Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D0113

Cinneadh (AE) 2021/113 ón gComhairle an 25 Eanáir 2021 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe i bhfoirm malartaithe litreacha idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Oileáin Cook a bhaineann le síneadh a chur leis an bPrótacal i ndáil leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Oileáin Cook a chur chun feidhme

IO L 36, 2.2.2021, p. 3–4 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/113/oj

Related international agreement

2.2.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 36/3


CINNEADH (AE) 2021/113 ÓN GCOMHAIRLE

an 25 Eanáir 2021

maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe i bhfoirm malartaithe litreacha idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Oileáin Cook a bhaineann le síneadh a chur leis an bPrótacal i ndáil leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Oileáin Cook a chur chun feidhme

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43, i gcomhar le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le Cinneadh (AE) 2020/1545 ón gComhairle (2), an Comhaontú i bhfoirm malartaithe litreacha idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Oileáin Cook maidir le síneadh a chur leis an bPrótacal i ndáil leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Oileáin Cook (“an Comhaontú i bhfoirm malartaithe litreacha”) a chur chun feidhme, arb é dáta a dhul in éag an 13 Deireadh Fómhair 2020, síníodh é an 13 Samhain 2020, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí.

(2)

Is é is aidhm don Chomhaontú i bhfoirm malartaithe litreacha a chur ar a gcumas don Aontas Eorpach agus do Rialtas Oileáin Cook leanúint de bheith ag obair le chéile chun beartas iascaigh inbhuanaithe agus saothrú fónta acmhainní iascaigh in uiscí Oileáin Cook a chur chun cinn, agus ligean do shoithí an Aontais a ngníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh sna huiscí sin.

(3)

Ba cheart an Comhaontú i bhfoirm malartaithe litreacha a fhormheas,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, déantar an Comhaontú i bhfoirm malartaithe litreacha idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Oileáin Cook maidir le síneadh a chur leis an bPrótacal maidir leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Oileáin Cook a chur chun feidhme a fhormheas thar ceann an Aontais (3).

Airteagal 2

Déanfaidh Uachtarán na Comhairle, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an fógra a thabhairt dá bhforáiltear i bpointe 6 den Chomhaontú i bhfoirm malartaithe litreacha (4).

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an dáta a ghlacfar é.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Eanáir 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Toiliú an 14 Nollaig 2020 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil).

(2)  Cinneadh (AE) 2020/1545 ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2020 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach, an Chomhaontaithe i bhfoirm malartaithe litreacha idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Oileáin Cook a bhaineann le síneadh a chur leis an bPrótacal i ndáil leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe a chur chun feidhme idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Oileáin Cook (IO L 356, 26.10.2020, lch. 7).

(3)  Foilsíodh an Comhaontú i bhfoirm malartaithe litreacha in IO L 356, 26.10.2020.

(4)  Foilseoidh Ardrúnaíocht na Comhairle an dáta ar uaidh a chuirfear an Comhaontú i bhfoirm malartaithe litreacha i bhfeidhm in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.


Top