EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D1002

Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2021/1002 ón gComhairle an 21 Meitheamh 2021 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis

ST/9446/2021/INIT

IO L 219I, 21.6.2021, p. 70–103 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2021/1002/oj

21.6.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 219/70


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (CBES) 2021/1002 ÓN gCOMHAIRLE

an 21 Meitheamh 2021

lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 31(2) de,

Ag féachaint do Chinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis (1), agus go háirithe Airteagal 6(1) de,

Ag féachaint do na tograí ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 15 Deireadh Fómhair 2012, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2012/642/CBES.

(2)

An 9 Lúnasa 2020, reáchtáladh toghcháin uachtaránachta sa Bhealarúis, ar toghcháin iad a bhfuarthas nach raibh siad i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta agus gur milleadh iad i ngeall ar an mbrú faoi chois a rinneadh ar iarrthóirí neamhspleácha agus ar an gcniogbheartaíocht bhrúidiúil a imríodh ar agóideoirí síochánta i ndiaidh na dtoghchán sin. An 11 Lúnasa 2020, d’eisigh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála dearbhú thar ceann an Aontais inar tugadh an mheasúnacht nach raibh na toghcháin saor ná cóir. Luadh freisin gurbh fhéidir bearta a dhéanamh i gcoinne na ndaoine a bhí freagrach as foréigean, gabhálacha gan údar, agus as torthaí na dtoghchán a fhalsú.

(3)

An 2 Deireadh Fómhair 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2020/1388 (2) inar ainmníodh 40 duine a sainaithníodh a bheith freagrach as cos ar bolg agus imeaglú a imirt ar léirsitheoirí síochánta, baill an fhreasúra agus iriseoirí tar éis thoghcháin uachtaránachta 2020 sa Bhealarúis, agus as an místiúradh a rinne an Coimisiún Lárnach Toghchán ar an bpróiseas toghchánach do na toghcháin sin.

(4)

An 6 Samhain 2020, i bhfianaise a thromchúisí a bhí an staid sa Bhealarúis, ghlac an Chomhairle Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2020/1650 (3), inar ainmníodh Aliaksandr Lukashenka agus 14 dhuine eile, ar a n-áirítear daoine óna dhlúthchiorcal.

(5)

An 17 Nollaig 2020, i ngeall ar an mbrú faoi chois a rinneadh ar an tsochaí shibhialta sa mBealarúis, ghlac an Chomhairle Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2020/2130 (4) inar ainmníodh 29 nduine agus seacht n-eintiteas.

(6)

I ngeall ar an ngéarú atá tagtha ar na sáruithe tromchúiseacha atáthar a dhéanamh ar chearta an duine sa Bhealarúis, mar aon leis an mbrú faoi chois tréamanta a rinneadh ar an tsochaí shibhialta, ar an bhfreasúra daonlathach, ar iriseoirí, agus orthu siúd ar de mhionlaigh náisiúnta iad, is ceart tuilleadh daoine agus eintiteas a ainmniú.

(7)

An 24 agus an 25 Bealtaine 2021, ghlac an Chomhairle Eorpach conclúidí inar cháin sí go láidir tuirlingt éigeantach eitilte de chuid Ryanair i Mionsc na Bealarúise an 23 Bealtaine 2021, teagmhas a chuir an tsábháilteacht eitlíochta i mbaol, agus coinneáil an iriseora Raman Pratasevich agus Sofia Sapega ag údaráis na Bealarúise. D’iarr sí ar an gComhairle liostuithe breise daoine agus eintiteas a ghlacadh a luaithe ab fhéidir ar bhonn an chreata ábhartha smachtbhannaí.

(8)

Dá bhrí sin, ba cheart seachtar, mar aon le haon eintiteas amháin, a chur ar liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear leis seo an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2012/642/CBES mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 21 Meitheamh 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  IO L 285, 17.10.2012, lch. 1.

(2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2020/1388 ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2020 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2012/642/CBES maidir le bearta sriantacha i gcoinne na Bealarúise (IO L 319I, 2.10.2020, lch. 13).

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2020/1650 ón gComhairle an 6 Samhain 2020 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2012/642/CBES maidir le bearta sriantacha i gcoinne na Bealarúise (IO L 370I , 6.11.2020, lch. 9).

(4)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2020/2130 an 17 Nollaig 2020 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na Bealarúise (IO L 426I, 17.12.2020, lch. 14).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2012/642/CBES mar a leanas:

(1)

cuirtear na daoine nádúrtha a leanas leis an tábla “A. Daoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagail 3(1) agus 4(1)”:

 

Ainmneacha

Traslitriú an litrithe Bealarúisise

Traslitriú an litrithe Rúisise

Ainmneacha

(Litriú Bealarúisise)

(Litriú Rúisise)

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna lena liostú

Dáta an liostaithe

“89.

Natallia Mikhailauna BUHUK

Natalia Mikhailovna BUGUK

Наталля Мiхайлаўна БУГУК

Наталья Михайловна БУГУК

Breitheamh sa Fruzensky district court in Minsk

Dáta breithe: 19.12.1989

Áit bhreithe: Minsk, iarUSSR (Belarus anois)

Inscne: baineann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Ina cáil mar bhreitheamh sa Fruzensky district court in Minsk, tá Natallia Buhuk freagrach as roinnt mhaith rialuithe dar siocair an pholaitíocht i gcoinne iriseoirí agus agóideoirí, go háirithe as an bpianbhreith arna forchur ar Katsiaryna Bakhvalava (Andreyeva) agus Darya Chultsova. Tuairiscíodh sáruithe ar chearta na gcúisithe chun cosanta agus chun triail chóir a fháil le linn na dtrialacha a rinneadh faoina maoirseacht.

Tá sí freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an mbonn a bhaint go tromchúiseach den smacht reachta, mar aon le cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.

21.6.2021

90.

Alina Siarhieeuna KASIANCHYK

Alina Sergeevna KASYANCHYK

Алiна Сяргееўна КАСЬЯНЧЫК

Алина Сергеевна КАСЬЯНЧИК

Ionchúisitheoir Cúnta sa Frunzensky District Court in Minsk

Dáta breithe: 12.3.1998

Áit bhreithe:

Inscne: baineann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Ina cáil mar ionchúisitheoir cúnta sa Frunzensky district court in Minsk, rinne Alina Kasianchyk ionadaíocht ar réimeas Lukashenka i gcásanna dar siocair an pholaitíocht i gcoinne iriseoirí, gníomhaithe agus agóideoirí. Go háirithe, d’ionchúisigh sí na hiriseoirí Katsiaryna Bakhvalava (Andreyeva) agus Darya Chultsova as agóidí síochánta a thaifeadadh, bunaithe ar chúisimh a bhain le ‘comhcheilg’ agus ‘an t-ord poiblí a shárú’, cúisimh a bhí gan forais. D’ionchúisigh sí comhaltaí de shochaí shibhialta na Bealarúise freisin e.g. as páirt a ghlacadh in agóidí síochánta, agus as ómós a thabhairt don agóideoir a dúnmharaíodh, Aliaksandr Taraikousky. D’iarr sí go leanúnach ar an mbreitheamh pianbhreitheanna príosúnachta fadtéarmacha a ghearradh.

Tá sí freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an mbonn a bhaint go tromchúiseach den smacht reachta, mar aon le cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.

21.6.2021

91.

Ihar Viktaravich KURYLOVICH

Igor Viktorovich KURILOVICH

Iгар Вiĸтаравiч КУРЫЛОВIЧ,

Игорь Викторович КУРИЛОВИЧ

Imscrúdaitheoir Sinsearach an Frunzensky District Department of the Investigative Committee

Dáta breithe: 26.9.1990

Áit bhreithe:

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Ina cháil mar Imscrúdaitheoir Sinsearach sa Fruzensky District Court in Minsk, bhí baint ag Ihar Kurylovich le cás coiriúil dar siocair an pholaitíocht a ullmhú i gcoinne na n-iriseoirí Katsiaryna Bakhvalava (Andreyeva) agus Darya Chultsova. Cuireadh i leith na n-iriseoirí, a thaifead agóidí síochánta, go ndearna siad sárú ar an ord poiblí agus gearradh dhá bhliain príosúnachta orthu.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an mbonn a bhaint go tromchúiseach den smacht reachta, mar aon le cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.

21.6.2021

92.

Siarhei Viktaravich SHATSILA

Sergei Viktorovich SHATILO

Сяргей Вiĸтаравiч ШАЦIЛА

Сергей Виĸторович ШАТИЛО

Breitheamh sa Sovetskiy District Court in Minsk

Dáta breithe: 13.8.1989

Áit bhreithe: Minsk, iarUSSR (Belarus anois)

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Ina cháil mar bhreitheamh sa Sovetsky District Court in Minsk, tá Siarhei Shatsila freagrach as an iliomad rialuithe dar siocair an pholaitíocht i gcoinne agóideoirí, go háirithe as an bpianbhreith arna forchur ar Natallia Hersche, Dzmitry Halko agus Dzmitry Karatkevich, a mheasann Viasna, eagraíocht chearta an duine sa Bhealarúis, a bheith ina bpríosúnaigh pholaitiúla.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an mbonn a bhaint go tromchúiseach den smacht reachta, mar aon le cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.

21.6.2021

93.

Anastasia Vasileuna ACHALAVA

Anastasia Vasilievna ACHALOVA

Анастасiя Васiльеўна АЧАЛАВА

Анастасия Васильевна АЧАЛОВА

Breitheamh sa Leninsky District Court in Minsk

Dáta breithe: 15.10.1992

Áit bhreithe: Minsk, Belarus

Inscne: baineann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Ina cáil mar bhreitheamh sa Leninsky District Court in Minsk, tá Anastasia Achalava freagrach as an iliomad rialuithe dar siocair an pholaitíocht i gcoinne iriseoirí, gníomhaithe agus agóideoirí, go háirithe as an bpianbhreith arna forchur ar Dzmitry Kruk, comhalta den Coordination Council, agus i gcoinne foirne leighis agus seanóirí. Tuairiscíodh go rabhthas ag brath ar ráitis ó fhinnéithe anaithnide le linn na dtrialacha a rinneadh faoina maoirseacht.

Tá sí freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an mbonn a bhaint go tromchúiseach den smacht reachta, mar aon le cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.

21.6.2021

94.

Mariya Viachaslavauna YAROKHINA

Maria Viacheslavovna YEROKHINA

Марыя Вячаславаўна ЯРОХIНА

Мария Вячеславовна ЕРОХИНА

Breitheamh sa Frunzensky District Court in Minsk

Dáta breithe: 4.7.1987

Áit bhreithe: Minsk, iarUSSR (Belarus anois)

Inscne: baineann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Ina cáil mar bhreitheamh sa Frunzensky District Court in Minsk, tá Mariya Yerokhina freagrach as an iliomad rialuithe dar siocair an pholaitíocht i gcoinne iriseoirí, cheannairí an fhreasúra, gníomhaithe ceardchumainn, lucht spóirt agus agóideoirí, go háirithe as an bpianbhreith arna forchur ar an iriseoir Uladzimir Hrydzin.

Tá sí freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an mbonn a bhaint go tromchúiseach den smacht reachta, mar aon le cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.

21.6.2021

95.

Yuliya Aliaksandrauna BLIZNIUK

Yuliya Aleksandrovna BLIZNIUK

Юлiя Аляĸсандраўна БЛIЗНЮК

Юлия Алеĸсандровна БЛИЗНЮК

Leas-Chathaoirleach/breitheamh sa Frunzensky District Court in Minsk

Dáta breithe: 23.9.1971

Áit bhreithe: Minsk, iarUSSR (Belarus anois)

Inscne: baineann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Ina cáil mar Leas-Chathaoirleach agus breitheamh sa Frunzensky District Court in Minsk, tá Yuliya Blizniuk freagrach as an iliomad rialuithe dar siocair an pholaitíocht i gcoinne iriseoirí, gníomhaithe agus agóideoirí, go háirithe as an bpianbhreith arna forchur ar na gníomhaithe Artsiom Khvashcheuski, Artsiom Sauchuk, Maksim Pauliushchyk. Measann Viasna, eagraíocht chearta an duine sa Bhealarúis, gur príosúnaigh pholaitiúla na daoine sin.

Tá sí freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an mbonn a bhaint go tromchúiseach den smacht reachta, mar aon le cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.

21.6.2021

96.

Anastasia Dzmitreuna KULIK

Anastasia Dmitrievna KULIK

Анастасiя Дзмiтрыеўна КУЛIК

Анастасия Дмитриевна КУЛИК

Breitheamh sa Pervomaisky District Court of Minsk

Dáta breithe: 28.7.1989

Áit bhreithe: Minsk, iarUSSR (Belarus anois)

Inscne: baineann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Ina cáil mar bhreitheamh sa Pervomaisky District Court of Minsk, tá Anastasia Kulik freagrach as an iliomad rialuithe dar siocair an pholaitíocht i gcoinne agóideoirí síochánta, go háirithe as an bpianbhreith arna forchur ar Aliaksandr Zakharevich, a mheasann Viasna, eagraíocht chearta an duine sa Bhealarúis, a bheith ina phríosúnach polaitiúil.

Tá sí freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an mbonn a bhaint go tromchúiseach den smacht reachta, mar aon le cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.

21.6.2021

97.

Maksim Leanidavich TRUSEVICH

Maksim Leonidovich TRUSEVICH

Маĸсiм Леанiдавiч ТРУСЕВIЧ

Маĸсим Леонидович ТРУСЕВИЧ

Breitheamh sa Pervomaisky District Court of Minsk

Dáta breithe: 12.8.1989

Áit bhreithe:

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Ina cháil mar bhreitheamh sa Pervomaisky District Court in Minsk, is é Maksim Trusevich atá freagrach as roinnt mhaith rialuithe polaitiúla i gcoinne iriseoirí, cheannairí an fhreasúra, gníomhaithe agus agóideoirí. Tuairiscíodh sáruithe ar chearta na gcúisithe chun cosanta agus chun triail chóir a fháil le linn na dtrialacha a rinneadh faoina mhaoirseacht.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an mbonn a bhaint go tromchúiseach den smacht reachta, mar aon le cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.

21.6.2021

98.

Tatsiana Yaraslavauna MATYL

Tatiana Yaroslavovna MOTYL

Тацяна Яраславаўна МАТЫЛЬ

Татьяна Ярославовна МОТЫЛЬ

Breitheamh sa Moskovsky District Court of Minsk

Dáta breithe: 20.1.1968

Áit bhreithe: Minsk, iarUSSR (Belarus anois)

Inscne: baineann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Ina post mar bhreitheamh sa Moskovsky District Court in Minsk, is í Tatsiana Matyl atá freagrach as roinnt mhaith rialuithe dar siocair an pholaitíocht i gcoinne iriseoirí, cheannairí an fhreasúra, gníomhaithe agus agóideoirí, go háirithe as an bpianbhreith arna forchur ar an bpolaiteoir freasúra Mikalai Statkevich agus ar an iriseoir Alexander Borozenko. Tuairiscíodh sáruithe ar chearta na gcúisithe chun cosanta agus chun triail chóir a fháil le linn na dtrialacha a rinneadh faoina maoirseacht.

Tá sí freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an mbonn a bhaint go tromchúiseach den smacht reachta, mar aon le cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.

21.6.2021

99.

Aliaksandr Anatolevich RUDZENKA

Aleksandr Anatolevich RUDENKO

Аляĸсандр Анатольевiч РУДЗЕНКА

Алеĸсандр Анатольевич РУДЕНКО

Leas-Chathaoirleach an Oktyabrsky District Court of Minsk

Dáta breithe: 1.12.1981

Áit bhreithe:

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Ina cháil mar Leas-Chathaoirleach agus mar bhreitheamh sa Oktyabrsky District Court in Minsk, tá Aliaksandr Rudzenka freagrach as an iliomad rialuithe dar siocair an pholaitíocht i gcoinne iriseoirí, gníomhaithe agus agóideoirí, go háirithe as fíneáil a ghearradh ar agóideoir scothaosta agus faoi mhíchumas, chomh maith leis an bpianbhreith arna forchur ar Lyudmila Kazak – dlíodóir Mariya Kalesnikava, ceannaire an fhreasúra sa Bhealarúis. Tuairiscíodh sáruithe ar chearta na gcúisithe chun cosanta agus chun triail chóir a fháil le linn na dtrialacha a rinneadh faoina mhaoirseacht.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an mbonn a bhaint go tromchúiseach den smacht reachta, mar aon le cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.

21.6.2021

100.

Aliaksandr Aliaksandravich VOUK

Aleksandr Aleksandrovich VOLK

Аляĸсандр Аляĸсандравiч ВОЎК

Алеĸсандр Алеĸсандрович ВОЛК

Breitheamh an Sovetsky District Court of Minsk

Dáta breithe: 1.8.1979

Áit bhreithe:

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Ina cháil mar bhreitheamh sa Sovetsky District Court of Minsk, tá Aliaksandr Vouk freagrach as an iliomad rialuithe dar siocair an pholaitíocht i gcoinne agóideoirí síochánta, go háirithe as an bpianbhreith arna forchur ar bheirt deirfiúracha, Anastasia and Victoria Mirontsev, a mheasann Viasna, eagraíocht chearta an duine sa Bhealarúis, a bheith ina bpríosúnaigh pholaitiúla. Tuairiscíodh sáruithe ar chearta na gcúisithe chun cosanta agus chun triail chóir a fháil le linn na dtrialacha a rinneadh faoina mhaoirseacht.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an mbonn a bhaint go tromchúiseach den smacht reachta, mar aon le cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.

21.6.2021

101.

Volha Siarheeuna NIABORSKAIA

Olga Sergeevna NEBORSKAIA

Вольга Сяргееўна НЯБОРСКАЯ

Ольга Сергеевна НЕБОРСКАЯ

Breitheamh sa Oktyabrsky District Court of Minsk

Dáta breithe: 14.2.1991

Áit bhreithe:

Inscne: baineann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Ina cáil mar bhreitheamh sa Oktyabrsky district court in Minsk, tá Volha Niaborskaya freagrach as an iliomad rialuithe dar siocair an pholaitíocht i gcoinne agóideoirí síochánta agus iriseoirí, go háirithe as an bpianbhreith arna forchur ar Sofia Malashevich agus Tikhon Kliukach, a mheasann Viasna, eagraíocht chearta an duine sa Bhealarúis, a bheith ina bpríosúnaigh pholaitiúla. Rinneadh sáruithe ar chearta na gcúisithe le linn na dtrialacha a rinneadh faoina maoirseacht.

Tá sí freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an mbonn a bhaint go tromchúiseach den smacht reachta, mar aon le cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.

21.6.2021

102.

Marina Sviataslavauna ZAPASNIK

Marina Sviatoslavovna ZAPASNIK

Марына Святаславаўна ЗАПАСНIК

Марина Святославовна ЗАПАСНИК

Leas-Chathaoirleach an Court of the Leninsky District of Minsk

Dáta breithe: 28.3.1982

Áit bhreithe: Minsk, iarUSSR (Belarus anois)

Inscne: baineann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Ina cáil mar Leas-Chathaoirleach agus breitheamh sa Court of the Leninsky District of Minsk, tá Marina Zapasnik freagrach as an iliomad rialuithe dar siocair an pholaitíocht i gcoinne agóideoirí síochánta, go háirithe as an bpianbhreith arna forchur ar na gníomhaithe Vladislav Zenevich, Olga Pavlova, Olga Klaskovskaya, Viktar Barushka, Sergey Ratkevich, Aleksey Charvinskiy, Andrey Khrenkov, ar an mac léinn Viktor Aktistov, agus ar an mionaoiseach Maksim Babich. Aithníonn Viasna, eagraíocht chearta an duine sa Bhealarúis, na daoine sin go léir mar phríosúnaigh pholaitiúla.

Tá sí freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an mbonn a bhaint go tromchúiseach den smacht reachta, mar aon le cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.

21.6.2021

103.

Maksim Yurevich FILATAU

Maksim Yurevich FILATOV

Максiм Юр'евiч Фiлатаў

Максим Юрьевич ФИЛАТОВ

Breitheamh sa Lida City Court

Dáta breithe:

Áit bhreithe:

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Ina cháil mar bhreitheamh sa Lida City Court, tá Maksim Filatau freagrach as an iliomad rialuithe dar siocair an pholaitíocht i gcoinne agóideoirí síochánta, go háirithe as an bpianbhreith arna forchur ar an ngníomhaí Vitold Ashurok, a aithníonn Viasna, eagraíocht Bhealarúiseach um chearta an duine, mar phríosúnach polaitiúil é.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an mbonn a bhaint go mór den smacht reachta mar aon le cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.

21.6.2021

104.

Andrei Vaclavavich HRUSHKO

Andrei Vatslavovich GRUSHKO

Андрэй Вацлававiч ГРУШКО

Андрей Вацлавович ГРУШКО

Breitheamh sa Leninsky District Court of Brest

Dáta breithe: 24.1.1979

Áit bhreithe:

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Ina cháil mar bhreitheamh sa Leninsky District Court of Brest, tá Andrei Hrushko freagrach as an iliomad rialuithe dar siocair an pholaitíocht i gcoinne agóideoirí síochánta, go háirithe as pianbhreith a fhorchur ar ghníomhaithe, a aithnítear a bheith ina bpríosúnaigh pholaitiúla, agus ar mhionaoisigh.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an mbonn a bhaint go mór den smacht reachta mar aon le cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.

21.6.2021

105.

Dzmitry Iurevich HARA

Dmitry Iurevich GORA

Дзмiтрый Юр'евiч ГАРА

Дмитрий Юрьевич ГОРА

Cathaoirleach an Investigative Committee of Belarus (a ceapadh an 11 Márta 2021)

IarIonchúisitheoir Ginearálta Republic of Belarus (go dtí an 11 Márta 2021)

Dáta breithe: 4.5.1970

Áit bhreithe: Tbilisi, iarGeorgian SSR (Georgia anois)

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Ina cháil mar Leas-Príomhionchúisitheoir go dtí Márta 2021, tá Dzmitry Hara freagrach as cásanna coiriúla dar siocair an pholaitíocht i gcoinne agóideoirí síochánta, comhaltaí den fhreasúra, iriseoirí, na sochaí sibhialta agus gnáthshaoránach. Bhí baint ag Dzmitry Hara le himeachtaí coiriúla dar siocair an pholaitíocht a thionscnamh i gcoinne Siarhei Tsikhanousky – gníomhaí freasúra agus fear céile an iarrthóra uachtaránachta Svetlana Tsikhanouskaya.

Mar Cheann an Intergovernmental Commission arna chruthú ag Office of the General Prosecutor chun gearáin ó shaoránaigh faoi mhí-úsáid cumhachtaí ag oifigigh um fhorfheidhmiú an dlí a imscrúdú, tá Dzmitry Hara freagrach as neamhghníomhaíocht na hinstitiúide sin, ós rud é nach eol aon chás imscrúdúcháin den sórt sin, in ainneoin iarratais ar chásanna coiriúla a thionscnamh ina ndéantar gearán faoi úsáid foréigin, drochíde agus céastóireachta.

Ó mhí an Mhárta 2021 i leith, is é an Cathaoirleach ar an Investigative Committee of Belarus é. Sa phost sin, is é atá freagrach as cosantóirí chearta an duine agus rannpháirtithe in agóidí síochánta a ionchúiseamh.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an mbonn a bhaint go tromchúiseach den smacht reachta, mar aon le cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach

21.6.2021

106.

Aliaksei Kanstantsinavich STUK

Alexey Konstantinovich STUK

Аляĸсей Канстанцiнавiч СТУК

Алеĸсей Константинович СТУК

Leas-Phríomhionchúisitheoir Phoblacht na Bealarúise

Dáta breithe: 1959

Áit bhreithe: Minsk, iarUSSR (Belarus anois)

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Ina cháil mar Leas-Phríomhionchúisitheoir, tá Aliaksei Stuk freagrach as cásanna coiriúla dar siocair an pholaitíocht i gcoinne an fhreasúra, iriseoirí, na sochaí sibhialta agus na ngnáthshaoránach. Tá sé freagrach as an smacht atá ag Oifig an Phríomhionchúisitheora ar ghníomhaíochtaí saoránach i gceantair agus in ionaid oibre a dhaingniú agus tá sé freagrach as freagrachtaí dlíthiúla iomarcacha a chur ar rannpháirtithe in agóidí síochánta. Dúirt sé go poiblí go bhféachfadh Oifig an Ard-Ionchúisitheora le comhlachais saoránach ‘mhídhleathacha’ a shainaithint agus a gcuid gníomhaíochtaí a chur faoi chois.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an mbonn a bhaint den smacht reachta mar aon le cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.

21.6.2021

107.

Genadz Iosifavich DYSKO

Gennadi Iosifovich DYSKO

Генадзь Iосiфавiч ДЫСКО

Геннадий Иосифович ДЫСКО

Deputy Prosecutor General Phoblacht na Bealarúise, State Counselor of Justice of the 3rd class Dáta breithe: 22.3.1964

Áit bhreithe: Oshmyany, Hrodna region, (iarUSSR) Belarus anois

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Ina cháil mar Leas-Phríomhionchúisitheoir, tá Genadz Dysko freagrach as cásanna coiriúla dar siocair an pholaitíocht i gcoinne an fhreasúra, iriseoirí, na sochaí sibhialta agus na ngnáthshaoránach. Ina theannta sin, bhí baint aige le himeachtaí coiriúla dar siocair an pholaitíocht a thionscnamh i gcoinne Siarhei Tsikhanousky – gníomhaí freasúra agus fear céile Svetlana Tsikhanouskaya a bhí ina hiarrthóir don uachtaránacht.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an mbonn a bhaint go mór den smacht reachta mar aon le cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.

21.6.2021

108.

Sviatlana, Anatoleuna LYUBETSKAYA

Svetlana Anatolevna LYUBETSKAYA

Святлана Анатольеўна ЛЮБЕЦКАЯ

Светлана Анатольевна ЛЮБЕЦКАЯ

Comhalta den House of Representatives sa National Assembly of the Republic of Belarus, Cathaoirleach an Standing Commission on Law

Dáta breithe: 3.6.1971

Áit bhreithe: iarUSSR (Ukraine anois)

Inscne: baineann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Ina cáil mar Chathaoirleach an Parliamentary Commission on Law, tá Sviatlana Lyubetskaya freagrach as glacadh an chóid nua um sháruithe riaracháin (a tháinig i bhfeidhm an 1 Márta 2021) lena n-údaraítear gabhálacha treallacha agus lenar forchuireadh dliteanas méadaithe i gcás rannpháirtíocht in ollimeachtaí, lena n-áirítear siombailí polaitiúla a chur ar taispeáint. Tríd na gníomhaíochtaí reachtacha seo, tá sí freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear an ceart chun comhthionóil shíochánta, agus cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach. Baintear an bonn go mór den daonlathas agus den smacht reachta sa Bhealarúis leis na gníomhaíochtaí reachtacha seo.

21.6.2021

109.

Aliaksei Uladzimiravich IAHORAU

Alexei Vladimirovich YEGOROV

Аляксей Уладзiмiравiч ЯГОРАЎ

Алексей Владимирович ЕГОРОВ

Comhalta den House of Representatives sa National Assembly de chuid Phoblacht na Bealarúise, Cathaoirleach an Standing Commission on Law

Dáta breithe: 16.12.1969

Áit bhreithe: Novosokolniki, Pskov region, iarUSSR (Russian Federation anois)

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Ina cháil mar Leas-Chathaoirleach an Parliamentary Commission on Law, tá Aliaksei Iahorau freagrach as glacadh an chóid nua um sháruithe riaracháin (a tháinig i bhfeidhm an 1 Márta 2021) lena n-údaraítear gabhálacha treallacha agus lenar forchuireadh dliteanas méadaithe i gcás rannpháirtíocht in ollimeachtaí, lena n-áirítear siombailí polaitiúla a chur ar taispeáint. Tríd na gníomhaíochtaí reachtacha seo, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear an ceart chun comhthionóil shíochánta, agus cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach. Baintear an bonn go mór den daonlathas agus den smacht reachta sa Bhealarúis leis na gníomhaíochtaí reachtacha seo.

21.6.2021

110.

Aliaksandr Paulavich AMELIANIUK

Aleksandr Pavlovich OMELYANYUK

Аляксандр Паўлавiч АМЕЛЬЯНЮК

Александр Павлович ОМЕЛЬЯНЮК

Comhalta den House of Representatives sa National Assembly de chuid Phoblacht na Bealarúise, Cathaoirleach an Standing Commission on Law

Dáta breithe: 6.3.1964

Áit bhreithe: Kobrin, Brest region/Oblast, iarUSSR (Belarus anois air)

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Ina cháil mar Leas-Chathaoirleach an Parliamentary Commission on Law, tá Aliaksandr Amelianiuk freagrach as glacadh an an chóid nua um sháruithe riaracháin (a tháinig i bhfeidhm an 1 Márta 2021) lena n-údaraítear gabhálacha treallacha agus lenar forchuireadh dliteanas méadaithe i gcás rannpháirtíocht in ollimeachtaí, lena n-áirítear siombailí polaitiúla a chur ar taispeáint. Tríd na gníomhaíochtaí reachtacha seo, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear an ceart chun comhthionóil shíochánta, agus cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach. Baintear an bonn go mór den daonlathas agus den smacht reachta sa Bhealarúis leis na gníomhaíochtaí reachtacha seo.

21.6.2021

111.

Andrei Mikalaevich MUKAVOZCHYK

Andrei Nikolaevich MUKOVOZCHYK

Андрэй Мiĸалаевiч МУКАВОЗЧЫК

Андрей Ниĸолаевич МУКОВОЗЧИК

Breathnóir polaitiúil de chuid ‘Belarus Today’ (‘Sovietskaia Belarus - Belarus Segodnya’)

Dáta breithe: 13.6.1963

Áit bhreithe: Novosibirsk, iarUSSR (Russian Federation anois)

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Pasuimhir: MP 3413113 agus MP 2387911

Tá Andrei Mukavozchyk ar dhuine de phríomhbholscairí réimeas Lukashenka, a bhíonn ag foilsiú le ‘Belarus Today’, nuachtán oifigiúil an Presidential Administration. Ina chuid alt, leagtar béim go córasach ar an bhfreasúra daonlathach agus ar an tsochaí shibhialta ar bhealach diúltach dímheasúil, ag baint úsáid as faisnéis fhalsaithe. Tá seisean ar na daoine is mó is cúis leis an mbolscaireacht stáit, a thugann tacaíocht agus údar don chos ar bolg atá á himirt ar an bhfreasúra daonlathach agus ar an tsochaí shibhialta.

I mBealtaine 2020, bhronn an eagraíocht Belarusian Union of Journalists atá ar son an rialtais an gradam ‘Golden Pen’ ar Mukavozchyk. I Nollaig 2020, bhronn ionadaithe an Belarussian Ministry of Information duais an ‘Golden Letter’ air. In Eanáir 2021, shínigh Lukashenka ordú lenar bronnadh bonn ar Mukavozchyk as barrfheabhas san obair.

Dá bhrí sin, tá sé ag baint tairbhe as an gceangal atá aige le réimeas Lukashenka agus as an tacaíocht a thugann sé don réimeas.

21.6.2021

112.

Siarhei Aliaksandravich GUSACHENKA

Sergey Alexandrovich GUSACHENKO

Сяргей Аляксандравiч ГУСАЧЭНКА

Сергей Александрович ГУСАЧЕНКО

Leas-Chathaoirleach ar an National State Television and Radio Company (Belteleradio Company)

Dáta breithe: 5.11.1983

Áit bhreithe: Minsk, iarUSSR (Belarus anois)

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Uimhir oifige: (+37517)-3699015

Ina cháil mar Leas-Chathaoirleach an Belteleradiocompany, cuideachta theilifíse an Stáit, údar agus láithreoir an chláir teilifíse bolscaireachta sheachtainiúil ‘Glavnyy efir’, tá faisnéis bhréagach á soláthar go fonnmhar ag Siarhei Gusachenka do mhuintir na Bealarúise faoi thorthaí na dtoghchán, faoi agóidí agus faoin gcos ar bolg atá á himirt ag údaráis an stáit. Tá sé freagrach as an gcaoi a gcuirtear faisnéis ar fáil faoi staid na tíre ar theilifís an Stáit, ag tacú ar an gcaoi sin leis na húdaráis, lena n-áirítear Lukashenka.

Mar sin, is é atá freagrach as tacú le réimeas Lukashenka.

21.6.2021

113.

Genadz Branislavavich DAVYDZKA

Gennadi Bronislavovich DAVYDKO

Генадзь Бранiслававiч ДАВЫДЗЬКА

Геннадий Брониславович ДАВЫДЬКO

Comhalta den Chamber of Representatives, Cathaoirleach an Committee on Human Rights and Media

Cathaoirleach na heagraíochta polaitiúla Belaya Rus

Dáta breithe: 29.9.1955

Áit bhreithe: Popovka village, Senno/Sjanno, Vitebsk Region, iarUSSR (Belarus anois)

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Uimhir an phas: MP2156098

Mar chathaoirleach ar Belaya Rus, móreagraíocht ar son Lukashenka, tá Genadz Davydzka ar dhuine de phríomhbholscairí an réimis. Ba mhinic a bhain sé úsáid as friotal gríosaitheach agus é ag tacú le Lukashenka agus spreag sé úsáid an fhoréigin ón bhfearas stáit i gcoinne agóideoirí síochánta.

Mar sin, is é atá freagrach as tacú le réimeas Lukashenka.

21.6.2021

114.

Volha Mikalaeuna CHAMADANAVA

Olga Nikolaevna CHEMODANOVA

Вольга Мiĸалаеўна ЧАМАДАНАВА

Ольга Ниĸолаевна ЧЕМОДАНОВА

Preas-Rúnaí an Ministry of Internal Affairs of Belarus

Dáta breithe: 13.10.1977

Áit bhreithe: Minsk Region, iarUSSR (Belarus anois)

Inscne: baineann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Grád: Coirnéal

Pas: MC1405076

Toisc gurb í an té a bhfuil an bhaint is mó aici leis na meáin sa Ministry of Internal Affairs of Belarus, tá ról ríthábhachtach ag Volha Chamadanava maidir leis na fíorais i dtaca le foréigean i gcoinne na n-agóideoirí a chur as a riocht agus aird a tharraingt díobh agus maidir le faisnéis bhréagach a scaipeadh fúthu. Rinne sí bagairt ar agóideoirí síochánta agus leanann sí d’údar a thabhairt leis an bhforéigean ina gcoinne.

Toisc go bhfuil sí bainteach leis an bhfearas slándála agus go labhraíonn sí thar a cheann, tá sí ag tabhairt tacaíochta do réimeas Lukashenka.

21.6.2021

115.

Siarhei Ivanavich SKRYBA

Sergei Ivanovich SKRIBA

Сяргей Iванавiч СКРЫБА

Сергей Иванович СКРИБА

Leas-Seansailéir an Belarusian State Economic University for Educational Work

Dáta breithe: 21.11.1964 / 1965

Áit bhreithe: Kletsk, Minsk Region, iarUSSR (Belarus anois)

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

ríomhphost: skriba_s@bseu.by

Ina cháil mar Leas-Seansailéir an Belarusian State Economic University (BSEU) for Educational Work, tá Siarhei Skryba freagrach as smachtbhannaí a forchuireadh ar mhic léinn mar go raibh siad rannpháirteach in agóidí síochánta, lena n-áirítear iad a chur amach as an ollscoil.

Cuireadh roinnt de na smachtbhannaí sin i bhfeidhm tar éis do Lukashenka a iarraidh an 27 Deireadh Fómhair 2020 go ndéanfaí mic léinn ollscoile a chur amach as an ollscoil as páirt a ghlacadh in agóidí agus i stailceanna.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as an tsochaí shibhialta a chur faoi chois agus tacaíonn sé le réimeas Lukashenka.

21.6.2021

116.

Siarhei Piatrovich RUBNIKOVICH

Sergei Petrovich RUBNIKOVICH

Сяргей Пятровiч РУБНIКОВIЧ Сергей Петрович РУБНИКОВИЧ

Reachtóir an Belarusian State Medical University Dáta breithe: 1974

Áit bhreithe: Sharkauschyna, Vitebsk/Viciebsk Region/ Oblast, iarUSSR (Belarus anois)

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Ina cháil mar Reachtóir an Belarusian State Medical University, ar fhormheas Alexander Lukashenka a cheapachán, tá Siarhei Rubnikovich freagrach as an gcinneadh a rinne lucht riaracháin na hOllscoile mic léinn a chur as an ollscoil mar gur ghlac siad páirt in agóidí síochánta. Eisíodh orduithe díbeartha tar éis do Lukashenka a iarraidh an 27 Deireadh Fómhair 2020 go gcuirfí mic léinn amach as an ollscoil as páirt a ghlacadh in agóidí agus i stailceanna.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as an tsochaí shibhialta a chur faoi chois agus tacaíonn sé le réimeas Lukashenka.

21.6.2021

117.

Aliaksandr Henadzevich BAKHANOVICH

Aleksandr Gennadevich BAKHANOVICH

Аляĸсандр Генадзевiч БАХАНОВIЧ

Алеĸсандр Геннадьевич БАХАНОВИЧ

Reachtóir Brest State Technical University

Dáta breithe: 1972

Áit bhreithe:

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Ina cháil mar Reachtóir an Brest State Technical University, ar fhormheas Alexander Lukashenka a cheapachán, tá Aliaksandr Bakhanovich freagrach as an gcinneadh a rinne lucht riaracháin na hOllscoile mic léinn a chur as an ollscoil mar gur ghlac siad páirt in agóidí síochánta. Eisíodh orduithe díbeartha tar éis do Lukashenka a iarraidh an 27 Deireadh Fómhair 2020 go gcuirfí mic léinn amach as an ollscoil as páirt a ghlacadh in agóidí agus i stailceanna.

Tá Bakhanovich freagrach, dá bhrí sin, as an tsochaí shibhialta a chur faoi chois agus tacaíonn sé le réimeas Lukashenka.

21.6.2021

118.

Mikhail Ryhoravich BARAZNA

Mikhail Grigorevich BOROZNA

Мiхаiл Рыгоравiч БАРАЗНА

Михаил Григорьевич БОРОЗНА

Reachtóir an Belarusian State Academy of Arts (BSAA)

Dáta breithe: 20.11.1962

Áit bhreithe: Rakusheva, Mahileu/Mogiliev Region/Oblast, iarUSSR (Belarus anois)

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Ina cháil mar Reachtóir an Belarusian State Academy of Arts (BSAA), tá Mikhail Barazna freagrach as an gcinneadh a rinne lucht riaracháin na hOllscoile mic léinn a chur as an ollscoil mar gur ghlac siad páirt in agóidí síochánta.

Eisíodh orduithe díbeartha tar éis do Lukashenka a iarraidh an 27 Deireadh Fómhair 2020 go gcuirfí mic léinn amach as an ollscoil as páirt a ghlacadh in agóidí agus i stailceanna.

Tá Mikhail Barazna freagrach, dá bhrí sin, as an tsochaí shibhialta a chur faoi chois, agus tacaíonn sé le réimeas Lukashenka.

21.6.2021

119.

Maksim Uladzimiravich RYZHANKOU

Maksim Vladimirovich RYZHENKOV

Максiм Уладзiмiравiч РЫЖАНКОЎ

Максим Владимирович РЫЖЕНКОВ

An Chéad Leas-Cheann ar an Presidential Administration

Dáta breithe: 19.6.1972

Áit bhreithe: Minsk, iarUSSR (Belarus anois)

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Ina cháil mar Chéad Leas-Cheann an Presidential Administration, tá dlúthbhaint ag Maksim Ryzhankou leis an Uachtarán agus is é atá freagrach as cur chun feidhme na gcumhachtaí uachtaránachta a áirithiú i réimse na mbeartas intíre agus seachtrach. Chaith sé breis agus 20 bliain dá ghairm i státseirbhís na Bealarúise áit a raibh poist éagsúla aige, lena n-áirítear leis an Ministry of Foreign Affairs agus le roinnt ambasáidí. Mar sin, is é atá freagrach as tacú le réimeas Lukashenka.

21.6.2021

120.

Dzmitry Aliaksandravich LUKASHENKA

Dmitry Aleksandrovich LUKASHENKO

Дзмiтрый Аляксандравiч ЛУКАШЭНКА

Дмитрий Александрович ЛУКАШЕНКО

Fear gnó, cathaoirleach ar President’s Sport Club

Dáta breithe: 23.3.1980

Áit bhreithe: Mogilev/ Mahiliou iarUSSR (Belarus anois)

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Is mac le Aliaksandr Lukashenka é Dzmitry Lukashenka agus is fear gnó chomh maith é. Tá sé ina chathaoirleach ar an gcomhlachas poiblí Stáit ‘Presidential Sport’s Club’ ó 2005 agus in 2020 atoghadh é sa phost seo. Tríd an eintiteas seo, bíonn sé i mbun gnó agus tá roinnt fiontar faoina smacht aige. Bhí sé i láthair ag oirniú rúnda Aliaksandr Lukashenka i Meán Fómhair 2020. Dá bhrí sin, tá sé ag baint tairbhe as an gceangal atá aige le réimeas Lukashenka agus as an tacaíocht a thugann sé don réimeas.

21.6.2021

121.

Liliya Valereuna LUKASHENKA (SIAMASHKA)

Liliya Valerevna LUKASHENKO (SEMASHKO)

Лiлiя Валер'еўна ЛУКАШЭНКА (СЯМАШКА)

Лилия Валерьевна ЛУКАШЕНКО (СЕМАШКО)

Bean ghnó, stiúrthóir ar dhánlann ealaíne

Dáta breithe: 1978 nó 1979

Áit bhreithe:

Inscne: baineann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Is í Liliya Lukashenka bean chéile Viktar Lukashenka agus is banchliamhain le Aliaksandr Lukashenka í. Bhí dlúthbhaint aici le roinnt cuideachtaí ardphróifíle a thairbhigh de réimeas Lukashenka, lena n-áirítear Dana Holdings / Dana Astra, Belkhudozhpromysly concern agus Eastleigh trading Ltd. Bhí sí i láthair, in éineacht lena fear céile Viktar Lukashenka, ag oirniú rúnda Aliaksandr Lukashenka i Meán Fómhair 2020. Dá bhrí sin, tá sí ag baint tairbhe as an gceangal atá aige le réimeas Lukashenka agus as an tacaíocht a thugann sí don réimeas

21.6.2021

122.

Valeri Valerevich IVANKOVICH

Valery Valerevich IVANKOVICH

Валерый Валер'евiч IВАНКОВIЧ

Валерий Валерьевич ИВАНКОВИЧ

Stiúrthóir Ginearálta OJSC ‘MAZ’.

Dáta breithe: 1971

Áit bhreithe: Novopolotsk, Belarusian SSR (Belarus anois)

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Ina cháil mar Stiúrthóir Ginearálta OJSC ‘MAZ’, tá freagracht ar Valeri Ivankavich as gabháil oibrithe MAZ laistigh d'áitribh MAZ ag fórsaí slándála, agus as fostaithe MAZ a bhí ag glacadh páirt in agóidí síochánta i gcoinne an réimis a chur as a bpost. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta.

Cheap Lukashenka é ina chomhalta den choimisiún ar cuireadh de chúram air leasuithe a dhréachtú ar Bhunreacht na Bealarúise. Mar sin, tacaíonn sé le réimeas Lukashenka.

21.6.2021

123.

Aliaksandr Yauhenavich SHATROU

Alexander (Alexandr) Evgenevich SHATROV

Аляксандр Яўгенавiч ШАТРОЎ Александр Евгеньевич ШАТРОВ

Fear gnó, Úinéir agus CEO LLC Synesis

Dáta breithe:

Áit bhreithe: iarUSSR (Russian Federation anois)

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Rúiseach, Bealarúiseach

Ina cháil mar CEO agus úinéir LLC Synesis, tá freagracht ar Alexander Shatrov as an gcinneadh a rinneadh an chuideachta sin ardán faireachais a chur ar fáil do na húdaráis Bhealarúiseacha, Kipod, atá in ann cuardach agus anailís a dhéanamh ar fhís-scannán agus bogearraí aghaidh-aitheanta a úsáid. Dá bhrí sin, tá sé ag rannchuidiú leis an gcur faoi chois atá á dhéanamh ag réimeas an stáit ar an tsochaí shibhialta agus an freasúra daonlathach.

Tairbhíonn Synesis LLC agus a fhochuideachta dá rannpháirtíocht sa Republican Safety Monitoring System. Cuideachtaí eile atá faoi úinéireacht nó faoi chomhúinéireacht Shatrov, mar shampla BelBet agus Synesis Sport, tairbhíonn siad freisin de chonarthaí rialtais.

Rinne sé ráitis phoiblí inar cháin sé iad siúd a bhí ag agóid i gcoinne réimeas Lukashenka agus lenar léirigh sé an easpa daonlathais sa Bhealarúis. Dá bhrí sin, tá sé ag baint tairbhe as réimeas Lukashenka agus tacaíonn sé leis.

21.6.2021

124.

Siarhei Siamionavich TSIATSERYN

Sergei Semionovich TETERIN

Сяргей Сямёнавiч ЦЯЦЕРЫН

Сергей Семёнович ТЕТЕРИН

Fear gnó, úinéir BELGLOBALSTART, comhúinéir VIBEL, Cathaoirleach ar Belarusian Tennis Federation

Dáta breithe: 7.1.1961

Áit bhreithe: Minsk, iarUSSR (Belarus anois)

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Tá Siarhei Tsiatseryn ar dhuine de na príomhfhir ghnó atá ag feidhmiú sa Bhealarúis, agus leasanna gnó aige i ndáileadh deochanna alcólacha (trína chuideachta ‘Belglobalstart’), táirgí bia agus troscán. Baineann sé le dlúthchiorcal Lukashenko.

In 2019, tugadh deis do Belglobalstart tús a chur le tógáil lárionaid gnó ilfheidhmigh os comhair phálás na huachtaránachta i Mionsc. Tá sé ina chomhúinéir ar an gcuideachta VIBEL, ar cuideachta í a dhíolann fógraí ar roinnt cainéal teilifíse náisiúnta sa Bhealarúis. Tá sé ina chathaoirleach ar an Belarusian Tennis Federation agus ina iarchuntóir le Lukashenka i ndáil le cúrsaí spóirt.

Rinne sé ráitis phoiblí inar cháin sé lucht spóirt na Bealarúise a rinne agóid i gcoinne réimeas Lukashenka, eadhon agóid i gcoinne foréigin agus géarleanúint ar agóideoirí síochánta, iriseoirí agus gníomhaithe chearta an duine. D'éiligh sé go poiblí ar an lucht spóirt sin an airgead ar fad a bhí infheistithe iontu ag an stát a thabhairt ar ais.

Dá bhrí sin, tá sé ag baint tairbhe as réimeas Lukashenka agus tacaíonn sé leis.

21.6.2021

125.

Mikhail Safarbekovich GUTSERIEV

Микаил (Михаил) Сафарбекович ГУЦЕРИЕВ

Fear gnó, úinéir na gcuideachtaí Safmar, Slavkali agus Slavneft

Dáta breithe: 9.5.1958

Áit bhreithe: Akmolinsk, iarUSSR (Kazakhstan anois)

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Rúiseach

Is fear gnó mór le rá Rúiseach é Mikhail Gutseriev, agus leasanna gnó aige sa Bhealarúis in earnáil an fhuinnimh, earnáil na potaise, earnáil an fháilteachais agus in earnálacha eile. Is seanchara é le Aliaksandr Lukashenka agus a bhuí leis an nasc sin, charnaigh sé saibhreas suntasach agus tá sé in ann tionchar a imirt i measc scothaicme pholaitiúil na Bealarúise. Ba é ‘Safmar’, cuideachta atá á rialú ag Gutseriev, an t-aon ghnólacht ola Rúiseach a lean d’ola a sholáthar do scaglanna na Bealarúise le linn na géarchéime fuinnimh idir an Bhealarúis agus an Rúis go luath in 2020.

Thacaigh Gutseriev le Lukashenka i ndíospóidí leis an Rúis faoi sheachadtaí ola freisin. Is é Gutseriev úinéir ‘Slavkali’, cuideachta a bhfuil monarcha mhianadóireachta agus phróiseála clóiríde potaisiam Nezhinsky á tógáil aige ar fhosú salainn potaise Starobinsky i bhfoisceacht Lyuban. Seo í an infheistíocht is mó atá déanta sa Bhealarúis, infheistíocht dar luach $2 bhilliún. Gheall Lukashenka go n-athbhaistfí baile Lyuban mar Gutserievsk in ómós dó. I measc na ngnóthaí eile atá aige sa Bhealarúis, tá stáisiúin pheitril agus iostaí ola ‘Slavneft’, óstán, lárionad gnó agus críochfort aerfoirt i Mionsc. Chosain Lukashenka Gutseriev nuair a tionscnaíodh imscrúdú coiriúil ina choinne sa Rúis. Ghabh Lukashenka buíochas le Gutseriev freisin as na rannchuidithe airgeadais le carthanacht agus as na billiúin dollar a infheistiú sa Bhealarúis. Tuairiscítear gur thug Gutseriev bronntanais ghalánta do Lukashenka.

Dhearbhaigh sé freisin gurb é úinéir áit chónaithe é, ar le Lukashenka de facto í, agus eisean á cheilt dá bharr nuair a thosaigh iriseoirí ag imscrúdú sócmhainní Lukashenka. Tuairiscítear gur fhreastail Gutseriev ar oirniú rúnda Lukashenka an 23 Meán Fómhair 2020. I mí Dheireadh Fómhair 2020, bhí Lukashenka agus Gutseriev araon i láthair ag oscailt eaglaise ceartchreidmhí a ndearna Gutseriev urraíocht uirthi. De réir na dtuairiscí ó na meáin, nuair a tugadh bata agus bóthar d’fhostaithe sna meáin faoi úinéireacht stáit na Bealarúise i mí Lúnasa 2020, cuireadh oibrithe sna meáin Rúiseacha ar eitleán de chuid Gutseriev chun áit na n-oibrithe a ligeadh chun bealaí a ghlacadh, agus tugadh lóistín dóibh in óstán Minsk Renaissance, ar le Gutseriev é. Dá bhrí sin, tá Mikhail Gutseriev ag baint tairbhe as réimeas Lukashenka agus ag tacú leis an réimeas.

21.6.2021

126.

Aliaksey Ivanavich ALEKSIN

Alexei Ivanovich OLEKSIN

Аляксей Iванавiч АЛЕКСIН

Алексей Иванович ОЛЕКСИН

Fear gnó, comhúinéir Bremino Group,

Dáta breithe:

Áit bhreithe:

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Tá Aliaksei Aleksin ar dhuine de na príomhfhir ghnó atá ag feidhmiú sa Bhealarúis, agus leasanna gnó aige in earnáil na hola agus earnáil an fhuinnimh, réadmhaoin, an fhorbairt, an lóistíocht, tobac, miondíol, airgeadas agus in earnálacha eile. Tá dlúthchaidreamh aige le Aliaksandr Lukashenka agus lena mhac, agus National Security Advisor roimhe seo, Viktar Lukashenka. Tá sé gníomhach sa biker movement [gluaiseacht na ngluaisrothaithe] sa Bhealarúis, caitheamh aimsire atá aige féin agus Viktar Lukashenka. Tá réadmhaoin ag a chuideachta in ‘Alexandria 2’ (Mogilev region), nó an ‘presidential residence’ mar is fearr aithne ar an réadmhaoin sin, áit a mbíonn Aliaksandr Lukashenka ina chuairteoir rialta ann.

Is comhúinéir é ar ‘Bremino Group’- tionscnóir agus comhriarthóir an Bremino-Orsha special economic zone project, a cruthaíodh le foraithne ón uachtarán arna shíniú ag Aliaksandr Lukashenko. Fuair an chuideachta tacaíocht stáit chun an Bremino-Orsha zone a fhorbairt, mar aon le roinnt buntáistí eile airgeadais agus cánach agus sochair eile. Fuair Aleksin agus úinéirí eile ar Bremino Group tacaíocht ó Viktar Lukashenka.

Tugadh pribhléidí eisiacha do ‘Inter Tobacco’ agus ‘Energo-Oil’, cuideachtaí ar Aleksin agus dlúthbhaill dá theaghlach iad, chun táirgí tobac a allmhairiú chun na Bealarúise, bunaithe ar fhoraithne a shínigh Aliaksandr Lukashenka, agus tugadh tacaíocht stáit dóibh chun bothanna Tabakierka a chruthú. Tuairiscítear go raibh baint aige le bunú na chéad chuideachta míleata príobháidí le faomhadh ón rialtas sa Bhealarúis, ‘GardServis’, agus gaol aici, ceaptar, le struchtúr slándála na Bealarúise. Tá sé ag baint tairbhe as réimeas Lukashenka dá bhrí sin.

21.6.2021

127.

Aliaksandr Mikalaevich ZAITSAU

Alexander (Alexandr) Nikolaevich ZAITSEV

Аляксандр Мiкалаевiч ЗАЙЦАЎ

Александр Николаевич ЗАЙЦЕВ

Fear gnó, comhúinéir Bremino Group agus Sohra Group

Dáta breithe: 22.11.1976 nó 22.11.1975

Áit bhreithe: Ruzhany, Brest oblast, iarUSSR (Belarus anois)

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Is iarchuntóir é Aliaksandr Zaitsau le Viktar Lukashenka, mac, agus Adviser on National Security roimhe seo, le Aliaksandr Lukashenka. Tríd an teacht atá aige ar theaghlach Lukashenka, faigheann Zaitsau conarthaí mórbhrabúis dá gnóthaí. Is é atá mar úinéir ar Sohra Group, ar deonaíodh an ceart dó táirgeadh na bhfiontar faoi úinéireacht an stáit a onnmhairiú (tarracóirí, leoraithe) chuig tíortha na Murascaille agus na hAfraice. Is é freisin atá ina chomhúinéir ar Bremino Group. Fuair an chuideachta tacaíocht stáit chun an Bremino-Orsha zone a fhorbairt, mar aon le roinnt buntáistí eile airgeadais agus cánach agus sochair eile. Fuair Zaitsau agus úinéirí eile ar Bremino Group tacaíocht ó Viktar Lukashenka.

Dá bhrí sin, tá sé ag baint tairbhe as réimeas Lukashenka agus tacaíonn sé leis.

21.6.2021

128.

Ivan Branislavavich MYSLITSKI

Ivan Bronislavovich MYSLITSKIY

Iван Бранiслававiч МЫСЛIЦКI

Иван Брониславович МЫСЛИЦКИЙ

First Deputy Head of the Penal Correction Department Of the Ministry of Internal Affairs

Dáta breithe: 23.10.1976

Áit bhreithe:

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Ina cháil mar First Deputy Head of the Penal Correction Department of the Ministry of Internal Affairs, ag a bhfuil údarás ar shaoráidí coinneála, tá Ivan Myslitski freagrach as an íde mhídhaonna tháireach, lena n-áirítear céasadh, a tugadh sna saoráidí coinneála sin ar shaoránaigh a ghlac páirt in agóidí síochánta agus a coinníodh sna saoráidí coinneála sin i ndiaidh thoghchán uachtaránachta 2020, i gcomhréir le haitheasc Lukashenko chuig oifigigh an Interior Ministry.

Sa phost sin dó, tá sé freagrach as na dálaí coinneála sna príosúin sa Bhealarúis, lena n-áirítear na príosúnaigh a chatagóiriú de réir chineálacha difriúla drochíde agus céasta a thugtar dóibh, amhail íde béil, leithlisiú pionósach, gan glaonna nó cuairteanna a cheadú, ciorrú, greadadh agus céasadh brúidiúil.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.

21.6.2021

129.

Aleh Mikalaevich, BELIAKOU

Oleg Nikolaevich BELIAKOV

Алег Мiĸалаевiч БЕЛЯКОЎ

Олег Ниĸолаевич БЕЛЯКОВ

Deputy Head of the Penal Correction Department of the Ministry of Internal Affairs

Dáta breithe:

Áit bhreithe:

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Ina cháil mar Deputy Head of the Penal Correction Department of the Ministry of Internal Affairs, ag a bhfuil údarás ar shaoráidí coinneála, tá Aleh Beliakou freagrach as an íde mhídhaonna tháireach, lena n-áirítear céasadh, a tugadh sna saoráidí coinneála sin ar shaoránaigh a ghlac páirt in agóidí síochánta agus a coinníodh sna saoráidí coinneála sin i ndiaidh thoghchán uachtaránachta 2020, i gcomhréir le haitheasc Lukashenko chuig oifigigh an Interior Ministry.

Sa phost sin dó, tá sé freagrach as na dálaí coinneála sna príosúin sa Bhealarúis, lena n-áirítear na príosúnaigh a chatagóiriú de réir chineálacha difriúla drochíde agus céasta a thugtar dóibh, amhail íde béil, leithlisiú pionósach, gan glaonna nó cuairteanna a cheadú, ciorrú, greadadh agus céasadh brúidiúil.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.

21.6.2021

130.

Uladzislau Aliakseevich MANDRYK

Vladislav Alekseevich MANDRIK

Уладзiслаў Аляксеевiч МАНДРЫК

Владислав Алексеевич МАНДРИК

Deputy Head of the Penal Correction Department of the Ministry of Internal Affairs

Dáta breithe: 4.7.1971

Áit bhreithe:

Cárta aitheantais náisiúnta: 3040771A125PB2; Pas: MP3810311.

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Ina cháil mar Deputy Head of the Penal Correction Department of the Ministry of Internal Affairs, ag a bhfuil údarás ar shaoráidí coinneála, tá Uladzislau Mandryk freagrach as an íde mhídhaonna tháireach, lena n-áirítear céasadh, a tugadh sna saoráidí coinneála sin ar shaoránaigh a ghlac páirt in agóidí síochánta agus a coinníodh sna saoráidí coinneála sin i ndiaidh thoghchán uachtaránachta 2020, i gcomhréir le haitheasc Lukashenko chuig oifigigh an Interior Ministry.

Sa phost sin dó, tá sé freagrach as na dálaí coinneála sna príosúin sa Bhealarúis, lena n-áirítear na príosúnaigh a chatagóiriú de réir an chineáil dhifriúil drochíde agus céasta a thugtar dóibh, amhail íde béil, leithlisiú pionósach, gan glaonna nó cuairteanna a cheadú, ciorrú, greadadh, céasadh brúidiúil.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.

21.6.2021

131.

Andrei Mikalaevich DAILIDA

Andrei Nikolaevich DAILIDA

Андрэй Мiкалаевiч ДАЙЛIДА

Андрей Ниĸолаевич ДАЙЛИДА

Deputy Head of the Penal Correction Department of the Ministry of Internal Affairs

Dáta breithe: 1.7.1974

Áit bhreithe:

Pas: KH2133825

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Ina cháil mar Deputy Head of the Penal Correction Department of the Ministry of Internal Affairs, ag a bhfuil údarás ar shaoráidí coinneála, tá Andrei Dailida freagrach as an íde mhídhaonna tháireach, lena n-áirítear céasadh, a tugadh sna saoráidí coinneála sin ar shaoránaigh a ghlac páirt in agóidí síochánta agus a coinníodh sna saoráidí coinneála sin i ndiaidh thoghchán uachtaránachta 2020, i gcomhréir le haitheasc Lukashenko chuig oifigigh an Interior Ministry.

Sa phost sin dó, tá sé freagrach as na dálaí coinneála sna príosúin sa Bhealarúis, lena n-áirítear na príosúnaigh a chatagóiriú de réir an chineáil dhifriúil drochíde agus céasta a thugtar dóibh, amhail íde béil, leithlisiú pionósach, gan glaonna nó cuairteanna a cheadú, ciorrú, greadadh, céasadh brúidiúil. As ucht a chuid oibre mar Deputy head of the Penal Correction Department of the Ministry of Internal Affairs, fuair sé Suaitheantas an Uachtaráin as seirbhís don Mháthairthír agus bhain sé tairbhe as réimeas Lukashenka dá bhrí sin.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.

21.6.2021

132.

Aleh Mikalaevich LASHCHYNOUSKI

Oleg Nikolaevich LASHCHINOVSKII

Алег Мiкалаевiч ЛАШЧЫНОЎСКI

Олег Николаевич ЛАЩИНОВСКИЙ

Former Deputy Head of the Penal Correction Department of the Ministry of Internal Affairs

Dáta breithe: 12.5.1963

Áit bhreithe:

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Sa phost a bhí aige mar Deputy Head of the Penal Correction Department of the Ministry of Internal Affairs, ag a bhfuil údarás ar shaoráidí coinneála, bhí Aleh Lashchynouski freagrach as an íde mhídhaonna tháireach, lena n-áirítear céasadh, a tugadh sna saoráidí coinneála sin ar shaoránaigh a ghlac páirt in agóidí síochánta agus a coinníodh sna saoráidí coinneála sin i ndiaidh thoghchán uachtaránachta 2020, i gcomhréir le haitheasc Lukashenko chuig oifigigh an Interior Ministry.

Sa phost a bhí aige, tá sé freagrach as na dálaí sna príosúin sa Bhealarúis agus as na bearta diansmachta a glacadh iontu, lena n-áirítear na príosúnaigh a chatagóiriú de réir chineálacha difriúla drochíde agus céasta a thugtar ar na cimithe, amhail íde béil, leithlisiú pionósach, gan glaonna nó cuairteanna a cheadú, ciorrú, greadadh agus céasadh brúidiúil.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.

21.6.2021

133.

Zhana Uladzimirauna BATURYTSKAIA

Zhanna Vladimirovna BATURITSKAYA

Жана Уладзiмiраўна БАТУРЫЦКАЯ

Жанна Владимировна БАТУРИЦКАЯ

Ceann an Directorate of Sentence Enforcement of the Penal Correction Department sa Ministry of Internal Affairs

Dáta breithe: 20.4.1972

Áit bhreithe:

Inscne: baineann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Ina cáil mar Cheann an Directorate of Sentence Enforcement of the Penal Correction Department sa Ministry of Internal Affairs, ag a bhfuil údarás ar shaoráidí coinneála, tá Zhana Baturitskaia freagrach as an íde mhídhaonna tháireach, lena n-áirítear céasadh, a tugadh sna saoráidí coinneála sin ar shaoránaigh a ghlac páirt in agóidí síochánta agus a coinníodh sna saoráidí coinneála sin i ndiaidh thoghchán uachtaránachta 2020, i gcomhréir le haitheasc Lukashenka chuig oifigigh an Interior Ministry.

Sa cháil sin di, tá sí freagrach as na dálaí coinneála sna príosúin sa Bhealarúis, lena n-áirítear na príosúnaigh a chatagóiriú de réir an chineáil dhifriúil drochíde agus céasta a thugtar ar na cimithe, amhail íde béil, leithlisiú pionósach, gan glaonna nó cuairteanna a cheadú, ciorrú, greadadh, céasadh brúidiúil.

Tá sí freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.

21.6.2021

134.

Dzmitry Mikalaevich STREBKOU

Dmitry Nikolaevich STREBKOV

Дзмiтрый Мiкалаевiч СТРЭБКОЎ

Дмитрий Николаевич СТРЕБКОВ

Ceann Prison No. 8 in Zhodino

Dáta breithe: 19.3.1977

Áit bhreithe:

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Ina cháil mar Cheann Prison No. 8 in Zhodino, tá Dzmitry Strebkou freagrach as na coinníollacha uafásacha san ionad coinneála agus as an íde mhídhaonna tháireach, lena n-áirítear céasadh, a tugadh ar shaoránaigh a ghlac páirt in agóidí síochánta agus a coinníodh sa tsaoráid choinneála sin, lena n-áirítear san ionad coinneála sealadach, i ndiaidh thoghchán uachtaránachta 2020.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.

21.6.2021

135.

Yauhen Andreevich SHAPETSKA

Evgeniy Andreevich SHAPETKO

Яўген Андрэевiч ШАПЕЦЬКА

Евгений Андреевич ШАПЕТЬКО

Ceann an Akrestina isolation centre for offenders

Dáta breithe: 30.3.1989

Áit bhreithe: Minsk, iarUSSR (Belarus anois)

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Ina cháil mar Cheann an Akrestina Isolation Centre for Offenders, tá Yauhen Shapetska freagrach as na coinníollacha uafásacha san ionad leithlisithe agus as an íde mhídhaonna tháireach, lena n-áirítear céasadh, a tugadh ar shaoránaigh a ghlac páirt in agóidí síochánta agus a coinníodh sa tsaoráid choinneála sin, i ndiaidh thoghchán uachtaránachta 2020.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.

21.6.2021

136.

Ihar Ryhoravich KENIUKH

Igor Grigorevich KENIUKH

Iгар Рыгоравiч КЕНЮХ

Игорь Григорьевич КЕНЮХ

Ceann an Akrestina Temporary Detention Centre

Dáta breithe: 21.1.1980

Áit bhreithe: Gomel Region/Oblast, iarUSSR (Belarus anois)

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Ina cháil mar Cheann an Akrestina Temporary Detention Centre, tá Ihar Keniukh freagrach as na coinníollacha uafásacha agus as an íde mhídhaonna tháireach, lena n-áirítear greadadh agus céasadh, a tugadh ar shaoránaigh a coinníodh sa tsaoráid choinneála sin i ndiaidh thoghchán uachtaránachta 2020.

Chuir sé brú ar an bhfoireann leighis dochtúirí a bhí báúil leis na hagóideoirí a bhriseadh as a bpost. De réir fianaise ó chuid mhór ban atá sa tuarascáil Her Rights [A Cearta], ón Centre for Promotion of Women’s Rights, is san ionad coinneála in Akrestina i Mionsc a tugadh an íde ba mheasa, áit a raibh póilíní OMON thar a bheith cruálach agus ina raibh daoine á gcéasadh acu.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.

21.6.2021

137.

Hleb Uladzimiravich DRYL

Gleb Vladimirovich DRIL

Глеб Уладзiмiравiч ДРЫЛЬ

Глеб Владимирович ДРИЛЬ

Leas-Cheann an Akrestina Temporary Detention Centre

Dáta breithe: 12.5.1980

Áit bhreithe:

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Ina cháil mar Leas-Cheann an Akrestina Temporary Detention Centre, tá Hleb Dryl freagrach as na coinníollacha uafásacha agus as an íde mhídhaonna tháireach, lena n-áirítear greadadh agus céasadh, a tugadh ar shaoránaigh a coinníodh sa tsaoráid choinneála sin i ndiaidh thoghchán uachtaránachta 2020.

De réir na fianaise ó fhinnéithe, tugadh drochléasadh do chuid de na mná a coinníodh sna hionaid choinneála an 9-12 Lúnasa 2020. De réir fianaise ó chuid mhór ban atá sa tuarascáil Her Rights [A Cearta], ón Centre for Promotion of Women’s Rights, is san ionad coinneála in Akrestina i Mionsc a tugadh an íde ba mheasa, áit a raibh póilíní OMON thar a bheith cruálach agus ina raibh daoine á gcéasadh acu.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.

21.6.2021

138.

Uladzimir Iosifavich LAPYR

Vladimir Yosifovich LAPYR

Уладзiмiр Iосiфавiч ЛАПЫР

Владимир Иосифович ЛАПЫРЬ

Leas-Cheann an Akrestina Temporary Detention Centre

Dáta breithe: 21.8.1977

Áit bhreithe:

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Ina cháil mar Leas-Cheann an Akrestina Temporary Detention Centre, tá Uladzimir Lapyr freagrach as na coinníollacha uafásacha agus as an íde mhídhaonna tháireach, lena n-áirítear greadadh agus céasadh, a tugadh ar shaoránaigh a coinníodh sa tsaoráid choinneála sin i ndiaidh thoghchán uachtaránachta 2020. De réir fianaise ó chuid mhór ban atá sa tuarascáil Her Rights [A Cearta], ón Centre for Promotion of Women’s Rights, is san ionad coinneála in Akrestina i Mionsc a tugadh an íde ba mheasa, áit a raibh póilíní OMON thar a bheith cruálach agus ina raibh daoine á gcéasadh acu.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.

21.6.2021

139.

Aliaksandr Uladzimiravich VASILIUK

Alexander (Alexandr) Vladimirovich VASILIUK

Аляксандр Уладзiмiравiч ВАСIЛЮК

Александр Владимирович ВАСИЛЮК

Ceann an Investigation team of the Investigative Committee

Dáta breithe: 8.5.1975

Áit bhreithe:

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Ina cháil mar Cheann an Investigation team of the Investigative Committee of Belarus, tá Aliaksandr Vasiliuk freagrach as ionchúisimh agus coinneáil arna spreagadh go polaitiúil, go háirithe, i ndáil le comhaltaí an fhreasúra sa Coordination Council, lena n-áirítear an ceannaire freasúra na Bealarúis, Mariya Kalesnikava, a measann eagraíochtaí um chearta an duine gur príosúnach polaitiúil í. Is é atá freagrach as roinnt ionadaithe de chuid na meán sa fhreasúra a choinneáil freisin.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.

21.6.2021

140.

Yauhen Anatolevich ARKHIREEU

Evgeniy Anatolevich ARKHIREEV

Яўген Анатольевiч АРХIРЭЕЎ

Евгений Анатольевич АРХИРЕЕВ

Ceann an Main Investigation Department, Central Office of Investigative Committee

Dáta breithe: 1.7.1977

Áit bhreithe:

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Ina cháil mar Cheann an Main Investigation Department of the Investigative Committee of Belarus, tá Yauhen Arkhireeu freagrach as imeachtaí coiriúla arna spreagadh go polaitiúil a thionscnamh agus a imscrúdú, go háirithe, i ndáil le comhaltaí an fhreasúra sa Coordination Council, agus agóideoirí eile. Is é is aidhm d’imscrúdaithe den chineál sin imeagla a chur ar agóideoirí agus coir a dhéanamh as páirt a ghlacadh in agóidí síochánta.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.

21.6.2021

141.

Aliaksei Iharavich KAURYZHKIN

Alexey Igorovich KOVRYZHKIN

Аляĸсей Iгаравiч КАЎРЫЖКIН

Алеĸсей Игоревич КОВРИЖКИН

Ceann an Investigation Team, Main Investigation Department, Investigative Committee

Dáta breithe: 3.11.1981

Áit bhreithe: Bobruisk, iarUSSR (Belarus anois)

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Ina cháil mar Cheann an Investigation Team of the Investigative Committee of Belarus, tá Aliaksei Kauryzhkin freagrach as ionchúisimh agus coinneáil dar siocair an pholaitíocht, go háirithe, i ndáil le baill d’fhoireann fheachtas uachtaránachta Viktar Babarika agus le comhaltaí den Coordination Council, lena n-áirítear an dlíodóir Maksim Znak, a measann eagraíochtaí um chearta an duine gur príosúnach polaitiúil é.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.

21.6.2021

142.

Aliaksandr Dzmitryevich AHAFONAU

Alexander (Alexandr) Dmitrievich AGAFONOV

Аляксандр Дзмiтрыевiч АГАФОНАЎ

Александр Дмитриевич АГАФОНОВ

Céad Leas-Cheann an Main Investigation Department, Investigative Committee

Dáta breithe: 13.3.1982

Áit bhreithe:

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Ina cháil mar Chéad Leas-Cheann an Main Investigation Department of the Investigative Committee of Belarus, tá Aliaksandr Ahafonau freagrach as an iarrthóir don uachtaránacht, Siarhei Tsikhanousky – gníomhaí sa fhreasúra agus fear céile an iarrthóra don uachtaránacht, Svetlana Tsikhanouskaya – agus gníomhaithe polaitiúla eile, lena n-áirítear Mikalai Statkevich agus Dzmitry Kazlou, a ionchúiseamh agus a ghabháil ar chúiseanna polaitiúla. Aithníonn Viasna, eagraíocht chearta an duine sa Bhealarúis, Siarhei Tsikhanousky, Dzmitry Kazlou, agus Mikalai Statkevich mar phríosúnaigh pholaitiúla.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.

21.6.2021

143.

Kanstantsin Fiodaravich BYCHAK

Konstantin Fedorovich BYCHEK

Канстанцiн Фёдаравiч БЫЧАК

Константин Фёдорович БЫЧЕК

Ceann an Division of the KGB Investigation Department

Dáta breithe: 20.9.1985

Áit bhreithe:

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Ina cháil mar Cheann an Division of the KGB Investigation Department, rinne Kanstantin Bychak maoirseacht ar an imscrúdú dar siocair an pholaitíocht ar an iarrthóir don uachtaránacht, Viktar Babarika. Dhiúltaigh an Central Election Commission iarrthóireacht Babarika. Bunaíodh an cinneadh sin ar thuarascáil ó KGB agus ar ráitis oifigiúla teilifíse a rinne Bychak ina ndúradh go raibh Babarika ciontach as sciúradh airgid agus na himscrúduithe fós á ndéanamh.

An 26 Deireadh Fómhair 2020, bhagair Bychak agóideoirí síochánta ar theilifís an rialtais trína rá go ndéanfaí a ngníomhaíochtaí a aicmiú mar ghníomhartha sceimhlitheoireachta.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as cos ar bolg a imirt ar an bhfreasúra daonlathach agus ar an sochaí dhaonlathach.

21.6.2021

144.

Andrei Siarheevich BAKACH

Andrei Sergeevich BAKACH

Андрэй Сяргеевiч БАКАЧ

Андрей Сергеевич БАКАЧ

Ceann an Zavodskoy District Police Department of Minsk

Dáta breithe: 19.11.1983

Áit bhreithe: Minsk, iarUSSR (Belarus anois)

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Ina cháil mar Cheann an Department of Internal Affairs of the Pervomaysky District Administration of Minsk (ó mhí na Nollag 2019 i leith), tá Andrei Bakach freagrach as gníomhaíochtaí na bhfórsaí póilíneachta sa mhaighean phóilíneachta seo agus as an méid a tharlaíonn i stáisiún na bpóilíní. Agus é mar Cheann, tugadh íde chruálach mhídhaonna tháireach ar agóideoirí síochánta i Mionsc sa stáisiún póilíneachta a bhí faoina smacht.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.

21.6.2021

145.

Aliaksandr Uladzimiravich, PALULEKH

Aleksandr Vladimirovich POLULEKH

Аляксандр Уладзiмiравiч ПАЛУЛЕХ

Александр Владимирович ПОЛУЛЕХ

Ceann an Frunzensky District Police Department of Minsk

Dáta breithe: 25.6.1979

Áit bhreithe: Minsk, iarUSSR (Belarus anois)

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Ina cháil mar Cheann an Internal Affairs Directorate of the Frunzensky District Administration of Minsk, tá Aliaksandr Palulekh freagrach as cos ar bolg a rinne na fórsaí póilíneachta sa cheantar seo ar agóideoirí síochánta i ndiaidh thoghchán uachtaránachta 2020, go háirithe droch-íde, lena n-áirítear céasadh, a thabhairt ar agóideoirí síochánta a coinníodh sa stáisiún póilíneachta a bhí faoina smacht.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.

21.6.2021

146.

Aliaksandr Aliaksandravich ZAKHVITSEVICH

Aleksandr Aleksandrovich ZAKHVITSEVICH

Аляксандр Аляксандравiч ЗАХВIЦЭВIЧ

Александр Александрович ЗАХВИЦЕВИЧ

Leas-Cheann an Frunzensky District Police Department of Minsk

Dáta breithe: 1.1.1977

Áit bhreithe:

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Ina cháil mar Leas-Cheann an Frunzensky District Police Department of Minsk, déanann Aliaksandr Zakhvitsevich maoirseacht ar an Public Security Police agus tá sé freagrach as an íde mhídhaonna tháireach, lena n-áirítear céasadh, a tugadh ar shaoránaigh a coinníodh i gCeantar Frunzenskiy i ndiaidh thoghchán uachtaránachta 2020 agus as an gcniogbheartaíocht bhrúidiúil ghinearálta a rinneadh ar agóideoirí síochánta sa cheantar sin. Chéas oifigigh faoi mhaoirseacht Zakhvitsevich na cimithe.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.

21.6.2021

147.

Siarhei Uladzimiravich USHAKOU

Sergei Vladimirovich USHAKOV

Сяргей Уладзiмiравiч УШАКОЎ

Сергей Владимирович УШАКОВ

Leas-Cheann an Frunzensky District Police Department of Minsk

Dáta breithe: 22.8.1980

Áit bhreithe: Minsk, iarUSSR (Belarus anois)

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Ina cháil mar Leas-Cheann an Frunzensky District Police Department of Minsk, a mhaoirsigh na póilíní coiriúla, tá Siarhei Ushakou freagrach as gníomhaíochtaí a fho-oifigeach, go háirithe an íde mhídhaonna tháireach, lena n-áirítear céasadh, a tugadh ar shaoránaigh a coinníodh i gCeantar Frunzensky i ndiaidh thoghchán uachtaránachta 2020 agus as an gcniogbheartaíocht bhrúidiúil ghinearálta a rinneadh ar agóideoirí síochánta. Chéas oifigigh faoi mhaoirseacht dhíreach Ushakou cimithe.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.

21.6.2021

148.

Siarhei Piatrovich ARTSIOMENKA

Sergei Petrovich ARTEMENKO / ARTIOMENKO

Сяргей Пятровiч АРЦЁМЕНКА

Сергей Петрович АРТЁМЕНКО

Leas-Cheann Pervomaisky Police District in Minsk

Dáta breithe: 26.3.1973

Áit bhreithe:

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Ina cháil mar Leas-Cheann an Pervomaisky Police District in Minsk, déanann Sergei Artemenko maoirseacht ar an public security police agus tá sé freagrach as an íde mhídhaonna tháireach, lena n-áirítear céasadh, a thug fo-oifigigh dá chuid do shaoránaigh a coinníodh in Pervomaiskiy District Police Department of Minsk i ndiaidh thoghchán uachtaránachta 2020 agus as an gcniogbheartaíocht bhrúidiúil ghinearálta a rinneadh ar agóideoirí síochánta. Sampla amháin is ea an drochíde a tugadh do Maksim Haroshin, úinéir siopa bláthanna, a gabhadh tar éis bláthanna a thabhairt do rannpháirtithe ar mhórshiúl na mban an 13 Deireadh Fómhair 2020. Chuir Artemenko brú ar na saoránaigh gan bheith rannpháirteach i léirsithe síochánta.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.

21.6.2021

149.

Aliaksandr Mikhailavich RYDZETSKI

Aleksandr Mikhailovich RIDETSKIY

Аляксандр Мiхайлавiч РЫДЗЕЦКI

Александр Михайлович РИДЕЦКИЙ

Iar-Cheann an Oktyabrskiy District Police Department of Minsk, Ceann an Directorate of internal security of the State Forensic Examination Committee

Dáta breithe: 14.8.1978

Áit bhreithe:

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Sa phost a bhí aige mar Cheann an Oktyabrsky District Police Department of Minsk, bhí Aliandsandr Rydzetski freagrach as an íde mhídhaonna tháireach, lena n-áirítear céasadh, a thug a fho-oifigigh do shaoránaigh a coinníodh sa dúiche sin i ndiaidh thoghchán uachtaránachta 2020.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.

21.6.2021

150.

Dzmitry Iauhenevich BURDZIUK

Dmitry Evgenevich BURDIUK

Дзмiтрый Яўгеньевiч БУРДЗЮК

Дмитрий

Евгеньевич БУРДЮК

Ceann an Oktyabrsky District Police Department, Iar-Cheann an Partizanski District Police Department of Minsk

Dáta breithe: 31.1.1980

Áit bhreithe: Brest region, iarUSSR (Belarus anois)

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Aitheantas pearsanta: 3310180C009PB7

Pasuimhir: MP3567896

Sa phost a bhí aige mar Cheann an Partizanski District Police Department of Minsk, bhí Dzmitry Burdziuk freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar ghreadadh uafásach agus céasadh na n-agóideoirí síochánta agus na ndaoine ar an láthair i ndiaidh thoghchán uachtaránachta 2020.

I mí na Nollag 2020 ceapadh é ina Cheann ar an Oktyabrsky District Police Department.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.

21.6.2021

151.

Vital Vitalevich KAPILEVICH

Vitaliy Vitalevich KAPILEVICH

Вiталь Вiтальевiч КАПIЛЕВIЧ

Виталий Витальевич КАПИЛЕВИЧ

Ceann an Leninsky District Police Department of Minsk

Dáta breithe: 26.11.1988

Áit bhreithe:

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Ina cháil mar Cheann an Leninsky District Police Department of Minsk, tá Vital Kapilevich freagrach as an íde mhídhaonna tháireach, lena n-áirítear céasadh, a tugadh do shaoránaigh a coinníodh in Leninsky District Police Department. Diúltaíodh cabhair leighis do na cimithe; rinneadh imeaglú ar na paraimhíochaineoirí a tháinig chun na Roinne le go gcuirfí cosc ar chúnamh leighis a sholáthar do na cimí.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta.

21.6.2021

152.

Kiryl Stanislavavich KISLOU

Kirill Stanislavovich KISLOV

Кiрыл Станiслававiч КIСЛОЎ

Кирилл Станиславович КИСЛОВ

Ceann an Zavodsky District Police Department of Minsk

Dáta breithe: 2.1.1979

Áit bhreithe: Minsk, iarUSSR (Belarus anois)

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Ina cháil mar Cheann an Zavodsky District Police Department of Minsk, tá Kiryl Kislou freagrach as an íde mhídhaonna tháireach, lena n-áirítear céasadh, a tugadh do shaoránaigh a coinníodh in áitreabh an stáisiúin póilíneachta sin. Tá sé freagrach freisin as an méid mór cos ar bolg a imríodh ar agóideoirí síochánta, iriseoirí, gníomhaithe ar son chearta an duine, oibrithe, ionadaithe thar ceann an phobail acadúil agus daoine ar an láthair, rud a chuir a fho-oifigigh i gcrích.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta.

21.6.2021

153.

Siarhei Aliaksandravich VAREIKA

Sergey Aleksandrovich VAREIKO

Сяргей Аляĸсандравiч ВАРЭЙКА

Сергей Алеĸсандрович ВАРЕЙКО

Ceann an Moskovski District Police Department of Minsk, iarLeas-Cheann an Zavodsky District Police Department of Minsk

Dáta breithe: 1.2.1980

Áit bhreithe:

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Sa phost a bhí aige mar Leas-Cheann an Zavodsky District Police, tá Siarhei Vareika freagrach as an íde mhídhaonna agus tháireach, lena n-áirítear céasadh, a tugadh do shaoránaigh atá á gcoinneáil ar áitreabh an Zavodsky District Police Department tar éis thoghchán uachtaránachta 2020. Tá sé freagrach freisin as gníomhaíochtaí a fho-oifigeach a bhí páirteach sa chos ar bolg a bhí á himirt go forleathan ar agóideoirí síochánta, iriseoirí, gníomhaithe ar son chearta an duine, oibrithe, ionadaithe thar ceann an phobail acadúil agus daoine ar an láthair.

An 21 Nollaig 2020 ceapadh é ina Cheann ar an Moskovsky District Police Department of Minsk.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta.

21.6.2021

154.

Siarhei Feliksavich DUBAVIK

Sergey Feliksovich DUBOVIK

Сяргей Фелiĸсавiч ДУБАВIК

Сергей Фелиĸсович ДУБОВИК

Leas-Cheann an Leninsky District Police Department

Dáta breithe: 1.2.1974

Áit bhreithe:

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Ina cháil mar Cheann an Leninsky District Police Department of Minsk, tá Siarhei Dubavik freagrach as an íde mhídhaonna tháireach, lena n-áirítear céasadh, a tugadh do shaoránaigh a coinníodh in áitreabh an Leninsky District Police Department i ndiaidh thoghchán uachtaránachta 2020. Diúltaíodh cabhair leighis do na cimithe; rinneadh imeaglú ar na paraimhíochaineoirí a tháinig chun na Roinne le go gcuirfí cosc ar chúnamh leighis a sholáthar do na cimí.

Tá sé freagrach freisin as gníomhaíochtaí a fho-oifigeach a bhí páirteach sa chos ar bolg a bhí á himirt go forleathan ar agóideoirí síochánta, iriseoirí, gníomhaithe ar son chearta an duine, oibrithe, ionadaithe thar ceann an phobail acadúil agus daoine ar an láthair.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.

21.6.2021

155.

Aliaksandr Mechyslavavich ANDRYEUSKI

Alexander (Alexandr) Mechislavovich ANDRIEVSKII

Аляĸсандр Мечыслававiч АНДРЫЕЎСКI

Алеĸсандр Мечиславович АНДРИЕВСКИЙ

Leas-Cheann an Frunzensky District Police Department of Minsk

Dáta breithe: 29.4.1982

Áit bhreithe:

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Ina cháil mar Leas-Cheann an Frunzensky District Police Department in Minsk, tá Aleksandr Andryeuski freagrach as an íde mhídhaonna tháireach, lena n-áirítear céasadh, a rinneadh ar shaoránaigh a coinníodh in áitreabh an Fruzensky District Police Department i ndiaidh thoghchán uachtaránachta 2020. Bhí na cimí ina seasamh ar a nglúine agus a gcloigne fúthu ar feadh uaireanta an chloig, buaileadh go brúidiúil iad, agus buaileadh le taser iad.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.

21.6.2021

156.

Vital Mikhailavich MAKRYTSKI

Vitalii Mikhailavich MAKRITSKII

Вiталь Мiхайлавiч МАКРЫЦКI

Виталий

Михайлович МАКРИЦКИЙ

Leas-Cheann Oktyabrsky District Police Department of Minsk (go dtí Nollaig 17 2020). Ón 17 Nollaig 2020 - Ceann an Partizanski District Police Department of Minsk

Dáta breithe: 17.2.1975

Áit bhreithe:

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Sa phost a bhí aige mar cheann an Oktyabrsky District Police Department of Minsk, bhí Vital Makrytski freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar ghreadadh uafásach agus céasadh na n-agóideoirí síochánta agus na ndaoine ar an láthair a coinníodh ar áitreabh na roinne póilíneachta sin, i ndiaidh thoghchán uachtaránachta 2020.

I mí na Nollag 2020, tugadh ardú céime dó go ndearnadh de Ceann an Partizanski District Police Department of Minsk.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.

21.6.2021

157.

Yauhen Aliakseevich URUBLEUSKI

Evgenii Alekseevich VRUBLEVSKII

Яўген Аляĸсеевiч УРУБЛЕЎСКI

ЕвгенийАлеĸсеевич ВРУБЛЕВСКИЙ

Sáirsint Sinsearach Póilíneachta an Akrestina Offenders’ Isolation Centre

Dáta breithe: 28.1 1966

Áit bhreithe:

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Ina cháil mar sháirsint sinsearach póilíneachta an Akrestina Offenders' Isolation Centre. Tá Yauhen Urubleuski freagrach as an íde mhídhaonna tháireach, lena n-áirítear céasadh, a rinneadh ar shaoránaigh a coinníodh in Ionad Coinneála na gCiontóirí. De réir finnéithe agus tuarascálacha na meán, bhí sé páirteach go pearsanta i ngreadadh brúidiúil na saoránach a coinníodh i mí Lúnasa 2020.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine.

21.6.2021

158.

Mikalai Mikalaevich KARPIANKAU

Nikolai Nikolaevich KARPENKOV

Мiĸалай Мiĸалаевiч КАРПЯНКОЎ

Ниĸолай Ниĸолаевич КАРПЕНКОВ

Leas-Aire Gnóthaí Eachtracha, Iar-Cheann an Main Department for Combating Organized Crime and Corruption of the Ministry of Internal Affairs

Dáta breithe: 6.9.1968

Áit bhreithe: Minsk, iarUSSR (Belarus anois)

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Ina cháil mar Cheann an Main Department for Combating Organized Crime and Corruption of the Ministry of Internal Affairs, tá Mikalai Karpiankau freagrach as an íde mhídhaonna tháireach a tugadh do shaoránaigh a ghlac páirt in agóidí síochánta agus as a ngabháil threallach agus a gcoinneáil. Léirítear fianaise go leor, idir grianghraif agus físeanna, gur thug an grúpa faoina cheannas léasadh d’agóideoirí síochánta, gur ghabh an grúpa iad agus gur bhagair sé iad le hairm thine.

An 6 Meán Fómhair 2020, rinneadh Karpiankou a thaifeadadh agus é ag briseadh doras gloine ina smidiríní le smachtín ag caifé fad a bhí agóideoirí síochánta i bhfolach ann agus é á gcoinneáil go brúidiúil. Foilsíodh taifead ina ndúirt sé go n-úsáidfeadh a roinn airm thine i gcoinne agóideoirí.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.

21.6.2021

159.

Mikhail Viachaslavavich HRYB

Mikhail Viacheslavovich GRIB

Мiхаiл Вячаслававiч ГРЫБ

Михаил Вячеславович ГРИБ

Ceann an Main Department of Internal Affairs of the Minsk City Executive Committee

Dáta breithe: 29.7.1980

Áit bhreithe: Minsk, iarUSSR (Belarus anois)

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Bhí Mikhail Hryb ina Cheann ar an Department of Internal Affairs sa Vitebsk Regional Executive Committee ó Mhí an Mhárta 2019 go Mí Dheireadh Fómhair 2020, agus ceapadh é ina dhiaidh sin ina Cheann ar an Main Department of Internal Affairs of the Minsk city Executive Committee agus sannadh an teideal maorghinearál sa militia (fórsa póilíneachta) dó.

Sa cháil sin, tá sé freagrach as gníomhaíochtaí na bhfórsaí póilíneachta, in Vitebsk region go dtí mí Dheireadh Fómhair 2020 agus i Mionsc tar éis mhí Dheireadh Fómhair 2020, lena n-áirítear cos ar bolg foréigneach ar agóideoirí síochánta, agus sáruithe ar an gceart chun comhthionóil shíochánta agus chun saoirse cainte, a rinne na fórsaí póilíneachta in Vitebsk agus Mionsc, tar éis na dtoghchán uachtaránachta sa Bhealarúis in 2020.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.

21.6.2021

160.

Viktar Genadzevich KHRENIN

Viktor Gennadievich KHRENIN

Вiктар Генадзевiч ХРЭНIН

Виктор Геннадиевич ХРЕНИН

An tAire Cosanta

Dáta breithe: 1.8.1971

Áit bhreithe: Navahrudak/ Novogrudek, iarUSSR (Belarus anois)

Inscne: Fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Grád: Leifteanant-Ghinearál

Pasuimhir BY: KH2594621

Aitheantas pearsanta: 3010871K003PB1

Ina cháil mar Aire Cosanta na Bealarúise ón 20 Eanáir 2020, tá Viktar Khrenin freagrach as an gcinneadh a rinne Ceannasaíocht na nAerfhórsaí agus Óglaigh na hAerchosanta, ar threoracha Lukashenka, aerárthaí míleata a sheoladh an 23 Bealtaine 2021 chun an tuirlingt éigeantais ar eitilt paisinéirí FR4978 in aerfort Mhionsc a thionlacan gan údar cuí a bheith leis. Ba é an aidhm a bhí leis an gcinneadh polaitiúil sin go ndéanfaí an t-iriseoir de chuid an fhreasúra Raman Pratasevich agus Sofia Sapega a ghabháil agus a choinneáil; is brú faoi chois an méid sin i gcoinne na sochaí sibhialta agus an fhreasúra dhaonlathaigh sa Bhealarúis.

Tá roinnt ráiteas poiblí déanta aige á dhearbhú go raibh sé réidh chun an t-arm a úsáid i gcoinne agóideoirí síochánta i mí Lúnasa 2020. Ina theannta sin, chuir sé i gcomórtas le cuiditheoirí na Naitsíoch iad as an úsáid a bhain siad as an mbratach stairiúil bán/dearg/bán.

Dá bhrí sin, tá sé freagrach as an tsochaí shibhialta agus an freasúra daonlathach a chur faoi chois sa Bhealarúis, agus tacaíonn sé le réimeas Lukashenka.

21.6.2021

161.

Ihar Uladzimiravich HOLUB

Igor Vladimirovich GOLUB

Iгар Уладзiмiравiч ГОЛУБ

Игорь Владимирович ГОЛУБ

Ceannasaí an Aerfhórsa agus Óglaigh na hAerchosanta de chuid na bhFórsaí Armtha

Dáta breithe: 19.11.1967

Áit bhreithe: Chernigov, Chernigovskaya oblast, iarUSSR (Ukraine anois)

Inscne: Fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Grád: Maor-Ghinearál

Pasuimhir BY: KH2187962

Aitheantas pearsanta: 3191167E003PB1

Ina cháil mar Cheannasaí an Aerfhórsa agus Óglaigh na hAerchosanta de chuid na bhFórsaí Armtha sa Bhealarúis, tá Ihar Holub freagrach as an gcinneadh a rinne Ceannasaíocht na nAerfhórsaí agus Óglaigh na hAerchosanta, ar threoracha Lukashenka, aerárthaí míleata a sheoladh an 23 Bealtaine 2021 chun an tuirlingt éigeantais ar eitilt paisinéirí FR4978 in aerfort Mhionsc a thionlacan gan údar cuí a bheith leis.

Ba é an aidhm a bhí leis an gcinneadh polaitiúil sin go ndéanfaí an t-iriseoir de chuid an fhreasúra Raman Pratasevich agus Sofia Sapega a ghabháil agus a choinneáil; is brú faoi chois an méid sin i gcoinne na sochaí sibhialta agus an fhreasúra dhaonlathaigh sa Bhealarúis.

Tar éis na heachtra, rinne Ihar Holub preasráitis in éineacht le Artem Sikorsky, Stiúrthóir na Roinne Eitlíochta Iompair in Aireacht Iompair na Bealarúise, agus thug sé údar le gníomhartha údaráis eitlíochta na Bealarúise.

Dá bhrí sin, tá sé freagrach as an tsochaí shibhialta agus an freasúra daonlathach a chur faoi chois sa Bhealarúis, agus tacaíonn sé le réimeas Lukashenka.

21.6.2021

162.

Andrei Mikalaevich GURTSEVICH

Andrei Nikolaevich GURTSEVICH

Андрэй Мiкалаевiч ГУРЦЕВИЧ

Андрей Николаевич ГУРЦЕВИЧ

Ceann na Príomhfhoirne, an Chéad Leas-Cheannasaí ar an Aerfhórsa

Dáta breithe: 27.7.1971

Áit bhreithe: Baranovich, Brest Region/Oblast, iarUSSR (Belarus anois)

Inscne: Fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Grád: Maor-Ghinearál

Pasuimhir BY: MP3849920

Aitheantas pearsanta: 3270771C016PB2

Ina cháil mar Cheann na Príomhfhoirne agus Chéad Leas-Cheannasaí an Aerfhórsa agus Óglaigh na hAerchosanta de chuid na bhFórsaí Armtha sa Bhealarúis, tá Andrei Gurtsevich freagrach as an gcinneadh a rinne Ceannasaíocht na nAerfhórsaí agus Óglaigh na hAerchosanta, ar threoracha Lukashenka, aerárthaí míleata a sheoladh an 23 Bealtaine 2021 chun an tuirlingt éigeantais ar eitilt paisinéirí FR4978 in aerfort Mhionsc a thionlacan gan údar cuí a bheith leis.

Ba é an aidhm a bhí leis an gcinneadh polaitiúil sin go ndéanfaí an t-iriseoir de chuid an fhreasúra Raman Pratasevich agus Sofia Sapega a ghabháil agus a choinneáil; is brú faoi chois an méid sin i gcoinne na sochaí sibhialta agus an fhreasúra dhaonlathaigh sa Bhealarúis. Tar éis na heachtra, rinne sé preasráitis inar thug sé údar le gníomhartha údaráis eitlíochta na Bealarúise.

Dá bhrí sin, tá sé freagrach as an tsochaí shibhialta agus an freasúra daonlathach a chur faoi chois sa Bhealarúis, agus tacaíonn sé le réimeas Lukashenka.

21.6.2021

163.

Leanid Mikalaevich CHURO

Leonid Nikolaevich CHURO

Леанiд Мiкалаевiч ЧУРО

Леонид Николаевич ЧУРО

Ard-Stiúrthóir BELAERONAVIGATSIA, fiontar de chuid an Stáit

Dáta breithe: 8.7.1956

Áit bhreithe:

Inscne: Fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Pasuimhir BY: P4289481

Aitheantas pearsanta: 3080756A068PB5

Ina cháil mar Ard-Stiúrthóir ar BELAERONAVIGATSIA, tá Leanid Churo freagrach as rialú aerthráchta na Bealarúise. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as tuirlingt éigeantais a dhéanamh an 23 Bealtaine 2021 ar eitilt paisinéirí FR4978 go haerfort Mhionsc gan údar cuí a bheith leis. Ba é an aidhm a bhí leis an gcinneadh polaitiúil sin go ndéanfaí an t-iriseoir de chuid an fhreasúra Raman Pratasevich agus Sofia Sapega a ghabháil agus a choinneáil; is brú faoi chois an méid sin i gcoinne na sochaí sibhialta agus an fhreasúra dhaonlathaigh sa Bhealarúis.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.

21.6.2021

164.

Aliaksei Mikalaevich AURAMENKA

Alexey Nikolaevich AVRAMENKO

Аляксей Мiкалаевiч АЎРАМЕНКА

Алексей Николаевич АВРАМЕНКО

An tAire Iompair agus Cumarsáide

Dáta breithe: 11.5.1977

Áit bhreithe: Minsk, iarUSSR (Belarus anois)

Inscne: Fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Pasuimhir BY: MP3102183

Aitheantas pearsanta: 3110577A020PB2

Ina cháil mar Aire Iompair agus Cumarsáide na Bealarúise, tá Aliaksei Auramenka freagrach as bainistiú stáit i réimse na heitlíochta sibhialta agus as maoirseacht a dhéanamh ar rialú aerthráchta. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as tuirlingt éigeantais a dhéanamh an 23 Bealtaine 2021 ar eitilt paisinéirí FR4978 go haerfort Mhionsc gan údar cuí a bheith leis. Ba é an aidhm a bhí leis an gcinneadh polaitiúil sin go ndéanfaí an t-iriseoir de chuid an fhreasúra Raman Pratasevich agus Sofia Sapega a ghabháil agus a choinneáil; is brú faoi chois an méid sin i gcoinne na sochaí sibhialta agus an fhreasúra dhaonlathaigh sa Bhealarúis. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.

21.6.2021

165.

Artsiom Igaravich SIKORSKI

Artem Igorevich SIKORSKIY

Арцём Iгаравiч СIКОРСКI

Артем Игоревич СИКОРСКИЙ

Stiúrthóir na Roinne Eitlíochta Iompair in Aireacht Iompair na Bealarúise

Dáta breithe: 1983

Áit bhreithe: Soligorsk, Minsk Region/Oblast, iarUSSR (Belarus anois)

Inscne: Fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Pasuimhir BY: MP3785448

Aitheantas pearsanta: 3240483A023PB7

Ina cháil mar Stiúrthóir an Aviation Department of the Ministry of Transport and Communications of Belarus, tá Artsiom Sikorski freagrach as bainistiú stáit i réimse na heitlíochta sibhialta agus as maoirseacht a dhéanamh ar rialú aerthráchta. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as eitilt paisinéirí FR4978 a atreorú go Mionsc an 23 Bealtaine 2021 gan údar cuí a bheith leis. Ba é an aidhm a bhí leis an gcinneadh polaitiúil sin go ndéanfaí an t-iriseoir de chuid an fhreasúra Raman Pratasevich agus Sofia Sapega a ghabháil agus a choinneáil; is brú faoi chois an méid sin i gcoinne na sochaí sibhialta agus i gcoinne fhreasúra dhaonlathaigh na Bealarúise.

Tar éis na heachtra, rinne sé preasráitis in éineacht le Ceannasaí an Air Force and Air Defence Forces of the Armed Forces of the Republic of Belarus, Ihar Holub, inar thug sé údar le gníomhartha údaráis eitlíochta na Bealarúise.

Dá bhrí sin, tá sé freagrach as an tsochaí shibhialta agus an freasúra daonlathach a chur faoi chois, agus tacaíonn sé le réimeas Lukashenka.

21.6.2021

166.

Aleh Siarheevich HAIDUKEVICH

Oleg Sergeevich GAIDUKEVICH

Алег Сяргеевiч ГАЙДУКЕВIЧ

Олег Сергеевич ГАЙДУКЕВИЧ

Leas-Chathaoirleach an Bhuanchoiste um Ghnóthaí Idirnáisiúnta i dTeach Ionadaithe an Tionóil Náisiúnta, agus comhalta de thoscaireacht an Tionóil Náisiúnta le haghaidh teagmhálacha le Tionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa

Dáta breithe: 26.3.1977

Áit bhreithe: Minsk, iarUSSR (Belarus anois)

Inscne: Fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Aitheantas pearsanta: 3260377A081PB9

Pasuimhir: MP2663333

Is é Aleh Haidukevich Leas-Chathaoirleach an Bhuanchoiste um Ghnóthaí Idirnáisiúnta i dTeach Ionadaithe an Tionóil Náisiúnta; is comhalta é de thoscaireacht an Tionóil Náisiúnta le haghaidh teagmhálacha le Tionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa. D’fhoilsigh sé ráitis phoiblí inar mhol sé an t-atreorú a rinneadh ar eitilt paisinéirí FR4978 chuig Minsk an 23 Bealtaine 2021. Cinneadh polaitiúil a bhí ansin, agus gan údar ceart ar bith leis, go ndéanfaí an t-iriseoir de chuid an fhreasúra Raman Pratasevich agus Sofia Sapega a ghabháil agus a choinneáil; is brú faoi chois an méid sin i gcoinne na sochaí sibhialta agus an fhreasúra dhaonlathaigh sa Bhealarúis.

Ina theannta sin, rinne Aleh Haidukevich ráitis phoiblí inar mhol sé go bhféadfaí ceannairí freasúra na Bealarúise a choinneáil thar lear agus a iompar go dtí an Bhealarúis ‘i mbúit cairr’. Ar an gcaoi sin, thacaigh sé leis an mbrú faoi chois leanúnach ag na fórsaí slándála ar fhreasúra daonlathach na Bealarúise agus ar iriseoirí.

Mar sin, is é atá freagrach as tacú le réimeas Lukashenka.

21.6.2021”

(2)

cuirtear na daoine dlítheanacha seo a leanas leis an tábla ‘B. Daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 4(1)’:

 

Ainmneacha

Traslitriú an litrithe Bealarúisise

Traslitriú an litrithe Rúisise

Ainmneacha

(Litriú Bealarúisise)

(Litriú Rúisise)

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna lena liostú

Dáta an liostaithe

“8.

Sohra Group / Sohra LLC

ООО Сохра

Seoladh: Revolucyonnaya 17/19, office no. 22, 220030 Minsk, Belarus

Cláruimhir: 192363182

Suíomh gréasáin: http://sohra.by/

Seoladh ríomhphoist: info@sohra.by

Tá Sohra company faoi úinéireacht Aliaksandr Zaitsau, ceann de na fir ghnó is mó tionchar sa Bhealarúis, duine a bhfuil dlúthnasc aige le bunaíocht pholaitiúil na Bealarúise agus dlúthchúntóir don mhac is sine ag Lukashenko, Viktor. Cuireann Sohra táirgí tionsclaíocha na Bealarúise chun cinn i dtíortha na hAfraice agus sa Mheán Oirthear. Chomhbhunaigh sé an chuideachta chosanta BSVT-New Technologies a bhfuil baint aici le táirgeadh arm agus nuachóiriú diúracán. Agus leas á bhaint as a staid phribhléide, feidhmíonn Sohra mar ionadaí idir an bhunaíocht pholaitiúil agus cuideachtaí faoi úinéireacht stáit na Bealarúise agus comhpháirtithe eachtracha san Afraic agus sa Mheán Oirthear. Bhí baint aige freisin le mianadóireacht óir i dtíortha na hAfraice ar bhonn lamháltas a fuair réimeas Lukashenko.

Tá Sohra Group ag baint tairbhe as réimeas Lukashenka dá bhrí sin

21.6.2021

9.

BREMINO GROUP, LLC

ООО ‘Бремино групп’

Cláruimhir: (УНН/ИНН): 691598938

Seoladh: Niamiha 40, Minsk 220004, Belarus; Orsha region, Bolbasovo village, Zavodskaya 1k, Belarus

Suíomh gréasáin: http://www.bremino.by

Seoladh ríomhphoist: office@bremino.by; marketing@bremino.by

Is é Bremino Group tionscnóir agus comhriarthóir an Bremino-Orsha special economic zone project, a cruthaíodh le foraithne ón uachtarán arna shíniú ag Aliaksandr Lukashenko. Fuair an chuideachta tacaíocht stáit chun an Bremino-Orsha zone a fhorbairt, mar aon le roinnt buntáistí eile airgeadais agus cánach agus sochair eile. Tá úinéirí Bremino Orsha - Aliaksandr Zaitsau, Mikalai Varabei agus Aliaksei Aleksin - ina gcuid de chiorcal inmheánach na bhfear gnó a bhaineann le Lukashenka agus bíonn dlúthchaidreamh acu le Lukashenka agus a theaghlach.

Tá Bremina Group ag baint tairbhe as réimeas Lukashenka dá bhrí sin.

21.6.2021

10.

Globalcustom Management, LLC

ООО ‘Глобалкастом-менеджмент’

Seoladh: Nemiga 40/301, Minsk, Belarus

Cláruimhir: 193299162

Suíomh gréasáin: https://globalcustom.by/

Seoladh ríomhphoist: info@globalcustom.by

Tá baint ag Globalcustom Management le Presidential Affairs Management, faoi cheannas Victor Sheiman, atá ainmnithe ag an Aontas ó 2004 i leith. Tá baint ag an gcuideachta le smuigléireacht earraí chun na Rúise, rud nach bhféadfaí a dhéanamh gan toiliú ón réimeas, a dhéanann rialú ar na gardaí teorann agus na custaim teorann. Tá an staid pribhléide in earnáil onnmhairiúcháin bláthanna chun na Rúise, rud a mbaineann an chuideachta tairbhe as, ag brath freisin ar thacaíocht don réimeas. Ba é Globalcustom Management an chéad úinéir ar GardService, an t-aon chuideachta phríobháideach ar lig Lukashenko dóibh airm a úsáid. Tá Globalcustom Management ag baint tairbhe as réimeas Lukashenka dá bhrí sin.

21.6.2021

11.

Belarusski Avtomobilnyi Zavod (BelAZ) / OJSC ‘BELAZ’

Bealarúiseach: ААТ «БЕЛАЗ»

Rúiseach: ОАО ‘ БЕЛАЗ’

Seoladh: 40 let Octyabrya street 4, 222161, Zhodino, Minsk region, Republic of Belarus

Suíomh gréasáin: https://belaz.by

Tá OJSC ‘Belaz’ ar cheann de na príomhchuideachtaí faoi úinéireacht an stáit sa Bhealarúis agus ar cheann de na monaróirí is mó de thrucailí móra agus de thrucailí móra dumpála ar fud an domhain. Is foinse suntasach ioncaim é do réimeas Lukashenka. Dúirt Lukashenka go dtacódh an rialtas i gcónaí leis an gcuideachta agus is mar ‘branda na Bealarúise’ agus mar ‘cuid den oidhreacht náisiúnta’ a chuir sé síos uirthi. Thairg OJSC BelAZ a áitreabh agus a threalamh chun mórshiúl polaitiúil a reáchtáil chun tacú leis an réimeas. Dá bhrí sin, tá OJSC ‘Belaz’ ag baint tairbhe as réimeas Lukashenka agus tacaíonn sé leis.

Rinneadh bagairt ar fhostaithe OJSC ‘Belaz’ a ghlac páirt i stailceanna agus in agóidí síochánta tar éis na dtoghchán calaoiseacha sa Bhealarúis i mí Lúnasa 2020, a leagan as a bpost agus rinne bainistíocht na cuideachta imeaglú orthu. Chuir OJSC Belaz grúpa fostaithe faoi ghlas laistigh chun cosc a chur orthu dul leis na hagóideoirí eile. Lig bainistíocht na cuideachta orthu do na meáin gur cruinniú foirne a bhí i gceist le stailc. Dá bhrí sin, tá OJSC ‘Belaz’ freagrach as an tsochaí shibhialta a chur faoi chois agus tacaíonn sé le réimeas Lukashenka.

21.6.2021

12.

Minskii Avtomobilnyi Zavod (MAZ) / OJSC ‘MAZ’

Bealarúiseach: ААТ «Мiнскi аўтамабiльны завод»

Rúiseach: ОАО ‘Минский автомобильный завод’

Dáta clárúcháin: 16.7.1944

Seoladh: Belarus, 220021, Minsk, Minsk, Socialisticheskaya 2

Teil. +375172172222; +80002172222

Tá OJSC Minsk Automobile Plant ar ceann de na monaróirí gluaisteán is mó atá faoi úinéireacht an stáit sa Bhealarúis. Chuir Lukashenka síos air mar ‘ceann de na fiontair tionsclaíochta is tábhachtaí sa tír’. Is foinse ioncaim é do réimeas Lukashenka. Thairg OJSC MAZ a áitreabh agus a threalamh chun mórshiúl polaitiúil a reáchtáil chun tacú leis an réimeas. Dá bhrí sin, tá OJSC ‘MAZ’ ag baint tairbhe as réimeas Lukashenka agus tacaíonn sé leis.

Rinneadh imeaglú ar fhostaithe OJSC ‘MAZ’ a ghlac páirt i stailceanna agus in agóidí síochánta tar éis na dtoghchán calaoiseacha sa Bhealarúis i mí Lúnasa 2020, agus leag bainistíocht na cuideachta as a bpost iad ina dhiaidh sin. Chuir OJSC MAZ grúpa fostaithe faoi ghlas laistigh chun cosc a chur orthu dul leis na hagóideoirí eile. Dá bhrí sin, tá MAZ freagrach as an tsochaí shibhialta a chur faoi chois agus tacaíonn sé le réimeas Lukashenka.

21.6.2021

13.

Logex

ООО ‘ЛОГЕКС’

Seoladh: 24 Kommunisticheskaya Str., office 2, Minsk, Belarus

Cláruimhir: 192695465

Suíomh gréasáin: http://logex.by/

Seoladh ríomhphoist: info@logex.by

Tá baint ag Logex le Aliaksandr Shakutsin, fear gnó atá gar do réimeas Lukashenka, agus atá ainmnithe ag an Aontas Eorpach.

Tá baint ag an gcuideachta le honnmhairiú bláthanna chuig an Russian Federation ar phraghsanna dumpáilte, rud nach bhféadfaí a dhéanamh gan toiliú ón réimeas, a dhéanann rialú ar na gardaí teorann agus na custaim teorann. Tá an staid pribhléide in earnáil onnmhairiúcháin bláthanna chun na Rúise, rud a bhaineann an chuideachta tairbhe as, ag brath ar thacaíocht don réimeas. Is iad na cuideachtaí a bhfuil dlúthnasc acu le ceannaireacht na poblachta príomhsholáthraithe bláthanna gearrtha na Bealarúise.

Tá Logex ag baint tairbhe as réimeas Lukashenka dá bhrí sin.

21.6.2021

14.

JSC ‘NNK’ (Novaia naftavaia kampania) / New Oil Company

Bealarúiseach: ЗАТ ‘ННК’ (Новая нафтавая кампанiя)

Rúiseach: ЗАО ‘ННК’ (Новая нефтяная компания)–

Seoladh: Rakovska str. 14W room 7, 5th floor, Minsk, Belarus

Cláruimhir: 193402282

Is eintiteas a bunaíodh i Márta 2020 é Novaya Neftnaya Kompaniya (NNK), New Oil company. Is í an t-aon chuideachta phríobháideach í atá i dteideal táirgí ola a onnmhairiú ón mBealarúis - léiriú ar dhlúthnaisc leis na húdaráis agus ar an leibhéal is airde pribhléidí stáit. Tá NNK faoi úinéireacht Interservice, cuideachta atá faoi úinéireacht Mikalai Varabei atá ar cheann de na fir ghnó is mó a bhaineann tairbhe as réimeas Lukashenka agus ag tacú leis. Tuairiscítear freisin go bhfuil NNK nasctha le Aliaksei Aleksin, fear gnó mór le rá eile ón mBealarúis a bhaineann tairbhe as réimeas Lukashenka. De réir tuarascálacha na meán, bhí Aleksin ina bhunaitheoir ar NNK taobh le Varabei. Bhain údaráis na Bealarúise úsáid as NNK freisin chun geilleagar na Bealarúise a chur in oiriúint do bhearta sriantacha a thug an tAontas isteach.

Tá NNK ag baint tairbhe as réimeas Lukashenka dá bhrí sin.

21.6.2021”


Top