EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D1144

Cinneadh (CBES) 2021/1144 ón gComhairle an 12 Iúil 2021 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine

ST/10024/2021/INIT

IO L 247, 13.7.2021, p. 99–99 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/1144/oj

13.7.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 247/99


CINNEADH (CBES) 2021/1144 ÓN gCOMHAIRLE

an 12 Iúil 2021

lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 31 Iúil 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/512/CBES (1).

(2)

An 19 Márta 2015, d’aontaigh an Chomhairle Eorpach go ndéanfaí na bearta is gá chun fad na mbeart sriantach a nascadh go soiléir le cur chun feidhme iomlán chomhaontuithe Mhionsc, agus é á chur san áireamh gur beartaíodh an cur chun feidhme iomlán don 31 Nollaig 2015.

(3)

An 17 Nollaig 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/2143 (2), lena ndéantar Cinneadh 2014/512/CBES a athnuachan go dtí an 31 Iúil 2021 chun a chur ar a cumas measúnú breise a dhéanamh ar chur chun feidhme chomhaontuithe Mhionsc.

(4)

Tar éis di measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme chomhaontuithe Mhionsc, measann an Chomhairle gur cheart Cinneadh 2014/512/CBES a athnuachan go ceann 6 mhí eile chun a chur ar chumas na Comhairle measúnú breise a dhéanamh ar a gcur chun feidhme.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2014/512/CBES a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9(1), an chéad fhomhír, de Chinneadh 2014/512/CBES:

“1.   Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 31 Eanáir 2022.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 12 Iúil 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Cinneadh 2014/512/CBES ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 13).

(2)  Cinneadh (CBES) 2020/2143 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 430, 18.12.2020, lch. 26).


Top