This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021D0908
Council Decision (CFSP) 2021/908 of 4 June 2021 amending Decision 2012/642/CFSP concerning restrictive measures in view of the situation in Belarus
Cinneadh (CBES) 2021/908 ón gComhairle an 4 Meitheamh 2021 lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis
Cinneadh (CBES) 2021/908 ón gComhairle an 4 Meitheamh 2021 lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis
ST/9205/2021/INIT
IO L 197I, 4.6.2021, pp. 3–4
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
4.6.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
LI 197/3 |
CINNEADH (CBES) 2021/908 ÓN gCOMHAIRLE
an 4 Meitheamh 2021
lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 15 Deireadh Fómhair 2012, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2012/642/CBES (1) a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na Bealarúise. |
|
(2) |
An 24 Bealtaine agus an 25 Bealtaine 2021, ghlac an Chomhairle Eorpach conclúidí inar cháin sí go láidir tuirlingt éigeantach eitilte de chuid Ryanair i Mionsc na Bealarúise an 23 Bealtaine 2021, a chuir an tsábháilteacht eitlíochta i mbaol, agus coinneáil an iriseora Raman Pratasevich agus Sofia Sapega ag údaráis na Bealarúise. D'iarr an Chomhairle Eorpach ar an gComhairle na bearta is gá a ghlacadh chun cosc a chur ar aerlínte na Bealarúise traseitiltí a dhéanamh thar aerspás an Aontais agus chun rochtain ar aerfoirt an Aontais ag eitiltí arna n-oibriú ag na haerlínte sin a chosc. |
|
(3) |
I bhfianaise thromchúis an teagmhais sin, chinn an Chomhairle gur cheart ceangal a chur ar na Ballstáit cead a dhiúltú d’aon aerárthach arna oibriú ag aeriompróirí de chuid na Bealarúise, lena n-áirítear mar iompróir margaíochta, tuirlingt ar a gcríocha, éirí de thalamh óna gcríocha nó traseitilt thar a gcríocha. |
|
(4) |
Ní mór don Aontas tuilleadh gníomhaíochta a dhéanamh chun an beart sin a chur chun feidhme. |
|
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2012/642/CBES a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an tAirteagal seo a leanas i gCinneadh 2012/642/CBES:
“Airteagal 2a
1. Diúltóidh na Ballstáit cead d’aon aerárthach arna oibriú ag aeriompróirí de chuid na Bealarúise, lena n-áirítear mar iompróir margaíochta, tuirlingt ar a gcríocha, éirí de thalamh óna gcríocha nó traseitilt thar a gcríocha, i gcomhréir lena rialacha agus lena ndlíthe náisiúnta agus ar comhchuí leis an dlí idirnáisiúnta, go háirithe na comhaontuithe eitlíochta sibhialta idirnáisiúnta ábhartha.
2. Ní bheidh feidhm ag mír 1 i gcás tuirlingt éigeandála nó traseitilt éigeandála.
3. Ní bheidh feidhm ag mír 1 i gcás ina gcinnfidh an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann gur gá tuirlingt, éirí de thalamh nó traseitilt chun críoch daonnúil nó chun críoch ar bith eile is comhchuí le cuspóirí an Chinnidh seo. Sa chás sin, cuirfidh an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas.”.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 4 Meitheamh 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. P. ZACARIAS
(1) Cinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2012 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na Bealarúise (IO L 285, 17.10.2012, lch. 1).