Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D1081

    Cinneadh (AE) 2021/1081 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 2021 lena leasaítear Cinneadh (AE) 2018/1220 maidir le rialacha nós imeachta an phainéil dá dtagraítear in Airteagal 143 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

    C/2021/4881

    IO L 234, 2.7.2021, p. 99–101 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/1081/oj

    2.7.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 234/99


    CINNEADH (AE) 2021/1081 ÓN gCOIMISIÚN

    an 28 Meitheamh 2021

    lena leasaítear Cinneadh (AE) 2018/1220 maidir le rialacha nós imeachta an phainéil dá dtagraítear in Airteagal 143 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme i dtaca le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, agus go háirithe Airteagal 143(4) de (1),

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Cinneadh (AE) 2018/1220 ón gCoimisiún (2) lena mbunaítear rialacha nós imeachta an phainéil dá dtagraítear in Airteagal 143 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

    (2)

    Is é an 1 Meitheamh 2021 an dáta atá leagtha síos ag an gCoimisiún a ghlacfaidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh ar láimh na cúraimí imscrúdaithe agus ionchúisimh (3) a tugadh di le Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle (4). Ba cheart, dá bhrí sin, módúlachtaí praiticiúla an dlúthchomhair idir an painéal agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a leagan amach agus na módúlachtaí comhair idir an Coimisiún Eorpach agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh dá dtagraítear in Airteagal 103(1) den Rialachán sin á gcur san áireamh.

    (3)

    D’fhonn leanúnachas fheidhmiú an phainéil agus, dá bhrí sin, marthanacht chosaint leasanna airgeadais an Aontais a áirithiú, ba cheart a shoiléiriú go leanfaidh uachtarán an phainéil dá shainordú go dtí go ndéanfar foráil go héifeachtach maidir lena chomharba, nó ar a laghad sna chéad mhíonna tar éis dheireadh an téarma.

    (4)

    Ba cheart na coinníollacha feidhme nó an grád íosta a cheanglaítear ar ionadaithe chomhaltaí an phainéil a dhéanann ionadaíocht ar an gCoimisiún Eorpach a ailíniú leis na coinníollacha sin a cheanglaítear maidir leis na hionadaithe a dhéanann ionadaíocht ar na hoifigigh údarúcháin fhreagracha. Chun na críche sin, ní mór iad a shocrú ar leibhéal an ghrúpa feidhme cinn aonaid nó a choibhéis.

    (5)

    Ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, d’fhonn feidhmiú an phainéil dá dtagraítear in Airteagal 143 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 a áirithiú.

    (6)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (AE) 2018/1220 a leasú dá réir.

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Cinneadh (AE, Euratom) Uimh. 2018/1220 mar a leanas:

    1.

    In Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1.   Ainmníonn an Coimisiún uachtarán an phainéil ar feadh téarma neamh-inathnuaite cúig bliana, i gcomhréir le hAirteagal 143(3) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 tar éis glao ar léiriú spéise. Tosóidh a théarma oifige an dáta a shocrófar chuige sin sa chinneadh maidir le hainmniúchán. Foilseofar an cinneadh sin i sraith C den Iris Oifigiúil.

    Nuair a thiocfaidh deireadh le tréimhse a shainordaithe, de réir mar a cheanglófar le feidhmiú an phainéil é, leanfaidh an t-uachtarán dá thréimhse oifige go dtí go gceapfar duine ina ionad. Ní rachaidh an tréimhse sin thar sé mhí.”

    2.

    In Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1.   Stiúrthóir Lársheirbhísí Airgeadais Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid, tá sé ar dhuine de bheirt bhuanchomhaltaí an phainéil a dhéanann ionadaíocht ar an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 143 (2)(b) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046. Ainmneoidh Ard-Stiúrthóir an Bhuiséid oifigeach a thagann ar a laghad faoin ngrúpa feidhme cinn aonaid nó a choibhéis chun ionadaíocht a dhéanamh ar an mbuanchomhalta sin.

    Is é Ard-Stiúrthóir an Bhuiséid a dhéanann ceapachán ad personam an dara bhuanchomhalta a dhéanann ionadaíocht ar an gCoimisiún as measc oifigigh de chuid an Choimisiúin a bhfuil grád AD 14 ar a laghad acu. Ainmneoidh Ard-Stiúrthóir an Bhuiséid oifigeach a thagann ar a laghad faoin ngrúpa feidhme cinn aonaid nó a choibhéis chun ionadaíocht a dhéanamh ar an mbuanchomhalta sin.”

    3.

    In Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 3 agus 4:

    “3.   Sna sainchomhaid ar a bhfuil iarraidh an údaráis tagartha bunaithe, go háirithe, ar fhaisnéis a tharchuireann OLAF, beidh ionadaí dá chuid i láthair ag cruinnithe den Phainéal agus beidh sé páirteach sna nósanna imeachta ó bhéal agus i scríbhinn. Cuirfidh sé barúlacha isteach arna iarraidh sin ag an Uachtarán.

    Sna comhaid ar a bhfuil iarraidh an údaráis tagartha bunaithe go hiomlán nó i bpáirt ar fhaisnéis a tharchuireann Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, comhlíonfaidh traschur na faisnéise ag an Oifig sin agus a rannpháirtíocht i gcáil bhreathnóra forálacha an chomhaontaithe dá dtagraítear in Airteagal 103(1) de Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle.

    4.   Sna comhaid eile, féadfar iarraidh ar OLAF faisnéis nó tuairimí a thabhairt, arna iarraidh sin ag an Uachtarán. Féadfar iarraidh ar Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh freisin faisnéis nó tuairimí a thabhairt, arna iarraidh ag an Uachtarán i gcomhréir le forálacha an Chomhaontaithe dá dtagraítear in Airteagal 103(1) de Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle.”

    4.

    Cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

    “Airteagal 9a

    Comhar le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh

    Na socruithe maidir le comhar le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, leagtar amach iad sa chomhaontú dá dtagraítear in Airteagal 103(1) de Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle.”

    5.

    In Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

    “4.   Is éard a bheidh san iarraidh ar mholadh an fhaisnéis uile is gá a cheanglaítear leis na forálacha dá dtagraítear in Airteagal 142(3) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046. Is éard a bheidh ann chomh maith an fhaisnéis ábhartha eile dá bhforáiltear le hAirteagal 136 den Rialachán sin, lena n-áirítear i gcás inarb infheidhme tuarascálacha OLAF agus an fhaisnéis arna traschur ag Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh d’fhonn na bearta iomchuí a dhéanamh chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint. Cuimseofar ann bileog faisnéise agus í críochnaithe mar is ceart.”

    6.

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 26:

    “Airteagal 26

    Fógra a thabhairt faoin tuairim agus faoin moladh

    Tabharfaidh an painéal tuairim gan mhoill don údarás tagartha, don oifigeach údarúcháin atá freagrach agus do na breathnóirí. I gcás ina n-iarrtar ar Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) a bheith rannpháirteach mar bhreathnóir, beidh feidhm ag forálacha an chomhaontaithe dá dtagraítear in Airteagal 103, mír 1, de Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle.”

    Airteagal 2

    Teacht i bhfeidhm agus foilsiú

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 28 Meitheamh 2021.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 298, 26.10.2012, lch. 1.

    (2)  Cinneadh (AE) 2018/1220 ón gCoimisiún an 6 Meán Fómhair 2018 maidir le rialacha nós imeachta an phainéil dá dtagraítear in Airteagal 143 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, (IO L 226, 7.9.2018, lch. 7).

    (3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/856 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2021 lena gcinntear an dáta a ghlacfaidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh ar láimh a cúraimí imscrúdaithe agus ionchúisimh (IO L 188, 28.5.2021, lch. 100).

    (4)  Rialachán (AE, Euratom) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (IO L 283, 30.10.2017, lch. 1).


    Top