This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021D0727
Council Decision (EU) 2021/727 of 29 April 2021 on the submission, on behalf of the European Union, of proposals to amend Annexes A and B to the Minamata Convention on Mercury, regarding mercury-added products and manufacturing processes in which mercury or mercury compounds are used
Cinneadh (AE) 2021/727 ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 maidir le tograí a thíolacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, chun Iarscríbhinní A agus B a ghabhann le Coinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair, a bhaineann le táirgí ar cuireadh mearcair leo agus próisis mhonaraithe ina n-úsáidtear mearcair nó comhdhúile mearcair, a leasú
Cinneadh (AE) 2021/727 ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 maidir le tograí a thíolacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, chun Iarscríbhinní A agus B a ghabhann le Coinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair, a bhaineann le táirgí ar cuireadh mearcair leo agus próisis mhonaraithe ina n-úsáidtear mearcair nó comhdhúile mearcair, a leasú
ST/7534/2021/INIT
IO L 155, 5.5.2021, p. 23–25
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
5.5.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 155/23 |
CINNEADH (AE) 2021/727 ÓN gCOMHAIRLE
an 29 Aibreán 2021
maidir le tograí a thíolacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, chun Iarscríbhinní A agus B a ghabhann le Coinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair, a bhaineann le táirgí ar cuireadh mearcair leo agus próisis mhonaraithe ina n-úsáidtear mearcair nó comhdhúile mearcair, a leasú
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Thug an tAontas Coinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair (an “Coinbhinsiún”) i gcrích le Cinneadh (AE) 2017/939 ón gComhairle (1) agus tháinig sé i bhfeidhm an 16 Lúnasa 2017. |
(2) |
De bhun Chinneadh MC-1/1 maidir le Rialacha Nós Imeachta, arna ghlacadh ag Comhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún (“COP”) ag a céad chruinniú, ba cheart do na Páirtithe sa Choinbhinsiún (“na Páirtithe”) gach iarracht a dhéanamh teacht, de chomhthoil, ar chomhaontú maidir le gach ábhar substainteach. |
(3) |
De bhun Airteagail 4(8) agus 5(10) den Choinbhinsiún, ba cheart do COP athbhreithniú a dhéanamh, faoin 16 Lúnasa 2022, ar Iarscríbhinní A agus B, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh: na tograí a thíolaic na Páirtithe de bhun Airteagail 4(7) agus 5(9) den Choinbhinsiún, an fhaisnéis arna soláthar ag Rúnaíocht an Choinbhinsiúin (an “Rúnaíocht”) de bhun Airteagail 4(4) agus 5(4) den Choinbhinsiún, agus an fháil atá ag na Páirtithe ar roghanna eile saor ó mhearcair atá ar fáil go teicniúil agus go heacnamaíoch, agus na rioscaí agus na tairbhí don chomhshaol agus do shláinte an duine á meas ag an am céanna. |
(4) |
Rannchuidigh an tAontas go mór le forbairt fhorálacha an Chomhaontaithe a bhaineann le táirgí ar cuireadh mearcair leo agus próisis monarúcháin ina n-úsáidtear mearcair nó comdhúilí mearcair (“próisis mhearcair”), agus leis an obair shaineolach idirsheisiúnach ábhartha arna seoladh le Cinneadh MC-3/1, ar cinneadh é a glacadh ag COP ag a thríú cruinniú. |
(5) |
Le hIarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), lena dtrasuitear Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gComhaontú i ndlí an Aontais, cumhdaítear táirgí breise ar cuireadh mearcair leo, agus tá táirgí eile ar cuireadh mearcair leo faoi réir toirmisc faoina gcur ar an margadh inmheánach faoi reachtaíocht an Aontais. |
(6) |
Tá sé mar aidhm leis na tograí chun Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a leasú a raon feidhme a leathnú chuig táirgí breise ar cuireadh mearcair leo agus dátaí céimnithe amach nó bearta rialaithe mearcair ag gabháil leo. |
(7) |
In Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/852 lena dtrasuitear Iarscríbhinn B a ghabhann leis an gComhaontú i ndlí an Aontais, cumhdaítear próisis bhreise mhearcair agus leagtar síos dátaí céimnithe amach maidir leis na próisis uile lena mbaineann. |
(8) |
Tá sé mar aidhm leis an togra chun Iarscríbhinn B a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a leasú a raon feidhme a leathnú trí dháta céimnithe amach a thabhairt isteach do phróiseas mearcair a chumhdaítear leis an Iarscríbhinn sin. |
(9) |
I gcomhréir le hAirteagal 26(2) agus le hAirteagal 27 den Choinbhinsiún, ba cheart don Rúnaíocht téacs aon leasaithe atá molta a chur in iúl do na Páirtithe 6 mhí, ar a laghad, roimh an gcruinniú de COP ag a mholtar é a ghlacadh. Ba cheart don Rúnaíocht an leasú atá molta a chur in iúl do shínitheoirí an Choinbhinsiúin seo agus, mar eolas, do Thaiscí an Choinbhinsiúin. Ós rud é go mbeidh an ceathrú cruinniú de COP ar siúl an 1-5 Samhain 2021, ba cheart don Aontas a thograí chun Iarscríbhinní A agus B a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a leasú a thíolacadh don Rúnaíocht faoin 30 Aibreán 2021, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Tíolacfaidh an tAontas tograí chun Iarscríbhinní A agus B a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a leasú, mar a leagtar amach iad san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Cuirfidh an Coimisiún na tograí sin in iúl do Rúnaíocht an Choinbhinsiúin thar ceann an Aontais.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Aibreán 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. P. ZACARIAS
(1) Cinneadh (AE) 2017/939 ón gComhairle an 11 Bealtaine 2017 maidir le Coinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair a thabhairt i gcrích (IO L 142, 2.6.2017, lch. 4).
(2) Rialachán (AE) 2017/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 maidir le mearcair, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1102/2008 (IO L 137, 24.5.2017, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
I. LEASUITHE ATÁ MOLTA AR CHUID I d’IARSCRÍBHINN A A GHABHANN LEIS AN gCOINBHINSIÚN
Molann an tAontas na hiontrálacha nua seo a leanas a chur le Cuid I d’Iarscríbhinn A:
Táirgí ar cuireadh mearcair leo |
An dáta nach gceadófar monarú, allmhairiú ná onnmhairiú an táirge ina dhiaidh (dáta céimnithe amach) |
||||
“Ceallraí ocsaíde airgid since de chineál cnaipe ina bhfuil cion mearcair < 2 %, agus ceallraí aeir since de chineál cnaipe ina bhfuil cion mearcair < 2 % |
2023 |
||||
Lampaí fluaraiseacha líneacha (LFLanna) fosfair halafosfáite do ghnáthshoilsiú |
2023 |
||||
Na feistí tomhais neamhleictreonacha seo a leanas
|
2023 |
||||
Na feistí tomhais leictreacha agus leictreonacha seo a leanas:
|
2023 |
||||
Polúireatán, lena n-áirítear ceanastair chun polúireatán a leathadh |
2023” |
II. LEASUITHE ATÁ MOLTA AR CHUID II d’IARSCRÍBHINN A A GHABHANN LEIS AN gCOINBHINSIÚN
Molann an tAontas an téacs seo a leanas a chur le Cuid II d’Iarscríbhinn A:
“Faoin 1 Eanáir 2024, déanfaidh na Páirtithe an méid seo a leanas:
|
III. LEASÚ ATÁ MOLTA AR IARSCRÍBHINN B A GHABHANN LEIS AN gCOINBHINSIÚN
Molann an tAontas an iontráil seo a leanas a chur le Cuid I a ghabhann le hIarscríbhinn B:
Próiseas monaraithe ina n-úsáidtear mearcair nó comhdhúile mearcair |
Dáta céimnithe amach |
“Táirgeadh polúireatáin ag úsáid catalaígh ina bhfuil mearcair |
2023” |
(1) Meastar capsúil mhalgaim amhail iad sin a thuairiscítear sna caighdeáin idirnáisiúnta ISO 13897:2018 agus 24234:2015 a bheith oiriúnach lena n-úsáid ag cleachtóirí fiaclóireachta.
(2) Bunófar comhlíontacht deighilteoirí malgaim ar chaighdeáin idirnáisiúnta ábhartha, lena n-áirítear ISO 11143:2008.””