This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021D0030
Council Implementing Decision (CFSP) 2021/30 of 15 January 2021 implementing Decision 2013/255/CFSP concerning restrictive measures against Syria
Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2021/30 ón gComhairle an 15 Eanáir 2021 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2013/255/CBES maidir le bearta sriantacha i gcoinne na Siria
Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2021/30 ón gComhairle an 15 Eanáir 2021 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2013/255/CBES maidir le bearta sriantacha i gcoinne na Siria
IO L 12I, 15.1.2021, p. 3–4
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
15.1.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
LI 12/3 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (CBES) 2021/30 ÓN gCOMHAIRLE
an 15 Eanáir 2021
lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2013/255/CBES maidir le bearta sriantacha i gcoinne na Siria
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 31(2) de,
Ag féachaint do Chinneadh 2013/255/CBES ón gComhairle an 31 Bealtaine 2013 maidir le bearta sriantacha i gcoinne na Siria (1), agus go háirithe Airteagal 30(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 31 Bealtaine 2013, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2013/255/CBES. |
(2) |
I bhfianaise thromchúis na staide sa tSiria, agus ag tabhairt aird ar an Aire Gnóthaí Eachtracha a ceapadh le déanaí, Faisal MEKDAD, ba cheart é a chur le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2013/255/CBES. |
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2013/255/CBES a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2013/255/CBES mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 15 Eanáir 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. P. ZACARIAS
IARSCRÍBHINN
Cuirtear an iontráil seo a leanas leis an liosta a leagtar amach i Roinn A (Daoine) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2013/255/CBES:
|
Ainm |
Faisnéis aitheantais |
Cúiseanna |
Dáta an liostaithe |
“311. |
Faisal MEKDAD (a.k.a. Fayçal, al-Mekdad; Meqdad, al-Meqdad (فيصل المقداد) |
Dáta breithe: 1954; Áit bhreithe: Ghasm, Daraa Governorate, Syria; Inscne: Fireann |
Minister of Foreign Affairs. I mí na Samhna 2020 a ceapadh. Ina cháil mar Aire Rialtais, tá cuid den fhreagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialta. |
15.1.2021” |