Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D0524

Cinneadh (AE) 2021/524 ón gComhairle an 22 Márta 2021 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Pacastáine de bhun Airteagal XXVIII de Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (CGTT) 1994 a bhaineann le modhnú lamháltas ar na cuótaí ráta taraife go léir a áirítear i Sceideal CLXXV an Aontais Eorpaigh de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach

ST/6517/2021/INIT

IO L 106, 26.3.2021, p. 1–2 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/524/oj

26.3.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 106/1


CINNEADH (AE) 2021/524 ÓN gCOMHAIRLE

an 22 Márta 2021

maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Pacastáine de bhun Airteagal XXVIII de Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (CGTT) 1994 a bhaineann le modhnú lamháltas ar na cuótaí ráta taraife go léir a áirítear i Sceideal CLXXV an Aontais Eorpaigh de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4) de, i gcomhar le hAirteagal 218(5) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 15 Meitheamh 2018, d’údaraigh an Chomhairle don Choimisiún tús a chur leis an gcaibidlíocht de bhun Airteagal XXVIII de Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (CGTT) 1994 maidir le cionroinnt na gcuótaí ráta taraife a chuimsítear i Sceideal CLXXV an Aontais Eorpaigh de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas.

(2)

Tugadh an chaibidlíocht leis an bPacastáin i gcrích agus inisilíodh Comhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Pacastáine de bhun Airteagal XXVIII de Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (CGTT) 1994 an 25 Eanáir 2021, a bhaineann le modhnú lamháltas ar na cuótaí ráta taraife go léir a áirítear i Sceideal CLXXV an Aontais Eorpaigh de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach (an “Comhaontú”).

(3)

Ba cheart an Comhaontú a shíniú,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Údaraítear leis seo, thar ceann an Aontais, síniú an Chomhaontaithe i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Pacastáine de bhun Airteagal XXVIII de Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (CGTT) 1994 a bhaineann le modhnú lamháltas ar na cuótaí ráta taraife go léir a áirítear i Sceideal CLXXV an Aontais Eorpaigh de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach, faoi réir thabhairt i gcrích an Chomhaontaithe sin (1).

Airteagal 2

Údaraítear leis seo d’Uachtarán na Comhairle an duine nó na daoine a ainmniú atá cumhachtaithe an Comhaontú a shíniú, thar ceann an Aontais.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Márta 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Foilseofar téacs an Chomhaontuithe in éineacht leis an gcinneadh maidir lena thabhairt i gcrích.


Top