Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D1117

Cinneadh (AE) 2021/1117 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2021 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir Poblacht na Gabúine agus an Comhphobal Eorpach (2021-2026)

ST/9170/2021/INIT

IO L 242, 8.7.2021, p. 3–4 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/1117/oj

Related international agreement

8.7.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/3


CINNEADH (AE) 2021/1117 ÓN gCOMHAIRLE

an 28 Meitheamh 2021

maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir Poblacht na Gabúine agus an Comhphobal Eorpach (2021-2026)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43, i gcomhar le hAirteagal 218(5) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir Poblacht na Gabúine agus an Comhphobal Eorpach (1) (“an Comhaontú”), arna fhormheas de bhun Rialachán (CE) Uimh. 450/2007 ón gComhairle (2), tháinig sé i bhfeidhm an 11 Meitheamh 2007. An Prótacal lena leagtar amach na deiseanna iascaireachta agus an ranníocaíocht airgeadais dá bhforáiltear sa Chomhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht na Gabúine (3), arna shíniú an 24 Iúil 2013 (“Prótocal 2013”), chuaigh sin in éag an 23 Iúil 2016.

(2)

An 22 Deireadh Fómhair 2015, d’údaraigh an Chomhairle don Choimisiún tús a chur leis an gcaibidlíocht le Poblacht na Gabúine (“an Ghabúin”) d’fhonn Prótacal nua a thabhairt i gcrích. Tugadh an chaibidlíocht sin i gcrích go rathúil agus cuireadh inisealacha leis an bprótacal maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir Poblacht na Gabúine agus an Comhphobal Eorpach (2021-2026) (“an Prótacal”) an 10 Feabhra 2021.

(3)

Is é is cuspóir don Chomhaontú agus don Phrótacal cur ar chumas an Aontais agus na Gabúine oibriú níos dlúithe le chéile chun forbairt an bheartais iascaigh inbhuanaithe a chur chun cinn, agus chun saothrú acmhainní iascaigh i limistéar iascaireachta na Gabúine agus san Aigéan Atlantach a éascú ar bhealach freagrach, agus chun tacú le dálaí córa oibre in earnáil na hiascaireachta san am céanna.

(4)

Ba cheart an Prótacal a theacht i bhfeidhm a luaithe is féidir i bhfianaise na tábhachta eacnamaíche a bhaineann le gníomhaíochtaí iascaireachta an Aontais i limistéar iascaireachta na Gabúine agus an gá atá ann fad tréimhse bearnaithe gníomhaíochtaí den sórt sin a laghdú oiread is féidir i ndiaidh do Phrótacal 2013 dul in éag.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, an Prótacal a shíniú agus é a chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach go dtí go dtabharfar chun críche na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Údaraítear leis seo, thar ceann an Aontais, síniú an Phrótacail maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir Poblacht na Gabúine agus an Comhphobal Eorpach (2021-2026) (“an Prótacal”), faoi réir thabhairt i gcrích an Phrótacail sin (4).

Airteagal 2

Leis seo, údaraítear d’Uachtarán na Comhairle an duine nó na daoine a ainmniú a mbeidh sé de chumhacht aige/acu an Prótacal a shíniú, thar ceann an Aontais.

Airteagal 3

Cuirfear an Prótacal i bhfeidhm ar bhonn sealadach ó dháta a shínithe (5) go dtí go dtabharfar chun críche na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 28 Meitheamh 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. do C. ANTUNES


(1)   IO L 109, 26.4.2007, lch. 3.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 450/2007 ón gComhairle an 16 Aibreán 2007 maidir leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir Poblacht na Gabúine agus an Comhphobal Eorpach a thabhairt i gcrích (IO L 109, 26.4.2007, lch. 1).

(3)   IO L 250, 20.9.2013, lch. 2.

(4)  Ní ann do théacs an Phrótacail sa GhaeilgeIO L 242, 8.7.2021.

(5)  Foilseoidh Ardrúnaíocht na Comhairle an dáta óna gcuirfear an Prótacal i bhfeidhm ar bhonn sealadach in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.


Top