Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D0820

Cinneadh (AE) 2021/820 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 maidir le Clár Oibre Straitéiseach um Nuálaíocht na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) 2021-2027: Borradh a chur faoi Thallann Nuálaíochta agus faoi Chumas Nuálaíochta na hEorpa agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1312/2013/AE (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

PE/9/2021/REV/1

IO L 189, 28.5.2021, pp. 91–118 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/820/oj

28.5.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 189/91


CINNEADH (AE) 2021/820 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Bealtaine 2021

maidir le Clár Oibre Straitéiseach um Nuálaíocht na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) 2021-2027: Borradh a chur faoi Thallann Nuálaíochta agus faoi Chumas Nuálaíochta na hEorpa agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1312/2013/AE

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 173(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Déantar foráil, i Rialachán (AE) 2021/819 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), agus go háirithe Airteagal 4 de, maidir le Clár Oibre Straitéiseach um Nuálaíocht (COSN) a ghlacadh.

(2)

Ba cheart na réimsí tosaíochta agus an straitéis don Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) a leagan amach in COSN don tréimhse 7 mbliana lena mbaineann i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), ba cheart príomhghníomhaíochtaí EIT a bhunú agus ba cheart a áireamh ann freisin measúnú ar an tionchar sóisialta, eacnamaíoch agus comhshaoil a mheastar a bheidh ag EIT, a gníomhaíochtaí for-rochtana agus ar a hacmhainneacht an breisluach nuálaíochta is fearr a ghiniúint. Ba cheart torthaí an fhaireacháin leanúnaigh agus na meastóireachta neamhspleáiche tréimhsiúla ar EIT a thabhairt san áireamh in COSN.

(3)

Ba cheart a áireamh, in COSN, freisin, an phleanáil straitéiseach do Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (Fís Eorpach) a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/695, ba cheart sineirgí agus comhlántachtaí iomchuí idir gníomhaíochtaí EIT agus tionscnaimh, ionstraimí agus cláir ábhartha eile atá réigiúnach, náisiúnta nó de chuid an Aontais a bhunú agus a chothú, agus ba cheart comhsheasmhacht le tosaíochtaí agus gealltanais an Aontais a áirithiú, lena n-áirítear na cinn sin dá dtagraítear i dteachtaireachtaí ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 maidir leis an gComhaontas Glas don Eoraip, an 27 Bealtaine 2020 maidir le buiséad AE lena gcumhachtaítear an plean téarnaimh don Eoraip (Plean Téarnaimh don Eoraip), an 19 Feabhra 2020 maidir le straitéis Eorpach um shonraí, an 10 Márta 2020 maidir le Straitéis FBM d’Eoraip inbhuanaithe agus dhigiteach agus an 10 Márta 2020 maidir le Straitéis Nua Tionsclaíochta don Eoraip, agus leo siúd a bhaineann le neamhspleáchas straitéiseach an Aontais a bhaint amach, agus ag an am céanna geilleagar oscailte á choinneáil.

(4)

Ba cheart a áireamh in COSN meastachán ar riachtanais airgeadais agus ar fhoinsí airgeadais i dtaca le gníomhaíochtaí EIT amach anseo. Ba cheart go n-áiritheofar plean airgeadais táscach ann freisin lena gcumhdófar tréimhse an chreata airgeadais ilbhliantúil (CAI) ábhartha.

(5)

Chun leanúnachas ghníomhaíochtaí EIT agus na bPobal Eolais agus Nuálaíochta (PENanna) a áirithiú i gcomhréir le forálacha ábhartha Rialachán (AE) 2021/695, ba cheart go dtiocfadh an Cinneadh seo i bhfeidhm mar ábhar práinne agus ba cheart go mbeadh feidhm aige, le héifeacht chúlghabhálach, ón 1 Eanáir 2021.

(6)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Chinnidh seo a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fairsinge agus trasnáisiúntachta, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Cinneadh seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(7)

Ba cheart Cinneadh Uimh. 1312/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) a aisghairm,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Glactar leis seo Clár Oibre Straitéiseach um Nuálaíocht na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht don tréimhse 2021-2027 (COSN 2021-2027) mar a leagtar amach san Iarscríbhinn.

Airteagal 2

Cuirfear COSN 2021-2027 chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/819.

Airteagal 3

Déantar Cinneadh Uimh. 1312/2013/AE a aisghairm le héifeacht ón 1 Eanáir 2021.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 20 Bealtaine 2021.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. P. ZACARIAS


(1)   IO C 47, 11.2.2020, lch. 69.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 27 Aibreán 2021 (nár foilsídh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 10 Bealtaine 2021.

(3)  Rialachán (AE) 2021/819 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 maidir leis an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (féach leathanach 61 den Iris Oifigiúil seo).

(4)  Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 1).

(5)  Cinneadh Uimh. 1312/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le Clár Oibre Straitéiseach um Nuálaíocht na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT): rannchuidiú EIT chun an Eoraip a dhéanamh níos nuálaí (IO L 347, 20.12.2013, lch. 892).


IARSCRÍBHINN

CLÁR OIBRE STRAITÉISEACH UM NUÁLAÍOCHT NA hINSTITIÚIDE EORPAÍ UM NUÁLAÍOCHT AGUS TEICNEOLAÍOCHT DON TRÉIMHSE 2021-2027

Clár na nÁbhar

1.

Réamhrá 94

1.1.

Cúlra 94

1.2

Na Príomhdhúshláin 95

1.3.

Seasamh in Fís Eorpach 97

2.

Caighdeáin a ardú: Straitéis agus cuspóirí EIT do 2021 2027 98

3.

Borradh a chur faoi thallann nuálaíochta agus faoi acmhainneacht nuálaíochta na hEorpa: Príomhghníomhaíochtaí 98

3.1.

Tacaíocht do PENanna atá ann cheana 98

3.2

Tionchar réigiúnach PENanna a mhéadú 99

3.3.

PENanna nua a sheoladh 100

3.4.

Tacú le cumas nuálaíochta agus fiontraíochta na n-institiúidí ardoideachais 101

3.5.

Gníomhaíochtaí cothrománacha EIT 102

3.5.1.

Cumarsáid agus scaipeadh 102

3.5.2.

Dea-chleachtais a aithint agus a chomhroinnt le geallsealbhóirí 103

3.5.3.

Comhar idirnáisiúnta agus gníomhaíochtaí domhanda for-rochtana 103

3.6.

É a chur ag obair: an modh oibríochta 104

3.6.1.

Samhail oibríochtúil PEN 104

3.6.2.

Samhail chistiúcháin PEN 105

3.6.3.

An t-ualach riaracháin a laghdú 106

3.6.4.

Caidreamh EIT le PENanna tar éis fhoirceannadh an chomhaontaithe comhpháirtíochta 106

3.7.

Sineirgí agus comhlántacht le cláir eile de chuid an Aontais. 106

4.

Dul i ngleic leis an ngéarchéim atá ann mar thoradh ar ráig COVID-19 108

5.

Acmhainní 108

5.1.

Riachtanais bhuiséadacha 108

5.2.

Tionchar (faireachán agus meastóireacht) 109

5.2.1.

Tuairisciú agus faireachán 109

5.2.2.

Meastóireacht, athbhreithniú eatramhach agus measúnú cuimsitheach 111
Aguisín 1 112
Aguisín 2 115

1.   RÉAMHRÁ

Sa Chlár Oibre Straitéiseach um Nuálaíocht, leagtar amach na réimsí tosaíochta agus an straitéis maidir leis an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) don tréimhse 2021-2027 (COSN 2021-2027). Bunaítear leis na cuspóirí EIT, príomhghníomhaíochtaí EIT, modh oibre EIT, na torthaí agus an tionchar a bhfuil EIT ag súil leo, mar aon le meastachán ar na hacmhainní a bheidh de dhíth. Áirithítear le COSN 2021-2027 an chomhsheasmhacht is gá idir EIT agus Fís Eorpach.

Tá COSN 2021-2027 bunaithe ar mheasúnú tionchair a rinne an Coimisiún. Tugtar san áireamh dréacht COSN arna ullmhú ag EIT agus a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin an 20 Nollaig 2017, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 294/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1). Léirítear ann freisin Rialachán (AE) 2021/695, agus, go háirithe, ról ríthábhachtach EIT ina cháil mar chuid de Cholún III “An Eoraip Nuálaíoch”, agus an chaoi a rannchuidíonn sí le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda agus shochaíocha, lena n-áirítear spriocanna agus gealltanais i ndáil le cuspóirí aeráide agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SFInna) na Náisiún Aontaithe (NA) atá leagtha síos, agus le Colún I “Eolaíocht Barr Feabhais” agus Colún II “Iomaíochas Tionsclaíoch Eorpach” den chlár Fís Eorpach. Le COSN 2021-2027, cuirtear leis na ceachtanna a foghlaimíodh le blianta anuas maidir le feidhmiú EIT agus le torthaí próisis comhairliúcháin leathain le geallsealbhóirí tábhachtacha.

Cuirtear san áireamh in COSN 2021-2027 pleanáil straitéiseach den chlár Fís Eorpach chun comhsheasmhacht a áirithiú le gníomhaíochtaí Fís Eorpach, chomh maith le sineirgí le cláir ábhartha eile de chuid an Aontais agus comhsheasmhacht le tosaíochtaí agus gealltanais an Aontais, lena n-áirítear na cinn sin a bhaineann leis an gComhaontas Glas don Eoraip, an Plean Téarnaimh don Eoraip, an straitéis Eorpach um shonraí, Straitéis FBM d’Eoraip inbhuanaithe agus dhigiteach agus an Straitéis Nua Tionsclaíochta don Eoraip agus leo siúd a bhaineann le neamhspleáchas straitéiseach an Aontais a bhaint amach, agus ag an am céanna geilleagar oscailte á choinneáil. Thairis sin, le COSN, rannchuidítear le dul i ngleic le dúshláin dhomhanda agus shochaíocha, lena n-áirítear SFInna trí phrionsabail Chomhaontú Pháras a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (2) a leanúint, agus trí gheilleagar atá neodrach ó thaobh astaíochtaí gás ceaptha teasa de a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí. Is é is aidhm dó freisin comhlántacht agus sineirgí a mhéadú idir gníomhaíochtaí EIT agus na cláir agus tosaíochtaí cistiúcháin náisiúnta agus réigiúnacha.

1.1.   Cúlra

Bunaíodh EIT in 2008 chun rannchuidiú leis an bhfás eacnamaíoch inbhuanaithe agus le hiomaíochas trí acmhainneacht nuálaíochta an Aontais agus na mBallstát a atreisiú. Bhí sé ina cheannródaí i ndáil leis an ardoideachas, an taighde agus an nuálaíocht (an “triantán eolais”) a chomhtháthú mar aon le béim láidir ar thallann na fiontraíochta, cruthú gnó agus scileanna nuálaíochta.

Ón uair a bunaíodh é, tá EIT ag teacht chun cinn diaidh ar ndiaidh mar ionstraim uathúil lena dtugtar aghaidh ar dhúshláin na sochaí trí thriantán an eolais a chomhtháthú. Is trí Phobail Eolais agus Nuálaíochta (PENanna) (3) is mó a fheidhmíonn EIT. Faoi láthair is ann d’ocht PEN agus feidhmíonn siad i réimsí an athraithe aeráide, an chlaochlaithe dhigitigh, an fhuinnimh, an bhia, na sláinte, na n-amhábhar, na soghluaisteachta uirbí agus na déantúsaíochta breisluacha.

Tá gach PEN go dtí seo eagraithe timpeall ar idir cúig agus deich gcinn d’ionaid chomhlonnaithe (4), atá ceaptha gníomhú mar mhoil gheografacha a chuireann spás fisiciúil ar fáil freisin don idirghníomhaíocht áitiúil laistigh den éiceachóras nuálaíochta agus chun an triantán eolais a chomhtháthú go praiticiúil. Eagraítear agus cuirtear struchtúr ar ionaid chomhlonnaithe de réir a gcomhthéacs náisiúnta agus réigiúnaigh faoi seach agus cuireann siad le gréasán uile-Eorpach de shaotharlanna, oifigí nó campais atá cheana ann ag comhpháirtí PEN.

Is é is cuspóir do PENanna punanna de ghníomhaíochtaí an triantáin eolais a reáchtáil trí bhíthin an méid seo a leanas:

(a)

gníomhaíochtaí oideachais agus oiliúna a bhfuil comhchodanna fiontraíochta láidre iontu chun an chéad ghlúin eile de dhaoine cumasacha a oiliúint, faoina n-áirítear dearadh agus cur chun feidhme clár, ar leibhéal máistreachta nó dochtúireachta go háirithe, ar a mbronnfar lipéad EIT, eadhon séala cáilíochta a bhronnann EIT ar chlár oideachais PEN lena gcomhlíontar critéir cháilíochta shonracha a bhaineann, inter alia, leis an oideachas fiontraíochta agus le curaclaim nuálacha “foghlaim trí ghníomhaíocht”, ról lárnach a bheith ag clár oideachasúil EIT chun nuálaithe ardoilte agus fiontraíochta a fhorbairt, agus dá bhrí sin tábhacht a bheith ag cláir agus gníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh scileanna fiontraíochta agus digiteacha a fhorbairt agus acmhainní daonna i bhfoghlaim ar feadh an tsaoil a athsciliú nó a uas-sciliú;

(b)

gníomhaíochtaí a thacaíonn leis an taighde agus leis an nuálaíocht chun táirgí, próisis, teicneolaíochtaí, seirbhísí agus réitigh neamhtheicniúla atá nuálach agus inbhuanaithe a fhorbairt a dhíríonn ar dheis gnó áirithe nó ar chuspóir shóisialta;

(c)

cruthú gnó agus gníomhaíochtaí tacaíochta, amhail scéimeanna luasaire chun cabhrú le fiontraithe fiontair a bhfuil rath orthu a dhéanamh dá gcuid smaointí agus chun dlús a chur leis an bpróiseas fáis agus forbartha.

Murab ionann agus ionstraimí nuálaíochta eile, is gné ar leith de EIT é an fócas ar na dúshláin dhomhanda agus shochaíocha trí thriantán an eolais a chomhtháthú, agus gníomhaíochtaí ardoideachais á gcomhtháthú i slabhra luacha na nuálaíochta.

Le cur chuige EIT cuidítear le cur le hathléimneacht agus le hinbhuanaitheacht a mhéadú agus rannchuidítear le nuálaíochtaí incriminteacha agus nuálaíochtaí suaiteacha a chruthú, chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar theipeanna margaidh agus cuidiú le tionscail a chlaochlú agus tacú le cuideachtaí nuathionscanta, le cuideachtaí seachthairbheacha agus le fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) a chur ar bun. Le EIT, cumasaítear forbairt straitéisí gnó fadtéarmacha chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda agus cuidítear le creatdálaí a fhorbairt atá bunriachtanach do theacht chun cinn éiceachórais nuálaíochta atá ag dea-fheidhmiú agus faoinar féidir borradh a theacht faoin nuálaíocht. Déantar foráil i Rialachán (AE) 2021/819 don chuspóir go mbeidh PENanna inbhuanaithe ó thaobh airgeadais de (5), agus is gné ar leith é sin arb é is aidhm di nuálaíocht a chruthú atá dírithe ar ghnó agus ar thorthaí a bhaint amach. Sa chomhthéacs sin, ní mór do PENanna straitéisí cruthaithe ioncaim a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun a n-éiceachóras nuálaíochta agus gníomhaíochtaí thriantán an eolais a chothabháil tar éis na tréimhse ama a chumhdaítear leis na comhaontuithe deontais.

Ar an gcaoi sin, cuireann EIT ardán dinimiciúil ar fáil chun seoladh, uas-scálú agus faireachán a dhéanamh ar PENanna, agus tacú leo, ar PENanna iad a imríonn móréifeachtaí ar an ngréasán agus ag a mbíonn iarmhairtí dearfacha. Tá PENanna sa chéad sraith (EIT Digital, EIT Climate-KIC agus EIT InnoEnergy), a seoladh in 2009, bunaithe go maith agus aibí, agus tá a gcomhaontuithe comhpháirtíochta le foirceannadh tar éis 2024, i gcomhréir leis an uastréimhse deontais. Tá an dara agus an tríú glúin de PENanna (EIT Health agus EIT Raw Materials, a seoladh in 2014, agus EIT Food, a sheoladh in 2016) ag teacht in aibíocht. Chuaigh an dá PEN a seoladh i Nollaig 2018, EIT Urban Mobility agus EIT Manufacturing, i mbun oibríochtaí in 2019.

Faoi 2019, bhí breis agus 600 gnólacht, 250 institiúid ardoideachais (6), 200 eagraíocht taighde (7), agus breis agus 50 eagraíocht agus údarás ón tsochaí shibhialta rannpháirteach in ocht PEN.

I bhfianaise na n-éagothromaíochtaí réigiúnacha leanúnacha i bhfeidhmíocht na nuálaíochta san Eoraip, sheol EIT scéim nuálaíochta réigiúnach (RIS) (8) in 2014 chun a fhor-rochtain réigiúnach a leathnú chuig tíortha ísealnuálaíochta agus meán-nuálaíochta. Trí bhíthin RIS, chuir EIT lena gníomhaíochtaí ar fud na hEorpa agus cuireann sí deiseanna ar fáil anois do thíortha (agus do réigiúin sna tíortha sin) ina bhfuil feidhmíocht ísealnuálaíochta agus feidhmíocht mheán-nuálaíochta mar a aicmítear sa Scórchlár Eorpach Nuálaíochta (EIS) chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí thriantán an eolais mar chuid de phobal PEN.

Lean EIT de bheith solúbtha agus bhí sí in ann na prionsabail rialachais agus na rialacha maidir le bainistíocht rathúil do PENanna a fhorbairt faoi scáth iomlán an chláir Fís 2020 a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 294/2008. De bhrí go bhfuil sí neamhspleách ó thaobh oibríochta de, bhí sí in ann roinnt nuálaíochtaí a thástáil agus a chur chun feidhme go héifeachtach maidir le bainistiú a cuid tairbhithe amhail sásra cistiúcháin iomaíoch, spriocanna inbhuanaitheachta airgeadais agus táscairí feidhmíochta tábhachtacha.

1.2   Na Príomhdhúshláin

Tá dlús mór curtha le luas na nuálaíochta le blianta beaga anuas. Tá earnálacha eacnamaíocha á n-athmhúnlú, gnólachtaí atá ann cheana á shaitheadh agus deiseanna nach bhfacthas a leithéid riamh a gcruthú de thoradh na nuálaíochta. De bhrí go bhfuil an t-ord eacnamaíoch domhanda ag síorathrú agus an iomaíocht idirnáisiúnta ag méadú, ní mór don Aontas, inter alia, a thallanna go léir a chuimsiú, rannpháirtíocht ban a mhéadú agus torthaí ó ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a aistriú chuig an margadh agus an tsochaí go pras, agus é mar aidhm leis acmhainneacht nuálaíochta a mhéadú ar fud an Aontais. Tá tábhacht níos mó ag baint le comhdhearadh, comhar agus comhchruthaitheacht trasna disciplíní agus idir ardoideachas, taighde agus gnó anois ná mar a bhí riamh i ndáil le rannchuidiú le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda a bhaineann leis an athrú aeráide, cailleadh na bithéagsúlachta, úsáid neamh-inbhuanaithe acmhainní nádúrtha, claochlú digiteach agus sóisialta, athruithe déimeagrafacha agus an bhail a bheidh ar chúram sláinte agus bia sa todhchaí.

Ar an gcéad dul síos, bhí tionchar mór ag scaipeadh COVID-19 ar ár ngeilleagair agus ár sochaithe, ag suaitheadh gníomhaíochtaí eacnamaíocha, ag déanamh difear do chórais cúram sláinte, do phoist agus don leas. Chun dul i ngleic leis an ngéarchéim, tá gá le meascán de bhearta gearrthéarmacha agus bearta atá dírithe ar an todhchaí chun tacú leis na geilleagair agus le geallsealbhóirí, agus ag an am céanna á áirithiú go bhfuil na coinníollacha is gá ann don téarnamh.

Tá sé tábhachtach dá bhrí sin na dúshláin a bhaineann le géarchéimeanna a aithint agus dul i ngleic leo, lena n-áirítear rochtain ar airgeadas, chun iontaoibh agus muinín i measc na ngeallsealbhóirí uile a chothú athuair mar aon le tacú le réitigh a éascóidh tionchar na ngéarchéimeanna ar an tsochaí a fhorbairt agus a chur chun feidhme. Ag an am céanna, tá cláir lena dtacaítear leis an nuálaíocht, cruthú agus uasghrádú gnó, agus scileanna fiontraíocht agus nuálaíochta lárnach chun geilleagar an Aontais a chur ar an mbealach ceart agus dlús a chur le téarnamh gasta.

Le héiceachórais nuálaíochta, tá sé cruthaithe go bhfreagraítear níos láidre do ghéarchéimeanna ar bhonn níos tapúla agus níos diongbháilte. Chun dlús a chur leis an téarnamh agus chun bheith in ann dul i ngleic le héigeandálaí sa todhchaí, tá infheistíochtaí chun acmhainneachtaí comhordaithe laistigh d’éiceachórais nuálaíochta a fheabhsú bunriachtanach chun a n-athléimneacht agus a bhfreagrúlacht a mhéadú chun na réitigh is gá a sholáthar go pras.

Sa mheántéarma agus san fhadtéarma, is gá do PENanna uile a chur in oiriúint do thionchair an tsuaite agus lúfaireacht agus solúbthacht a áirithiú chun deiseanna nua a aimsiú agus a shaothrú. A bhuí leis an gcur chuige “áitbhunaithe” atá acu, trí hionaid chomhlonnaithe agus moil RIS (10) ar fud an Aontais, le PENanna rannchuidítear le héiceachórais nuálaíochta áitiúla a neartú, inter alia, trí idirghníomhaíochtaí níos dlúithe idir gníomhaithe thriantáin an eolais a chothú agus trí bheith i bhfabhar caidrimh níos comhordaithe le hinstitiúidí airgeadais agus poiblí, agus le saoránaigh chomh maith.

Ar an dara dul síos, tá méadú ag teacht ar an méid a bhíonn sochaithe agus geilleagair an lae inniu ag brath ar na scileanna agus ar na cumais atá ag daoine agus ag eagraíochtaí chun táirgí, próisis, seirbhísí, gnólachtaí agus múnlaí sochaíocha nua a dhéanamh dá smaointe. Is mór an difear a dhéanfaidh an nuálaíocht, cultúr fiontraíochta, glacadh réiteach nuálach agus infheistíochtaí san oideachas, sa taighde agus sa nuálaíocht, má tá an tAontas lena aistriú i dtreo sochaí iomaíoch, dhigiteach, aeráidneodrach agus chuimsitheach a bhaint amach go rathúil. Tá géarghá ann borradh eile a chur faoin gcomhoibriú idir disciplíní agus foghlaim idirdhisciplíneach mar aon le hacmhainneacht nuálaíochta institiúidí ardoideachais ar fud an Aontais. Is é EIT is fearr atá in ann an gá sin a chomhlíonadh faoi chreat Fís Eorpach.

Ar an tríú dul síos, tá an ghaireacht fhisiceach ar cheann de na príomhthosca lena gcumasaítear an nuálaíocht. Tá ról lárnach ag tionscnaimh a bhfuil sé mar aidhm leo gréasáin nuálaíochta a fhorbairt agus seirbhísí a sholáthar lena dtacaítear le heolas a chruthú, a chomhroinnt agus a aistriú, maidir le hidirghníomhaíochtaí idir lucht léinn, eagraíochtaí taighde, gnólachtaí, údaráis phoiblí agus daoine aonair a chur chun cinn. Mar sin féin, is mór an difríocht atá idir feidhmíochtaí taighde agus nuálaíochta ar fud an Aontais, mar a léirítear sa Scórchlár Eorpach Nuálaíochta. Tá sé ríthábhachtach go mbeidh an nuálaíocht cuimsitheach agus fréamhaithe i gcríocha áitiúla, le haird ar leith ar rannpháirtíocht mhéadaithe ag FBManna agus ag eagraíochtaí tríú earnáil. Tá gníomhaíochtaí EIT réitithe go maith chun rannchuidiú le héiceachórais nuálaíochta áitiúla, lena ngabhann gné láidir Eorpach, agus samhlacha nua le haghaidh geilleagar inbhuanaithe a sholáthar. Níl gníomhaíochtaí EIT ná PENanna nasctha ar bhonn méadaitheach go fóill le straitéisí réigiúnacha agus straitéisí um speisialtóireacht chliste (11).

Ar an gceathrú dul síos, bíonn meascán d’eolas, infheistíocht, bonneagar agus tallann de dhíth ar éiceachórais nuálaíochta bhríomhara. Ní mór creatdálaí maidir le comhar idir taighde, oideachas agus nuálaíocht san Eoraip a bheith ann mar aon le sineirgí láidre chun a áirithiú go ndéanfar foinsí tearca a infheistiú go cuí agus go héifeachtúil agus foinsí eile cistiúcháin a ghiaráil a bhfuil sé mar aidhm leo inbhuanaitheacht airgeadais a ghnóthú. Maidir le neartú chomhtháthú thriantán an eolais trí PENanna, lena n-áirítear trí chomhpháirtithe nua a thabhairt isteach ó earnálacha, tíortha agus réigiúin eile, is cinnte gur bealach deimhnithe é sin chun timpeallacht a chothú atá fabhrach don nuálaíocht agus is cuspóir treorach de chuid EIT é.

1.3.   Seasamh in Fís Eorpach

I gcomhthéacs Rialachán (AE) 2021/695, thug an Coimisiún gealltanas láidir cumas nuálaíochta na hEorpa a mhéadú tuilleadh chun go mbeifear in ann freagairt do dhúshláin sa todhchaí. De bhrí go bhfuil EIT ina chuid de Cholún III “An Eoraip Nuálaíoch” den chlár Fís Eorpach, treisítear an ról ar leith atá aige i ndáil le nuálaíocht a chothú trí lucht gnó, lucht oideachais, lucht taighde, údaráis phoiblí agus an tsochaí shibhialta a thabhairt le chéile. Léirítear le Rialachán (AE) 2021/695 uaillmhian mhéadaithe an Aontais maidir leis an nuálaíocht agus an gá atá leis an uaillmhian sin a bhaint amach.

Tá sé d’aidhm ag an bpleanáil straitéiseach atá ag Fís Eorpach comhleanúnachas a áirithiú idir gníomhaíochtaí EIT agus gníomhaíochtaí eile faoi Rialachán (AE) 2021/695. Rannchuideoidh EIT leis an bpróiseas comhordaithe straitéisigh do Chomhpháirtíochtaí Eorpacha. Leanfaidh EIT de bheith ag obair go dlúth le comhlachtaí cur chun feidhme eile faoi Cholún III “An Eoraip Nuálaíoch” den chlár Fís Eorpach agus déanfaidh sí a dícheall rannchuidiú le hionad ilfhreastail don nuálaíocht.

Leanfaidh EIT de na héiceachórais nuálaíochta lena gcuidítear le dul i ngleic le dúshláin dhomhanda a neartú trí chomhtháthú thriantán an eolais a chothú i réimsí téamacha gníomhaíochta PENanna.

Tá gá le sineirgí láidre, lena n-áirítear trí chomhar ar leibhéal an rialachais, idir comhlachtaí cur chun feidhme Cholún III “An Eoraip Nuálaíoch” den chlár Fís Eorpach. Reáchtálfaidh EIT agus an Chomhairle Nuálaíochta Eorpach (CNE) gníomhaíochtaí comhlántacha arb é is aidhm dóibh an tacaíocht a thugtar do ghnólachtaí nuálacha, lena n-áirítear seirbhísí luasghéaraithe gnó agus oiliúna a chuíchóiriú.

Féadfaidh CNE cuidiú le cuideachtaí nuathionscanta a fhaigheann tacaíocht ó PENanna a bhfuil acmhainn mhór mhéadaithe iontu forbairt thapa a dhéanamh. Go háirithe, féadfaidh na fiontair is nuálaí a fhaigheann tacaíocht ó PENanna leas a bhaint as rochtain shimplithe agus dá bhrí sin rochtain níos tapa ar ghníomhaíochtaí CNE, go háirithe maidir leis an tacaíocht a thairgtear le Luasaire CNE agus maidir leis an tacaíocht airgeadais a thairgtear le Clár InvestEU a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12). Ina theannta sin, déanfaidh EIT rochtain thairbhithe CNE ar éiceachórais nuálaíochta PENanna agus ar ghníomhaithe ábhartha thriantán an eolais a éascú. Féadfaidh tairbhithe CNE, ar an gcaoi sin, baint ghníomhach a bheith acu le gníomhaíochtaí PENanna agus tairbhe a bhaint as seirbhísí PENanna.

Áiritheoidh EIT comhsheasmhacht le comhchuid na n-éiceachóras nuálaíochta Eorpach de Cholún III “An Eoraip Nuálaíoch” den chlár Fís Eorpach. Go háirithe, tabharfaidh EIT páirt ghníomhach i ngníomhaíochtaí Fhóram CNE dá dtagraítear i gCinneadh (AE) 2021/764 (13) ón gComhairle agus bunóidh sé naisc idir Pobal EIT (14), agus gníomhaíochtaí ábhartha lena dtacaíoctaí le héiceachórais nuálaíochta chun dúbláil a sheachaint agus chun comhleanúnachas agus comhlántacht idir gníomhaíochtaí EIT agus CNE a áirithiú.

Áiritheoidh EIT sineirgí níos láidre idir a gníomhaíochtaí agus na cláir agus tionscnaimh de Cholún I “Eolaíocht Barr Feabhais” den chlár Fís Eorpach chomh maith, chun dlús a chur le haistriú an eolais a thagann ó thaighde bunúsach ina fheidhmchláir nithiúla a rachaidh chun leasa na sochaí. Go háirithe, i dtaca le Gníomhaíochtaí Marie-Skłodowska-Curie (GMSC) agus leis an gComhairle Eorpach um Thaighde (ERC), comhoibreoidh EIT chun scileanna nuálaíochta agus fiontraíochta chomhaltaí GMSC agus thairbhithe ERC a fhorbairt gach tráth dá ngairmréim. Fanfaidh an comhar sin deonach agus ní chuirfidh sé leis an ualach riaracháin atá ar na tairbhithe.

Rannchuideoidh EIT le Colún II “Dúshláin Dhomhanda agus Iomaíochas Tionsclaíoch Eorpach” den Chlár Fís Eorpach, comhlánóidh sí gníomhaíochtaí ábhartha chun dul i ngleic le dúshláin dhomhanda agus shochaíocha, agus fás inbhuanaithe agus iomaíochas an Aontais a chothú ar scála domhanda. Go háirithe, trí bhíthin PENanna, féachfaidh EIT le rannchuidiú a áirithiú le misin ábhartha agus le cnuasaigh théamacha agus le Comhpháirtíochtaí Eorpa agus sineirgí níos láidre, amhail trí thacú le bearta atá dírithe ar thaobh an éilimh agus trí sheirbhísí saothraithe a chur ar fáil chun borradh a chur faoi aistriú teicneolaíochta agus chun dlús a chur le tráchtálú na dtorthaí a bhaintear amach.

Scrúdóidh EIT deiseanna sineirgí idir an chuid sin den chlár Fís Eorpach dar cúram “Rannpháirtíocht a Leathnú agus an Limistéar Eorpach Taighde a neartú”, lena n-áirítear gníomhaíochtaí teacht le chéile i bhfoirne agus gníomhaíochtaí nascadh agus na gníomhaíochtaí for-rochtana a dtacaíonn sí leo. Go háirithe, féadfaidh sprioceintitis den chuid sin den chlár Fís Eorpach dar cúram “Rannpháirtíocht a Leathnú agus an Limistéar Eorpach Taighde a Neartú”, mar aon le gníomhaíochtaí for-rochtana EIT, giaráil a dhéanamh maidir le saineolas agus tacaíocht EIT.

2.   CAIGHDEÁIN A ARDÚ: STRAITÉIS AGUS CUSPÓIRÍ EIT DO 2021-2027

Le linn na tréimhse 2021-2027, leanfaidh EIT de bheith ag tacú le PENanna chun na héiceachórais nuálaíochta lena gcuidítear le dul i ngleic le dúshláin dhomhanda agus shochaíocha a neartú, i lánchomhlántacht leis an gclár Fís Eorpach agus cláir eile de chuid an Aontais. Déanfaidh sí an méid sin trí chomhtháthú ardoideachais, taighde agus nuálaíochta a chothú agus ar an gcaoi sin timpeallachtaí atá fabhrach don nuálaíocht a fhorbairt, agus trí ghlúin nua fiontraithe a chur chun cinn agus tacú leo, trí rannchuidiú freisin le bearna inscne na fiontraíochta a dhúnadh agus le forbairt gnólachtaí nuálacha a spreagadh, le béim ar leith ar FBManna, i ndlúthshineirgí agus i gcomhlántacht le CNE.

Tabharfar aird ar leith ar chothromaíocht inscne agus ar chineálacha cur chuige inscne-íogair, go háirithe i réimsí ina bhfuil mná fós faoi ghannionadaíocht, amhail teicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide, an eolaíocht, an teicneolaíocht, an innealtóireacht agus an mhatamaitic. Ar an gcaoi sin, bunaithe ar na réimsí idirghabhála a bhunaítear le Rialachán (AE) 2021/695, déanfaidh EIT an méid seo a leanas go háirithe:

(1)

éiceachórais nuálaíochta inbhuanaithe a neartú ar fud na hEorpa;

(2)

scileanna nuálaíochta agus fiontraíochta i bhfoghlaim ar feadh an tsaoil a chothú, lena n-áirítear acmhainní na n-institiúidí ardoideachais ar fud na hEorpa a mhéadú;

(3)

réitigh nua a chruthú don mhargadh chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda; agus

(4)

sineirgí agus breisluach a áirithiú laistigh den chlár Fís Eorpach.

I gcomhréir leis na dúshláin a bhfuil EIT ag tabhairt aghaidh orthu agus chun rannchuidiú lena cuspóirí ginearálta mar a leagtar amach in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2021/819 agus ar an gcaoi sin le tionchar eolaíochta, eacnamaíochta, teicneolaíochta agus sochaíoch den chlár Fís Eorpach, is iad seo a leanas cuspóirí sonracha EIT do 2021-2027:

(a)

méadú a dhéanamh ar oscailteacht, tionchar agus trédhearcacht PENanna agus ar chomhtháthú thriantán an eolais ar fud an Aontais;

(b)

acmhainneacht fiontraíochta agus nuálaíochta an ardoideachais a mhéadú ar fud na hEorpa trí athrú institiúideach a chur chun cinn, agus tacú leis, in institiúidí ardoideachais agus iad a chomhtháthú sna héiceachórais nuálaíochta;

(c)

for-rochtain réigiúnach agus áitiúil EIT agus PENanna a mhéadú go háirithe trí raon leathan geallsealbhóirí a chur san áireamh chun aghaidh a thabhairt ar éagothromaíochtaí san acmhainneacht nuálaíochta agus chun feabhas a chur ar scaipeadh an eolais agus na nuálaíochta ar fud an Aontais.

Féadfaidh EIT, i gcás inarb ábhartha, freagairt do ghéarchéim COVID-19 agus do ghéarchéimeanna eile a d’fhéadfadh tarlú amach anseo leis an tsolúbthacht is gá trí thionscnaimh ábhartha a chomhtháthú ina straitéis chun rannchuidiú leis na héiceachórais nuálaíochta a chosaint agus chun cuidiú le geallsealbhóirí EIT ullmhú don téarnamh eacnamaíoch.

3.   BORRADH A CHUR FAOI THALLANN NUÁLAÍOCHTA AGUS FAOI ACMHAINNEACHT NUÁLAÍOCHTA NA hEORPA: NA PRÍOMHGHNÍOMHAÍOCHTAÍ

Le straitéis EIT don tréimhse 2021-2027, díreofar ar ghníomhaíochtaí lena gcuirfear le luach ar leibhéal an Aontais agus lena rannchuideofar le cuspóirí Fís Eorpach a bhaint amach. Ar an gcéad dul síos, leanfaidh EIT de thacaíocht a thabhairt d’acmhainneacht agus d’éiceachórais nuálaíochta ar fud an Aontais trí bhíthin PENanna, trína bhforbairt tuilleadh, agus trína n-oscailteacht maidir le comhpháirtithe nua, trédhearcacht mhéadaithe, comhlíonadh phrionsabail an dea-rialachais agus leathnú. Ar an dara dul síos, agus í ag tógáil ar a taithí ar chomhtháthú thriantán an eolais, stiúrfaidh EIT tacaíocht agus forbairt na hacmhainneachta fiontraíochta agus nuálaíochta na n-institiúidí ardoideachais, a chuirfear chun feidhme trí PENanna. Ar an tríú dul síos, trí bhíthin bearta cothrománacha níos éifeachtaí, féachfaidh EIT le gach iarracht is gá a dhéanamh chun a áirithiú go méadófar a hinfheictheacht agus a tionchar ar leibhéal an Aontais. Ina theannta sin, cuirfidh EIT feabhas ar a hoibríochtaí freisin, chun a héifeachtacht, a héifeachtúlacht agus a tionchar a mhéadú, lena n-áirítear i réimsí amhail PENanna a threorú i dtreo inbhuanaitheacht airgeadais, oscailteachta, for-rochtana, trédhearcachta, cáilíochta agus inbhuanaitheacht a ngníomhaíochtaí féin agus ghníomhaíochtaí PENanna, tuilleadh rannpháirtíochta ag FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta, agus cothromaíocht inscne.

3.1.   Tacaíocht do PENanna atá ann cheana

Déanfaidh EIT éiceachórais nuálaíochta a neartú trí leanúint de thacaíocht a thabhairt do na PENanna atá ann cheana chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda tríd an triantán eolais a chomhtháthú ar leibhéal an Aontais, agus ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil. Chuige sin, beidh sciar mór de bhuiséad EIT le tiomnú chun tacú le PENanna, agus neartóidh EIT a ardán tuilleadj chun PENanna a sheoladh, a fhás, agus chun faireachán a dhéanamh orthu.

Áiritheoidh EIT go leanfaidh PENanna de bheith ag saothrú na hinbhuanaitheachta airgeadais chun neamhspleáchas airgeadais ar dheontas EIT a bhaint amach tráth nach déanaí ná 15 bliana tar éis a seoladh trí infheistíocht phoiblí agus phríobháideach a ghiaráil, agus béim á coimeád ag an am céanna ar chomhtháthú ghníomhaíochtaí thriantán an eolais.

Áiritheoidh EIT go ndéanfaidh PENanna straitéis a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun comhéadain agus sineirgí a chruthú le Comhpháirtíochtaí Eorpacha ábhartha, le misin ábhartha agus le EIC, comh maith le tionscnaimh agus cláir ábhartha eile de chuid an Aontais agus idirnáisiúnta freisin. Sa bhreis ar an tacaíocht airgeadais, bunaithe ar cheachtanna a foghlaimíodh, cuirfidh EIT maoirseacht straitéiseach agus treoir ar fáil do PENanna. Bunaithe ar na táscairí a liostaítear, inter alia, in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/695, déanfaidh EIT faireachán agus anailís ar an bhfeidhmíocht, ar na hinfheistíochtaí giarála agus ar na tionchair éagsúla chainníochtúla agus cháilíochtúla.

Déanfaidh EIT a dícheall an téarmaíocht a bhaineann le struchtúr gach PEN a chuíchóiriú, agus é mar chuspóir aici inaitheantacht EIT a shimpliú, agus a fheabhsú tuilleadh.

Déanfaidh EIT réimsí comhair tras-PEN a bhunú agus a chur chun cinn i ndáil le hábhair is ábhartha ó thaobh straitéise agus beartais de. Neartóidh EIT an comhordú idir PENanna i réimsí comhleasa, go háirithe, trí mhalartuithe taithí agus dea-chleachtas a chothú, agus comhar (gníomhaíochtaí tras-PEN (15)) maidir le hábhair théamacha agus chothrománacha a chothú freisin. I gcás ina dtugann roinnt PENanna aghaidh cheana féin ar thosaíochtaí coiteanna beartais de chuid an Aontais i gcás nach ann do PENanna tiomnaithe, is ag gníomhaíochtaí tras-PEN atá an acmhainneacht is airde. Tá ardacmhainneacht i dtaca le sineirgí agus tairbhí idirdhisciplíneacha ag baint le pobail PENanna éagsúla a thabhairt le chéile i gcomhghníomhaíochtaí tiomanta comhleasa. Spreagfaidh EIT gníomhaíochtaí den sórt sin agus glacfaidh sí páirt ghníomhach i sainiú inneachar agus struchtúr ghníomhaíochtaí thras-PEN. Déanfaidh sí faireachán ar chur chun feidhme ghníomhaíochtaí thras-PEN agus ar na torthaí a bhainfear amach agus é mar aidhm leis cuid dhílis de straitéisí ilbhliantúla PENanna a dhéanamh de na gníomhaíochtaí sin. Ina theannta sin, éascóidh EIT bunú seirbhísí tras-PEN a bheidh mar chuspóir acu na cúraimí oibríochtúla a bheidh coiteann do PENanna uile a láimhseáil ar bhonn comhpháirteach.

3.2.   Tionchar réigiúnach PENanna a mhéadú

Déanfaidh EIT a tionchar réigiúnach a mhéadú tuilleadh trí oscailteacht fheabhsaithe agus cur chuige cuimsithe PENanna i dtaca le raon leathan de chomhpháirtithe agus geallsealbhóirí ionchasacha, torthaí a bheith á scaipeadh agus a shaothrú ar bhealach níos fearr agus straitéis réigiúnach níos comhtháite do PENanna. Beidh ar gach PEN straitéis réigiúnach a fhorbairt agus a chur chun feidhme mar chuid lárnach dá bpleananna gnó a bheidh sé mar aidhm leo an caidreamh le gníomhaithe nuálaíochta náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, lena n-áirítear FBManna, a neartú. I gcás inarb ábhartha, léireoidh PENanna naisc le straitéisí um speisialtóireacht chliste agus le gníomhaíochtaí na n-ardán téamach agus na dtionscnamh idir-réigiúnach, lena n-áirítear údaráis bhainistíochta na gCistí Struchtúracha agus Infheistíochta (CSIE). Déanfaidh EIT, ar bhonn leanúnach, faireachán ar chur chun feidhme na straitéisí sin, lena n-áirítear an éifeacht ghiarála ar CSIE.

Tá sé beartaithe cur chuige nuálaíochta “áitbhunaithe”, mar a thugtar air, a chomhtháthú laistigh de straitéis ilbhliantúil agus plean gnó PENanna agus cur lena ionaid chomhlonnaithe agus lena mhoil RIS, agus ar an gcaoi leas a bhaint as a ról mar thairseach chun rochtain a fháil ar phobal PEN, agus idirghníomhú leis na comhpháirtithe comhlonnaithe, chomh maith le gníomhaithe áitiúla nuálaíochta eile.

Déanfaidh EIT faireachán ar an gcaoi a n-oibríonn ionaid chomhlonnaithe agus moil RIS agus ar an gcaoi a gcomhtháthaíonn siad sna héiceachórais nuálaíochta áitiúla.

Áiritheoidh EIT go n-úsáidtear gníomhaíochtaí RIS chun comhpháirtithe féideartha nua, ar comhpháirtithe iad a chuirfidh le PENanna, a mhealladh agus a lánpháirtiú a éascú, agus ar an gcaoi sin cumhdach uile-Eorpach EIT a leathnú, agus áiritheoidh EIT go ndéanfar iad a chomhtháthú go hiomlán i straitéisí ilbhliantúla PENanna. Is ar bhonn deonach a bhí Scéim Nuálaíochta Réigiúnach EIT, faoi stiúir EIT agus arna cur chun feidhme ag PENanna, á reáchtáil go dtí seo. Ó 2021 ar aghaidh, beidh gníomhaíochtaí EIT éigeantach agus ina gcuid dhílis de straitéisí ilbhliantúil PENanna. Áiritheoidh EIT go ndéanfar gníomhaíochtaí RIS a úsáid mar dhroichead i dtreo taighde ábhartha agus straitéisí nuálaíochta um speisialtóireacht chliste.

Ina theannta sin, feabhsóidh PENanna an comhtháthú sin trí mhoil RIS a bhunú. Déanfar mol RIS a bhunú tar éis anailís chríochnúil a dhéanamh ar riachtanais agus tar éis glao oscailte a bheith ann. Beidh sé mar chuid de struchtúr PENanna agus feidhmeoidh sé mar phointe fócais dá ngníomhaíochtaí. Is é is cuspóir dó gníomhaithe áitiúla thriantán an eolais a shlógadh agus iad a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí PENanna, sineirgí a bhunú ar an leibhéal áitiúil, deiseanna maoinithe agus comhair a shainaithint agus a lánpháirtiú gníomhach in éiceachórais a chur chun cinn. I gcomhréir le straitéis leathnaithe PEN, d’fhéadfadh moil RIS an bealach a réiteach chun ionad chomhlonnaithe a bhunú sa réigiún a bhfuiltear ag spriocdhíriú air.

Déanfaidh EIT leanúint de threoir agus tacaíocht a chur ar fáil do PENanna maidir le hullmhú agus cur chun feidhme straitéisí ilbhliantúla RIS. Leanfaidh gníomhaíochtaí RIS de thacú le cumas nuálaíochta na dtíortha (agus na réigiún sna tíortha sin) a bhfuil feidhmíocht nuálaíochta measartha agus meánach acu de réir EIS, chomh maith leis na réigiúin is forimeallaí de réir bhrí Airteagal 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, chun a lánpháirtiú i bpobail PENanna a chothú. Is iad seo a leanas tíortha agus réigiúin atá incháilithe do ghníomhaíochtaí RIS (tíortha agus réigiúin de chuid RIS):

(1)

na tíortha (agus na réigiúin sna tíortha sin) atá aicmithe mar nuálaithe “meánach” nó “measartha” i gceann amháin ar a laghad de na trí thuarascáil bhliantúla ó EIS a eisíodh in:

(a)

2018, 2019 agus 2020 le haghaidh 2021-2024; agus

(b)

in 2021, 2022 agus 2023 le haghaidh 2025-2027; agus

(2)

na réigiúin is forimeallaí.

Beidh buiséad EIT a chuirfear ar leataobh do ghníomhaíochtaí RIS a chur chun feidhme cothrom le 10 % ar a laghad agus 15 % ar a mhéad de chistiú foriomlán EIT do PENanna atá ann cheana agus do PENanna nua, rud a fhágfaidh go bhféadfar líon na gcomhpháirtithe PEN ó réigiúin a bhfuiltear ag spriocdhíriú orthu a mhéadú. Is é an aidhm a bheidh le gníomhaíochtaí dá dtabharfar tacaíocht trí bhíthin RIS:

(1)

rannchuidiú le feabhsú chumais nuálaíochta na n-éiceachóras réigiúnach agus áitiúil ar fud an Aontais, trí bhíthin gníomhaíochtaí forbartha cumais agus idirghníomhaíochtaí níos dlúithe idir na gníomhaithe nuálaíochta áitiúla amhail braislí, gréasáin, údaráis phoiblí, institiúidí ardoideachais, eagraíochtaí taighde, institiúidí gairmoideachais agus gairmoiliúna agus FBManna, chomh maith le gníomhaíochtaí na ngníomhaithe sin;

(2)

tacú leis an gcuspóir comhpháirtithe nua in PENanna a mhealladh agus éiceachórais nuálaíochta áitiúla a nascadh le héiceachórais nuálaíochta uile-Eorpacha; agus

(3)

cistiú príobháideach agus poiblí breise a ghiaráil, agus aird ar leith á tabhairt ar chistí SIE.

3.3.   PENanna nua a sheoladh

Chun rannchuidiú le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda nua agus orthu sin atá ag teacht chun cinn, déanfaidh EIT glaonna oscailte agus trédhearcacha ar thograí a sheoladh chun PENanna nua a chruthú as measc réimsí téamacha a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo agus ar bhonn critéir a ndéanfar measúnú, inter alia, ar a n-ábharthacht maidir le tosaíochtaí beartais an Aontais i ndáil le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda agus shochaíocha, agus ar a gcumas agus a mbreisluach a dtabharfar aghaidh orthu trí shamhail EIT. Cuirfear san áireamh in PENanna nua an Phleanáil Straitéiseach don chlár Fís Eorpach agus an buiséad a leithdháilfear ar EIT don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027. Déanfar na critéir roghnúcháin ábhartha le haghaidh Comhpháirtíochtaí Eorpacha a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/695 a chur san áireamh i nglao PEN ar thograí agus déanfar iad a mheasúnú le linn na meastóireachta.

Bunaithe ar thogra ón mBord Rialaithe agus ar an anailís ar an togra sin, tá sé beartaithe an chéad PEN nua, i réimse na nEarnálacha agus na dTionscal Cultúrtha agus Cruthaitheach (CCSInna), a sheoladh a luaithe is féidir in 2022 nó 2023, le glao ar thograí a fhoilsiú in 2021 más indéanta. Is ag an réimse tosaíochta sin atá an chomhlántacht is láidre leis na hocht PEN atá ann cheana agus leis na réimsí tosaíochta féideartha i dtaca le Comhpháirtíochtaí Eorpacha eile a sheolfar faoi chuimsiú an chláir Fís Eorpach. Tá bileog eolais ina bhfuil achoimre ar na dúshláin atá i réimse CCSInna agus ar an tionchar a mheastar a bheidh ag PEN nua ar áireamh i bhFoscríbhinn 1.

Tá sé beartaithe an dara PEN nua i réimse na nEarnálacha agus na nÉiceachóras Uisce, Mara agus Muirí (WMM) a sheoladh in 2026, le glao ar thograí atá le foilsiú in 2025. Déanfaidh an Coimisiún, le cúnamh ó shaineolaithe seachtracha neamhspleácha, anailís ex-ante, faoi 2024, chun meastóireacht a dhéanamh ar a ábhartha atá réimse WMM. Más conclúid dhiúltach a thagann as torthaí na hanailíse, féadfaidh an Coimisiún togra a thíolacadh chun leasú a dhéanamh ar COSN 2021-2027, agus aird á tabhairt ar rannchuidiú an Bhoird Rialaithe agus ar phleanáil straitéiseach an chláir Fís Eorpach. Tá bileog eolais ina bhfuil achoimre ar na dúshláin atá sa réimse WMM agus ar an tionchar a mheastar a bheidh ag PEN nua ar áireamh i bhFoscríbhinn 2.

D’fhéadfaí PENanna nua eile a roghnú más rud é go dtiocfaidh leithdháiltí buiséid de bhreis ar leithdháiltí bhuiséad EIT de bheith ar fáil agus cuirfear san áireamh leo rannchuidiú an Bhoird Rialaithe agus pleanáil straitéiseach an chláir Fís Eorpach agus na critéir a leagtar síos maidir le roghnú Comhpháirtíochtaí Eorpacha, go háirithe oscailteacht, trédhearcacht, breisluach Aontais, rannchuidiú le SDGanna, comhleanúnachas agus sineirgí.

3.4.   Tacú le cumas nuálaíochta agus fiontraíochta na n-institiúidí ardoideachais

Déanfaidh EIT, i gcomhar leis an gCoimisiún, agus tar éis dul i gcomhairle le PENanna, tionscnamh píolótach a dhearadh agus a sheoladh lena dtacófar le hacmhainní nuálaíochta agus fiontraíochta institiúidí ardoideachais agus lena gcomhtháthú in éiceachórais nuálaíochta (tionscnamh píolótach ardoideachais), a chuirfear chun feidhme trí PENanna, ag tosú in 2021. Trí shamhail chomhtháthú thriantán an eolais, tá an bhearna fhadsheasmhach idir ardoideachas, taighde agus nuálaíocht á dúnadh ag EIT. Go háirithe, tá EIT agus a chuid PENanna ríthábhachtach le haghaidh an caipiteal daonna a fhorbairt tríd an mbéim ar leith a leagan siad ar nuálaíocht agus ar oideachas fiontraíochta. Mar sin féin, déanfar tionchar EIT a leathnú tuilleadh thar chomhpháirtithe PENanna.

Ní mór d’institiúidí ardoideachais ar fud na hEorpa a bheith nuálach agus fiontraíoch ina gcur chuige i leith an oideachais, an taighde agus na rannpháirtíochta le gnólachtaí agus leis an éiceachóras nuálaíochta réigiúnach agus áitiúil níos leithne, lena n-áirítear an tsochaí shibhialta, institiúidí poiblí agus eagraíochtaí tríú earnáil, ar an mbealach is cuimsithí agus is cothroime ó thaobh inscne de, agus is féidir é sin a bhaint amach trí straitéis shoiléir, trí chreat modheolaíochta agus trí thiomantas acmhainní.

Déanfar gníomhaíochtaí PENanna a bhaineann leis an tionscnamh píolótach ardoideachais a chur chun feidhme trí ghlaonna oscailte agus trédhearcacha ar thograí, a mbeidh mar aidhm leo an cumas nuálaíochta san ardoideachas a mhéadú, ag spriocdhíriú go príomha ar institiúidí ardoideachais nach comhpháirtithe PEN iad i slabhraí luacha nuálaíochta agus éiceachórais ar fud an Aontais. Díreoidh na gníomhaíochtaí go príomha ar fhobairt cumais na n-institiúidí ardoideachais, lena n-áirítear:

(1)

dea-chleachtais a mhalartú agus a chur chun feidhme i ndáil le comhtháthú thriantán an eolais, lena n-áirítear foghlaim eagraíochtúil, oiliúint d’uasoiliúint agus d’athoiliúint, cóitseáil agus meantóireacht;

(2)

pleananna gníomhaíochta a fhorbairt maidir leis an mbealach chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais shainaitheanta i réimsí amhail bainistiú nuálaíochta, gnólachtaí nuathionscanta a chruthú agus a fhorbairt, aistriú teicneolaíochta lena n-áirítear cearta maoine intleachtúla a bhainistiú, inbhuanaitheacht agus neodracht aeráide trí dhearadh, bainistiú daoine agus eagraíochta, cineálacha cur chuige inscne a chomhtháthú sa nuálaíocht agus rannpháirtíocht le geallsealbhóirí áitiúla agus leis an tsochaí shibhialta; agus

(3)

pleananna gníomhaíochta maidir le forbairt cumais nuálaíochta, agus obair leantach na bpleananna sin, a chur chun feidhme.

Beidh gníomhaithe eile i dtriantán an eolais, amhail soláthraithe gairmoideachais agus oiliúna, eagraíochtaí taighde agus teicneolaíochta, FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta rannpháirteach sna gníomhaíochtaí sin, agus comhlánóidh siad idirghabháil EIT maidir le hoideachas mar chuid lárnach de ghníomhaíochtaí comhtháthaithe thriantán eolais PENanna. Cuirfidh EIT chun cinn comhar níos dlúithe tras-PEN sa tionscnamh píolótach ardoideachais. Sna critéir incháilitheachta atá le háireamh sna glaonna ar thograí, áiritheofar gur institiúidí ardoideachais atá lasmuigh de PENanna a gheobhaidh tromlach an chistithe do gach tionscadal. Is é aidhm an tionscnaimh phíolótaigh ardoideachais ná go rachadh tionchar EIT lasmuigh de PENanna agus go gcuirfidh sé le croímhisean EIT fás eacnamaíoch inbhuanaithe agus iomaíochas a threisiú trí chumas nuálaíochta na mBallstát a threisiú, i gcomhréir le spriocanna an chláir Fís Eorpach maidir le scileanna fiontraíochta agus nuálaíochta a chothú ó thaobh na foghlama ar feadh an tsaoil, lena n-áirítear cumas na n-institiúidí ardoideachais a mhéadú ar fud na hEorpa.

Chomh maith leis sin cuirfidh tacaíocht EIT le tionscnaimh bheartais amhail cláir réime HEInnovate (16) agus RIIA (17) ar léir a luach ón méid a rinneadh i líon áirithe institiúidí ardoideachais agus Ballstát ar fud an Aontais. Déanfaidh EIT na gníomhaíochtaí tacaíochta a dhearadh i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, agus tar éis dul i gcomhairle le PENanna, á áirithiú go mbeidh siad go hiomlán comhleanúnach agus comhlántach le gníomhaíochtaí ábhartha faoi Fís Eorpach, Erasmus+, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18) agus cláir eile de chuid an Aontais.

Déanfar tuilleadh forbartha agus mionchoigeartaithe ar mhionsonraí sonracha an phróisis sásra cur chun feidhme agus seachadta sna chéad 3 bliana agus beidh siad faoi réir faireacháin agus meastóireachta le linn na céime píolótaí sin. Déanfaidh saineolaithe seachtracha an mheastóireacht ar an gcéim phíolótach agus cuirfear na torthaí in iúl do Ghrúpa Ionadaithe na mBallstát (MSRG) agus do Pharlaimint na hEorpa. Bunaithe ar thorthaí na meastóireachta sin, cinnfidh an Bord Rialaithe an leanfar den tionscnamh píolótach ardoideachais agus an bhforbrófar é nó an gcuirfear deireadh leis.

Déanfaidh an Bord Rialaithe stiúradh agus maoirseacht ar chur chun feidhme agus faireacháin ghníomhaíochtaí PENanna. Déanfar cúram faoi leith den mhéid seo a leanas a áirithiú: cur chuige oscailte agus cuimsitheach chun institiúidí ardoideachais lasmuigh de chomhpháirtithe PENanna a mhealladh ar mhaithe le clúdach geografach leathan a bhaint amach; cur chuige idirdhisciplíneach agus idirearnálach; rannpháirtíocht níos leithne na mban in earnálacha ina bhfuil siad faoi ghannionadaíocht; agus nasc le RIS, le hardáin théamacha ábhartha agus le straitéisí um speisialtóireacht chliste, agus leis an tSaoráid Tacaíochta Beartais i gcás inarb iomchuí.

Déanfaidh EIT raon feidhme lipéad EIT a neartú agus a leathnú lasmuigh de PENanna chun na hinstitiúidí ardoideachais atá rannpháirteach sa ghníomhaíocht a áirithiú. Agus gníomhaithe ar fud thriantán an eolais a bheith rannpháirteach, féachfaidh EIT le dícheall a dhéanamh chun an tacaíocht a thugann sí d’fhorbairt an chumais nuálaíochta san ardoideachas a nascadh le lipéad EIT, lipéad a bhronntar faoi láthair ar chláir oideachais PENanna.

Déanfaidh EIT chomh maith leis sin lipéad EIT a shíneadh chuig gníomhaíochtaí foghlama ar feadh an tsaoil, amhail meantóireacht, gairmoiliúint, cláir oiliúna, athoiliúna agus uasoiliúna, ollchúrsaí oscailte ar líne, a bhaineann le spriocghrúpa níos leithne mac léinn, foghlaimeoirí fásta agus institiúidí (lena n-áirítear institiúidí gairmoideachais agus oiliúna) nach bhfuil in PENanna agus ar gníomhaíochtaí iad lena ndéantar iarracht teagmháil a dhéanamh leis an spriocghrúpa sin. Le cur i bhfeidhm EIT lasmuigh de phobal EIT, meastar go mbeidh toradh níos struchtúraithe ar gach leibhéal (an duine aonair, an clár agus an institiúid).

Déanfaidh EIT faireachán freisin ar dhámhachtain agus leathnú na lipéad EIT do chláir oideachais agus oiliúna PENanna agus féachfaidh sé an bhféadfaí sásra dearbhaithe cáilíochta níos éifeachtaí a fháil, lena n-áirítear aitheantas agus creidiúnú seachtrach do lipéad EIT.

Chun a áirithiú go mbeidh rath ar an tionscnamh píolótach ardoideachais, tabharfaidh EIT treoir shonrach, saineolas sonrach agus cóitseáil d’institiúidí ardoideachais rannpháirteacha agus díreoidh sí ar institiúidí ardoideachais ar fud na hEorpa, le haird ar leith ar institiúidí ardoideachais ó thíortha (agus réigiúin sna tíortha sin) ar nuálaithe meánacha agus measartha iad agus ar réigiúin ísealfheidhmíochta eile iad ar mian leo a gcumais nuálaíochta a fhorbairt agus a lorg nuálaíochta agus a straitéisí speisialtóireachta cliste a neartú.

3.5.   Gníomhaíochtaí cothrománacha EIT

3.5.1.   Cumarsáid agus scaipeadh

Féacfaidh EIT agus PENanna le feabhas a chur lena gcumarsáid agus a n-infheictheacht agus iad a neartú, agus straitéis fheabhsaithe bhrandála a chur i bhfeidhm maidir lena bpríomh-gheallsealbhóirí sna Ballstáit agus níos faide i gcéin, i gcomhréir leis an gcur chuige cumarsáide a úsáidtear maidir leis an gClár Fís Eorpach. De bhrí go bhfuil líon PENanna ag méadú, mar gheall ar an tionscnamh píolótach ardoideachais, cuirfidh EIT borradh faoina cuid iarrachtaí an t-aitheantas a thugtar don tacaíocht ón Aontas mar bhranda ardcháilíochta le haghaidh an nuálaíocht a mhéadú. Tá an bainistiú branda agus an chumarsáid fheabhsaithe sin ríthábhachtach, go háirithe ó thaobh na saoránach agus na n-údarás náisiúnta agus. réigiúnach, toisc go gcuidíonn na nuálaíochtaí a thagann as EIT le léiriú a dhéanamh ar thionchar nithiúil infheistíochtaí an Aontais trí chlár Fís Eorpach.

Féachfaidh EIT leis an úsáid a bhaintear as gréasáin faisnéise an Aontais atá ann cheana a mhéadú agus comhordú a chur ar fáil dá ngníomhaíochtaí lena áirithiú go dtabharfar comhairle agus treoir níos fearr do chomhpháirtithe ionchasacha PENanna. Féadfar a áireamh ar úsáid mhéadaithe agus ar chomhordú méadaithe den sórt sin tacaíocht ó na húdaráis náisiúnta agus réigiúnacha chun na sineirgí is gá le straitéisí ilbhliantúla PENanna a shainaithint. Chun na deiseanna a chuireann EIT ar fáil a scaipeadh níos leithne agus tuiscint níos fearr a bheith orthu, déanfaidh EIT treoir agus cúnamh a athtreisiú i dtaca le gnéithe a bhaineann le rannpháirtíocht in PENanna EIT ar fud na hEorpa trí fhorbairt a dhéanamh ar na gréasáin faisnéise agus na struchtúir atá ann cheana ar fud na hEorpa, go háirithe Pointí Teagmhála Náisiúnta dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2021/695.

Lena áirithiú go mbeidh pobal mór geallsealbhóirí ar fud an triantáin eolais ar leibhéal an Aontais, agus ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil ar an eolas faoi ghlaonna agus tionscadail chistithe uile EIT (agus PENanna), cuirfear iad ar taispeáint chomh maith ar an Tairseach Eorpach um Dheiseanna Cistiúcháin agus Tairisceana faoi Rialachán (AE) 2021/695.

Eagróidh EIT cruinnithe rialta idir Grúpa Ionadaithe na mBallstát agus seirbhísí gaolmhara an Choimisiúin, faoi dhó sa bhliain ar a laghad, lena áirithiú go mbeidh cumarsáid agus sreabhadh faisnéise iomchuí ann do na Ballstáit agus ar leibhéal an Aontais. Coinneofar Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas go cuí faoi fheidhmíocht, dul chun cinn agus gníomhaíochtaí EIT agus PENanna. Ina theannta sin, déanfaidh MSRG comhairle a chur ar EIT maidir le saincheisteanna atá tábhachtach ó thaobh straitéise de. Déanfaidh MSRG a áirithiú, in éineacht le EIT, go mbeidh tacaíocht iomchuí ann chun idirchaidreamh a dhéanamh le cláir nó tionscnaimh náisiúnta nó réigiúnacha agus chun sineirgí i ndáil le gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó EIT, a chothú leis na cláir agus na tionscnaimh sin, agus roinnfidh siad faisnéis faoin gcómhaoiniú náisiúnta agus réigiúnach a d’fhéadfadh a bheith ann do na gníomhaíochtaí sin.

Déanfaidh EIT infheictheacht a ghníomhaíochta do shaoránaigh agus do phobal EIT a mhéadú tuilleadh trí bhíthin Fhóram na nGeallsealbhóirí (19), Dámhachtainí EIT agus Pobal Alumni EIT (20), leis an aidhm na hidirghníomhaíochtaí a dhéantar le gníomhaithe Eorpacha an triantáin eolais a chur chun cinn agus aitheantas a thabhairt do na fiontraithe agus na nuálaithe san Eoraip is mó a bhfuil gealladh fúthu.

Leanfaidh EIT de Phobal Alumni EIT a stiúradh agus treoir straitéiseach a thabhairt dó (i gcomhar le Bord Alumni EIT) chun uasmhéadú a dhéanamh ar a thionchar fiontraíoch agus sochaíoch agus ar an mbaint leanúnach atá ag a chomhaltaí i ngníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó EIT. Le linn 2021-2027 leanfaidh Pobal Alumni EIT de bheith ag fás agus cuimseofar ann na alumni a bheidh páirteach sna gníomhaíochtaí a thugann tacaíocht do chumais nuálaíochta na n-institiúidí ardoideachais.

3.5.2.   Dea-chleachtais a aithint agus a chomhroinnt le geallsealbhóirí

Déanfaidh EIT foghlaim agus dea-chleachtais a eascraíonn as gníomhaíochtaí arna maoiniú ag EIT a shainaithint, a chódú, a chomhroinnt go héifeachtach, agus a scaipeadh agus, chun na críche sin, rachaidh sí i dteagmháil le húdaráis na mBallstát ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach araon, leis an gCoimisiún agus le Parlaimint na hEorpa, go háirithe lena Phainéal Eolaíochta agus Teicneolaíochta, lena mbunófar idirphlé struchtúrtha agus lena ndéanfar iarrachtaí a chomhordú. Meastar go mbeidh PENanna agus na tionscadail a thacaíonn le cumas nuálaíochta agus fiontraíochta na n-institiúidí ardoideachais ina bhfoinse luachmhar fianaise agus foghlama turgnamhaí do lucht déanta beartas i réimse an taighde, na nuálaíochta agus an ardoideachais, agus i réimsí téamacha éagsúla freisin.

Go dtí seo, ní dhearnadh na dea-chleachtais agus an méid a foghlaimíodh ó na PENanna a chomhthiomsú nó a chódú go leordhóthanach, agus a scaipeadh go héifeachtach. Déanfaidh EIT tuilleadh forbartha ar a ról mar institiúid nuálaíochta a bheidh in ann úsáid cleachtas nuálach, dea-fhoghlama agus torthaí gníomhaíochtaí arna gcistiú ag EIT (tacaíocht d’oideachas agus oiliúint, don taighde agus nuálaíocht, agus d’fhiontraíocht) a bhrath, a anailísiú, a chódú, a chomhroinnt agus a áirithiú ar scála níos leithne. Cuirfidh an ghníomhaíocht sin de chuid EIT leis na naisc agus sineirgí leis na tionscnaimh eile atá laistigh den chlár Fís Eorpach, go háirithe an Chomhairle Nuálaíochta Eorpach, na Misin agus na Comhpháirtíochtaí Eorpacha.

3.5.3.   Comhar idirnáisiúnta agus gníomhaíochtaí domhanda for-rochtana

Forbróidh EIT línte ginearálta comhair idirnáisiúnta do EIT agus do PENanna faoi mhaoirseacht an Bhoird Rialaithe, i gcomhréir le cur chuige an chláir Fís Eorpach maidir le comhar idirnáisiúnta amhail dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2021/695 agus le beartais ábhartha eile de chuid an Aontais, agus i gcomhairle le seirbhísí ábhartha an Choimisiúin. Féachfaidh EIT lena áirithiú go mbeidh tionchar níos mó ag a gníomhaíochtaí, trí chomhar idirnáisiúnta agus déanfaidh sí comhordú idirnáisiúnta ar ghníomhaíochtaí EIT-chistithe ag PENanna. Díreofar ar fheidhmiú go dlúth de réir chuspóirí beartais tionsclaíochta ábhartha an Aontais agus ar a thosaíochtaí taighde agus nuálaíochta, agus ar bhreisluach Aontais a áirithiú. I gcás ina measfar gur gá do Phobal EIT a bheith i láthair go fisiciúil i dtríú tír chun an tionchar a mhéadú agus chun a chuspóirí a bhaint amach ar bhealach níos éifeachtúla, áiritheoidh EIT comhordú na hidirghabhála, agus cuirfidh sí dreasachtaí ar fáil do chomhiarrachtaí PEN.

Ó thaobh a gcomhair idirnáisiúnta agus a ngníomhaíochtaí domhanda for-rochtana de, díreoidh EIT, i gcomhar leis an gCoimisiún, ar dhul i ngleic go héifeachtach le dúshláin dhomhanda, ar rannchuidiú le tionscnaimh idirnáisiúnta ábhartha agus SDGanna, agus ar rochtain ar thallann agus ar éileamh agus soláthar feabhsaithe ar réitigh nuálacha a áirithiú. Déanfaidh EIT dlúthfhaireachán ar na gníomhaíochtaí sin agus áiritheoidh sí go gcomhlíonfaidh siad cur chuige an chláir Fís Eorpach i leith an chomhair idirnáisiúnta dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2021/695 agus i mbeartais ábhartha eile de chuid an Aontais.

3.6.   É a chur ag obair: an modh oibríochta

Sa roinn seo tá roinnt beart arb é is aidhm dóibh feidhmiú reatha EIT agus PENanna a oiriúnú agus a fheabhsú. Déanfaidh Bord Rialaithe éifeachtach, cumhachtaithe, agus straitéiseach faireachán ar chur chun feidhme na mbeart sin ar leibhéal EIT agus cuirfidh sé ar fáil na dreasachtaí agus an rialú is gá, lena n-áirítear tríd an bpróiseas leithdháilte cistiúcháin feidhmíochtbhunaithe, lena áirithiú go gcuirfidh PENanna chun feidhme iad.

3.6.1.   Samhail oibríochtúil PEN

Áiritheoidh EIT go gcomhlíonfaidh cur chun feidhme PENanna na ceanglais ábhartha dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2021/695, lena n-áirítear aistriú ocht PEN atá ann cheana a áirithiú i dtreo sholáthar na gcritéar nua cur chun feidhme le haghaidh Comhpháirtíochtaí Eorpacha a leagtar amach sa Rialachán sin. Dá bhrí sin, soláthróidh EIT treoir oibríochtúil neartaithe do PENanna agus déanfaidh sí faireachán leanúnach ar fheidhmíocht PENanna chun a áirithiú go bhfuiltear ag comhlíonadh phrionsabail an bhainistithe fhónta, an dea-rialachais, an fhaireacháin agus na meastóireachta, a leagtar amach i Rialachán AE) 2021/819, chomh maith leis na prionsabail agus na critéir do Chomhpháirtíochtaí Eorpacha a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/695 agus ailíniú leis na ceanglais a eascraíonn ó thosaíochtaí agus táscairí an chláir Fís Eorpach chun a bhfeidhmíocht agus a dtionchar a uasmhéadú, bunaithe ar straitéis chomhair fhadtéarmach idir EIT agus PENanna. Déanfar bearta ceartaitheacha iomchuí i gcás thearcfheidhmíocht PEN, i gcás ina soláthróidh sé torthaí nach bhfuil leordhóthanach, i gcás ina dteipeann air an tionchar measta a ghnóthú nó i gcás easpa breisluacha Aontais.

Áiritheoidh EIT go gcuirfear feabhas ar na bearta lena n-áirithítear oscailteacht leanúnach PENanna do chomhaltaí nua chomh maith le trédhearcacht le linn cur chun feidhme, go háirithe trí chritéir aontachais agus scoir atá trédhearcach, soiléir agus comhsheasmhach a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm do chomhaltaí nua a chuireann luach leis na comhpháirtíochtaí, chomh maith le forálacha eile amhail nósanna imeachta trédhearcacha chun a bpleananna gnó a ullmhú agus trí fhaireachán sistéamach a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí PENanna. Reáchtálfaidh PENanna a ngníomhaíochtaí freisin ar bhealach atá go hiomlán trédhearcach, lena n-áirítear trí ghlaonna oscailte chun a dtionscadail, a gcomhpháirtithe agus a ngníomhaíochtaí eile a shainaithint agus a roghnú agus fanfaidh siad i gcomhpháirtíochtaí oscailte agus dinimiciúla a mbeidh comhpháirtithe nua ar fud an Aontais, lena n-áirítear sciar méadaitheach de FBManna agus de ghnólachtaí nuathionscanta a chuireann le luach na comhpháirtíochta in ann páirt a ghlacadh iontu ar bhonn barr feabhais agus ábharthacht na nuálaíochta. Chun go ndéanfar comhchruinniú cistiúcháin a theorannú agus go n-áiritheofar go mbainfidh gníomhaíochtaí PENanna tairbhe as líonra mór comhpháirtithe, beidh an nós imeachta le haghaidh a bpleananna gnó (lena n-áirítear na tosaíochtaí a shainaithint, gníomhaíochtaí a roghnú agus cistí a leithdháileadh) a ullmhú agus le haghaidh cinntí cistiúcháin gaolmhara níos trédhearcaí agus níos cuimsithí. Tabharfaidh straitéisí ilbhliantúla PENanna aghaidh ar leathnú na comhpháirtíochta, lena n-áirítear ionaid nua chomhlonnaithe a bhunú a leithdháilfidh an Bord Rialaithe buiséad leordhóthanach ina leith. Agus cinneadh á dhéanamh maidir le cistiú, cuirfidh an Bord Rialaithe san áireamh an dul chun cinn i dtreo na spriocanna arna léiriú sna straitéisí ilbhliantúla, inter alia, líon na n-ionad comhlonnaithe. Bainfidh PENanna úsáid níos leithne as sásraí cistiúcháin iomaíocha agus méadóidh siad oscailteacht na nglaonna, go háirithe i dtaca le tionscadail a bheidh oscailte do thríú páirtithe. Cuirfidh na bearta sin go léir le líon na n-eintiteas rannpháirteach a bheidh rannpháirteach i ngníomhaíochtaí PENanna. Ar deireadh, ina dtuairisciú rialta, déanfaidh PENanna tuairisciú maidir le rannpháirtíocht comhpháirtithe nua mar cheann de ghnéithe a gcistiúcháin feidhmíochtbhunaithe.

De bhrí go mbíonn PENanna ag feidhmiú thar shlabhra luacha uile na nuálaíochta, áiritheoidh siad cothromaíocht iomchuí agus leanúnach idir na trí thaobh de thriantán an eolais agus gníomhaíochtaí gaolmhara ina bpunann plean gnó. Déanfaidh EIT faireachán ar oibríochtaí PENanna chun a áirithiú go ndéanfar iad a chur chun feidhme trí struchtúr cuíchóirithe éifeachtúil agus costéifeachtach lena gcoinnítear costais riaracháin, costais bhainistithe agus forchostais ar íosleibhéal. Áiritheoidh EIT go mbeidh a dtionchair ionchasacha ag PENanna trí bhíthin réimse leathan gníomhaíochtaí arna sainaithint ina bpleananna gnó, a thacaíonn go héifeachtach lena gcuspóirí a chomhlíonadh lena n-áirítear tionchar ionchasach ar éiceachórais nuálaíochta ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil.

Áiritheofar gealltanais ó gach comhpháirtí PEN trí fhaireachán rialta a dhéanamh ar ranníocaíochtaí an chomhpháirtí iarbhír le hais na ngealltanas tosaigh. Áiritheoidh EIT go mbeidh córas bainistithe riosca i bhfeidhm ag PENanna i gcásanna nach bhfuil comhpháirtithe áirithe in ann seasamh lena gcuid gealltanas tosaigh. Agus inbhuanaitheacht a ngníomhaíochtaí airgeadais á saothrú acu, lorgóidh PENanna réimse leathan d’fhoinsí ioncaim agus infheistíochta. Chuige sin, áiritheoidh PENanna go leanfaidh na coinníollacha rochtana ar an gcomhpháirtíocht de bheith tarraingteach do raon leathan comhpháirtithe ionchasacha. Níor cheart go mbeadh aon táillí ballraíochta ná teagaisc ina mbacainn ar rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe ábhartha in PEN, go háirithe do FBManna, do ghnólachtaí nuathionscanta agus do mhic léinn.

3.6.2.   Samhail chistiúcháin PEN

Trí bhíthin samhail cistiúcháin chuíchóirithe agus shimplithe, táthar ag súil go gcuirfidh EIT feabhas ar thionchar PENanna agus ar a rannchuidiú i dtaca le cuspóirí EIT agus an Chláir Fís Eorpach a bhaint amach, agus spreagfaidh sí gealltanas chomhpháirtithe PEN freisin. Déanfaidh EIT a samhail chistiúcháin a oiriúnú chun breisluach a tacaíochta a mhéadú. Déanfaidh EIT a dícheall chun aistriú rianúil idir tréimhsí CAI a éascú, go háirithe le haghaidh gníomhaíochtaí leanúnacha. Tá ceithre phríomhréimse ann ina gcuirfidh EIT feabhsúcháin chun feidhme.

Ar an gcéad dul síos, déanfaidh EIT a ráta cistiúcháin do ghníomhaíochtaí breisluacha PENanna (21) a laghdú de réir a chéile chun leibhéil na n-infheistíochtaí príobháideacha agus poiblí a mhéadú seachas ioncaim óna gcomhpháirtithe. Táthar ag súil go n-éascóidh oiriúnú na samhla cistiúcháin cumas PENanna an t-aistriú chuig inbhuanaitheacht airgeadais a bhainistiú. Táthar ag súil go spreagfar PENanna chun an sciar de chistiú EIT ina bplean gnó a laghdú de réir a chéile le linn thréimhse na gcomhaontuithe comhpháirtíochta, agus leibhéal na comhinfheistíochta ó fhoinsí nach foinsí EIT iad a mhéadú ag an am céanna. An laghdú a dhéanfar ar rátaí cistiúcháin EIT do ghníomhaíochtaí breisluacha PENanna, beidh feidhm aige maidir le gach céim de shaolré iomlán PENanna (céim thionscnaimh, borradh, aibíocht, imeacht ó dheontas EIT) mar a leagtar amach sa tábla seo a leanas:

 

Céim thionscnaimh

Borradh

Aibíocht

Imeacht ó dheontas EIT

Blianta

1 – 4

5 – 7

8 – 11

12 – 15

Ráta cistiúcháin EIT

Suas le 100 %

Suas le 80 %

Suas le 70 %

Suas le 50 % ag bliain 12, laghdú 10 % in aghaidh na bliana

Fíor 1: Rátaí Cistiúcháin EIT 2021-2027

D’fhéadfadh dreasachtaí breise a bheith ag teastáil do chur i gcrích gníomhaíochtaí roinnt de na PENanna, mar gheall ar a nádúr sonrach. Chuige sin, d’fhéadfadh an Bord Rialaithe cinneadh a dhéanamh coinníollacha cistiúcháin níos fabhraí a chur i bhfeidhm maidir le gníomhaíochtaí tras-PEN, gníomhaíochtaí RIS agus an tionscnamh píolótach ardoideachais.

Ar an dara dul síos, áiritheoidh EIT gur de réir samhail chistiúcháin fheidhmíochtbhunaithe a bheidh an próiseas leithdháilte deontais. Méadófar an úsáid a bhainfear as deontais ilbhliantúla a mhéid is féidir. Beidh baint dhíreach ag cistiú EIT le dul chun cinn a dhéanfar sna réimsí a liostaítear in Airteagal 10 agus in Airteagal 11(5) de Rialachán (AE) 2021/819 agus le cuspóirí PENanna mar atá leagtha síos ina bpleananna gnó, agus d’fhéadfaí é a laghdú, a mhodhnú nó deireadh a chur leis i gcás easpa torthaí. Cuirfidh EIT, inter alia, dreasachtaí níos láidre ar fáil do PENanna agus chun go ndéanfaidh siad a ndícheall comhpháirtithe nua a fháil agus chun go ndéanfaidh siad bearta ceartaitheacha freisin, go háirithe bunaithe ar fheidhmíocht aonair PEN chun an leibhéal tionchair is airde a áirithiú.

Ar an tríú dul síos, cuirfidh EIT rialacha diana i bhfeidhm maidir leis an sásra cuimsitheach measúnaithe a atreisiú roimh dhul in éag na chéad tréimhse tosaigh 7 mbliana d’oibríochtaí PENanna i gcomhréir le hAirteagail 10 agus 11 de Rialachán (AE) 2021/819. Beidh an measúnú cuimsitheach sin, atá le déanamh le cabhair ó shaineolaithe seachtracha neamhspleácha, i gcomhréir leis an dea-chleachtas idirnáisiúnta is fearr agus leis na critéir faireacháin agus mheastóireachta a leagtar amach do Chomhpháirtíochtaí Eorpacha i Rialachán (AE) 2021/695. Déanfar an measúnú sin roimh dhul in éag na tréimhse tosaigh 7 mbliana. Mar thoradh ar an measúnú cuimsitheach, cinnfidh an Bord Rialaithe leanúint den ranníocaíocht airgeadais le PEN, é a mhodhnú nó scor di (gan an comhaontú comhpháirtíochta le PEN den sórt sin a shíneadh) agus na hacmhainní a ath-leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí a chuirtear i gcrích ar bhealach níos fearr. Iarrfaidh an Bord Rialaithe tuairim ó Ghrúpa Ionadaithe na mBallstát sula nglacfar an cinneadh sin.

3.6.3.   An t-ualach riaracháin a laghdú

Déanfaidh EIT á iarrachtaí a dhianú maidir le simpliú chun ualach riaracháin neamhriachtanach ar PENanna a laghdú, rud a fhágfadh go bhféadfaí a bpleananna gnó bliantúla agus a straitéisí ilbhliantúla a chur chun feidhme ar bhealach solúbtha agus éifeachtúil. Féadfar a áireamh i simpliú den sórt sin úsáid a bhaint as cnapshuim nó costais aonaid ar ghníomhaíochtaí ábhartha PEN. Thairis sin, chun pleanáil níos fearr a dhéanamh i dtaca leis na hacmhainní, go háirithe gníomhaíochtaí nuálaíochta, agus chun tiomantas níos láidre agus infheistíocht fhadtéarmach ó chomhpháirtithe atá rannpháirteach i ngníomhaíochta PENanna a éascú, síneoidh EIT comhaontuithe deontais ilbhliantúla le PENanna lena n-áirítear forálacha le haghaidh cistiú feidhmíochtbhunaithe, i gcás inarb iomchuí, faoi na comhaontuithe comhpháirtíochta ábhartha. Ní rachaidh na comhaontuithe deontais ilbhliantúla sin thar thréimhse 3 bliana.

3.6.4.   Caidreamh EIT le PENanna tar éis fhoirceannadh an chomhaontaithe comhpháirtíochta

Déanfaidh EIT na prionsabail ghinearálta a fhorbairt le haghaidh an chaidrimh le PENanna tar éis fhoirceannadh an chomhaontaithe comhpháirtíochta i gcomhréir leis an gcreat le haghaidh Comhpháirtíochtaí Eorpacha dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2021/695. Bunaithe ar ghrinnstaidéar neamhspleách, a bheidh le déanamh faoi dheireadh 2023, bunóidh EIT, i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, an creat foriomlán dá caidreamh leis na PENanna a bhfoirceannfar a gcomhaontú comhpháirtíochta nó a rachaidh a gcomhaontú comhpháirtíochta in éag le linn chlárthréimhse 2021-2027. Áireofar sa ghrinnstaidéar neamhspleách sin measúnú ar iarrachtaí PEN maidir le hinbhuanaitheacht airgeadais a bhaint amach, na hioncaim a ghintear agus ionchas airgeadais PEN agus sainaithneofar leis an measúnú aon ghníomhaíochtaí a d’fhéadfadh sé nach mbeifí in ann leanúint díobh de dheasca easpa acmhainní. Faoi réir toradh dearfach ar athbhreithniú deiridh, féadfaidh EIT meabhrán (22) a thabhairt i gcrích le PEN, agus é mar aidhm aige comhar gníomhach a choinneáil leis tar éis fhoirceannadh an chomhaontaithe comhpháirtíochta.

Áireofar an méid seo a leanas sa mheabhrán comhair:

(a)

cearta agus oibleagáidí a bhaineann le leanúint de ghníomhaíochtaí thriantán an eolais chomh maith le cothabháil éiceachóras agus ghréasán PEN;

(b)

coinníollacha maidir le húsáid bhranda EIT agus le rannpháirtíocht i nDámhachtainí EIT agus i dtionscnaimh eile arna n-eagrú ag EIT;

(c)

coinníollacha maidir le rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí ardoideachais agus oiliúna lena n-áirítear úsáid lipéad EIT le haghaidh cláir oideachais agus oiliúna agus le haghaidh caidreamh le Pobal Alumni EIT;

(d)

coinníollacha maidir le rannpháirtíocht i nglaonna iomaíocha EIT le haghaidh roinnt gníomhaíochtaí sonracha, lena n-áirítear gníomhaíochtaí tras-PEN agus seirbhísí comhroinnte;

(e)

coinníollacha maidir le tacaíocht bhreise ó EIT do ghníomhaíochtaí comhordaithe trasnáisiúnta i measc na n-ionad comhlonnaithe a bhfuil breisluach ard Aontais acu.

Agus torthaí grinnstaidéir neamhspleách á gcur san áireamh, socróidh an Bord Rialaithe ré, ábhar agus struchtúr an mheabhráin comhair, lena n-áirítear gníomhaíochtaí sonracha PENanna a bhféadfar tacú leo faoi phointí (a) go (e) den dara mír. Beidh PENanna i dteideal páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí EIT i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach sa mheabhrán comhair, lena n-áirítear rannpháirtíocht i nglaonna iomaíocha.

3.7.   Sineirgí agus comhlántacht le cláir eile de chuid an Aontais.

Agus é ag cur lena raon feidhme leathan gníomhaíochta agus lena ról mar chuid dhílis den chlár Fís Eorpach, is maith atá EIT in ann sineirgí a chruthú agus comhlántachtaí a sholáthar, agus dúblálacha á seachaint ag an am céanna, i gcomhar le cláir nó le hionstraimí eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear trína thacaíocht do PENanna a athneartú maidir lena ngníomhaíochtaí pleanála agus cur chun feidhme. Táthar ag súil go rannchuideoidh EIT le sineirgí sa mheántéarma agus san fhadtéarma, maidir leis an méid seo a leanas inter alia:

Erasmus+

Déanfaidh EIT iarracht sineirgí a bhunú idir pobail Erasmus+ agus EIT. Tá comhar le díriú ar rochtain ar scoileanna samhraidh PENanna a áirithiú do mhic léinn Erasmus+ a bhíonn rannpháirteach in institiúidí ardoideachais ar comhpháirtithe PEN iad nó ar ghníomhaíochtaí oiliúna ábhartha eile (mar shampla, fiontraíocht nó bainistíocht nuálaíochta) agus ar theagmhálacha a bhunú le líonra alumni PENanna.

Féadfar a áireamh ar na ngníomhaíochtaí comhair oiliúint d’fhoirne acadúla arna soláthar ag EIT nó PENanna (foirne ó aon institiúidí ardoideachais, lasmuigh de PENanna) i dtaca le curaclaim faoina gcomhtháthaítear an fhiontraíocht agus an nuálaíocht, arna déanamh ag EIT/PENanna, agus cleachtais nuálacha arna bhforbairt ag PENanna laistigh de ghréasáin Erasmus (amhail na comhghuaillíochtaí le haghaidh nuálaíochta idir institiúidí ardoideachais agus gnólachtaí) a thástáil, a ghlacadh agus a mhéadú agus a mhalairt sin.

Ní mór sineirgí a áirithiú, i gcás inar féidir, le Tionscnamh na nOllscoileanna Eorpacha a d’fhéadfadh a bheith ina chuidiú chun gníomhaíochtaí oideachais EIT a phríomhshruthú chun go mbeidh tionchar sistéamach acu.

An Clár don Eoraip Dhigiteach, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23).

Comhoibreoidh PENanna, go háirithe ionaid chomhlonnaithe, leis na Moil Nuálaíochta Digití Eorpacha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/694 chun tacú le claochlú digiteach na n-eagraíochtaí tionsclaíochta agus na hearnála poiblí.

Scrúdófar a indéanta atá sé úsáid a bhaint as bonneagair agus cumais a forbraíodh faoin gClár don Eoraip Dhigiteach (amhail acmhainní sonraí agus leabharlanna d’algartaim intleachta saorga agus ionaid cumais ríomhaireachta ardfheidhmíochta sna Ballstáit) i réimsí an oideachais agus na hoiliúna ag PENanna, agus ar mhaithe le cuspóirí tástála agus taispeána i dtionscadail nuálaíochta.

Cistí an Bheartais Chomhtháthaithe (go háirithe Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe, arna bhunú le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus maidir leis an gCiste Comhtháthaithe agus Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, arna bhunú le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+))

Trína n-ionaid chomhlonnaithe agus a n-eintitis SNR, cuirfidh PENanna EIT comhar réigiúnach agus trasréigiúnach chun cinn idir gníomhaithe agus údaráis bhainistíochta thriantán an eolais i sineirgí le comhar agus infheistíochtaí idir-réigiúnacha ar fud slabhraí luacha i réimsí tosaíochta speisialaithe cliste gaolmhara, agus obair na n-ardán téamach um speisialtóireachta cliste. D’fhéadfadh sé go n-áireofaí gníomhaíochtaí PEN sna cláir oibríochtúla mar thoradh ar chomhar den sórt sin le húdaráis bhainistíochta. Féachfaidh EIT freisin ar rannchuidiú le tionscnaimh forbartha scileanna faoi Chistí an Bheartais Comhtháthaithe trí dhea-chleachtais a mhalartú.

Cuirfidh EIT comhar idir PENanna ábhartha agus na hArdáin um Speisialtóireacht Chliste chun cinn, chun sineirgí idir acmhainní EIT, Cistí an Bheartais Comhtháthaithe agus cláir Eorpacha, náisiúnta agus réigiúnacha eile a éascú. Is é an aidhm ionadaíocht níos leithne a bhaint amach ar ghníomhaíochtaí EIT ar fud an Aontais, naisc le straitéisí um speisialtóireacht chliste a neartú agus leas níos fearr a bhaint as RIS chun ESIF i ngníomhaíochtaí EIT agus PEN a ghiaráil.

Clár InvestEU

Iarrfaidh PENanna comhar ar Mhol Comhairleach InvestEU chun tacaíocht agus cúnamh teicniúil a chur ar fáil d’fhiontair a fhaigheann tacaíocht ó PENanna i dtaca le tionscadail a ullmhú, a fhorbairt agus a chur chun feidhme.

Déanfaidh PENanna a ndícheall chun rannchuidiú le Tairseach InvestEU a fhothú chun infheisteoirí agus idirghabhálaithe airgeadais a thabhairt níos gaire d’fhiontair a fhaigheann tacaíocht ó PENanna, i ndlúthchomhar le seirbhísí an Choimisiúin agus i sineirge le CNE.

Clár Eoraip na Cruthaitheachta, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24).

Tá Clár Eoraip na Cruthaitheachta ábhartha, inter alia, i gcomhair gníomhaíochtaí PEN nua i dtaca le CCSInna. Tá sineirgí láidre agus comhlántacht láidir le forbairt le Clár Eoraip na Cruthaitheachta i réimsí amhail scileanna, poist agus samhlacha gnó cruthaitheacha.

Clár an Mhargaidh Aonair, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/690 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25).

Iarrfaidh PENanna comhar ar an Líonra Fiontar Eorpach (EEN) agus a Ghrúpaí Earnála chun comhar gnólacht le gnólacht, aistriú teicneolaíochta agus comhpháirtíochtaí nuálaíochta a éascú d’fhiontraithe ar mian leo a ngníomhaíochtaí a fhorbairt ar fud an Aontais agus lasmuigh de i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/690. Cuirfidh eagraíochtaí EEN gníomhaíochtaí PENanna chun cinn i measc a gcliant ar FBM iad. Déanfaidh EIT comhar leis na cláir shoghluaisteachta le haghaidh fiontraithe nua i ndáil le feabhas a chur ar a scileanna fiontraíochta.

4.   DUL I nGLEIC LEIS AN nGÉARCHÉIM ATÁ ANN MAR THORADH AR RÁIG COVID-19

Chun na tionchair shóisialta, eacnamaíocha, chomhshaoil agus theicneolaíocha a eascraíonn as géarchéim COVID-19 a shárú, beidh gá le comhoibriú ó institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais. Ba cheart do EIT rannchuidiú leis na hiarrachtaí nuálaíochta is gá trí fhreagairt chomhleanúnach a thabhairt ar ghéarchéim COVID-19.

Áiritheoidh EIT go dtabharfaidh PENanna tacaíocht agus go gcuirfidh siad chun cinn seachadadh réiteach nuálach i réimsí gníomhaíochta éagsúla i gcomhréir leis na tosaíochtaí atá i bPlean Téarnaimh an Aontais, sa Chomhaontú Glas don Eoraip, i Straitéis Thionsclaíoch an Aontais agus SDGanna, agus ar an gcaoi sin rannchuideoidh sí le téarnamh shochaithe agus gheilleagar na hEorpa agus lena n-inbhuanaitheacht agus a n-athléimneacht a neartú.

Go háirithe, ba cheart do EIT a áirithiú go mbeidh PENanna in ann oibriú leis an tsolúbthacht is gá chun dul in oiriúint do na dúshláin a bheidh ann mar gheall ar ghéarchéim COVID-19, agus do dhúshláin agus tosaíochtaí nua agus gan choinne. Faoi mhaoirseacht agus rialú EIT, d’fhéadfadh PENanna bearta atá oiriúnach don fheidhm a chruthú chun tacú le hathléimneacht a n-éiceachóras, agus chun í a mhéadú, eadhon a gcomhpháirtithe agus a dtairbhithe agus lasmuigh de na pobail atá acu cheana. Ba cheart aird shonrach a thabhairt ar ghníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh athléimneacht micrifhiontar, FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta, mar aon le hathléimneacht mac léinn, fiontraithe agus fostaithe atá buailte go dona ag géarchéim COVID-19, a mhéadú.

Iarrtar ar PENanna freisin leas a bhaint as sineirgí le tionscnaimh agus comhpháirtíochtaí eile de chuid an Aontais, d’fhonn tacú le neart éiceachórais nuálaíochta na hEorpa.

Agus iad ag dul in oiriúint don staid nua, féadfaidh PENanna úsáid a bhaint as uirlisí, ionstraimí, faisnéis agus seirbhísí tacaíochta atá comhoibríoch agus nuálach chun comhar agus idirghníomhaíocht laistigh dá bpobail a áirithiú.

Féadfaidh EIT, agus sineirgí le cláir agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais á lorg aici, tionscnaimh a mholadh bunaithe ar chomhtháthú thriantán an eolais agus é mar aidhm leis sin tacú le héiceachórais nuálaíochta san Aontas. Chuige sin, féadfaidh EIT gníomhaíochtaí tras-PEN nua a chur chun cinn chun dul i ngleic le dúshláin a bheidh ann de bharr ghéarchéim COVID-19.

5.   ACMHAINNÍ

5.1.   Riachtanais bhuiséadacha

Is é EUR 2 965 000 000 atá i riachtanais bhuiséadacha EIT sa tréimhse 2021-2027 agus tá siad bunaithe ar thrí phríomh-chomhchuid: (1) an caiteachas d’ocht PEN atá ann cheana (rud a léiríonn, i gcás trí cinn díobh, go rachaidh na comhaontuithe comhpháirtíochta in éag faoi 2024) agus do sheoladh dhá PEN nua (ceann amháin in 2022 nó in 2023 agus an dara ceann in 2026); (2) caiteachas riaracháin EIT; agus (3) costais ar ghníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchta, meastóireachta agus gníomhaíochtaí eile agus caiteachais le haghaidh gníomhaíochtaí EIT a bhainistiú agus a chur chun feidhme, agus le haghaidh meastóireacht a dhéanamh ar ghnóthú a chuspóirí i gcomhréir le hAirteagal 12(6) de Rialachán (AE) 2021/695.

Tá sé beartaithe tuairim is EUR 2 854 000 000 (96 % de bhuiséad iomlán EIT) a chur ar fáil chun PENanna atá ann cheana agus PENanna nua a chistiú ar de sin:

(a)

a bheidh 10 % ar a laghad agus 15 % ar a mhéad tiomnaithe do RIS;

(b)

a bheidh 7 % ar a mhéad tiomnaithe do ghníomhaíochtaí tras-KIC, lena n-áirítear tacaíocht do PENanna ar ina leith atá an comhaontú comhpháirtíochta dulta in éag nó foirceanta;

(c)

a bheidh 3 % ar a mhéad tiomnaithe do thionscnamh píolótach ardoideachais a mhairfidh ar feadh 3 bliana.

Trí ráta cistiúcháin EIT ar a dtiocfaidh laghdú de réir a chéile a thabhairt isteach, meastar go slógfaidh PENanna EUR 1 500 000 000 breise ó fhoinsí príobháideacha agus poiblí eile. Tuairim is EUR 300 000 000 a bheidh sa bhuiséad do sheoladh dhá PEN nua (a mbeidh ceann amháin acu le seoladh a luaithe is féidir in 2022 nó in 2023 agus a mbeidh an dara ceann acu le seoladh in 2026). Má thagann leithdháiltí buiséid atá sa bhreis ar leithdháiltí bhuiséad EIT chun bheith ar fáil, féadfaidh EIT tuilleadh PENanna a sheoladh.

Leanfaidh EIT de bheith ina eagraíocht chuíchóirithe agus dhinimiciúil. Maidir le costais chaiteachas riaracháin EIT, lena gcumhdaítear na speansais is gá maidir leis an bhfoireann agus na speansais riaracháin, bhonneagair agus oibriúcháin is gá, ní rachaidh siad, ar an meán, thar 3 % de bhuiséad EIT. Cumhdóidh an Ungáir cuid den chaiteachas riaracháin trí spás oifige a sholáthar saor in aisce go dtí deireadh 2029. Chuige sin, déanfar iarracht mhór chun costais riaracháin PENanna a laghdú, ar costais iad, ar aon chuma, a choinneofar ar íosleibhéal réasúnta.

5.2.   Tionchar (faireachán agus meastóireacht)

Meastar go gcuirfear feabhas leanúnach ar thomhas thionchar EIT le linn na chéad chlárthréimhse eile agus na ceachtanna a foghlaimíodh agus an taithí a fuarthas go dtí seo mar aon leis an ngá lena chleachtais a shruthlíniú le cleachtais an chláir Fís Eorpach á gcur san áireamh. Cuirfidh EIT creat meastóireachta, tuairiscithe agus faireacháin i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagail 10, 11 agus 20 de Rialachán (AE) 2021/819, lena n-áiritheofar comhleanúnachas leis an gcur chuige foriomlán arna ghlacadh i leith na Físe Eorpaí agus fós freastal ar an tsolúbthacht. Go háirithe, cuirfear feabhas ar lúba aiseolais idir an Coimisiún, EIT agus PENanna chun aghaidh a thabhairt ar na cuspóirí ar bhealach comhsheasmhach, comhleanúnach agus éifeachtúil.

5.2.1.   Tuairisciú agus faireachán

Cuirfidh EIT feabhas ar a chóras reatha faireacháin agus tabharfaidh sé isteach creat tuairiscithe agus faireacháin lena n-áireofar príomhtháscairí feidhmíochta, a bheidh ailínithe le príomhchonairí tionchair an chláir Fís Eorpach. Beidh tuairisciú agus faireachán ar fheidhmíocht oibríochtúil PENanna, lena n-áirítear a gcaiteachas riaracháin, agus a dtorthaí ina bpríomhchúram ar EIT agus cuirfear chun feidhme é i gcomhar le seirbhísí corparáideacha coiteanna na Físe Eorpaí laistigh den Choimisiún. Beidh an córas tuairiscithe agus faireacháin do PENanna ina dhlúthchuid de chóras faireacháin foriomlán na Físe Eorpaí, go háirithe trí shamhlacha comhchoiteanna sonraí, lena n-áirítear bailiú sonraí a stórálfar i mbunachar sonraí an chláir Fís Eorpach a chur chun feidhme. Glacfaidh an Coimisiún páirt i gcomhdhearadh gach táscaire tionchair agus faireacháin ábhartha arna fhorbairt agus arna chur i bhfeidhm ag EIT chun comhleanúnachas le córas faireacháin foriomlán na Físe Eorpaí a áirithiú, lena n-áirítear táscairí na gconairí tionchair, na critéir do Chomhpháirtíochtaí Eorpacha agus próiseas pleanála straitéisí an Chláir Fís Eorpach. Déanfaidh an Bord Rialaithe nósanna imeachta faireacháin leanúnacha, mar aon le nósanna imeachta athbhreithniúcháin eatramhaigh agus measúnaithe chuimsithigh, lena n-áirítear bunú tacair fhónta táscairí cainníochtúla agus cáilíochtúla agus a mbonnlíne agus spriocanna gaolmhara, a bhunú. Anuas air sin, cuirfidh EIT san áireamh cur in úsáid mhodheolaíocht an radair nuálaíochta in Fís Eorpach, agus fiosróidh sé conas a d’fhéadfadh PENanna breis acmhainne a bhaint as an radar nuálaíochta chun a chuid gníomhaíochtaí faireacháin a fheabhsú.

Bainfear leas as torthaí an fhaireacháin sin i bpróisis ilbhliantúla pleanála gnó PENanna agus cinnfidh siad leithdháileadh chistiú feidhmíocht-bhunaithe EIT ar ghníomhaíochtaí PENanna agus ullmhú na gcomhaontuithe comhpháirtíochta agus na gcomhaontuithe deontais agus PENanna ina dtairbhithe. Thairis sin, meastar go mbainfear leas as torthaí an fhaireacháin ar PENanna sa phróiseas um chomhordú straitéiseach do na Comhpháirtíochtaí Eorpacha.

Meastar go mbeidh na tionchair seo a leanas ag gníomhaíochtaí EIT, lena n-áirítear iadsan a bhainistítear trí PENanna:

(1)

tionchar teicneolaíoch, eacnamaíoch agus nuálaíoch trí dhul i gcion ar chruthú agus fás gnólachtaí, mar aon le cruthú réiteach nuálacha nua chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda, trí phoist dhíreacha agus indíreacha a chruthú agus trí infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha breise a shlógadh;

(2)

tionchar eolaíoch agus oideachasúil tríd an gcaipiteal daonna a neartú sa taighde agus sa nuálaíocht, trí scileanna nuálaíochta agus fiontraíochta a fheabhsú ar an leibhéal aonair agus ar an leibhéal eagraíochtúil araon agus trí chruthú agus craobhscaoileadh oscailte an eolais agus na nuálaíochta sa tsochaí a chothú;

(3)

tionchar sochaíoch, lena n-áirítear tionchar mar thoradh ar réitigh shistéamacha a sholáthar laistigh de Chomhphobal EIT agus lasmuigh de, trí ghníomhaíochtaí tras-PEN freisin, trí aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí beartais an Aontais i réimsí an athraithe aeráide (amhail maolú, oiriúnú agus athléimneacht), an fhuinnimh, na n-amhábhar, na sláinte, an bhreisluacha sa déantúsaíocht, an digitithe, na soghluaisteachta uirbí, an bhia, an chultúir agus na cruthaitheachta, nó an uisce trí bhíthin réitigh nuálacha, rannpháirtíocht leis na saoránaigh agus le húsáideoirí deiridh agus trí ghlacadh réiteach nuálach sna réimsí sin den tsochaí a neartú.

Áiritheoidh EIT go bhforbrófar táscairí sochaíocha sonracha i réimsí gníomhaíochta PENanna agus déanfaidh sé faireachán rialta i gcomhréir le creat an chláir Fís Eorpach don tionchar sochaíoch.

Déanfar na tionchair dá dtagraítear sa tríú mír a thomhas, inter alia, i gcomhréir le táscairí na gconairí tionchair a leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/695.

Déanfaidh EIT, i gcomhar leis an gCoimisiún, táscairí breise, lena n-áirítear táscairí tionchair shochaíoch i réimsí gníomhaíochta PENanna, a fhorbairt i gcomhréir le forbairt chreat táscairí an chláir Fís Eorpach agus léireofar ann an cur chuige foriomlán faoina bhféadfaidh na Comhpháirtíochtaí Eorpacha rannchuidiú leis an tionchar eolaíoch, eacnamaíoch agus sochaíoch. Tá sé mar aidhm le hailíniú na dtáscairí tionchair leis an gcláir Fís Eorpach faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo chuspóirí EIT le himeacht aimsire, lena n-áiritheofar bonn faisnéise comparáideach ar thorthaí agus tionchair arna nginiúint ag PENanna vis-à-vis an clár Fís Eorpach. Sa bhreis air sin, áiritheoidh EIT go ngabhfaidh an córas faireacháin an dul chun cinn i ndáil le gníomhaíochtaí atá sonrach do shamhail PEN, amhail comhtháthú thriantán an eolais agus scileanna fiontraíochta. Leis na táscairí maidir le gníomhaíochtaí EIT a bhaineann le hoideachas (lena n-áirítear iadsan a thacaíonn le hacmhainneachtaí na n-institiúidí ardoideachais) déanfar faireachán orthu seo a leanas, mar shampla:

(1)

gnóthú scileanna caipitil dhaonna agus rannpháirtíocht na n-institiúidí ardoideachais agus feabhas a chur ar a n-acmhainneacht (gearrthéarmach);

(2)

gairm bheatha agus ról agus feidhmíocht na n-institiúidí ardoideachais in éiceachórais nuálaíochta áitiúla (meántéarmach); agus

(3)

dálaí oibre agus ról agus feidhmíocht na n-institiúidí ardoideachais in éiceachórais nuálaíochta áitiúla (fadtéarmach).

Is ar bhealach éifeachtúil a dhéanfar faireachán leanúnach ar PENanna agus tabharfar aghaidh, inter alia, ar an méid seo a leanas:

(1)

an dul chun cinn i dtreo na hinbhuanaitheachta airgeadais, go háirithe foinsí nua infheistíochtaí a ghiaráil;

(2)

an dul chun cinn i dtreo cumhdach agus oscailteacht uile-Eorpach, chomh maith le trédhearcacht an rialachais;

(3)

an éifeachtacht i luasghéarú gnó (eadhon, fiontair ardfháis a chruthaítear agus a dtacaítear leo);

(4)

costais riaracháin agus bhainistíochta gach PEN;

(5)

oibríochtaí ionad comhlonnaithe agus oibríochtaí mhoil agus eintitis RIS agus a gcomhtháthú sna héiceachórais nuálaíochta áitiúla;

(6)

cur chun feidhme gníomhaíochtaí oideachais agus oiliúna, lena n-áirítear breis úsáide a bhaint as lipéad EIT.

Sa tábla seo a leanas, leagtar amach liosta neamh-uileghabhálach de phríomhtháscairí agus spriocanna a mheastar a ndéanfaidh EIT faireachán orthu sa tréimhse 2021-2027. Is é atá sna táscairí sin na príomh-threoshuíomhanna ionchuir agus aschuir le haghaidh faireachán a dhéanamh ar ghnóthú phríomhchuspóirí EIT do 2021-2027, amhail nuálaíocht agus fiontraíocht a chothú trí bhíthin oideachas níos fearr, a thionchar réigiúnach agus áitiúil agus a oscailteacht i leith comhpháirtithe agus geallsealbhóirí ionchasacha a mhéadú, cothromaíocht idir ioncam agus costais a áirithiú, ionaid chomhlonnaithe nua a bhunú agus réitigh nuálacha nua ar dhúshláin dhomhanda a chur ar an margadh.

Táscairí Bainistíochta EIT

Sprioc 2023

(bonnlíne 2020)

Sprioc 2027

(bonnlíne 2020)

Líon na n-eintiteas/na n-eagraíochtaí atá rannpháirteach i ngníomhaíochtaí EIT agus PENanna

ardú 20 %

ardú 50 %

Líon na nuálaíochtaí (táirgí agus seirbhísí) a seoladh ar an margadh

1 500

4 000

Institiúidí ardoideachais atá rannpháirteach i ngníomhaíochtaí EIT agus PENanna

285

680

Líon na mac léinn atá rannpháirteach in imeachtaí oideachais EIT agus PENanna

8 500

25 500

Líon na ngnólachtaí nuathionscanta dá dtugtar tacaíocht

300

700

Cistiú PENanna

EUR 700 000 000

EUR 1 500 000 000

Líon na n-eintiteas/na n-eagraíochtaí atá rannpháirteach i ngníomhaíochtaí EIT agus PENanna ó réigiúin lasmuigh de réigiúin ionaid chomhlonnaithe PENanna

ardú 50 %

ardú 100 %

Chun feabhas a chur ar an oscailteacht agus ar an trédhearcacht, áiritheoidh EIT go mbeidh na sonraí tionscadail a bhaileofar trína chóras faireacháin inmheánach, lena n-áirítear na torthaí ó PENanna, go hiomlán inrochtana agus comhtháthaithe i gcóras foriomlán bainistithe sonraí an chláir Fís Eorpach. Áiritheoidh EIT go ndéanfar faisnéis mhionsonraithe a eascróidh as a phróiseas faireacháin agus meastóireachta a chur ar fáil ar bhealach tráthúil agus go mbeidh rochtain uirthi i mbunachar sonraí an chláir Fís Eorpach. Sa bhreis air sin, áiritheoidh EIT go ndéanfar tuairisciú tiomanta ar thionchair chainníochtúla agus cháilíochtúla, lena n-áirítear maidir le ranníocaíochtaí airgeadais a dtabharfar gealltanais ina leith agus ranníocaíochtaí airgeadais a sholáthrófar go hiarbhír.

5.2.2.   Meastóireacht, athbhreithniú eatramhach agus measúnú cuimsitheach

Is é an Coimisiún a dhéanfaidh na meastóireachtaí tréimhsiúla neamhspleácha ar ghníomhaíochtaí EIT, lena n-áirítear iadsan a bhainistítear trí PENanna, i gcomhréir le Rialacháin (AE) 2021/819 agus (AE) 2021/695.

I gcomhréir le hAirteagal 20 de Rialachán (AE) 2021/819, sa mheastóireacht eatramhach, measúnófar, inter alia, toradh agus tionchair an tionscnaimh phíolótaigh ardoideachais, éifeachtacht straitéisí inbhuanaitheachta airgeadais PENanna, tionchar ghníomhaíochtaí RIS agus an comhar idir EIT agus na comhlachtaí cur chun feidhme faoi Cholún III “An Eoraip Nuálach” den chlár Fís Eorpach. Ina leith sin, i meastóireachtaí EIT, measúnófar, go háirithe, éifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht, comhleanúnachas agus breisluach Aontais ghníomhaíochtaí EIT, lena n-áirítear trí PENanna. Is é an Coimisiún a dhéanfaidh iad, le cúnamh ó shaineolaithe seachtracha neamhspleácha, agus bainfear leas astu i meastóireachtaí sin an chláir Fís Eorpach a dhéanfaidh an Coimisiún, i bhfianaise measúnú sistéamach ar Cholún III “An Eoraip Nuálach” den chlár Fís Eorpach freisin, go háirithe i dtaca leis an ionad ilfhreastail don nuálaíocht.

Beidh gach PEN faoi réir measúnú cuimsitheach arna dhéanamh ag EIT, faoi mhaoirseacht an Bhoird Rialaithe agus le tacaíocht ó shaineolaithe seachtracha neamhspleácha, roimh dheireadh thréimhse 7 mbliana an chomhaontaithe comhpháirtíochta, agus faoi réir athbhreithniú deiridh freisin roimh dhul in éag dó. Ar bhonn measúnú cuimsitheach, déanfaidh an Bord Rialaithe cinneadh i dtaobh cé acu an comhaontú comhpháirtíochta a fhadú nó gan é a fhadú go ceann tréimhse is faide ná na chéad 7 mbliana, agus úsáidfear an t-athbhreithniú deiridh mar bhonn ar a bhféadfar meabhrán comhair ionchasach a chaibidliú. Agus na meastóireachtaí sin á ndéanamh aige, i gcomhréir le hAirteagal 11(5) de Rialachán (AE) 2021/819, cuirfidh an Bord Rialaithe san áireamh na critéir cur chun feidhme, faireacháin agus meastóireachta le haghaidh na gComhpháirtíochtaí Eorpacha a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/695, gnóthú chuspóirí PEN, a chomhordú le tionscnaimh taighde agus nuálaíochta ábhartha eile, a leibhéal inbhuanaitheachta airgeadais, a acmhainneacht oscailteacht i leith comhaltaí nua a áirithiú, trédhearcacht a rialachais, agus ar bhain sé amach chomh fada agus a bhaineann le comhaltaí nua a mhealladh, laistigh de theorainneacha an rannchuidithe ón Aontas dá dtagraítear in Airteagal 21 de Rialachán (AE) 2021/819, breisluach Aontais agus an ábharthacht maidir le cuspóirí PEN.

Sa bhreis air sin, i gcomhréir le hAirteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2021/819, déanfaidh EIT, faoi mhaoirseacht an Bhoird Rialaithe, athbhreithnithe eatramhacha ar fheidhmíocht agus gníomhaíochtaí PENanna lena gcumhdófar na chéad 3 bliana den chomhaontú comhpháirtíochta (eadhon, an chéim thionscnaimh de PENanna) agus, más amhlaidh an cás, na 3 bliana tar éis a fhadaithe (eadhon, an chéim aibíochta). Beidh na hathbhreithnithe sin bunaithe ar an bhfaireachán leanúnach a dhéanfaidh EIT. Cuideoidh siad leis an mBord Rialaithe luath-tháscairí a fháil maidir le feidhmíocht PENanna i ndáil lena straitéis agus a spriocanna, mar aon le comhlíonadh tháscairí an Bhoird Rialaithe.

I gcomhréir le hAirteagal 11(6) de Rialachán (AE) 2021/819, i gcás ina léireoidh faireachán leanúnach, athbhreithniú eatramhach nó measúnú cuimsitheach PEN nach bhfuil go leor dul chun cinn á dhéanamh i réimsí dá dtagraítear in Airteagal 10 den Rialachán sin+ nó go bhfuil easpa breisluacha Aontais ann, déanfaidh an Bord Rialaithe bearta ceartaitheacha iomchuí. Féadfaidh sé gurb é a bheidh sna bearta ceartaitheacha ná laghdú, modhnú nó tarraingt siar ranníocaíocht airgeadais EIT nó foirceannadh comhaontaithe comhpháirtíochta, chomh maith le moltaí ceangailteacha a bhaineann le gníomhaíochtaí PEN, nó moltaí i dtaobh oiriúnuithe ar a samhlacha seachadta agus oibríochtúla.

Déanfar torthaí na n-athbhreithnithe agus na meastóireachtaí eatramhacha sin a chur ar fáil go poiblí, cuirfear in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle iad agus tuairisceofar iad don phróiseas comhordaithe straitéisigh le haghaidh Comhpháirtíochtaí Eorpacha.

Aguisín 1

Bileog eolais maidir le PEN i dtaca le hEarnálacha agus Tionscail Chultúrtha agus Chruthaitheacha (CCSInna)

I.   An Dúshlán

Is féidir PEN i dtaca le CCSInna (26) a bheith ina réiteach cothrománach ar réimse dúshlán atá ag teacht chun cinn, ar dúshláin iad atá de chineál buan, agus a bhféadfar aghaidh a thabhairt orthu trí ghníomhaíochtaí oideachais, taighde agus nuálaíochta. Féadfar na dúshláin sin a ghrúpáil i gceithre cholún:

(1)

Cruthaitheacht agus éagsúlacht chultúrtha agus teanga na hEorpa;

(2)

an fhéiniúlacht agus an comhtháthú Eorpach;

(3)

fostaíocht, athléimneacht eacnamaíoch agus fás cliste na hEorpa; agus

(4)

an Eoraip mar ghníomhaí domhanda.

Braitheann cruthaitheacht agus éagsúlacht chultúrtha na hEorpa ar CCSInna athléimneacha agus láidre. Tá roinnt dúshlán roimh na hearnálacha sin, áfach, de dheasca na hiomaíochta méadaithe ó ghníomhaithe domhanda agus ón aistriú digiteach.

Is gá do léiritheoirí, do chruthaitheoirí, do dháileoirí, do chraoltóirí, don scannánaíocht, d’amharclanna agus do gach cineál eagraíochta agus gnólachta cultúrtha dul i mbun nuálaíochta chun lucht féachana nua a mhealladh agus chun leathnú, agus chun próisis, seirbhísí, inneachar agus cleachtais nua atá ina luach sochaíoch a fhorbairt.

Baineann an ganntanas fiontraíochta agus scileanna leathana in earnálacha cultúir agus cruthaitheachta (27) le fo-earnálacha atá ag teacht chun cinn agus fo-earnálacha an-aibí a dtagann claochlú digiteach domhain orthu. Tá gá leis na scileanna sin le haghaidh na nuálaíochta agus tá siad ríthábhachtach i bhfianaise na n-athruithe sa mhargadh saothair atá ag tarlú san earnáil.

Níl aon amhras ann go bhfuil an oidhreacht chultúrtha ina léiriú ar an bhféiniúlacht chultúrtha, ina leas poiblí tábhachtach agus ina foinse nuálaíochta, trína bhfaightear toradh maith ar infheistíocht agus ioncam eacnamaíoch suntasach, ach tá a hacmhainneacht fós gan saothrú den chuid is mó. Ós rud é gurb í is siocair le hathghiniúint inbhuanaithe atá faoi stiúir na hoidhreachta agus go bhfuil sí ina spreagadh bunriachtanach don oideachas agus don fhoghlaim ar feadh an tsaoil, lena gcothaítear comhar agus comhtháthú sóisialta, is dócha go dtairbheoidh sí de PEN i dtaca le CCSInna.

Is féidir dúshláin shochaíocha a bhaineann leis an bhféiniúlacht agus an comhtháthú Eorpach a thuairisciú de ghnáth i dtéarmaí easpa “droichead” lena ndéantar codanna éagsúla den tsochaí a nascadh le chéile agus lena ndéantar críocha éagsúla a nascadh le chéile. Orthu sin tá saincheisteanna a bhaineann leis an eisiamh sóisialta, an gá atá le naisc idirchultúrtha níos dlúithe a thógail, an éagsúlacht teanga a chosaint, lena n-áirítear teangacha mionlaigh, agus muintearas coiteann a fhorbairt atá bunaithe ar an éagsúlacht chultúrtha agus an oidhreacht choiteann atá againn ar a bhféadfaí aghaidh a thabhairt trí rannpháirtíocht phobail atá níos cuimsithí agus níos inrochtana, trí nuálaíochtaí sa dearadh, tríd an ailtireacht agus úsáid spásanna poiblí, chomh maith le nuálaíocht shochaíoch atá bunaithe ar an gcultúr. Go háirithe an méid seo a leanas:

tá comhar teoranta ann i measc taighdeoirí, idir lucht taighde agus tionscail, agus idir eagraíochtaí san earnáil phoiblí agus eagraíochtaí sa tríú hearnáil, mar aon le comhordú neamhleor agus dúbláil neamhriachtanach ar iarrachtaí taighde agus forbartha, comhroinnt modhanna, torthaí agus dea-chleachtas;

Is neamhleor leibhéal comhtháthaithe braislí cruthaitheacha agus mol nuálaíochta;

tagraíonn sciar suntasach de thosaíochtaí speisialaithe cliste réigiúnacha san Eoraip don chultúr i gcomhthéacsanna éagsúla (amhail an oidhreacht chultúrtha, tionscail chruthaitheacha, agus na healaíona);

i bhfianaise an róil thábhachtaigh atá ag an gcultúr agus ag an gcruthaitheacht i dtaca le forbairt eacnamaíoch agus shóisialta cathracha agus réigiún agus i ngeall ar an gcumas atá iontu cabhrú tuilleadh le haghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna éagothromaíochta ar fud na hEorpa, is ard atá acmhainneacht PEN i dtaca le CCSInna.

Ar na dúshláin reatha a bhaineann le fostaíocht, athléimneacht eacnamaíoch agus fás cliste na hEorpa, tá saincheisteanna socheacnamaíocha, amhail an dífhostaíocht a chomhrac (go háirithe an dífhostaíocht i measc na hóige), feabhas a chur ar scileanna agus ar thimpeallachtaí oibre, agus aghaidh a thabhairt ar iomaíocht dhomhanda.

Tá comhdhlúthacht ard margaidh ann: in 2013, is sa Ríocht Aontaithe, sa Ghearmáin agus sa Fhrainc a ghintear thart ar 50 % de láimhdeachas agus breisluach iomlán an Aontais.

Tá tionchar láidir ag an domhandú, ag an digitiú agus ag an nuálaíocht theicneolaíoch ar thionscail Eorpacha. Mar gheall ar na forbairtí sin, tá athrú tagtha ar an tslí a ndéanann ealaíontóirí a gcuid saothar a tháirgeadh agus a dháileadh agus a ndéanann siad caidreamh lena lucht éisteachta, rud a fhágann go bhfuil athrú ag teacht ar shamhlacha traidisiúnta gnó CCSInna, agus tá ionchais agus iompar na dtomhaltóirí athraithe ó bhonn acu. Sa bhreis air sin, tá tionchar ollmhór ag cumhacht mhéadaitheach cuideachtaí táirgthe inneachair neamh-Eorpaigh ar an slabhra luacha traidisiúnta.

Is minic a bhíonn sé de dhúshlán ag léiriúcháin chruthaitheacha, chultúrtha agus ealaíonta luach a chur ar a n-aschur agus ar a dtáirgí, rud a fhágann go gcruthaítear réimsí fíoréiginnte oibre. Tá teacht ar bhealaí nuálacha nua le haimsiú chun tacaíocht a thabhairt d’eagraíochtaí agus fiontair chruthaitheacha agus chultúrtha, arb eagraíochtaí iad atá ina micrea-eagraíochta agus ina n-eagraíochtaí mhionscála agus mheánscála agus ar fiontair iad atá ina mircifhiontair agus ina bhfiontair mhionscála agus mheánscála.

Áirítear sa ról atá ag an Eoraip mar ghníomhaí domhanda an gá atá le scaipeadh inneachair chultúrtha Eorpaigh a fheabhsú. Is gá don Eoraip leanúint de bheith iomaíoch sa rás digiteach domhanda le haghaidh cruthú teicneolaíochtaí nua (amhail an Intleacht Shaorga, Idirlíon na Rudaí Nithiúla agus blocshlabhra) dá bhfuil CCSInna ina ngineadóirí tábhachtacha inneachair, táirgí agus seirbhísí. Thairis sin, ar scála domhanda, rannchuidíonn CCSInna (amhail dearadh agus ailtireacht) go gníomhach leis an bhforbairt inbhuanaithe agus spreagann siad nuálaíocht ghlas, agus, ag an am céanna, is féidir le hinneachar cultúrtha (an litríocht, an ealaín agus na healaíona), sa bhreis ar a luach ann féin, feasacht ar fhadhbanna éiceolaíocha a ardú agus lorg a fhágáil ar thuairimí an phobail.

II.   Ábharthacht agus tionchar

Cuideoidh PEN i dtaca le CCSInna – lena chur chuige iomlánaíoch agus comhtháite – le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin uile a leagtar amach i Roinn I. Trí nach mór gach earnáil dár saol, dár sochaí agus dár ngeilleagar a chumhdach, is dócha PEN den sórt sin a bheith fíorábhartha ó thaobh a thionchair eacnamaíoch agus shochaíoch de, agus fós deiseanna straitéiseacha don nuálaíocht eacnamaíoch, theicneolaíoch agus shóisialta a scaoileadh. Is dócha freisin go mbeidh sé lárnach i ndáil lena lamháil d’institiúidí ardoideachais sna healaíona ról níos gníomhaí a bheith acu i dtaca le hinniúlachtaí hibrideacha agus meon fiontraíochta a fhorbairt lena bhfreastalófar níos fearr ar riachtanais an tionscail.

Le nuálaíochtaí atá cultúrbhunaithe agus spreagtha ag an gcruthaitheacht cuirtear borradh faoin iomaíochas Eorpach go díreach trí fhiontair agus poist nua a chruthú nó go hindíreach trí shochair thrasearnála don gheilleagar i gcoitinne a chruthú, caighdeán na beatha a fheabhsú agus tarraingteacht na hEorpa a mhéadú. De réir a chéile, meastar earnálacha cultúir agus cruthaitheachta (amhail an oidhreacht chultúrtha agus na healaíona) a bheith ina bhfoinsí nua fáis agus post cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach. Tá níos mó ná 12 milliún duine fostaithe cheana sna hearnálacha sin san Aontas, arb ionann é agus níos mó ná 7,5 % de na daoine uile atá fostaithe in AE. Is príomhchomhchuid de na hearnálacha cultúrtha agus cruthaitheacha í an oidhreacht chultúrtha agus rannchuidítear léi go mór le tarraingteacht réigiúin, chathracha, bhailte agus cheantair thuaithe na hEorpa. Tá sí ina spreagadh d’infheistíochtaí san earnáil phríobháideach, do mhealladh tallainne, do ghiniúint gnó agus do chruthú indíreach post.

De réir a chéile, tá tosca neamhtheicneolaíocha, amhail an chruthaitheacht, dearadh agus próisis eagraíochta nó samhlacha gnó nua, ina mbonn le rannchuidiú an chultúir agus na cruthaitheachta leis an nuálaíocht. Go háirithe, tá ag na hearnálacha ag a bhfuil slabhraí luacha ar leith (eadhon ceol, na healaíona, dearadh, faisean, closamharc, físchluichí agus ailtireacht) acmhainneacht nuálaíochta láidir ó thaobh an gheilleagair de agus tá siad in ann an nuálaíocht in earnálacha eile den gheilleagar a spreagadh.

Bíonn tionchar díreach ag an gcultúr agus ag an rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí cultúrtha ar dhea-bhail na saoránach agus ar an gcuimsiú sóisialta. Cuireann earnálacha cultúir agus cruthaitheachta le luacha sochaíocha na féiniúlachta, an daonlathais agus na rannpháirtíochta pobail. Tá acmhainneacht ag an gcultúr muintearas Eorpach a atreisiú, i gcás inar buntáiste í an éagsúlacht. Is den bhuntábhacht é sin chun athléimneacht, rochtain shóisialta, comhtháthú sochaíoch agus cothromaíocht inscne a chumasú, agus chun dul i ngleic le héiginnteachtaí polaitiúla na hEorpa agus an gá atá le haontacht.

Tá PEN i dtaca le CCSInna le deiseanna líonra, comhoibriú, comhchruthú agus aistriú feasa gnó idir eagraíochtaí oideachais, taighde, gnó, san earnáil phoiblí agus sa tríú hearnáil laistigh de na hearnálacha cultúir agus cruthaitheachta agus le hearnálacha eile den tsochaí agus den gheilleagar a chumhachtú. Tá sé ceaptha:

tús a chur le tionscnaimh ón mbonn aníos agus tionscnaimh ón mbarr anuas ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach. Forbrófar na creatdálaí is gá le haghaidh fiontair nua a chruthú agus a mhéadú in éiceachórais nuálacha;

an t-eolas agus na scileanna is gá chun réitigh nuálacha a sholáthar agus chun deiseanna cultúrtha, sochaíocha agus gnó nua a dhéanamh díobh a sholáthar do thaighdeoirí agus do mhic léinn in an-chuid disciplíní (lena n-áirítear na healaíona, na daonnachtaí, na heolaíochtaí sóisialta, na crua-eolaíochtaí feidhmeacha, agus an gnó) agus d’fhiontraithe na n-earnálacha cultúir agus cruthaitheachta agus earnálacha eile; agus

tuilleadh cros-toirchithe le hearnálacha eacnamaíocha agus tionsclaíochta eile a lamháil, ag gníomhú dó mar luasaire le haghaidh na nuálaíochta.

III.   Sineirgí agus comhlántachtaí le tionscnaimh atá ann cheana

Bheadh PEN i dtaca le CCSInna comhlántach le líon tionscnamh eile de chuid an Aontais, chomh maith agus a bheadh ar leibhéal na mBallstát. Leagtar amach sa Roinn seo na príomhshineirgí a bhfuiltear ag súil leo ar leibhéal an Aontais.

Táthar ag súil go ndéanfaidh PEN i dtaca le CCSInna sineirgí láidre a bhunú le tionscnaimh bheartais ábhartha faoin gclár Fís Eorpach, agus go háirithe faoi Cholún II “Dúshláin Dhomhanda agus Iomaíochas Tionsclaíoch na hEorpa” leis an mbraisle “An Cultúr, an Chruthaitheacht agus an tSochaí Chuimsitheach” agus a réimsí idirghabhála i dtaca leis an oidhreacht chultúrtha agus an daonlathas. D’fhéadfadh PEN i dtaca le CCSInna ionchuir chothrománacha luachmhara a sholáthar ar fud gníomhaíochtaí éagsúla a bheidh le déanamh sa bhraisle “An Digitiú, an Tionscal agus an Spás” go háirithe maidir leis na teicneolaíochtaí monaraíochta ina bhfuil an gá le táirgí nua a fhorbairt ag brath go mór ar CCSInna. Thairis sin, d’fhéadfadh sé a bheith ina chomhlánú éifeachtúil ar chodanna eile do Fís Eorpach, ar idirghabháil EIT Digiteach atá ann cheana agus ar na gníomhaíochtaí atá beartaithe faoi chláir eile de chuid an Aontais amhail Clár InvestEU, Erasmus+, Clár Eoraip na Cruthaitheachta, an Clár don Eoraip Dhigiteach nó Cistí an Bheartais Comhtháthaithe.

Beidh clár Eoraip na Cruthaitheachta thar a bheith ábhartha i gcomhair gníomhaíochtaí PEN i dtaca le CCSInna. Le Clár Eoraip na Cruthaitheachta, roghnaítear sraitheanna agus glaonna speisialta atá ina léiriú ar roinnt de na dúshláin atá roimh earnáil na cruthaitheachta agus an chultúir (amhail scileanna agus fostaíocht agus samhlacha gnó) agus is é is aidhm dó ná sineirgí agus comhlántachtaí láidre a fhorbairt. Faoi Chlár InvestEU, agus i gcomhthéacs na rochtana teoranta ar chistiú a bhíonn ag na hearnálacha cultúir agus cruthaitheachta, meastar go mbeidh sineirgí ann leis an sásra airgeadais lena gcuidítear le dlús a chur le tionscadail chultúrtha agus chruthaitheacha trí árachas a sholáthar d’idirghabhálaithe airgeadais.

Le hardán na Straitéise um Speisialtóireacht Chliste (straitéis S3) maidir le Nuachóiriú Tionsclaíoch, sainaithníodh roinnt straitéisí taighde agus nuálaíochta faoina ndírítear ar CCSInna agus lena bhfiosraítear naisc nua idir sócmhainní áitiúla, margaí ionchasacha agus dúshláin shochaíocha trí thacar mór de ghníomhaithe fiontraíocha a bheith rannpháirteach ann. Go háirithe, mórshaincheist i straitéis S3 is ea comhpháirtíochtaí nua idir eagraíochtaí taighde, fiontair agus údaráis phoiblí a chur chun cinn, ar gá ardáin chomhoibritheacha nua a chur ar bun dá bharr.

IV.   Conclúid

Is é PEN i dtaca le CCSInna is oiriúnaí chun aghaidh a thabhairt ar na mórdhúshláin eacnamaíocha, chomhshaoil agus shochaíocha dá dtagraítear san Aguisín seo. Tá an chruthaitheacht ina mórspreagadh don nualaíocht agus tá sé d’inniúlacht ag PEN i dtaca le CCSInna acmhainneacht na cruthaitheachta ealaíonta, cultúrbhunaithe a scaoileadh agus cuidiú le hiomaíochas, inbhuaineathacht, rathúnas agus fás cliste na hEorpa a neartú.

Aguisín 2

Bileog eolais maidir le PEN i dtaca le hEarnálacha agus Éiceachórais Uisce, Muirí agus Mara (WMM)

San Aguisín seo, tugtar forléargas ar réimse WMM tráth ullmhaithe COSN 2021-2027. Sula seolfar PEN i dtaca le WMM, déanfaidh an Coimisiún anailís chun forbairtí i dtreochtaí eolaíocha, teicneolaíocha agus socheacnamaíocha a léiriú, agus chun an méid seo a leanas a áirithiú:

(1)

ailíniú iomlán le pleanáil straitéiseach an chláir Fís Eorpach;

(2)

ailíniú iomlán leis na critéir le haghaidh Comhpháirtíochta Eorpacha a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/695; agus

(3)

comhleanúnachas le tionscnaimh atá ann cheana ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach, lena n-áirítear Comhpháirtíochta Eorpacha agus misin.

I.   An dúshlán

Tá ról lárnach ag farraigí, aigéin agus uiscí intíre i mbeatha, sláinte agus dea-bhail an duine, i soláthar bia, seirbhísí éiceachórais criticiúla, fuinnimh inathnuaite agus acmhainní eile, agus i ndinimic a bhaineann leis an aeráid agus i gcaomhnú na bithéagsúlachta. Le 100 bliain anuas, tá ró-úsáid agus drochbhainistiú acmhainní nádúrtha ag cur brú mór ar éiceachórais fionnuisce agus mhuirí. Dá bhrí sin, is dúshlán é geilleagar gorm ciorclach agus inbhuanaithe a chruthú a d’fhorbródh laistigh de theorainneacha éiceolaíocha agus a bheadh bunaithe ar infhaighteacht iontaofa cainníochta agus cáilíochta inghlactha uisce agus ar éiceachórais fionnuisce agus mhuirí shláintiúla agus fheidhmiúla. Cuimsíonn an dúshlán iad seo a leanas go príomha: (1) ganntanas uisce, triomach agus tuilte; (2) díghrádú éiceachóras muirí agus fionnuisce; agus (3) an geilleagar gorm ciorclach agus inbhuanaithe.

1.   Ganntanas uisce, triomach agus tuilte

Mar gheall ar an athrú aeráide leanúnach agus ar róbhaint fionnuisce, tá méadú ag teacht ar dhéine agus minicíocht an ghanntanais uisce agus an triomaigh. Gan modhanna agus teicneolaíochtaí nuálacha a bheith aige chun faisnéis agus réitigh faoi shábháilteacht dobharlaigh, bagairtí ionchasacha, agus maolú rioscaí a chruinniú, a thuar, a ullmhú agus a scaipeadh, níl cosaint ag an Aontas ar dhíobháil eacnamaíoch agus shóisialta thromchúiseach. Gabhann an ganntanas uisce leis an mbrú atá ar an talamh de bharr an ghá atá ann táirgeadh bithmhaise, ceapadh carbóin agus fiántas a mhéadú chun spriocanna dícharbónaithe agus bithéagsúlachta a bhaint amach. Sa mheasúnú tionchair ón gCoimisiún (28), tugtar le fios go bhféadfaí an brú ar an talamh agus ar an bhfionnuisce a mhaolú tríd an táirgeadh próitéine a aistriú chuig an dobharshaothrú neamhchothaithe agus chuig an dobharshaothrú iltrófach comhtháite agus chuig uiscephonaic iltrófacha chomhtháite.

2.   Díghrádú éiceachóras muirí agus fionnuisce

Tá éiceachórais chósta, mhuirí agus fionnuisce faoi bhrú ó ghníomhaíocht dhíreach an duine agus ón athrú aeráide géaraithe. Áirítear ar an damáiste sin cailliúint na bithéagsúlachta, ídiú stoc éisc, damáiste do ghrinneall na farraige, lena n-áirítear ó úsáid feistí díobhálacha amhail trealamh iascaireachta, bac aibhneacha, truailliú eotrófaithe, agus carnadh an bhruscair mhuirí lena n-áirítear leibhéal ard trealaimh iascaireachta agus micreaphlaisteach a chaitear amach sna haigéin. Ní hé amháin go ndéanann an drochshláinte éiceolaíoch spriocanna bithéagsúlachta a chur i mbaol, ach déanann sí dochar freisin do na pobail agus na gnólachtaí sin a bhíonn ag brath ar uisce glan agus ar éiceachórais shláintiúla. Maidir leis an margadh domhanda do tháirgí agus seirbhísí le haghaidh an díghrádú sin a thomhas agus a mhaolú, tá sé ag fás agus tá sé fíoriomaíoch. Tá an nuálaíocht trínar féidir caipiteal muirí, cósta agus fionnuisce a fheabhsú, a athbhunú agus a athshlánú, mar aon le nuálaíocht i dtrealamh agus modhanna iascaireachta inbhuanaithe ríthábhachtach d’iomaíochas ghnólachtaí an Aontais agus chun tacú le poist agus fás ar fud an Aontais.

3.   An geilleagar gorm ciorclach agus inbhuanaithe

Ní hé amháin go ndéanann conair an gheilleagair chiorclaigh sláinte agus duine agus éifeachtúlacht acmhainní a choimirciú, ach is siocair í le fás inbhuanaithe freisin. Mar gheall ar an bhfás gan fasach atá beartaithe san fhuinneamh gaoithe amach ón gcósta agus i dteicneolaíochtaí fuinnimh aigéin nuálacha eile, nach bhféadfaidh an bonn a bhaint ó chosaint an chomhshaoil, tá deiseanna ann le haghaidh an bhithéagsúlacht a fheabhsú (amhail sceireacha saorga agus beirtreacha) agus le haghaidh gníomhaíochtaí nua a bhaineann leas as an spás agus as leictreachas inathnuaite amhail an dobharshaothrú agus an leictrealú hidrigine. Tá an dobharshaothrú neamhchothaithe in ann na cothaithigh farasbairr a athchúrsáil, ar cothaithigh iad a bheadh ina gcúis le heotrófú murach sin. Éilíonn spriocanna nua le haghaidh laghdú astaíochtaí agus breosla inathnuaite san iompar muirí nuálaíocht sa tiomáint agus sa lóistíocht. Cuireann athúsáid fuíolluisce cosc ar ghanntanais a fhéadfaidh a bheith níos measa mar gheall ar aeráid atá ag athrú.

II.   Ábharthacht agus tionchar

Cuideoidh PEN i dtaca le WMM – le cur chuige iomlánaíoch agus comhtháite – le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin dá dtagraítear i Roinn I. Tá bonn eolais sách láidir agus acmhainneacht ard chun margaidh, ag an réimse seo. Tá níos mó páipéar taighde ar an eolaíocht agus an teicneolaíocht uisce foilsithe ag tíortha Eorpacha le 15 bliana anuas ná atá foilsithe ag na Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an chuid eile den domhan araon. Thairis sin, tá an tAontas, i dteannta leis an tSín agus le Stáit Aontaithe Mheiriceá, ar cheann de na príomhgheilleagair mhuirí. De réir na bhfigiúirí is déanaí ó 2018, fostaíodh breis agus 5 mhilliún duine san Aontas in earnálacha seanbhunaithe an Gheilleagair Ghoirm, agus gineadh EUR 750 billiún de láimhdeachas agus EUR 218 billiún d’oll-bhreisluach iontu. Tá ilroinnt shoiléir iarrachtaí agus dícheangal ann idir gníomhaíochtaí oideachais, taighde agus nuálaíochta. Mar shampla, tá comhar éifeachtach le tionscail nó fiontair ag níos lú ná 20 % d’eagraíochtaí taighde agus forbartha in eolaíochtaí an uisce.

In earnálacha nuálaíochta nua atá ag teacht chun cinn (amhail biteicneolaíochtaí agus táirgeadh fuinnimh amach ón gcósta) tá deiseanna margaidh nua ann do theicneolaíochta nua agus do phoist gnó agus ardoilte. D’éileodh na hearnálacha sin agus aistriú teicneolaíochta na seanearnálacha muirí go mbeadh cuir chuige thrasdisciplíneacha ann mar aon le cineálacha nua oideachais sna disciplíní uile. Go háirithe, is gnách cláir acadúla a bheith sách leathan, ach, os a choinne sin, teastaíonn eolas sonrach agus scileanna sonracha ó na hearnálacha. Sa bhreis air sin, sna curaclaim i réimsí amhail an innealtóireacht, an dearadh uirbeach agus an ailtireacht, cumhdaítear saincheisteanna a bhaineann leis an éiceolaíocht, leis an innealtóireacht mhuirí agus le bainistiú an uisce.

Tá sé mar aidhm le PEN i dtaca le WMM a bhunú go ndéanfaí fíor-rannchuidiú le héiceachórais nuálaíochta a neartú agus comhar a spreagadh ar fud thriantán an eolais, chun dlús a chur le glacadh teicneolaíochtaí agus cur chuige nua agus chun borradh a chur faoi fhorbairt táirgí agus modhanna níos inbhuanaithe, go háirithe a mhéid a bhaineann le trealamh iascaireachta. Trí phobal ildisciplíneach uile-Eorpach de chomhpháirtithe thriantán an eolais a bhunú, chuideofaí le fís an gheilleagair ghoirm a chur chun cinn agus chuirfí borradh faoi iomaíochas domhanda eolaíocht agus teicneolaíocht mhuirí agus mhara na hEorpa. Le pobal den sórt sin, cuideofar le tionscadail nuálacha maidir leis an eolaíocht ghorm agus an teicneolaíocht ghorm a chur ar an margadh, ar tionscadail iad a bheadh ina réitigh ar dhúshláin phraiticiúla phráinneacha inbhuanaitheachta agus lena rannchuideofaí le “Geilleagar Gorm atá bunaithe ar Éiceachórais” ní hamháin ar an leibhéal Eorpach ach ar an leibhéal domhanda freisin. Bheadh PEN i dtaca le WMM ina shiocair le bainistiú níos fearr ar idirghníomhaíochtaí an duine le héiceachórais uisce-mhuirí, rud a d’fhágfadh go rannchuideofaí go díreach le geilleagar gorm inbhuanaithe a d’fhorbródh laistigh de theorainneacha éiceolaíocha, go háirithe trí bhainistiú inbhuanaithe éiceachóras muirí.

III.   Sineirgí agus comhlántachtaí le tionscnaimh atá ann cheana

Le PEN i dtaca le WMM, bunófar na sineirgí is láidre is féidir le tionscnaimh bheartais ábhartha de chuid an Aontais agus, chomh maith leis sin, laistigh den chlár Fís Eorpach, agus idirghníomhófar, ar an leibhéal náisiúnta, le tionscnaimh ábhartha de chuid na Náisiún Aontaithe agus le SFIanna, go háirithe SFI 6 “Uisce Glan agus Sláintíocht”, SFI 11 “Cathracha agus Pobail Inbhuanaithe”, SFI 13 “Gníomhú ar son na hAeráide” agus SFI 14 “Beathra Faoin Uisce”.

Déanfar PEN i dtaca le WMM a ailíniú leis na tosaíochtaí a bhunaítear i dTreoir (AE) 2020/2184 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29), i dTreoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (30), i dTreoir 2014/89/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (31), i Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (32), i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2007 maidir le Beartas Muirí Comhtháite don Aontas Eorpach agus gealltanais idirnáisiúnta. Rannchuideoidh PEN i dtaca le WMM le tosaíochtaí a bhunaítear sa Chomhaontú Glas don Eoraip, go háirithe an Straitéis “Ón bhFeirm go dtí an Forc”, an “Plean gníomhaíochta le haghaidh truailliú nialasach don uisce, don aer agus don ithir”, na “tionscnaimh chun acmhainneacht uiscebhealaí intíre a mhéadú agus a bhainistiú níos fearr” agus Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais do 2030.

Le roinnt straitéisí réigiúnacha um S3, sainaithníodh roinnt straitéisí taighde agus nuálaíochta a dhíríonn ar thionscail mhuirí agus uisceacha agus a dhéanann iniúchadh ar naisc nua idir sócmhainní áitiúla, margaí ionchasacha agus dúshláin shochaíocha trí roinnt mhór gníomhaithe fiontraíochta a bheith rannpháirteach ann.

Tá comhlántacht láidir le comhchodanna den chlár Fís Eorpach le háirithiú agus tá dúbailtí le seachaint, go háirithe leo seo a leanas:

(1)

an misean féideartha maidir le “haigéin, farraigí agus uiscí cósta agus intíre sláintiúla”;

(2)

Comhpháirtíochtaí Eorpacha ábhartha, go háirithe na cinn maidir le “Geilleagar Gorm atá neodrach ó thaobh na haeráide de, atá inbhuanaithe agus atá táirgiúil”, “An bhithéagsúlacht a shábháil chun an bheatha ar Domhan a choimirciú”, “Water4All”, “An t-aistriú chuig fuinneamh glan”, “Dlús a chur leis an aistriú uirbeach”, “Córais bhia” agus “Taighde agus Nuálaíocht i Limistéar na Meánmhara” (Fís 2020);

(3)

na braislí uile de Cholún II “Dúshláin Dhomhanda agus Iomaíochas Tionsclaíoch na hEorpa”;

(4)

bonneagair thaighde; agus

(5)

CNE.

Tá comhlántachtaí láidre le háirithiú freisin agus tá dúbailtí le seachaint, maidir leis an mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) agus BlueInvest le haghaidh glacadh nuálaíochtaí a bhfuil gealladh fúthu.

IV.   Conclúid

Is é PEN i dtaca le WMM is oiriúnaí chun aghaidh a thabhairt ar na mórdhúshláin eacnamaíocha, chomhshaoil agus shochaíocha dá dtagraítear san Aguisín seo. Tá gá le PEN den sórt sin, go háirithe, chun na héiceachórais nuálaíochta ar fud na hEorpa trína dtéitear i ngleic leis an dúshláin a bhaineann leis an uisce a neartú, chun oiliúint a chur ar an gcéad ghlúin eile de nuálaithe agus fiontraithe, agus chun réitigh nuálakcha ar na dúshláin sin a aimsiú agus tacú leo.

Le PEN i dtaca le WMM, déanfar an méid seo a leanas:

(1)

ilroinnt an chúlra nuálaíochta in earnáil an uisce, san earnáil mhuirí agus in earnáil na mara a laghdú trí éiceachórais nuálaíochta a chruthú lena nascfar gníomhaithe agus gréasáin sna hearnálacha agus sna disciplíní uile ar leibhéal an Aontais, agus ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil;

(2)

cur chuige comhtháite agus ildisciplíneach a chur chun cinn trí chomhoibriú i measc institiúidí ardoideachais, eagraíochtaí taighde, gnólachtaí nuálacha, eagraíochtaí san earnáil phoiblí agus eagraíochtaí sa tríú hearnáil in earnálacha an gheilleagair ghoirm chun cuspóirí an Aontais maidir leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach a bhaint amach;

(3)

gníomhaithe agus líonraí a nascadh sna hearnálacha agus sna disciplíní uile ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil, go háirithe tríd an straitéis ábhartha um S3 agus straitéisí réigiúnacha breise lena n-áirítear earnálacha den gheilleagar gorm a shainaithint;

(4)

an chéad ghlúin eile de nuálaithe agus fiontraithe in earnálacha an gheilleagair ghoirm a oiliúint agus a fhorbairt trí na scileanna fiontraíochta agus teicneolaíochta is gá a theastaíonn don fhorbairt inbhuanaithe agus iomaíoch a thabhairt dóibh;

(5)

rannchuidiú le forbairt na gcreatdálaí iomchuí chun forbairtí teicneolaíochta nua agus nuálaíocht shóisialta a dhéanamh de smaointe, agus lena n-imlonnú sa mhargadh d’fhonn feabhas a chur ar an gcáilíocht saoil agus d’fhonn dul chun tairbhe do shaoránaigh an Aontais;

(6)

sineirgí a bhunú le Comhpháirtíochtaí Eorpacha eile, le misin, le CNE, le BEI agus le BlueInvest, chun nuálaíochtaí a mhéadú, chun a lamháil d’earnálacha eile dul chun cinn ar bhealach inbhuanaithe agus chun imlonnú margaidh réiteach nuálach, agus a n-inghlacthacht sa tsochaí, a mhéadú; agus

(7)

seasamh an Aontais mar ghníomhaí domhanda san eolaíocht aigéin, i mbainistiú uiscí inmheánacha agus i gcosaint agus athchóiriú éiceachórais a neartú.


(1)  Rialachán (CE) Uimh. 294/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 lena mbunaítear an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (IO L 97, 9.4.2008, lch. 1).

(2)   IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.

(3)  Mar a shainmhínítear i bpointe (2) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2021/819.

(4)  Mar a shainmhínítear i bpointe (3) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2021/819.

(5)  Mar a shainmhínítear i bpointe (16) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2021/819.

(6)  Mar a shainmhínítear i bpointe (7) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2021/819.

(7)  Mar a shainmhínítear i bpointe (6) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2021/819.

(8)  Mar a shainmhínítear i bpointe (10) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2021/819 agus i roinn 3.2 den Iarscríbhinn seo.

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Fís 2020 – An Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 104).

(10)  Mar a shainmhínítear i bpointe (4) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2021/819.

(11)  Mar a shainmhínítear i bpointe (2) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2021/695.

(12)  Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear an Clár InvestEU agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/1017 (IO L 107, 26.3.2021, lch. 30).

(13)  Cinneadh (AE) 2021/764 ón gComhairle an 10 Bealtaine 2021 lena mbunaítear an Clár Sonrach lena gcuirtear chun feidhme Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2013/743/AE (IO LI 167, 12.5.2021, lch. 1).

(14)  Mar a shainmhínítear i bpointe (8) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2021/819.

(15)  Mar a shainmhínítear i bpointe (16) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2021/819.

(16)  Is creat beartais é HEInnovate a d’fhorbair an Coimisiún agus an Eagraíocht um Chomhar agus um Fhorbairt Eacnamaíochta (ECFE). Cuireann HEInnovate modheolaíocht ar fáil d’institiúidí ardoideachais chun réimsí cumais nuálaíochta a shainaithint ina bhféadfaí tuilleadh forbartha a dhéanamh agus chun straitéisí agus gníomhaíochtaí ábhartha a mhúnlú chun an tionchar inmhianaithe a bhaint amach. Tá HEInnovate bunaithe ar fhianaise mhodheolaíoch fhónta agus tá ocht réimse forbartha cumais ann: Ceannaireacht agus Rialachas; Claochlú Digiteach; Cumas Eagraíochtúil; Múineadh agus Foghlaim Fhiontraíoch; Fiontraithe a Ullmhú agus Tacú leo; Malartú Faisnéise; Idirnáisiúnú; agus Tionchar a Thomhas. Tá roinnt tuarascálacha tíre atá bunaithe ar HEInnovate foilsithe ag EFCE, féach an tsraith OECD Skills Studies [Staidéir Scileanna ECFE] ag https://www.oecd-ilibrary.org/education/

(17)  D’fhorbair an Coimisiún an creat um an Measúnú Réigiúnach ar an Tionchar Nuálaíochta (RIIA) mar chéad chéim chun treoir a thabhairt maidir le measúnuithe ar thionchar nuálaíochta ollscoileanna trí chás-staidéir atá bunaithe ar mhéadracht a mhionsaothrú. D’fhéadfaí nasc a dhéanamh idir an tionchar nuálaíochta, e.g. trí chreat RIIA, agus ionstraimí cistiúcháin nuálaíochta feidhmíochtbhunaithe ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal réigiúnach.

(18)  Rialachán (AE) 2021/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Erasmus+: Clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um an spórt agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 (féach leathanach 1 den Iris Oifigiúil seo).

(19)  Mar a shainmhínítear i bpointe (11) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2021/819.

(20)  Tugtar le chéile i bPobal Alumni EIT fiontraithe agus gníomhaithe don athrú a ghlac páirt i gclár oideachais nó fiontraíochta arna chur ar fáil ag PEN. Líonra de bhreis agus 5 000 comhalta atá sa Phobal.

(21)  Mar a shainmhínítear i bpointe (13) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2021/819.

(22)  Mar a shainmhínítear i bpointe (15) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2021/819.

(23)  Rialachán (AE) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Clár don Eoraip Dhigiteach agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2015/2240 (IO L 166, 11.5.2021, lch. 1).

(24)  Rialachán (AE) 2021/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Clár Eoraip na Cruthaitheachta (2021 go 2027) agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 1295/2013 (féach leathanach 34 den Iris Oifigiúil seo).

(25)  Rialachán (AE) 2021/690 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Clár don mhargadh inmheánach, d’iomaíochas fiontar, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide, do réimse na bplandaí, na n-ainmhithe, an bhia agus na beatha, agus don staidreamh Eorpach (Clár an Mhargaidh Aonair) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 99/2013, (AE) Uimh. 1287/2014, (AE) Uimh. 254/2014, (AE) Uimh. 652/2014 (IO L 153, 3.5.2021, lch. 1).

(26)  Baineann CCSInna leis na hearnálacha agus na tionscail ar fad a bhfuil a ngníomhaíochtaí bunaithe ar luachanna cultúrtha, ar an éagsúlacht chultúrtha agus ar léirithe ealaíonta agus cruthaitheachta aonair agus/nó comhchoiteanna, bíodh na gníomhaíochtaí sin dírithe ar an margadh nó ná bíodh, cibé an cineál struchtúir atá ann trína gcuirtear i gcrích iad, agus gan beann ar conas a mhaoinítear an struchtúr sin. Áirítear sna gníomhaíochtaí sin forbairt scileanna agus tallann lena bhféadfaí nuálaíocht a ghiniúint, rachmas agus poist a chruthú trí tháirgeacht luacha shóisialta agus eacnamaíoch, lena n-áirítear trí bhainistíocht maoine intleachtúla. Baineann na gníomhaíochtaí sin freisin le forbairt, táirgeadh, cruthú, scaipeadh agus caomhnú earraí agus seirbhísí a bhfuil léirithe cultúrtha, ealaíonta nó léirithe cruthaitheacha eile iontu, chomh maith le feidhmeanna gaolmhara amhail an t-oideachas nó an bhainistíocht. Áirítear ar na hearnálacha cultúir agus cruthaitheachta, inter alia, an ailtireacht, cartlanna, na healaíona, leabharlanna agus músaeim, ceardaíocht ealaíonta, closamharc (lena n-áirítear scannánaíocht, teilifís, bogearraí, físchluichí, ilmheáin agus ceol ar taifead), an oidhreacht chultúrtha inláimhsithe agus dholáimhsithe, dearadh, tionscail ardleibhéil atá bunaithe ar an gcruthaitheacht, agus faisean, féilte, ceol, litríocht, na taibh-ealaíona (lena n-airítear an amharclannaíocht agus an rince), leabhair agus foilsitheoireacht (nuachtáin agus irisí), an raidió agus na hamharc-ealaíona, agus fógraíocht.

(27)  Is ar an “gcuid chruthaitheach” is mó a dhírítear i léann an chultúir agus na cruthaitheachta in ollscoileanna na hEorpa agus ní i gcónaí a bhíonn a gcéimithe réidh le dul isteach sa mhargadh saothair nua-aimseartha toisc nach mbíonn scileanna trasearnála (scileanna fiontraíochta, digiteacha agus bainistíochta airgeadais) acu. I dtaca le hinstitiúidí ardoideachais, tá an tAontas ar gcúl ar Stáit Aontaithe Mheiriceá ó thaobh staidéir ar an gcumarsáid agus ar na meáin de (agus, ag an am céanna, tá ollscoileanna an Aontais ag feidhmiú níos fearr i ndisciplíní seanbhunaithe amhail ealaín agus dearadh nó na taibhealaíona).

(28)  Measúnú tionchair a ghabhann le teachtaireacht ón gCoimisiún an 17 Meán Fómhair 2020 maidir le Dlús a chur le huaillmhian aeráide na hEorpa do 2030, Infheistíocht i dtodhchaí aeráidneodrach ar son leas ár muintire.

(29)  Treoir (AE) 2020/2184 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le cáilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine (IO L 435, 23.12.2020, lch. 1).

(30)  Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht chomhphobail i réimse an bheartais comhshaoil mhuirí (an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí) (IO L 164, 25.6.2008, lch. 19).

(31)  Treoir 2014/89/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 lena mbunaítear creat do phleanáil spásúil mhuirí (IO L 257, 28.8.2014, lch. 135).

(32)  Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).


Top