Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D0486

    Cinneadh (AE) 2021/486 ón gComhairle an 15 Feabhra 2021 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa nós imeachta i scríbhinn ag Rannpháirtithe sa Tuiscint Earnála maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin le haghaidh Aerárthaí Sibhialta atá in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Socrú maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil a mhéid a bhaineann leis an Líne Choiteann maidir le haisíocaíocht phríomhshuim na hiasachta a chur siar go sealadach

    ST/5327/2021/INIT

    IO L 100, 23.3.2021, p. 11–12 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 23/03/2021

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/486/oj

    23.3.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 100/11


    CINNEADH (AE) 2021/486 ÓN gCOMHAIRLE

    an 15 Márta 2021

    maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa nós imeachta i scríbhinn ag Rannpháirtithe sa Tuiscint Earnála maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin le haghaidh Aerárthaí Sibhialta atá in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Socrú maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil a mhéid a bhaineann leis an Líne Choiteann maidir le haisíocaíocht phríomhshuim na hiasachta a chur siar go sealadach

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe don chéad fhomhír d’Airteagal 207(4), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Tá feidhm san Aontas ag na treoirlínte atá sa Socrú maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil, lena n-áirítear an Tuiscint Earnála maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin le haghaidh Aerárthaí Sibhialta (“Tuiscint Earnála maidir le hAerárthaí”) atá in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Socrú, de bhua Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).

    (2)

    De bhun Airteagal 28 den Tuiscint Earnála maidir le hAerárthaí, díríter moltaí maidir le Líne Choiteann chuig Rúnaíocht na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta.

    (3)

    Tá tionscal na heitlíochta sibhialta buailte go trom mar thoradh ar phaindéim COVID-19 agus ar an ngéarchor eacnamaíoch a d’eascair aisti, ar tionscal é a bhfuil a ghnó faoi bhagairt ag na fadhbanna leachtachta gearrthéarmacha atá ag oibreoirí aerárthaí agus ceannaitheoirí aerárthaí agus inneall nua. I bhfianaise an choir chun donais eacnamaíoch atá ann faoi láthair agus atá ag géarú agus d'fhonn tromchúis an tionchair atá aige a laghdú, ba cheart don Aontas Line Choiteann a mholadh maidir le haisíocaíocht phríomhshuim na hiasachta a chur síar go sealadach i gcás ceannaitheoirí aerárthaí agus inneall nua (“an Líne Choiteann mholta”).

    (4)

    I gcomhréir le Cuid 4, Roinn 3 den Tuiscint Earnála maidir le hAerárthaí, tá Rannpháirtithe na Tuisceana Earnála maidir le hAerárthaí le cinneadh a dhéanamh, trí nós imeachta i scríbhinn, maidir leis an Líne Choiteann mholta.

    (5)

    Leis an Líne Choiteann mholta, cheadófaí do cheannaitheoirí aerárthaí nua mar a shainmhínítear in Airteagal 8 a) 1) den Tuiscint Earnála maidir le hAerárthaí, agus do cheannaitheoirí innill spártha agus páirteanna spártha mar a shainmhínítear in Airteagal 20 a), b) agus c) de, aisíocaíocht phríomhshuim na hiasachta a chur siar ar feadh 12 mhí tar éis sheachadadh na n-earraí ceannaithe, nó, má chomhlíontar coinníollacha áirithe, ar feadh 18 mí tar éis sheachadh na n-earraí ceannaithe.

    (6)

    Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais a mhéid a bhaineann leis an Líne Choiteann mholta sa nós imeachta i scríbhinn ag Rannpháirtithe na Tuisceana Earnála maidir le hAerárthaí, a bhunú, mar go mbeidh an Líne Choiteann mholta, tráth a mbeidh sí comhaontaithe, ina ceangal i leith an Aontais agus beidh sí in ann tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar dhlí an Aontais, eadhon Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa nós imeachta i scríbhinn ag Rannpháirtithe sa Tuiscint Earnála maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin le haghaidh Aerárthaí Sibhialta atá in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Socrú maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil a mhéid a bhaineann leis an Líne Choiteann maidir le haisíocaíocht phríomhshuim na hiasachta a chur siar go sealadach, beidh sé bunaithe ar an dréacht-Líne Choiteann mholta (*1).

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 15 Márta 2021.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    A. P. ZACARIAS


    (1)  Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le treoirlínte áirithe a chur i bhfeidhm i réimse na gcreidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2001/76/CE ón gComhairle agus Cinneadh 2001/77/CE ón gComhairle (IO L 326, 8.12.2011, lch. 45).

    (*1)  Féach doiciméad ST 5390/21 ar http://register.consilium.europa.eu.


    Top