This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021D0748
Council Decision (CFSP) 2021/748 of 6 May 2021 on the participation of Canada in the PESCO project Military Mobility
Cinneadh (CBES) 2021/748 ón gComhairle an 6 Bealtaine 2021 maidir le rannpháirtíocht Cheanada i dtionscadal “Soghluaisteacht Mhíleata” PESCO
Cinneadh (CBES) 2021/748 ón gComhairle an 6 Bealtaine 2021 maidir le rannpháirtíocht Cheanada i dtionscadal “Soghluaisteacht Mhíleata” PESCO
ST/7557/2021/INIT
IO L 160, 7.5.2021, p. 106–108
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
7.5.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 160/106 |
CINNEADH (CBES) 2021/748 ÓN gCOMHAIRLE
an 6 Bealtaine 2021
maidir le rannpháirtíocht Cheanada i dtionscadal “Soghluaisteacht Mhíleata” PESCO
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 46(6) de,
Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2017/2315 ón gComhairle an 11 Nollaig 2017 lena mbunaítear buanchomhar struchtúrtha (PESCO) agus lena gcinntear liosta na mBallstát rannpháirteach (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,
Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2020/1639 ón gComhairle an 5 Samhain 2020 lena mbunaítear na coinníollacha ginearálta faoina bhféadfaí cuireadh eisceachtúil a thabhairt do thríú Stáit a bheith rannpháirteach i dtionscadail aonair PESCO (2), agus go háirithe Airteagal 2(4) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Foráiltear le hAirteagal 9(2) de Chinneadh (CBES) 2017/2315 go bhfuil an Chomhairle chun a chinneadh, i gcomhréir le hAirteagal 46(6) den Chonradh, cé acu an gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann tríú Stát, ar Stát é ar mian leis na Ballstáit rannpháirteacha atá páirteach i dtionscadal cuireadh a thabhairt dó páirt a ghlacadh sa tionscadal sin, na ceanglais atá le bunú ag an gComhairle. |
(2) |
An 6 Márta 2018, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2018/340 (3). Foráiltear in Airteagal 1 den Chinneadh sin go ndéanfaidh 24 chomhalta an tionscadail, lena n-áirítear an Ísiltír ina cáil mar chomhordaitheoir tionscadail, tionscadal dar teideal “Soghluaisteacht Mhíleata” (“tionscadal ‘Soghluaisteacht Mhíleata’ PESCO”) a fhorbairt faoi PESCO. |
(3) |
An 5 Samhain 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/1639 lenar bunaíodh na coinníollacha ginearálta faoina bhféadfaí cuireadh eisceachtúil a thabhairt do thríú Stáit a bheith rannpháirteach i dtionscadail aonair PESCO. Foráiltear le hAirteagal 2(4) den Chinneadh sin go bhfuil an Chomhairle chun a chinneadh, bunaithe ar fhógra ó chomhordaitheoir nó ó chomhordaitheoirí thionscadal de chuid PESCO agus tar éis don Choiste Polaitiúil agus Slándála tuairim a thabhairt uaidh, i gcomhréir le hAirteagal 46(6) den Chonradh agus le hAirteagal 9(2) de Chinneadh (CBES) 2017/2315, cé acu an gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann rannpháirtíocht an tríú Stát sa tionscadal sin na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3 de Chinneadh (CBES) 2020/1639. |
(4) |
An 15 Feabhra 2021, chuir Ceanada chuig comhordaitheoir thionscadal “Soghluaisteacht Mhíleata” PESCO a iarraidh ar rannpháirtíocht sa tionscadal sin, i gcomhréir le hAirteagal 2(1) de Chinneadh (CBES) 2020/1639. Rinne comhaltaí an tionscadail measúnú ansin, ar bhonn na faisnéise a chuir Ceanada ar fáil, an gcomhlíonann sé na coinníollacha ginearálta, i gcomhréir le hAirteagal 2(2) den Chinneadh sin. |
(5) |
An 17 Márta 2021, thug comhordaitheoir thionscadal “Soghluaisteacht Mhíleata” PESCO fógra don Chomhairle agus d’Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, i gcomhréir le hAirteagal 2(3) de Chinneadh (CBES) 2020/1639, gur chomhaontaigh comhaltaí tionscadail an tionscadail sin d’aon toil ar an dáta sin gur mian leo cuireadh a thabhairt do Cheanada a bheith rannpháirteach sa tionscadal sin. Chomhaontaigh na comhaltaí tionscadail d’aon toil chomh maith maidir le raon feidhme, foirm agus céimeanna ábhartha rannpháirtíocht Cheanada sa tionscadal sin agus go gcomhlíonann Ceanada na coinníollacha ginearálta a leagtar amach in Airteagal 3 den Chinneadh sin. |
(6) |
An 30 Márta 2021, chomhaontaigh an Coiste Polaitiúil agus Slándála tuairim faoin bhfógra maidir leis an iarraidh ó Cheanada a bheith rannpháirteach i dtionscadal “Soghluaisteacht Mhíleata” PESCO. Go háirithe, thug an Coiste Polaitiúil agus Slándála dá aire an tuairisc ar an tionscadal sin de réir mar a fhoráiltear san fhógra, lena n-áirítear a chuspóirí, a eagrúchán agus an chinnteoireacht a bhaineann leis chomh maith leis na réimsí oibre a ndírítear orthu. Thug an Coiste Polaitiúil agus Slándála dá aire freisin nach gcomhroinntear aon fhaisnéis rúnaicmithe nó íogair de chuid an Aontais Eorpaigh laistigh den tionscadal sin, agus nach bhfuil an tionscadal á chur chun feidhme le tacaíocht ón nGníomhaireacht Eorpach um Chosaint de réir bhrí Airteagal 3(g) de Chinneadh (CBES) 2020/1639. Thairis sin, thug an Coiste Polaitiúil agus Slándála dá aire nach bhfuil soláthar armála, ná taighde agus forbairt cumais, ná úsáid agus onnmhairiú arm nó cumas agus teicneolaíochta i gceist le tionscadal “Soghluaisteacht Mhíleata” PESCO; agus nach bhfuil baint ag eintitis, infheistíochtaí ná ag cistiú ó Bhallstáit rannpháirteacha PESCO leis ná ag iarrataí ar chistiú ón Aontas le haghaidh gníomhaíochtaí tionscadail. |
(7) |
Ina thuairim uaidh, d’aontaigh an Coiste Polaitiúil agus Slándála freisin lena bhfuil beartaithe maidir le raon feidhme, an fhoirm agus méid rannpháirtíochta Cheanada i dtionscadal “Soghluaisteacht Mhíleata” PESCO, de réir mar a thuairiscítear san fhógra iad. D’admhaigh sé go raibh sé curtha in iúl ag Ceanada go dtacaíonn sé go hiomlán le raon feidhme an tionscadail sin mar a shainítear san fhógra é. |
(8) |
Sa tuairim chéanna, dhearbhaigh an Coiste Polaitiúil agus Slándála an tuairim arna comhaontú d’aon toil ag comhaltaí thionscadal “Soghluaisteacht Mhíleata” PESCO go gcomhlíonann Ceanada na coinníollacha ginearálta a leagtar amach in Airteagal 3 de Chinneadh (CBES) 2020/1639, mar a leanas:
|
(9) |
Mhol an Coiste Polaitiúil agus Slándála ina thuairim uaidh an 30 Márta 2021, go ndéanfadh an Chomhairle cinneadh dearfach i dtaobh an gcomhlíonann rannpháirtíocht Cheanada i dtionscadal “Soghluaisteacht Mhíleata” PESCO na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3 de Chinneadh (CBES) 2020/1639. |
(10) |
Ba cheart don Chomhairle, dá bhrí sin, cinneadh a dhéanamh go gcomhlíonann rannpháirtíocht Cheanada i dtionscadal “Soghluaisteacht Mhíleata” PESCO na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3 de Chinneadh (CBES) 2020/1639. Dá éis sin, tá comhordaitheoir an tionscadail le cuireadh a sheoladh chuig Ceanada chun páirt a ghlacadh sa tionscadal sin, thar ceann chomhaltaí an tionscadail. Tosóidh Ceanada le bheith rannpháirteach sa tionscadal sin ar an dáta a shonraítear sa socrú riaracháin atá le déanamh ag comhaltaí an tionscadail agus ag Ceanada, i gcomhréir le hAirteagal 2(7) de Chinneadh (CBES) 2020/1639, agus na cearta agus na hoibleagáidí arna gcinneadh sa socrú riaracháin sin le bheith ag Ceanada, i gcomhréir le hAirteagal 4(1) den Chinneadh sin. Feidhmeoidh an Chomhairle a maoirseacht i gcomhréir le hAirteagal 5(2) de Chinneadh (CBES) 2020/1639, agus i gcás imthosca dá dtagraítear in Airteagal 6(2) nó (3) den Chinneadh sin, féadfaidh an Chomhairle cinntí breise a dhéanamh, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Comhlíonann rannpháirtíocht Cheanada i dtionscadal “Soghluaisteacht Mhíleata” PESCO na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3 de Chinneadh (CBES) 2020/1639.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 6 Bealtaine 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) IO L 331, 14.12.2017, lch. 57.
(2) IO L 371, 6.11.2020, lch. 3.
(3) Cinneadh (CBES) 2018/340 ón gComhairle an 6 Márta 2018 lena mbunaítear liosta na dtionscadal atá le forbairt faoi PESCO (IO L 65, 8.3.2018, lch. 24).
(4) Comhaontú idir Ceanada agus an tAontas Eorpach maidir le nósanna imeachta slándála le haghaidh malartú agus cosaint faisnéise rúnaicmithe (IO L 333, 15.12.2017, lch. 2).
(5) Cinneadh (CBES) 2018/909 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2018 lena mbunaítear sraith choiteann rialacha rialachais do thionscadail PESCO (IO L 161, 26.6.2018, lch. 37).