This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021D0001
Council Decision (EU) 2021/1 of 17 December 2020 on the position to be taken on behalf of the European Union within the Joint Committee established by the Agreement on the withdrawal of the United Kingdom of Great Britain and Northern Ireland from the European Union and the European Atomic Energy Community as regards agricultural subsidies
Cinneadh (AE) 2021/1 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste arna bhunú leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach a mhéid a bhaineann le fordheontais talmhaíochta
Cinneadh (AE) 2021/1 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste arna bhunú leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach a mhéid a bhaineann le fordheontais talmhaíochta
IO L 2, 6.1.2021, pp. 1–5
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
6.1.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 2/1 |
CINNEADH (AE) 2021/1 ÓN gCOMHAIRLE
an 17 Nollaig 2020
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste arna bhunú leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach a mhéid a bhaineann le fordheontais talmhaíochta
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 50(2) de,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Thug an tAontas an Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (“an Comhaontú um Tharraingt Siar”) i gcrích trí bhithin Chinneadh (AE) 2020/135 ón gComhairle (1) an 30 Eanáir 2020 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Feabhra 2020. |
|
(2) |
Le hAirteagal 166 den Chomhaontú um Tharraingt Siar tugtar de chumhacht don Chomhchoiste arna bhunú le hAirteagal 164 den Chomhaontú um Tharraingt Siar (“an Comhchoiste”) cinntí a ghlacadh i ndáil leis na hábhair uile dá bhforáiltear sa Chomhaontú um Tharraingt Siar. Is cuid dhílis den Chomhaontú sin é an Prótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann (“an Prótacal”) a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar. |
|
(3) |
Le hAirteagal 10(1) den Phrótacal cuirtear na bearta arna nglacadh ag an Ríocht Aontaithe lena dtacaítear le táirgeadh agus trádáil táirgí talmhaíochta, lena n-áirítear tacaíocht do tháirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, i dTuaisceart Éireann faoi réir rialacha an Aontais maidir le Státchabhair a liostaítear in Iarscríbhinn 5 a ghabhann leis an bPrótacal i gcás ina ndéanfaidh na bearta sin difear don trádáil sin idir Tuaisceart Éireann agus an tAontas. Ag an am céanna, foráiltear le hAirteagal 10(2) den Phrótacal do dhíolúine ó chur i bhfeidhm dhlí an Aontais suas le huasleibhéal bliantúil foriomlán arna chinneadh, ar choinníoll go bhfuil íoschéatadán arna chinneadh den tacaíocht dhíolmhaithe sin i gcomhréir le forálacha Iarscríbhinn 2 a ghabhann le Comhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála ar Thalmhaíocht. |
|
(4) |
Ba cheart an t-uasleibhéal foriomlán tacaíochta agus an t-íoschéatadán a chinneadh agus na breithnithe a leagtar amach in Iarscríbhinn 6 a ghabhann leis an bPrótacal á gcur san áireamh. |
|
(5) |
Chun críche an t-uasleibhéal foriomlán tacaíochta do tháirgí talmhaíochta seachas iascaigh agus dobharshaothrú, cuireadh san áireamh an meánchaiteachas a thabhaítear agus dá bhforáiltear i dTuaisceart Éireann faoin gcomhbheartas talmhaíochta (CBT) mar chuid den chreat airgeadais ilbhliantúil atá ann cheana (“CAI 2014-2020”). |
|
(6) |
Chun críche an t-íoschéatadán a shocrú, cuireadh san áireamh an meánráta tacaíochta ón Aontas atá i gcomhréir le forálacha d'Iarscríbhinn 2 a ghabhann le Comhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála ar Thalmhaíocht, de réir fhógraí tacaíochta iomlána an Aontais do EDT sna 5 bliana atá caite, an tréimhse ar ina leith a tugadh fógraí don Eagraíocht Dhomhanda Trádála laistigh den CAI 2014-2020. |
|
(7) |
Ba cheart, dá bhrí sin, an t-uasleibhéal bliantúil foriomlán tacaíochta a shocrú ag EUR 429 milliún le haghaidh fóirdheontas in earnáil na talmhaíochta. |
|
(8) |
Maidir le táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, ba cheart an t-uasleibhéal tacaíochta a shocrú, i bhfianaise an mheán chaiteachais faoin CAI 2014-2020, ag EUR 19,5 milliún thar 5 bliana, agus uasteorainn EUR 4,5 milliún leis in aon bhliain ar leith. |
|
(9) |
D'fhonn cásanna nach n-úsáidfear an tacaíocht dhíolmhaithe chun maoiniú a dhéanamh ar oibríochtaí atá neamh-incháilithe ar shlí eile chun tacaíocht a fháil in earnáil an iascaigh a sheachaint, ba cheart a léiriú sa Chinneadh ón gComhchoiste neamhcháilitheacht oibríochtaí áirithe dá bhforáiltear i ndlí an Aontais. |
|
(10) |
Is iomchuí an seasamh atá le tógáil thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste a bhunú, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste arna bhunú le hAirteagal 164 den Chomhaontú um Tharraingt Siar a mhéid a bhaineann lena chinneadh maidir le fóirdheontas talmhaíochta, beidh sé bunaithe ar an dréachtchinneadh ón gComhchoiste atá i gceangal leis an gCinneadh seo.
Airtegal 2
Foilseofar an Cinneadh ón gComhchoiste in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 17 Nollaig 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
S. SCHULZE
(1) Cinneadh (AE) 2020/135 ón gComhairle an 30 Eanáir 2020 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (IO L 29, 31.1.2020, lch.1).
DRÉACHT
CINNEADH Uimh. …/2020 ÓN gCOMHCHOISTE ARNA BHUNÚ LEIS AN gCOMHAONTÚ MAIDIR LE RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN A BHEITH AG TARRAINGT SIAR AS AN AONTAS EORPACH AGUS AS AN gCOMHPHOBAL EORPACH DO FHUINNEAMH ADAMHACH
an ...
lena gcinntear an t-uasleibhéal bliantúil foriomlán díolmhaithe tosaigh de thacaíocht agus an t-íoschéatadán tosaigh dá dtagraítear in Airteagal 10(2) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach
TÁ AN COMHCHOISTE
Ag féachaint don Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 10(2) de agus Iarscríbhinn 6 a ghabhann leis,
TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:
Airteagal 1
Leibhéal bliantúil foriomlán de thacaíocht i gcás táirgí talmhaíochta seachas táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe
1. Is é GBP 382,2 milliún (1) a bheidh san uasleibhéal bliantúil foriomlán díolmhaithe tosaigh de thacaíocht dá dtagraítear in Airteagal 10(2) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann i gcás táirgí talmhaíochta seachas táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe.
2. Féadfaidh an Ríocht Aontaithe an t-uasleibhéal bliantúil foriomlán díolmhaithe de thacaíocht dá dtagraítear i mír 1 a mhéadú, suas le méid breise GBP 25,03 milliún i mbliain ar leith leis an gcuid den mhéid den uasleibhéal bliantúil foriomlán díolmhaithe de thacaíocht nár caitheadh sa bhliain féilire roimhe sin.
3. Déanfar an t-uasleibhéal bliantúil foriomlán díolmhaithe de thacaíocht dá dtagraítear i mír 1 a mhéadú GBP 6,8 milliún le haghaidh bliain ar leith:
|
(a) |
i gcás ina bhfuil bearta déanta ag an Aontas Eorpach le linn na bliana sin, lena gcumhdaítear Poblacht na hÉireann, faoi Chuid II, Teideal I, Caibidil I nó Airteagail 219, 220 nó 221 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 (2); nó |
|
(b) |
mar gheall ar an méid seo a leanas:
Ní bheidh feidhm ag pointe (b) ach amháin i gcás ina gcuirfidh an Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach ar an eolas 10 lá ar a laghad sula mbainfidh sí úsáid as an leibhéal bliantúil foriomlán méadaithe de thacaíocht. |
Airteagal 2
Leibhéal bliantúil foriomlán de thacaíocht i gcás táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe
1. Is é GBP 16,93 milliún a bheidh san uasleibhéal foriomlán díolmhaithe tosaigh de thacaíocht dá dtagraítear in Airteagal 10(2) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann i gcás táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe le linn na chéad 5 bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo agus le linn aon tréimhse 5 bliana ina dhiaidh sin. Mar sin féin, ní ceadmhach an leibhéal bliantúil foriomlán díolmhaithe de thacaíocht i gcás na dtáirgí sin a bheith níos mó ná GBP 4,01 milliún in aon bhliain ar leith.
2. Ní bheidh na hoibríochtaí seo a leanas incháilithe le haghaidh cistiú ó na méideanna dá dtagraítear i mír 1:
|
(a) |
oibríochtaí lena méadaítear acmhainn iascaireachta soithigh nó trealamh lena méadaítear cumas an tsoithigh teacht ar éisc; |
|
(b) |
tógáil soithí iascaireachta nua nó allmhairiú soithí iascaireachta; |
|
(c) |
scor buan de ghníomhaíochtaí iascaireachta; |
|
(d) |
scor sealadach de ghníomhaíochtaí iascaireachta, ach amháin má bhaineann sin le haon cheann de na nithe seo a leanas:
|
|
(e) |
iascaireacht thaiscéalaíoch; |
|
(f) |
aistriú úinéireachta ar ghnóthas; agus |
|
(g) |
athstocáil dhíreach, mura bhfuil foráil déanta maidir leis i mbearta ag údaráis na Ríochta Aontaithe, nó ag an Ríocht Aontaithe i leith Thuaisceart Éireann, chun stoic éisc nó an t-éiceachóras muirí a chaomhnú, nó i gcás athstocáil thurgnamhach. Tá na heisceachtaí dá bhforáiltear i bpointe (d) faoi réir an choinníll go ndéantar na gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanann an soitheach iascaireachta nó an t-iascaire lena mbaineann a chur ar fionraí go héifeachtach agus go ndeonaítear an cistiú ar feadh uastréimhse 6 mhí in aghaidh an tsoithigh. |
Airteagal 3
Íoschéatadán
Is é 83 % a bheidh san íoschéatadán tosaigh dá dtagraítear in Airteagal 10(2) den Phrótacal agus beidh feidhm aige maidir le méideanna an leibhéil bhliantúil fhoriomláin dhíolmhaithe de thacaíocht dá dtagraítear in Airteagal 1.
Airteagal 4
Athbhreithniú
Déanfaidh an Comhchoiste athbhreithniú tráthrialta ar an gCinneadh seo agus ar a chur chun feidhme.
Airteagal 5
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 1 Eanáir 2021.
Arna dhéanamh in/i/sa ...,
Thar ceann an Chomhchoiste
Na Comhchathaoirligh
(1) Chun críche na ríomhanna agus suimeanna uile a leagtar amach in GBP sa Chinneadh seo, in EUR, úsáidfear ráta malairte Íocaíochtaí Díreacha 2019 (€1 = £0.89092).
(2) Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 922/72, Rialachán (CEE) Uimh. 234/79, Rialachán (CE) Uimh. 1037/2001, agus Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).