintitis’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 4:

     

    Ainm

    Ailias

    Suíomh

    Dáta ainmniúcháin

    Faisnéis eile

    ‘4.

    Yongbyon Nuclear Research Centre

     

     

    22.12.2009

    Lárionad taighde a bhí páirteach i bplútóiniam de ghrád míleata a tháirgeadh. Lárionad arna choimeád ag an General Bureau of Atomic Energy (eintiteas a d’ainmnigh CSNA an 16.7.2009). Sa tuarascáil chríochnaitheach uaidh i Márta 2021, tugann an Painéal Saineolaithe a bunaíodh de bhun Rún 1874 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe dá aire gur go bhfacthas púireanna gaile ag teacht ón bhfoirgneamh a d’úsáidtí chun (UO2) a tháirgeadh ag an stáisiún saibhrithe úráiniam ag coimpléasc Yongbyon agus tuairiscíodh, de réir Ballstát de na Náisiúin Aontaithe, go raibh an tsaoráid saibhrithe úráiniam in Yongbyon ag feidhmiú.’

    (4)

    In Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2016/849, faoin gceannteideal ‘II. Daoine agus eintitis a sholáthraíonn seirbhísí airgeadais nó a aistríonn sócmhainní nó acmhainní a d’fhéadfadh cur le cláir DPDC a bhaineann le hairm núicléacha, le diúracán balaistíoch nó le hairm ollscriosta eile’, fo-cheannteideal ‘A. Daoine’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 2:

     

    Ainm

    Ailias

    Faisnéis aitheantais

    Dáta ainmniúcháin

    Ráiteas ar chúiseanna

    ‘2.

    KIM Tong-un

    KIM Tong Un

    Dáta breithe: 1.11.1936

    Inscne: fireann

    22.12.2009

    Iar-stiúrthóir ‘Office 39’ den Central Committee of the Workers’ Party of Korea, coiste a bhfuil baint aige le maoiniú leata. In 2011, tuairiscíodh go raibh sé i gceannas ar ‘Office 38’ chun cistí a thiomsú le haghaidh na ceannaireachta agus na scothaicmí.’

    (5)

    In Iarscríbhinn III a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2016/849, faoin gceannteideal ‘Liosta na ndaoine dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 23(1) agus pointe (c) d’Airteagal 27(1), fo-cheannteideal ‘A. Daoine’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 6:

     

    Ainm

    Faisnéis aitheantais

    Dáta ainmniúcháin

    Cúiseanna

    ‘6.

    YUN Chol ar a dtugtar freisin CHOL Yun

    An Tríú Rúnaí, DPRK Embassy China

    22.1.2018

    Tá Yun Chol sainaitheanta ag Painéal Saineolaithe na Náisiún Aontaithe mar dhuine teagmhála de Chuideachta DPDC General Precious Metal, atá rannpháirteach i litiam-6 a dhíol, mír núicléachghaolmhar ar chuir na Náisiúin Aontaithe cosc uirthi, agus mar thaidhleoir DPDC.

    Shainaithin an tAontas General Precious Metal roimhe seo mar ailias de Green Pine, eintiteas atá ainmnithe ag na Náisiúin Aontaithe.’


    Top