Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D0925

Cinneadh (AE) 2021/925 ón gComhairle an 7 Meitheamh 2021 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Fhóram Domhanda um Chomhchuibhiú Rialachán d’Fheithiclí faoi choimirce Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip a mhéid a bhaineann leis na tograí le haghaidh modhnuithe ar Rialacháin Uimh. 13, 13-H, 24, 30, 41, 49, 79, 83, 95, 101, 124, 129, 134, 137 agus 157 ó na Náisiúin Aontaithe, agus na tograí le haghaidh modhnuithe ar Rialacháin Theicniúla Dhomhanda Uimh. 4 agus 9

ST/9000/2021/INIT

IO L 203, 9.6.2021, p. 10–11 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/925/oj

9.6.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 203/10


CINNEADH (AE) 2021/925 ÓN gCOMHAIRLE

an 7 Meitheamh 2021

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Fhóram Domhanda um Chomhchuibhiú Rialachán d’Fheithiclí faoi choimirce Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip a mhéid a bhaineann leis na tograí le haghaidh modhnuithe ar Rialacháin Uimh. 13, 13-H, 24, 30, 41, 49, 79, 83, 95, 101, 124, 129, 134, 137 agus 157 ó na Náisiúin Aontaithe, agus na tograí le haghaidh modhnuithe ar Rialacháin Theicniúla Dhomhanda Uimh. 4 agus 9

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh 97/836/CE ón gComhairle (1), d’aontaigh an tAontas Eorpach do Chomhaontú Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) maidir le saintreoracha teicniúla aonfhoirmeacha a ghlacadh i gcomhair feithiclí rothacha, trealaimh agus páirteanna ar féidir iad a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha agus maidir leis na coinníollacha le haghaidh aitheantas frithpháirteach i gcás ceaduithe a dheonaítear ar bhonn na saintreoracha sin (“Comhaontú Athbhreithnithe 1958”). Tháinig Comhaontú Athbhreithnithe 1958 i bhfeidhm an 24 Márta 1998.

(2)

Le Cinneadh 2000/125/CE ón gComhairle (2), d’aontaigh an tAontas don Chomhaontú maidir le rialacháin theicniúla dhomhanda a leagan síos i gcomhair feithiclí rothacha, trealaimh agus páirteanna ar féidir iad a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha (“an Comhaontú Comhthreomhar”). Tháinig an Comhaontú Comhthreomhar i bhfeidhm an 15 Feabhra 2000.

(3)

Le Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) leagtar síos forálacha riaracháin agus ceanglais theicniúla maidir le cineálcheadú agus cur ar an margadh gach feithicle nua, gach córais nua, gach comhpháirte nua agus gach aonaid theicniúil ar leithligh nua. Ionchorpraíonn an Rialachán sin rialacháin arna nglacadh faoi Chomhaontú Athbhreithnithe 1958 (“Rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe”) i gcóras cineálcheadaithe an Aontais, mar cheanglais maidir le cineálcheadú nó mar roghanna malartacha ar reachtaíocht an Aontais.

(4)

De bhun Airteagal 1 de Chomhaontú Athbhreithnithe 1958 agus Airteagal 6 den Chomhaontú Comhthreomhar, féadfaidh Fóram Domhanda UNECE um Chomhchuibhiú Rialachán d’Fheithiclí (UNECE WP.29) tograí a ghlacadh le haghaidh modhnuithe ar Rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe, Rialacháin Theicniúla Dhomhanda ó na Náisiúin Aontaithe (RTDanna ó na Náisiúin Aontaithe) agus Rúin ó na Náisiúin Aontaithe chomh maith le tograí le haghaidh Rialacháin nua ó na Náisiúin Aontaithe, RTDanna nua ó na Náisiúin Aontaithe agus Rúin nua ó na Náisiúin Aontaithe a bhaineann le feithiclí a cheadú. Thairis sin, de bhun na bhforálacha sin, féadfaidh UNECE WP.29 tograí a ghlacadh le haghaidh údaruithe chun leasuithe a dhéanamh ar RTDanna ó na Náisiúin Aontaithe nó chun RTDanna nua ó na Náisiúin Aontaithe a fhorbairt, agus féadfaidh sé tograí a ghlacadh le haghaidh sainorduithe chun RTDanna ó na Náisiúin Aontaithe a shíneadh.

(5)

Le linn an 184ú seisiún den Fhóram Domhanda a thionólfar idir an 22 agus an 24 Meitheamh 2021, na tograí le haghaidh modhnuithe ar Rialacháin Uimh. 13, 13-H, 24, 30, 41, 49, 79, 83, 95, 101, 124, 129, 134, 137 agus 157 ó na Náisiúin Aontaithe, agus na tograí le haghaidh modhnuithe ar Rialacháin Theicniúla Dhomhanda Uimh. 4 agus 9, féadfaidh UNECE WP.29 na tograí sin a ghlacadh.

(6)

Is iomchuí an seasamh a bheidh le glacadh thar ceann an Aontais in UNECE WP.29 a leagan síos, a mhéid a bhaineann leis na tograí sin a ghlacadh, ós rud é go mbeidh na Rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe ina gceangal ar an Aontas agus go bhféadfaidh siad, in éineacht leis na RTDanna ó na Náisiúin Aontaithe, tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar dhlí an Aontais i réimse an chineálcheadaithe feithicle.

(7)

I bhfianaise taithí agus forbairtí teicniúla, na ceanglais a bhaineann le heilimintí nó gnéithe áirithe a chumhdaítear le Rialacháin Uimh. 13, 13-H, 24, 30, 41, 49, 79, 83, 95, 101, 124, 129, 134, 137 agus 157 ó na Náisiúin Aontaithe, is gá na ceanglais sin a leasú, a cheartú nó a fhorlíonadh.

(8)

Ina theannta sin, is gá forálacha áirithe in RTDanna Uimh. 4 agus 9 ó na Náisiúin Aontaithe a leasú,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i bhFóram Domhanda UNECE um Chomhchuibhiú Rialachán d’Fheithiclí, le linn an 184ú seisiún a thionólfar idir an 22 agus an 24 Meitheamh 2021, is chun vótáil i bhfabhar na dtograí do na modhnuithe ar Rialacháin Uimh. 13, 13-H, 24, 30, 41, 49, 79, 83, 95, 101, 124, 129, 134, 137 agus 157 ó na Náisiúin Aontaithe, agus na tograí le haghaidh modhnuithe ar Rialacháin Theicniúla Dhomhanda Uimh. 4 agus 9 (4) a bheidh an seasamh sin.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 7 Meitheamh 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

F. VAN DUNEM


(1)  Cinneadh 97/836/CE ón gComhairle an 27 Samhain 1997 d’fhonn go n-aontóidh an Comhphobal Eorpach do Chomhaontú Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip maidir le saintreoracha teicniúla aonfhoirmeacha a ghlacadh i gcomhair feithiclí rothacha, trealaimh agus páirteanna ar féidir iad a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha agus maidir leis na coinníollacha le haghaidh aitheantas frithpháirteach i gcás ceaduithe a dheonaítear ar bhonn na saintreoracha sin (“Comhaontú Leasaithe 1958”) (IO L 346, 17.12.1997, lch. 78).

(2)  Cinneadh 2000/125/CE ón gComhairle an 31 Eanáir 2000 maidir leis an gComhaontú a thabhairt i gcrích i ndáil le rialacháin theicniúla dhomhanda a leagan síos i gcomhair feithiclí rothacha, trealaimh agus páirteanna ar féidir iad a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha (“an Comhaontú Comhthreomhar”) (IO L 35, 10.2.2000, lch. 12).

(3)  Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1).

(4)  Féach doiciméad ST 9001/21 ar http://register.consilium.europa.eu


Top