Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D0482

    Cinneadh (CBES) 2021/482 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena leasaítear Cinneadh 2013/184/CBES maidir le bearta sriantacha i gcoinne Mhaenmar/Burma

    ST/6789/2021/INIT

    IO L 99I, 22.3.2021, p. 37–39 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/482/oj

    22.3.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    LI 99/37


    CINNEADH (CBES) 2021/482 ÓN gCOMHAIRLE

    an 22 Márta 2021

    lena leasaítear Cinneadh 2013/184/CBES maidir le bearta sriantacha i gcoinne Mhaenmar/Burma

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 22 Aibreán 2013, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2013/184/CBES (1) a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Mhaenmar/Burma.

    (2)

    An 22 Feabhra 2021, ghlac an Chomhairle conclúidí inar cháin sí go géar an coup míleata a rinneadh i Maenmar/Burma an 1 Feabhra 2021. D'iarr sí go mbainfear an lasóg de bharrach na géarchéime trí dheireadh a chur, láithreach bonn, leis an staid éigeandála, tríd an rialtas sibhialta dlisteanach a athbhunú agus tríd an bparlaimint nuathofa a oscailt.

    (3)

    D'iarr an Chomhairle freisin ar na húdaráis mhíleata an tUachtarán, an Comhairleoir Stáit agus gach duine a coinníodh nó a gabhadh i dtaca leis an coup a scaoileadh saor. D'áitigh an Chomhairle nach mór an teileachumarsáid gan bhac a áirithiú, an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, an tsaoirse comhlachais agus an tsaoirse comhthionóil, agus rochtain ar fhaisnéis a ráthú, agus an smacht reachta agus cearta an duine a urramú. Cháin sí an chos ar bolg míleata agus póilíneachta i gcoinne léirsitheoirí síochánta, agus ag an am céanna d'iarr sí ar na húdaráis an ghuaim is mó is féidir a choinneáil orthu féin agus d'iarr sí ar gach taobh staonadh ón bhforéigean i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta.

    (4)

    Cuireadh i bhfios go láidir sna conclúidí ón gComhairle go bhfuil an tAontas ullamh bearta sriantacha a ghlacadh mar fhreagairt ar an coup míleata.

    (5)

    I bhfianaise thromchúis na staide, measann an Chomhairle gur cheart na critéir ainmniúcháin a leasú ionas go bhféadfaí bearta sriantacha spriocdhírithe a chur i bhfeidhm i gcoinne daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí a mbaineann a ngníomhaíochtaí an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma chomh maith le daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí atá faoi úinéireacht nó faoi rialú Fhórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw), nó a ghineann ioncam thar a gceann, a chuireann tacaíocht ar fáil dóibh, nó a bhaineann tairbhe astu, agus ar an gcaoi sin a rannchuidíonn le, nó a bhaineann tairbhe as, gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn den daonlathas agus den smacht reachta nó le sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine i Maenmar/Burma.

    (6)

    Agus an staid i Maenmar/Burma á cur san áireamh, is iomchuí teideal Chinneadh 2013/184/CBES a leasú.

    (7)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2013/184/CBES a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Cinneadh 2013/184/CBES mar a leanas:

    (1)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

    ‘Cinneadh 2013/184/CBES ón gComhairle maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Maenmar/Burma’;

    (2)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5(1):

    ‘Airteagal 5

    1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun teacht isteach ina gcríocha, nó chun idirthuras trína gcríocha, a chosc i leith na ndaoine seo a leanas:

    (a)

    daoine nádúrtha ó Fhórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw), ó Fhórsa Póilíneachta Mhaenmar agus ó Phóilíní an Gharda Teorann atá freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine i Maenmar/Burma;

    (b)

    daoine nádúrtha a mbaineann a mbearta, a mbeartais nó a ngníomhaíochtaí an bonn den daonlathas nó den smacht reachta i Maenmar/Burma, nó a bhíonn i mbun bearta, nó a thugann tacaíocht do bhearta, a chuireann síocháin, slándáil nó cobhsaíocht Mhaenmar/Burma i mbaol;

    (c)

    daoine nádúrtha ó Fhórsa Armtha Mhaenmar (Tatmadaw), ó Fhórsa Póilíneachta Mhaenmar agus ó Phóilíní an Gharda Teorann atá freagrach as bac a chur ar chúnamh daonnúil a sholáthar do shibhialtaigh atá ina ghátar;

    (d)

    daoine nádúrtha ó Fhórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw), ó Fhórsa Póilíneachta Mhaenmar agus ó Phóilíní an Gharda Teorann atá freagrach as bac a chur ar imscrúduithe neamhspleácha ar sháruithe nó mí-úsáidí thromchúiseacha a líomhnaítear maidir le cearta an duine; nó

    (e)

    daoine nádúrtha a bhaineann leis na daoine nádúrtha dá dtagraítear i bpointí (a) go (d),

    mar a liostaítear san Iarscríbhinn iad.’;

    (3)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6(1):

    ‘Airteagal 6

    1.   Cistí agus acmhainní eacnamaíocha ar leo seo a leanas iad, nó atá faoina n-úinéireacht, ina seilbh nó faoina rialú:

    (a)

    daoine nádúrtha ó Fhórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw), ó Fhórsa Póilíneachta Mhaenmar agus ó Phóilíní an Gharda Teorann atá freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine i Maenmar/Burma;

    (b)

    daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a mbaineann a mbearta, a mbeartais nó a ngníomhaíochtaí an bonn den daonlathas nó den smacht reachta i Maenmar/Burma, nó a bhíonn i mbun bearta, nó a thugann tacaíocht do bhearta, a chuireann síocháin, slándáil nó cobhsaíocht Mhaenmar/Burma i mbaol;

    (c)

    daoine nádúrtha ó Fhórsa Armtha Mhaenmar (Tatmadaw), ó Fhórsa Póilíneachta Mhaenmar agus ó Phóilíní an Gharda Teorann atá freagrach as bac a chur ar chúnamh daonnúil a sholáthar do shibhialtaigh atá ina ghátar;

    (d)

    daoine nádúrtha ó Fhórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw), ó Fhórsa Póilíneachta Mhaenmar agus ó Phóilíní an Gharda Teorann atá freagrach as bac a chur ar imscrúduithe neamhspleácha ar sháruithe tromchúiseacha nó mí-úsáidí thromchúiseacha a líomhnaítear maidir le cearta an duine;

    (e)

    daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá faoi úinéireacht nó faoi rialú Fhórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw), nó a ghineann ioncam thar a gceann, a chuireann tacaíocht ar fáil dóibh, nó a bhaineann tairbhe astu; nó

    (f)

    daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhaineann leo siúd dá dtagraítear i bpointí (a) go (e),

    mar a liostaítear san Iarscríbhinn iad, déanfar iad a chalcadh.’;

    (4)

    Cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

    ‘Airteagal 6a

    1.   De mhaolú ar Airteagal 6(1) agus (2), féadfaidh údaráis inniúla Ballstáit a údarú go scaoilfear cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe ar le duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostaítear san Iarscríbhinn iad, nó go gcuirfear cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe ar fáil do dhuine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostaítear san Iarscríbhinn, faoi cibé coinníollacha a mheasfaidh na húdaráis inniúla is iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh go bhfuil gá le cistí nó acmhainní eacnamaíocha den sórt sin a sholáthar chun críocha daonnúla, amhail cúnamh a chur ar fáil nó cur ar fáil cúnaimh a éascú, lena n-áirítear soláthairtí leighis, agus bia, d'aistriú oibrithe daonnúla agus cúnaimh ghaolmhair nó le haghaidh aslonnaithe ó Mhaenmar/Bhurma.

    2.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann aon údarú arna dheonú faoin Airteagal seo in iúl do na Ballstáit eile agus don Choimisiún laistigh de 4 seachtaine ón údarú.’.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Márta 2021

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    J. BORRELL FONTELLES


    (1)  Cinneadh 2013/184/CBES ón gComhairle an 22 Aibreán 2013 maidir le bearta sriantacha i gcoinne Mhaenmar/Burma agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2010/232/CBES (IO L 111, 23.4.2013, lch. 75)


    Top