Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D0985

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/985 ón gCoimisiún an 3 Meitheamh 2021 lena gceartaítear an leagan Spáinnise de Chinneadh 2004/842/CE maidir le rialacha cur chun feidhme lena bhféadfaidh na Ballstáit údarú a thabhairt síol a chur ar an margadh de chineál a ndearnadh iarratas ar é a chur isteach i gcatalóg náisiúnta na gcineálacha speiceas plandaí nó speiceas glasraí (Tugadh fógra dó faoi dhoiciméid C(2021)3869) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2021/3869

IO L 216, 18.6.2021, p. 204–204 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2021/985/oj

18.6.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 216/204


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/985 ÓN gCOIMISIÚN

an 3 Meitheamh 2021

lena gceartaítear an leagan Spáinnise de Chinneadh 2004/842/CE maidir le rialacha cur chun feidhme lena bhféadfaidh na Ballstáit údarú a thabhairt síol a chur ar an margadh de chineál a ndearnadh iarratas ar é a chur isteach i gcatalóg náisiúnta na gcineálacha speiceas plandaí nó speiceas glasraí

(Tugadh fógra dó faoi dhoiciméid C(2021)3869)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2002/55/CE ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir le síol glasraí a mhargú (1)„ agus go háirithe Airteagal 23(2) di,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá earráid in Airteagal 31(1) den leagan Spáinnise de Chinneadh 2004/842/CE (2) ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le húdaruithe a athnuachan a bhaineann le speicis glasraí.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart an leagan Spáinnise de Chinneadh 2004/842/CE a cheartú dá réir. Ní dhéantar difear do na leaganacha teanga eile.

(3)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

(ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge)

Airteagal 2

Is ar na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Meitheamh 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

Johannes HAHN

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 193, 20.7.2002, lch. 33.

(2)  Cinneadh 2004/842/CE ón gCoimisiún an 1 Nollaig 2004 maidir le rialacha cur chun feidhme lena bhféadfaidh na Ballstáit údarú a thabhairt síol a chur ar an margadh de chineál a ndearnadh iarratas ar é a chur isteach i gcatalóg náisiúnta na gcineálacha speiceas plandaí nó speiceas glasraí (IO L 362, 9.12.2004, lch. 21).


Top