Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D0583

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/583 ón gCoimisiún an 9 Aibreán 2021 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1073 maidir le coibhéis margaí conartha ainmnithe i Stáit Aontaithe Mheiriceá i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2021/2288

    IO L 124, 12.4.2021, p. 116–118 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2021/583/oj

    12.4.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 124/116


    CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/583 ÓN gCOIMISIÚN

    an 9 Aibreán 2021

    lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1073 maidir le coibhéis margaí conartha ainmnithe i Stáit Aontaithe Mheiriceá i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (1), agus go háirithe Airteagal 2a(2) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    I gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1073 ón gCoimisiún (2), chinn an Coimisiún go n-áirithítear leis an gcreat dlíthiúil agus maoirseachta is infheidhme maidir le margaí conartha ainmnithe i Stáit Aontaithe Mheiriceá (SAM), faoi fhormhaoirseacht rialála Choimisiún na Trádála i dTodhchaíochtaí Tráchtearraí, go gcomhlíonann margaí conartha ainmnithe na ceanglais atá ceangailteach ó thaobh dlí, ar ceanglais iad atá coibhéiseach leis na ceanglais a bhfuil feidhm acu i dtaca le margaí rialáilte san Aontas, agus go bhfuil na margaí conartha ainmnithe sin faoi réir maoirseacht agus forfheidhmiú éifeachtach ar bhonn leanúnach.

    (2)

    Ó glacadh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1073, tá údarú faighte ag roinnt margaí conartha ainmnithe breise atá bunaithe i SAM ó Choimisiún na Trádála i dTodhchaíochtaí Tráchtearraí maidir le trádáil díorthach. I bhfianaise na faisnéise a fuarthas ó Choimisiún na Trádála i dTodhchaíochtaí Tráchtearraí, comhlíonann na margaí conartha ainmnithe breise sin na ceanglais atá ceangailteach ó thaobh dlí, ar ceanglais iad atá coibhéiseach leis na ceanglais le haghaidh mhargaí rialáilte an Aontais a leagtar síos i dTeideal III de Threoir 2014/65/AE (3). Ina theannta sin, tá deireadh curtha le húdarú roinnt margaí conartha ainmnithe dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1073 ag na margaí féin nó tá a gcuid ainmneacha leasaithe acu. Ba cheart, dá bhrí sin, an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1073 a leasú dá réir.

    (3)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste Eorpach um Urrúis,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Cuirtear an téacs atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1073.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 9 Aibreán 2021.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 201, 27.7.2012, lch. 1.

    (2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1073 ón gCoimisiún an 1 Iúil 2016 maidir le coibhéis margaí conartha ainmnithe i Stáit Aontaithe Mheiriceá i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 178, 2.7.2016, lch. 24).

    (3)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (athmhúnlú) (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).


    IARSCRÍBHINN

    IARSCRÍBHINN

    Margaí conartha ainmnithe i Stáit Aontaithe Mheiriceá dá dtagraítear in Airteagal 1:

    (a)

    Bitnomial Exchange, LLC

    (b)

    Cantor Futures Exchange, L.P.

    (c)

    Cboe Futures Exchange, LLC

    (d)

    Chicago Board of Trade (Board of Trade of the City of Chicago, Inc.)

    (e)

    Chicago Mercantile Exchange, Inc.

    (f)

    Commodity Exchange, Inc.

    (g)

    ELX Futures, L.P.

    (h)

    Eris Exchange, LLC

    (i)

    ICE Futures U.S., Inc.

    (j)

    KalshiEX, LLC

    (k)

    LedgerX, LLC

    (l)

    LMX Labs, LLC

    (m)

    Minneapolis Grain Exchange, Inc.

    (n)

    New York Mercantile Exchange, Inc.

    (o)

    Nodal Exchange, LLC

    (p)

    North American Derivatives Exchange, Inc.

    (q)

    OneChicago LLC

    (r)

    Small Exchange, Inc

    (s)

    TrueEX LLC


    Top