EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D1272

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1272 ón gCoimisiún an 30 Iúil 2021 lena leagtar síos gur coibhéiseach iad deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Stát Chathair na Vatacáine leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2021/5785

OJ L 277, 2.8.2021, p. 148–150 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2021/1272/oj

2.8.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 277/148


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1272 ÓN gCOIMISIÚN

an 30 Iúil 2021

lena leagtar síos gur coibhéiseach iad deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Stát Chathair na Vatacáine leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint agus a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo, chun an tsaorghluaiseacht a éascú le linn phaindéim COVID-19 (1), agus go háirithe Airteagal 8(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2021/953, leagtar síos creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú in aghaidh COVID-19, tástáil le haghaidh COVID-19 agus téarnamh ó COVID-19 (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint agus a fhíorú agus chun go nglacfaí leo, ionas go n-éascófar do na sealbhóirí a gceart chun saorghluaiseachta a fheidhmiú le linn phaindéim COVID-19. Leis an Rialachán sin, rannchuideofar freisin le héascú a dhéanamh ar dheireadh a chur de réir a chéile agus ar mhodh comhordaithe le srianta ar an tsaorghluaiseacht a chuir na Ballstáit i bhfeidhm, i gcomhréir le dlí an Aontais, chun leathadh SARS-CoV-2 a theorannú.

(2)

Le Rialachán (AE) 2021/953, ceadaítear glacadh le deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag tríú tíortha do shaoránaigh den Aontas agus dá mbaill teaghlaigh i gcás ina gcinnfidh an Coimisiún gur i gcomhréir le caighdeáin a mheastar a bheith coibhéiseach leis na caighdeáin arna mbunú de bhun an Rialacháin sin a eisítear na deimhnithe COVID-19. Thairis sin, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/954 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), ní mór do na Ballstáit na rialacha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/953 a chur i bhfeidhm maidir le náisiúnaigh tríú tír nach dtagann faoi raon feidhme an Rialacháin sin, ach atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach ina gcríoch agus atá i dteideal taisteal chuig Ballstáit eile i gcomhréir le dlí an Aontais. Dá bhrí sin, aon fhionnachtain choibhéise a leagtar síos sa Chinneadh seo, ba cheart feidhm a bheith aici maidir le deimhnithe vacsaínithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Stát Chathair na Vatacáine do shaoránaigh den Aontas agus dá mbaill teaghlaigh. Mar an gcéanna, ar bhonn Rialachán (AE) 2021/954, tá feidhm ag na fionnachtana coibhéise sin freisin maidir le deimhnithe vacsaínithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Stát Chathair na Vatacáine do náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach i gcríoch na mBallstát faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán sin.

(3)

I ndiaidh iarraidh a fháil ó Stát Chathair na Vatacáine, rinne an Coimisiún tástálacha teicniúla an 29 Meitheamh 2021 maidir leis na deimhnithe vacsaínithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Stát Chathair na Vatacáine i gcomhréir lena chóras “VA-EUDCC-GW”, tástálacha a léirigh go bhfuil na deimhnithe sin idir-inoibritheach leis an gcreat iontaoibhe a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/953, rud a fhágann gur féidir barántúlacht, bailíocht agus sláine na ndeimhnithe a fhíorú. Dheimhnigh an Coimisiún freisin go bhfuil na sonraí is gá san áireamh sna deimhnithe vacsaínithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Stát Chathair na Vatacáine i gcomhréir le córas “VA-EUDCC-GW”.

(4)

An 9 Iúil 2021, chuir Stát Chathair na Vatacáine faisnéis mhionsonraithe ar fáil don Choimisiún maidir le heisiúint deimhnithe vacsaínithe COVID-19 idir-inoibritheacha de bhun an chórais dar teideal “VA-EUDCC-GW”. Chuir Stát Chathair na Vatacáine in iúl don Choimisiún go measann sé go bhfuil a dheimhnithe vacsaínithe COVID-19 á n-eisiúint i gcomhréir le caighdeán agus córas teicneolaíochta atá idir-inoibritheach leis an gcreat iontaoibhe a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/953, agus ar caighdeán agus córas teicneolaíochta iad lena bhfágtar gur féidir barántúlacht, bailíocht agus sláine na ndeimhnithe a fhíorú. I dtaca leis sin, chuir Stát Chathair na Vatacáine in iúl don Choimisiún go bhfuil na sonraí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/953 san áireamh sna deimhnithe vacsaínithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Stát Chathair na Vatacáine i gcomhréir le córas “VA-EUDCC-GW”.

(5)

Ina theannta sin, chuir Stát Chathair na Vatacáine in iúl don Choimisiún go n-eiseodh sé deimhnithe vacsaínithe idir-inoibritheacha le haghaidh vacsaín COVID-19 Comirnaty.

(6)

Chuir Stát Chathair na Vatacáine in iúl don Choimisiún freisin go nglacfadh sé le deimhnithe i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh arna n-eisiúint ag na Ballstáit i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953. Chuir Stát Chathair na Vatacáine in iúl don Choimisiún go nglacfadh sé le cruthúnas ar vacsaíniú le haghaidh vacsaíní a bhfuil údarú uile-Aontais acu (i ndiaidh tuairim ón nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach), vacsaíní ar dheonaigh údarás inniúil ó Bhallstát den Aontas údarú margaíochta dóibh, agus vacsaíní a bhfuil an próiseas liostaithe i ndáil le liosta úsáide éigeandála na hEagraíochta Domhanda Sláinte curtha i gcrích ina leith. Thairis sin, chuir Stát Chathair na Vatacáine in iúl don Choimisiún go nglacfadh sé le deimhnithe tástála atá bunaithe ar thástáil aimpliúcháin mhóilínigh aigéid núicléasaigh (NAAT), e.g. imoibriú slabhrúil polaiméaráise cúl-trascrioptáise (RT-PCR), agus mearthástálacha antaiginí atá ar liosta an Choiste Slándála Sláinte. Chuir Stát Chathair na Vatacáine in iúl don Choimisiún freisin go nglacfadh sé le deimhnithe tástála atá bunaithe ar NAAT (e.g. RT-PCR).

(7)

An 22 Iúil 2021, chuir Stát Chathair na Vatacáine in iúl don Choimisiún freisin go bpróiseálfaí na sonraí pearsanta atá san áireamh sna deimhnithe chun vacsaíniú an tsealbhóra a fhíorú agus a dheimhniú agus chuige sin amháin nuair a bheidh deimhnithe i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh arna n-eisiúint ag na Ballstáit i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 á bhfíorú, agus nach gcoinneofaí na sonraí pearsanta ina dhiaidh sin.

(8)

Dá réir sin, comhlíontar na heilimintí is gá chun a shuí go bhfuil na deimhnithe vacsaínithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Stát Chathair na Vatacáine i gcomhréir le córas “VA-EUDCC-GW” le meas mar dheimhnithe atá coibhéiseach leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953.

(9)

Dá bhrí sin, na deimhnithe vacsaínithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Stát Chathair na Vatacáine i gcomhréir le córas “VA-EUDCC-GW”, ba cheart glacadh leo faoi na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 5(5) de Rialachán (AE) 2021/953.

(10)

Chun go mbeidh an Cinneadh seo oibríochtúil, ba cheart Stát Chathair na Vatacáine a nascadh leis an gcreat iontaoibhe maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/953.

(11)

Ar mhaithe le leas an Aontais a chosaint, go háirithe i réimse na sláinte poiblí, féadfaidh an Coimisiún a chumhachtaí a úsáid chun an Cinneadh seo a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh i gcás nach gcomhlíonfar na coinníollacha in Airteagal 8(2) de Rialachán (AE) 2021/953 a thuilleadh.

(12)

I bhfianaise an ghá atá ann Stát Chathair na Vatacáine a nascadh leis an gcreat iontaoibhe maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/953 a luaithe is féidir, ba cheart don Chinneadh seo teacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(13)

Na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2021/953,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas, measfar go bhfuil na deimhnithe vacsaínithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Stát Chathair na Vatacáine i gcomhréir le córas “VA-EUDCC-GW” ina ndeimhnithe atá coibhéiseach leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953.

Airteagal 2

Déanfar Stát Chathair na Vatacáine a nascadh leis an gcreat iontaoibhe maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/953.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Iúil 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 211, 15.6.2021, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) 2021/954 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID-19 AE) a eisiúint maidir le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar chríocha na mBallstát le linn phaindéim COVID-19 agus chun iad a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo (IO L 211, 15.6.2021, lch. 24).


Top