This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021D1252
Council Decision (CFSP) 2021/1252 of 29 July 2021 amending Decision 2010/413/CFSP concerning restrictive measures against Iran
Cinneadh (CBES) 2021/1252 ón gComhairle an 29 Iúil 2021 lena leasaítear Cinneadh 2010/413/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine
Cinneadh (CBES) 2021/1252 ón gComhairle an 29 Iúil 2021 lena leasaítear Cinneadh 2010/413/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine
ST/10764/2021/INIT
IO L 272, 30.7.2021, p. 73–77
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
30.7.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 272/73 |
CINNEADH (CBES) 2021/1252 ÓN gCOMHAIRLE
an 29 Iúil 2021
lena leasaítear Cinneadh 2010/413/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 26 Iúil 2010, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2010/413/CBES (1) a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine. |
(2) |
An 18 Meitheamh 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/849 (2), lena leasaítear Cinneadh 2010/413/CBES. |
(3) |
Ag eascairt as breithiúnas na Cúirte Ginearálta i gCás T-580/19 (3), ba cheart Sayed Shamsuddin Borborudi a bhaint de liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2010/413/CBES. |
(4) |
I gcomhréir le hAirteagal 26(3) de Chinneadh 2010/413/CBES, rinne an Chomhairle athbhreithniú ar liosta na ndaoine agus na n-eintiteas ainmnithe a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh sin freisin. |
(5) |
Ar bhonn an athbhreithnithe sin, ba cheart na bearta sriantacha i gcoinne gach duine agus gach eintiteas ar an liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2010/413/CBES a choimeád, sa mhéid nach luaitear a n-ainmneacha in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an gCinneadh sin, agus ba cheart 21 n-iontráil atá in Iarscríbhinn II a thabhairt cothrom le dáta. |
(6) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2010/413/CBES a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2010/413/CBES mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Iúil 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
G. DOVŽAN
(1) Cinneadh 2010/413/CBES ón gComhairle an 26 Iúil 2010 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine agus lena n-aisghairtear Comhsheasamh 2007/140/CBES (IO L 195, 27.7.2010, lch. 39).
(2) Cinneadh (CBES) 2020/849 ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 lena leasaítear Cinneadh 2010/413/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine (IO L 196, 19.6.2020, lch. 8).
(3) Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 9 Meitheamh 2021, Sayed Shamsuddin Borborudi v Comhairle an Aontais Eorpaigh, T-580/19, ECLI:AE:T:2021:330.
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2010/413/CBES mar a leanas:
(1) |
faoin gceannteideal ‘I. Daoine agus eintitis a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí diúracán núicléach nó le gníomhaíochtaí diúracán balaistíoch agus daoine agus eintitis a thugann tacaíocht do Rialtas na hIaráine’ scriostar an iontráil seo a leanas: ‘25. Sayed Shamsuddin Borborudi’. |
(2) |
faoin gceannteideal ‘I. Daoine agus eintitis a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí diúracán núicléach nó le gníomhaíochtaí diúracán balaistíoch agus daoine agus eintitis a thugann tacaíocht do Rialtas na hIaráine.’, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas in ionad na n-iontrálacha comhfhreagracha sa liosta a leagtar amach faoin bhfo-cheannteideal ‘A. Daoine’:
|
(3) |
faoin gceannteideal ‘I. Daoine agus eintitis a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí diúracán núicléach nó le gníomhaíochtaí diúracán balaistíoch agus daoine agus eintitis a thugann tacaíocht do Rialtas na hIaráine.’, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas in ionad na n-iontrálacha comhfhreagracha sa liosta a leagtar amach faoin bhfo-cheannteideal ‘B. Eintitis’:
|
(4) |
faoin gceannteideal ‘II. Islamic Revolutionary Guard Corps’, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas in ionad na n-iontrálacha comhfhreagracha sa liosta a leagtar amach faoin bhfo-cheannteideal ‘A. Daoine’:
|
(5) |
faoin gceannteideal ‘II. Islamic Revolutionary Guard Corps.’, cuirtear an iontráil seo a leanas in ionad na hiontrála comhfhreagraí sa liosta a leagtar amach faoin bhfo-cheannteideal ‘B. Eintitis’:
|