Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D0592

    Cinneadh (AE) 2021/592 ón gComhairle an 7 Aibreán 2021 maidir le togra a thíolacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, chun clóirpireafos a liostú in Iarscríbhinn A a ghabhann le Coinbhinsiún Stócólm ar Thruailleáin Orgánacha Mharthanacha

    ST/6921/2021/INIT

    IO L 125, 13.4.2021, p. 52–53 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/592/oj

    13.4.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 125/52


    CINNEADH (AE) 2021/592 ÓN gCOMHAIRLE

    an 7 Aibreán 2021

    maidir le togra a thíolacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, chun clóirpireafos a liostú in Iarscríbhinn A a ghabhann le Coinbhinsiún Stócólm ar Thruailleáin Orgánacha Mharthanacha

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 14 Deireadh Fómhair 2004, trí bhíthin Chinneadh 2006/507/CE ón gComhairle rinne an Comhphobal Eorpach Coinbhinsiún Stócólm ar Thruailleáin Orgánacha Mharthanacha (“an Coinbhinsiún”) a fhormheas (1).

    (2)

    Ina cháil mar Pháirtí sa Choinbhinsiún, tá an tAontas in ann tograí a thíolacadh chun na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a leasú. Liostaítear in Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún ceimiceáin atá le díothú.

    (3)

    De réir na faisnéise eolaíche agus na dtuarascálacha athbhreithnithe atá ar fáil, agus aird chuí á tabhairt ar na critéir scagtha a leagtar amach in Iarscríbhinn D a ghabhann leis an gCoinbhinsiún, baineann saintréithe truailleáin orgánaigh mharthanaigh le clóirpireafos.

    (4)

    Níl clóirpireafos formheasta mar shubstaint ghníomhach de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus, dá bhrí sin, ní cheadaítear é a chur ar an margadh ná a úsáid san Aontas i dtáirgí cosanta plandaí. Freisin, níl clóirpireafos formheasta mar shubstaint ghníomhach de bhun Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus, dá bhrí sin, ní cheadaítear é a chur ar an margadh ná a úsáid san Aontas i dtáirgí bithicídeacha. Ina theannta sin, níl clóirpireafos cláraithe le haghaidh aon úsáid eile i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus, dá bhrí sin, ní cheadaítear é a mhonarú ná a chur ar an margadh san Aontas le haghaidh na húsáide eile sin i gcainníochtaí arb ionann iad agus 1 tona amháin nó níos mó in aghaidh na bliana in aghaidh an mhonaróra nó an allmhaireora.

    (5)

    Cé go bhfuil deireadh curtha le húsáid chlóirpireafos san Aontas de réir a chéile, is cosúil go bhfuil sé fós in úsáid mar lotnaidicíd agus go scaiptear é sa chomhshaol lasmuigh den Aontas. De bharr an phoitéinsil atá ann d’iompar comhshaoil fadraoin an chlóirpireafos, ní leor na bearta a ghlactar go náisiúnta ná ar leibhéal an Aontais chun an t-ardleibhéal cosanta don chomhshaol agus do shláinte an duine a chosaint. Tá gá le gníomhaíocht idirnáisiúnta is leithne dá bhrí sin.

    (6)

    Dá bhrí sin, ba cheart don Aontas togra a thíolacadh chuig Rúnaíocht an Choinbhinsiúin chun clóirpireafos a liostú in Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Tíolacfaidh an tAontas togra chun clóirpireafos a liostú (Uimh. CAS: 2921-88-2, Uimh. CE 220-864-4) in Iarscríbhinn A a ghabhann le Coinbhinsiún Stócólm ar Thruailleáin Orgánacha Mharthanacha.

    Déanfaidh an Coimisiún, thar ceann an Aontais, an togra dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur in iúl do Rúnaíocht an Choinbhinsiúin leis an bhfaisnéis go léir a cheanglaítear faoi Iarscríbhinn D a ghabhann leis an gCoinbhinsiún.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar an lá a ghlacfar é.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 7 Aibreán 2021.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    A. P. ZACARIAS


    (1)  Cinneadh 2006/507/CE ón gComhairle an 14 Deireadh Fómhair 2004 a bhaineann le tabhairt i gcrích, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, Choinbhinsiún Stócólm ar Thruailleáin Orgánacha Mharthanacha (IO L 209, 31.7.2006, lch. 1).

    (2)  Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 309, 24.11.2009, lch. 1).

    (3)  Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (IO L 167, 27.6.2012, lch. 1).

    (4)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).


    Top