Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D0286

Cinneadh (CBES) 2021/286 ón gComhairle an 22 Feabhra 2021 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/1248 lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh do Phróiseas Síochána an Mheánoirthir

IO L 62, 23.2.2021, p. 53–53 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 30/04/2021

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/286/oj

23.2.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 62/53


CINNEADH (CBES) 2021/286 ÓN gCOMHAIRLE

an 22 Feabhra 2021

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/1248 lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh do Phróiseas Síochána an Mheánoirthir

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 33 agus Airteagal 31(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 18 Meán Fómhair 2018, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2018/1248 (1) lena gceaptar Susanna TERSTAL mar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh (ISAE) do Phróiseas Síochána an Mheánoirthir.

(2)

An 25 Feabhra 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/250 (2), lena gcuirtear síneadh le sainordú Susanna TERSTAL mar ISAE do Phróiseas Síochána an Mheánoirthir. Tá sainordú ISAE le dul in éag ar an 28 Feabhra 2021.

(3)

Ba cheart síneadh 2 mhí eile a chur le sainordú ISAE do Phróiseas Síochána an Mheánoirthir, laistigh den mhéid tagartha airgeadais a leagtar amach in Airteagal 5(1) de Chinneadh (CBES) 2018/1248, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2020/250.

(4)

Cuirfidh ISAE do Phróiseas Síochána an Mheánoirthir an sainordú chun feidhme i gcomhthéacs staid a d'fhéadfadh dul in olcas agus a d'fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad Airteagal 1 de Chinneadh (CBES) 2018/1248:

“Airteagal 1

Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh

Cuirtear síneadh le sainordú Susanna TERSTAL mar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh (ISAE) do Phróiseas Síochána an Mheánoirthir go dtí an 30 Aibreán 2021.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Feabhra 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Cinneadh (CBES) 2018/1248 ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2018 lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh do Phróiseas Síochána an Mheánoirthir (IO L 235, 19.9.2018, lch. 9).

(2)  Cinneadh (CBES) 2020/250 ón gComhairle an 25 Feabhra 2020 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/1248 lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh do Phróiseas Síochána an Mheánoirthir (IO L 54 I, 26.2.2020, lch. 3).


Top