EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D0366

Cinneadh (AE) 2021/366 ón gComhairle an 22 Feabhra 2021 maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, sa Ghrúpa Saineolaithe um an gComhaontú Eorpach maidir le hobair foirne feithiclí ag gabháil d’iompar idirnáisiúnta de bhóthar (AETR) agus sa Mheitheal um Iompar de Bhóthar de Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip

IO L 70, 1.3.2021, p. 12–14 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/366/oj

1.3.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 70/12


CINNEADH (AE) 2021/366 ÓN gCOMHAIRLE

an 22 Feabhra 2021

maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, sa Ghrúpa Saineolaithe um an gComhaontú Eorpach maidir le hobair foirne feithiclí ag gabháil d’iompar idirnáisiúnta de bhóthar (AETR) agus sa Mheitheal um Iompar de Bhóthar de Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tháinig an Comhaontú Eorpach maidir le hobair foirne feithiclí ag gabháil d’iompar idirnáisiúnta de bhóthar (AETR) (1) i bhfeidhm an 5 Eanáir 1976. Rinneadh é a leasú go deireanach an 20 Mean Fómhair 2010.

(2)

De bhun Airteagal 21 AETR, féadfaidh aon Pháirtí Conarthach leasuithe atá beartaithe ar AETR a chur faoi bhráid Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe. Sula gcuirtear na tograí faoi bhráid Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe, pléitear iad sa Mheitheal um Iompar de Bhóthar (SC.1) de Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) ar dtús.

(3)

Bhunaigh an UNECE Grúpa Saineolaithe maidir le AETR faoi chuimsiú AETR. Is éard atá sa Ghrúpa seo comhlacht a bhfuil sé de chumhacht aige tograí chun an AETR a leasú a fhorbairt agus a chur faoi bhráid na Meithle um Iompar de Bhóthar UNECE.

(4)

Tá sé beartaithe go bpléifidh an Grúpa Saineolaithe maidir le AETR, le linn a 25ú seisiún pleanáilte i mí Feabhra 2021, agus Meitheal um Iompar de Bhóthar UNECE, le linn a 116ú seisiún pleanáilte i mí Dheireadh Fómhair 2021, na leasuithe ar AETR maidir leis an tacagraf cliste a ghlacadh.

(5)

Déantar foráil in Airteagal 22bis AETR go nglacfaidh gach Páirtí Conarthach in AETR le hathruithe ar Iarscríbhinn IB a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle (2) a bhaineann leis an tacagraf digiteach go huathoibríoch gan aon chomhairliúchán foirmiúil ná vóta. Ba mhór an t-ábhar míshásaimh do roinnt de na Páirtithe Conarthacha sin a laghad a bhí na Páirtithe Conarthacha in AETR rannpháirteach sa phróiseas forbartha agus i nglacadh na sonraíochtaí teicniúla maidir leis an tacagraf digiteach. Aithníonn an Coimisiún sa teachtaireacht uaidh an 19 Iúil 2011 dar teideal “An Tacagraf Digiteach: Treochlár le haghaidh gníomhaíochtaí amach anseo” go gcuireann an mheicníocht sin cur chun feidhme ceart comhchuibhithe an tacagraif dhigitigh ag Páirtithe Conarthacha nach den Aontas iad i mbaol.

(6)

Tá sé chun leas an Aontais go ndéantar an próiseas cinnteoireachta arna beartú in AETR a mhéid a bhaineann le feistí rialaithe, lena n-áirítear tacagraif dhigiteacha, a mhodhnú, go dtiocfaidh an nós imeachta mar a leagtar amach in Airteagal 22(1), (2) agus (3) AETR chun a bheith infheidhme le haghaidh sonraíochtaí teicniúla an tacagraif chliste a áireamh in AETR agus go leanfaidh Airteagal 22bis AETR de bheith i bhfeidhm le go bhféadfar leasuithe a dhéanamh san am atá romhainn ar na ceanglais do na leaganacha den tacagraf a bhí ann roimhe sin.

(7)

De bhun Airteagal 10 AETR meastar go bhfuil tacagraf a gcuirtear a dhéanamh, a shuiteáil, a úsáid, a thástáil agus a rialú i gcrích i gcomhréir le Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ag comhlíonadh cheanglais AETR. Ba cheart leasú a dhéanamh ar Airteagal 10 AETR chun tagairt do shonraíochtaí teicniúla an tacagraif chliste a áireamh ann, ar cheart é a mheas go gcomhlíonann sé ceanglais AETR amhail ó dháta theacht i bhfeidhm Fhoscríbhinn 1C a ghabhann leis an Iarscríbhinn a ghabhann le AETR.

(8)

Ba cheart Airteagal 13 AETR, a bhaineann le forálacha idirthréimhseacha, a leasú chun an dáta beacht le haghaidh chur chun feidhme na bhforálacha maidir leis na tacagraif chliste in AETR ag Páirtithe Conarthacha a leagan amach.

(9)

I gcomhréir le hAirteagal 14 AETR, ní cheadaítear aontachas comhlachtaí cé is moite de Stáit ar bhallstáit de UNECE iad agus Stáit a ligtear isteach i UNECE ina gcáil chomhairleach.

(10)

Tá roinnt argóintí i bhfabhar ceadú don Aontas aontú le AETR. Ar an gcéad dul síos, tá inniúlacht eisiach ag an Aontas sa réimse maidir le hobair foirne feithiclí ag gabháil d’iompar idirnáisiúnta de bhóthar, mar a dheimhnigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gCás 22/70 (3). Ar an dara dul síos, thabharfadh aontachas an Aontais le AETR ráthaíocht go ndéanfaí ionadaíocht éifeachtach ar leasanna an Aontais laistigh de AETR. Ar deireadh, is iomchuí don Aontas a bheith ina Pháírtí Conarthach de bharr na sainiúlachtaí a bhaineann le AETR agus leis an bpróiseas cinnteoireachta atá beartaithe. Chun aontachas an Aontais le AETR a cheadú, ba cheart Airteagal 14 AETR a leasú chun foráil a dhéanamh maidir le haontachas eagraíochtaí comhtháthaithe réigiúnacha le AETR

(11)

Sonraíochtaí teicniúla an tacagraif chliste atá le háireamh in AETR mar Fhoscríbhinn 1C a ghabhann leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis, ba cheart iad a fhorbairt ar bhonn na sonraíochtaí a cuireadh faoi bhráid an Ghrúpa Saineolaithe maidir le AETR thar ceann an Aontais an 8 Aibreán 2020 agus ar bhonn na sonraíochtaí atá le glacadh ag an gCoimisiún in 2021 faoi Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

(12)

Ba cheart an tsamhail don deimhniú ceadaithe i gCaibidil III d’Fhoscríbhinn 2 a ghabhann leis an Iarscríbhinn a ghabhann le AETR a leasú ionas gur féidir í a úsáid freisin chun tacagraif chliste agus a gcomhpháirteanna a cheadú.

(13)

Is iomchuí an seasamh a bhunú atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Ghrúpa Saineolaithe maidir le AETR agus sa Mheitheal um Iompar de Bhóthar UNECE chun comhchuibhiú uile-Eorpach i réimse trealamh taifeadta le haghaidh an iompair de bhóthar (tacagraif) a bhaint amach, agus cuirfidh leasuithe den sórt sin éifeachtaí dlíthiúla dá dtagraítear in Airteagal 218(9) CFAE ar fáil.

(14)

Ós rud é nach Páirtí Conarthach in AETR an t-Aontas agus nach gceadaíonn a stádas dó na leasuithe atá beartaithe a chur in iúl, ba cheart do Bhallstáit, ag gníomhú dóibh chun leas an Aontais, na leasuithe atá beartaithe a chur in iúl don Ghrúpa Saineolaithe maidir le AETR le spiorad an chomhair dhílis chun gnóthú chuspóirí an Aontais a chur chun cinn.

(15)

Tá seasamh an Aontais le cur in iúl ag Ballstáit an Aontais atá ina gcomhaltaí den Ghrúpa Saineolaithe maidir le AETR agus den Mheitheal um Iompar de Bhóthar UNECE, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir le seasamh an Aontais atá le glacadh thar ceann an Aontais sa 25ú seisiún den Ghrúpa Saineolaithe um an gComhaontú Eorpach maidir le hobair foirne feithiclí ag gabháil d’iompar idirnáisiúnta de bhóthar (AETR) agus sa 116ú seisiún den Mheitheal um Iompar de Bhóthar UNECE, beidh an seasamh sin i gcomhréir leis na leasuithe atá beartaithe ar AETR (5).

Féadfar athruithe foirmiúla agus mionathruithe ar an seasamh dá dtagraítear sa chéad mhír a chomhaontú gan cinneadh dá éis sin ón gComhairle.

Airteagal 2

1.   Is iad Ballstáit an Aontais atá ina gcomhaltaí den Ghrúpa Saineolaithe maidir le AETR agus den Mheitheal um Iompar de Bhóthar UNECE a dhéanfaidh an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1 a chur in iúl, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach.

2.   Cuirfidh na Ballstáit an Grúpa Saineolaithe maidir le AETR ar an eolas faoi na leasuithe atá beartaithe.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Feabhra 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  IO L 95, 8.4.1978, lch. 1.

(2)  Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle an 20 Nollaig 1985 maidir le trealamh taifeadta san iompar de bhóthar (IO L 370, 31.12.1985, lch. 8).

(3)  ECLI:EU:C:1971:32.

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le tacagraif in iompar de bhóthar, lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle maidir le trealamh taifeadta in iompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar (IO L 60, 28.2.2014, lch. 1).

(5)  Féach doiciméad ST 5700/21 ag http://register.consilium.europa.eu


Top