Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D0793

Cinneadh (AE) 2021/793 ón gComhairle an 26 Márta 2021 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus Rialtas na Graonlainne agus Rialtas na Danmhairge, den pháirt eile, agus an Phrótacail Cur Chun Feidhme a ghabhann leis

ST/6565/2021/INIT

IO L 175, 18.5.2021, pp. 1–2 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/793/oj

Related international agreement

18.5.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 175/1


CINNEADH (AE) 2021/793 ÓN gCOMHAIRLE

an 26 Márta 2021

maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus Rialtas na Graonlainne agus Rialtas na Danmhairge, den pháirt eile, agus an Phrótacail Cur Chun Feidhme a ghabhann leis

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43, i gcomhar le hAirteagal 218(5) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 9 Nollaig 2019, thug an Chomhairle údarás don Choimisiún tús a chur le caibidlíocht le Rialtas na Graonlainne agus Rialtas na Danmhairge chun comhaontú comhpháirtíochta nua maidir le hiascaigh inbhuanaithe agus prótacal chur chun feidhme nua a ghabhann leis, a thabhairt i gcrích.

(2)

Tugadh an chaibidlíocht i gcrích go rathúil nuair a cuireadh inisealacha leis an gComhaontú Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus Rialtas na Graonlainne agus Rialtas na Danmhairge, den pháirt eile (“an Comhaontú Comhpháirtíochta”) agus leis an bPrótacal lena gcuirtear chun feidhme an Comhaontú Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus Rialtas na Graonlainne agus Rialtas na Danmhairge, den pháirt eile (“an Prótacal”) an 11 Eanáir 2021.

(3)

Leis an gComhaontú Comhpháirtíochta, aisghairtear an Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach de pháirt amháin, agus Rialtas na Danmhairge agus Rialtas Dúchais na Graonlainne, den pháirt eile (1), a tháinig i bhfeidhm an 28 Meitheamh 2007.

(4)

Is é is cuspóir don Chomhaontú Comhpháirtíochta agus don Phrótacal cur ar chumas an Aontais agus Rialtas na Danmhairge agus Rialtas na Graonlainne oibriú níos dlúithe chun forbairt an bheartais iascaigh inbhuanaithe a chur chun cinn, agus chun saothrú acmhainní iascaigh in uiscí na Graonlainne a chur chun cinn ar bhealach freagrach.

(5)

Chun tús dlúsúil le gníomhaíochtaí iascaireachta soithí de chuid an Aontais a áirithiú, agus i gcomhréir le hAirteagal 15 den Chomhaontú Comhpháirtíochta agus le hAirteagal 12 den Phrótacal, ba cheart an Comhaontú Comhpháirtíochta agus an Prótacal a chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach ó dháta a sínithe.

(6)

Dá bhrí sin, ba cheart an Comhaontú Comhpháirtíochta agus an Prótacal a shíniú agus a chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach, go dtí go gcomhlánófar na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh siad i bhfeidhm,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, údaraítear an Comhaontú Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus Rialtas na Graonlainne agus Rialtas na Danmhairge, den pháirt eile (“an Comhaontú Comhpháirtíochta”) agus an Prótacal lena gcuirtear chun feidhme an Comhaontú Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus Rialtas na Graonlainne agus Rialtas na Danmhairge, den pháirt eile (“an Prótacal”), a shíniú thar ceann an Aontais, faoi réir na ngníomhartha sin a thabhairt i gcrích (2).

Airteagal 2

Leis seo, údaraítear d’Uachtarán na Comhairle an duine/na daoine a ainmniú, a mbeidh sé de chumhacht aige/acu an Comhaontú Comhpháirtíochta agus an Prótacal a shíniú thar ceann an Aontais.

Airteagal 3

Cuirfear an Comhaontú Comhpháirtíochta i bhfeidhm ar bhonn sealadach, i gcomhréir le hAirteagal 15 de, amhail ó dháta a shínithe (3), go dtí go gcomhlánófar na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm.

Airteagal 4

Cuirfear an Prótacal i bhfeidhm ar bhonn sealadach, i gcomhréir le hAirteagal 12 de, amhail ó dháta a  (3) go dtí go gcomhlánófar na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm.

Airteagal 5

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 26 Márta 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. P. ZACARIAS


(1)   IO L 172, 30.6.2007, lch. 4.

(2)  Ní ann do théacsanna an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta ná an Phrótacail sa Ghaeilge.

(3)  Foilseoidh Ardrúnaíocht na Comhairle an dáta óna gcuirfear an Comhaontú Comhpháirtíochta agus an Prótacal i bhfeidhm go sealadach in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.


Top