Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D0054

    Cinneadh (CBES) 2021/54 ón gComhairle an 22 Eanáir 2021 lena leasaítear Cinneadh 2010/231/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na Somáile

    IO L 23, 25.1.2021, p. 18–21 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/54/oj

    25.1.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 23/18


    CINNEADH (CBES) 2021/54 ÓN gCOMHAIRLE

    an 22 Eanáir 2021

    lena leasaítear Cinneadh 2010/231/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na Somáile

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 26 Aibreán 2010, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2010/231/CBES (1).

    (2)

    An 12 Samhain 2020, ghlac Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe Rún (Rún ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe) 2551 (2020). Leis an Rún sin athdhearbhaítear trádbhac arm ginearálta iomlán ar an tSomáil agus leasaítear na fógraí a bhaineann le comhairle theicniúil, cúnamh airgeadais agus eile agus oiliúint a bhaineann le gníomhaíochtaí míleata a sholáthar. Leis an Rún sin athdhearbhaítear freisin an toirmeasc ar fhioghual a allmhairiú ón tSomáil, agus daingnítear srianta ar ghairis phléascacha sheiftithe a dhíol leis an tSomáil, a sholáthar di nó a aistriú chuici.

    (3)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2010/231/CBES a leasú dá réir.

    (4)

    Ní mór don Aontas tuilleadh gníomhaíochta a dhéanamh chun bearta áirithe den Chinneadh seo a chur chun feidhme,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Cinneadh 2010/231/CBES mar a leanas:

    (1)

    leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:

    (a)

    i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):

    “(f)

    soláthar, díol nó aistriú arm agus ábhair ghaolmhair de gach cineál agus soláthar comhairle teicniúla, cúnaimh airgeadais agus cúnaimh eile, agus oiliúna a bhaineann le gníomhaíochtaí míleata, atá ceaptha d’fhorbairt Fhórsaí Náisiúnta Slándála na Somáile, nó institiúidí earnáil slándála na Somáile, seachas iad siúd a bhaineann le Rialtas Cónaidhme na Somáile, chun slándáil a chur ar fáil do mhuintir na Somáile agus chuige sin amháin. Beidh seachadadh na n-earraí a leagtar amach in Iarscríbhinn II agus in Iarscríbhinn III, agus soláthar comhairle teicniúla, cúnaimh airgeadais agus cúnaimh eile, agus oiliúna a bhaineann le gníomhaíochtaí míleata faoi réir na gceanglas ábhartha formheasa nó fógartha mar a leanas:

    (i)

    beidh soláthar, díol nó aistriú arm agus ábhair ghaolmhair de gach cineál a leagtar amach in Iarscríbhinn II atá ceaptha d’fhorbairt Fhórsaí Náisiúnta Slándála na Somáile, nó institiúidí earnáil slándála na Somáile, seachas iad siúd a bhaineann le Rialtas Cónaidhme na Somáile, chun slándáil a chur ar fáil do mhuintir na Somáile agus chuige sin amháin, faoi réir formheas roimh ré ag an gCoiste Smachtbhannaí ar bhonn cás ar chás, de réir mar a leagtar amach i míreanna 4a agus 4b;

    (ii)

    beidh soláthar, díol nó aistriú arm agus ábhair ghaolmhair de gach cineál a leagtar amach in Iarscríbhinn III atá ceaptha d’fhorbairt Fhórsaí Slándála Náisiúnta na Somáile, chun slándáil a chur ar fáil do mhuintir na Somáile agus chuige sin amháin, faoi réir réamhfhógra a thabhairt don Choiste Smachtbhannaí mar a leagtar amach i míreanna 4 agus 4b;

    (iii)

    beidh soláthar, díol nó aistriú arm agus ábhair ghaolmhair de gach cineál a leagtar amach in Iarscríbhinn III agus soláthar comhairle teicniúla, cúnaimh airgeadais agus cúnaimh eile, agus oiliúna a bhaineann le gníomhaíochtaí míleata arna ndéanamh ag Ballstáit nó ag eagraíochtaí idirnáisiúnta, réigiúnacha nó foréigiúnacha atá ceaptha institiúidí earnáil slándála na Somáile a fhorbairt, seachas iad siúd a bhaineann le Rialtas Cónaidhme na Somáile, chun slándáil a chur ar fáil do mhuintir na Somáile, agus chuige sin amháin, faoi réir réamhfhógra a thabhairt don Choiste Smachtbhannaí mar a leagtar amach i mír 4b, agus féadfar an méid sin a sholáthar mura bhfaightear cinneadh diúltach ón gCoiste Smachtbhannaí, laistigh de 5 lá oibre, tar éis fógra den sórt sin a fháil;”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

    “4.

    Is ar Rialtas Cónaidhme na Somáile atá an phríomhfhreagracht fógra a thabhairt don Choiste Smachtbhannaí 5 lá oibre ar a laghad roimh aon airm nó ábhar gaolmhar d’aon cheann de na cineálacha uile a leagtar amach in Iarscríbhinn III a sheachadadh d’Fhórsaí Slándála Náisiúnta na Somáile, mar a leagtar amach i bpointe (f)(ii) de mhír 3 den Airteagal seo. De rogha air sin, féadfaidh na Ballstáit a sheachadann airm agus ábhar gaolmhar d’Fhórsaí Slándála Náisiúnta na Somáile, fógra a thabhairt don Choiste Smachtbhannaí 5 lá oibre ar a laghad roimh ré, agus an comhlacht comhordúcháin náisiúnta ábhartha i Rialtas Cónaidhme na Somáile a chur ar an eolas faoin bhfógra agus cúnamh teicniúil le nósanna imeachta um fhógra a thabhairt a chur ar fáil do Rialtas Cónaidhme na Somáile i gcás inarb iomchuí, i gcomhréir le míreanna 13 agus 14 de Rún 2498 (2019) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. Áireofar sna fógraí sonraí faoi mhonaróir agus soláthróir na n-arm agus ábhair ghaolmhair de gach cineál, tuairisc ar na hairm agus ar an armlón lena n-áirítear an cineál, an calabra agus an chainníocht, an dáta agus an áit seachadta atá beartaithe, agus gach faisnéis ábhartha a bhaineann leis an aonad cinn scríbe i bhFórsaí Slándála Náisiúnta na Somáile nó an áit stórála atá beartaithe.”;

    (2)

    cuirtear Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad Iarscríbhinn IV.

    (3)

    cuirtear Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad Iarscríbhinn V.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Eanáir 2021.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    A.P. ZACARIAS


    (1)  Cinneadh 2010/231/CBES ón gComhairle an 26 Aibreán 2010 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na Somáile agus lena n-aisghairtear Comhsheasamh 2009/138/CBES (IO L 105, 27.4.2010, lch. 17).


    IARSCRÍBHINN I

    “IARSCRÍBHINN IV

    LIOSTA NA nEARRAÍ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 1C(1)

    1.   

    Teitril (trínítrifeinilmeitilnítrimín).

    2.   

    Nítriglicrín comhshuite nó measctha leis an ‘ábhar eitiléine’ a shonraítear in ML8.a. nó i miotail phúdraithe a shonraítear in ML8.c. de Liosta Míleata Coiteann an Aontais Eorpaigh (1) (ach amháin ina phacáistítear/ullmhaítear é i ndáileoga míochaine aonair).

    3.   

    Trealamh atá saindeartha le haghaidh úsáid mhíleata agus atá saindeartha chun Gairis Phléascacha Sheiftithe (IEDanna) a ghníomhachtú, a chumhachtú le haghaidh aschur oibríochtúil aonuaire, a dhíluchtú nó a mhadhmadh.

    4.   

    ‘Teicneolaíocht’ atá ‘riachtanach’ chun na hearraí a liostaítear i míreanna 1 agus 2 a ‘tháirgeadh’ nó a ‘úsáid’. (Is as Liosta Comhchoiteann Míleata an Aontais Eorpaigh a thógtar na sainmhínithe ar na téarmaí ‘teicneolaíocht’, ‘riachtanach’, ‘táirgeadh’ agus ‘úsáid’.)


    (1)  IO C 98, 15.3.2018, lch. 1.


    IARSCRÍBHINN II

    “IARSCRÍBHINN V

    LIOSTA NA nEARRAÍ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 1C(2)

    1.   

    Trealamh agus gairis, nach bhfuil sonraithe le mír 2 in Iarscríbhinn IV, atá saindeartha chun pléascáin a thionscnamh ar mhodhanna leictreacha nó neamhleictreacha (e.g. gairis lámhachta, maidhmitheoirí, adhainteoirí, corda maidhmitheach).

    2.   

    ‘Teicneolaíocht’ atá ‘riachtanach’ chun na hearraí a liostaítear i mír 1 a ‘tháirgeadh’ nó a ‘úsáid’. (Is as Liosta Comhchoiteann Míleata an Aontais Eorpaigh a thógtar na sainmhínithe ar na téarmaí ‘teicneolaíocht’, ‘riachtanach’, ‘táirgeadh’ agus ‘úsáid’.)

    3.   

    Na hábhair phléascacha, mar a leanas, agus meascáin ina bhfuil ceann amháin nó níos mó díobh:

    (a)

    Ola Bhreosla Níotráite Amóiniam (ANFO);

    (b)

    Nítriceallalós (ina bhfuil níos mó ná 12,5 % nítrigin w/w);

    (c)

    Nítriglicrín (ach amháin i gcás ina phacáistítear/ullmhaítear é i ndáileoga míochaine aonair) mura bhfuil sé comhshuite nó measctha leis an ‘ábhar eitiléine’ a shonraítear in ML8.a. nó i miotail phúdraithe a shonraítear in ML8.c. de Liosta Míleata Coiteann an Aontais Eorpaigh;

    (d)

    Nítrighliocól;

    (e)

    Teitriníotráit pheinteiritríotóil (PETN);

    (f)

    Clóiríd phicrile;

    (g)

    2,4,6 -Trínítreatolúéin (TNT).

    4.   

    Réamhtheachtaithe pléascán:

    (a)

    Níotráit amóiniam;

    (b)

    Níotráit photaisiam;

    (c)

    Clóráit sóidiam;

    (d)

    Aigéad nítreach;

    (e)

    Aigéad sulfarach.


    Top