This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021D1172
Council Decision (EU) 2021/1172 of 18 June 2021 on the conclusion, on behalf of the European Union, of the Agreement with Respect to Time Limitations on Arrangements for the Provision of Aircraft with Crew between the European Union, the United States of America, Iceland, and the Kingdom of Norway
Cinneadh (AE) 2021/1172 ón gComhairle an 18 Meitheamh 2021 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe Maidir le Teorainneacha Ama do na Socruithe lena Soláthraítear Aerárthaí le Criú idir an tAontas Eorpach, Stáit Aontaithe Mheiriceá, an Íoslainn, agus Ríocht na hIorua
Cinneadh (AE) 2021/1172 ón gComhairle an 18 Meitheamh 2021 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe Maidir le Teorainneacha Ama do na Socruithe lena Soláthraítear Aerárthaí le Criú idir an tAontas Eorpach, Stáit Aontaithe Mheiriceá, an Íoslainn, agus Ríocht na hIorua
ST/11645/2020/REV/1
IO L 256, 19.7.2021, p. 1–2
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/1172/oj
19.7.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 256/1 |
CINNEADH (AE) 2021/1172 ÓN gCOMHAIRLE
an 18 Meitheamh 2021
maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe Maidir le Teorainneacha Ama do na Socruithe lena Soláthraítear Aerárthaí le Criú idir an tAontas Eorpach, Stáit Aontaithe Mheiriceá, an Íoslainn, agus Ríocht na hIorua
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de, i gcomhar le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a), de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcomhréir le Cinneadh (AE) 2019/1580 ón gComhairle (2), síníodh an Comhaontú Maidir le Teorainneacha Ama do na Socruithe lena Soláthraítear Aerárthaí le Criú idir an tAontas Eorpach, Stáit Aontaithe Mheiriceá, an Íoslainn, agus Ríocht na hIorua (“an Comhaontú”) (3) an 27 Lúnasa 2019, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta is déanaí. Tá an Comhaontú, atá i gceangal le Cinneadh (AE) 2019/1580 i gcomhar leis an Meabhrán Comhairliúchán (4), á chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach ó dháta sínithe an Chomhaontaithe. |
(2) |
Faoi mar a fhoráiltear dó leis an Dearbhú Comhpháirteach, ar dlúthchuid den Chomhaontú é, agus le Cinneadh (AE) 2019/1580, tarraingíodh suas an Comhaontú, a síníodh sa Bhéarla, i dteangacha oifigiúla eile de chuid an Aontais, agus tá na leaganacha teanga breise sin le fíordheimhniú trí litreacha a mhalartú idir na Páirtithe. |
(3) |
Ba cheart an Comhaontú a fhormheas, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Formheastar leis seo, thar ceann an Aontais, an Comhaontú Maidir le Teorainneacha Ama do na Socruithe lena Soláthraítear Aerárthaí le Criú idir an tAontas Eorpach, Stáit Aontaithe Mheiriceá, an Íoslainn, agus Ríocht na hIorua, mar aon leis an Dearbhú Comhpháirteach (5) ar dlúthchuid é den Chomhaontú sin.
Airteagal 2
Is é Uachtarán na Comhairle a thabharfaidh, thar ceann an Aontais, an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 7(1) den Chomhaontú (6).
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, 18 Meitheamh 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. LEÃO
(1) Toiliú an 18 Bealtaine 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(2) Cinneadh (AE) 2019/1580 ón gComhairle an 18 Iúil 2019 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Maidir le Teorainneacha Ama do na Socruithe lena Soláthraítear Aerárthaí le Criú idir an tAontas Eorpach, Stáit Aontaithe Mheiriceá, an Íoslainn, agus Ríocht na hIorua (IO L 245, 25.9.2019, lch. 1).
(3) Comhaontú Maidir le Teorainneacha Ama do na Socruithe lena Soláthraítear Aerárthaí le Criú (IO L 245, 25.9.2019, lch. 3).
(4) Don Mheabhrán Comhairliúchán, féach doiciméad ST 11100/19 ag http://register.consilium.europa.eu.
(5) Ní hann do théacs an Chomhaontaithe seo sa Ghaeilge.
(6) Déanfaidh Ardrúnaíocht na Comhairle dáta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.