EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020R2093

Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027

IO L 433I, 22.12.2020, p. 11–22 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 01/01/2024

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2093/oj

22.12.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 433/11


RIALACHÁN (AE, Euratom) 2020/2093 ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Nollaig 2020

lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 312 de,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),

Tar éis di an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Tar éis di dul i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,

Tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Agus an gá atá le leibhéal leordhóthanach intuarthachta chun infheistíochtaí meántéarma a ullmhú agus a chur chun feidhme á chur san áireamh, ba cheart a shocrú gur seacht mbliana dar tús an 1 Eanáir 2021 ré an chreata airgeadais ilbhliantúil (CAI).

(2)

Mar gheall ar thionchar eacnamaíoch ghéarchéim COVID-19, ceanglaítear ar an Aontas creat airgeadais fadtéarmach a sholáthar chun an bealach a réiteach le haghaidh aistriú cóir cuimsitheach chuig todhchaí ghlas dhigiteach, lena dtacófar le huathriail straitéiseach níos fadtéarmaí an Aontais agus lena mbeidh teacht aniar ann in aghaidh suaití amach anseo.

(3)

Leis na huasteorainneacha bliantúla do leithreasuithe faoi chomhair gealltanas de réir aicme caiteachais agus na huasteorainneacha bliantúla do leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí a bhunaítear leis an Rialachán seo, ní mór na huasteorainneacha is infheidhme do ghealltanais agus d’acmhainní dílse a urramú, a shocraítear i gcomhréir leis an gcinneadh ón gComhairle maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh atá i bhfeidhm a glacadh i gcomhréir leis an tríú mír d’Airteagal 311 den Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) (an “Cinneadh maidir le hAcmhainní Dílse”).

(4)

I gcás inar gá na ráthaíochtaí a tugadh faoi bhuiséad ginearálta an Aontais a shlógadh le haghaidh cúnamh airgeadais atá údaraithe do na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 220(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) (an “Rialachán Airgeadais”), ba cheart an méid riachtanach a shlógadh de bhreis ar uasteorainneacha leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí CAI, agus uasteorainn na n-acmhainní dílse á hurramú ag an am céanna.

(5)

Níor cheart a áireamh in CAI na míreanna buiséid a mhaoinítear trí ioncam sannta de réir bhrí an Rialacháin Airgeadais.

(6)

Ba cheart CAI a leagan síos i bpraghsanna 2018. Ba cheart freisin na rialacha a leagan síos chun coigeartuithe teicniúla bliantúla a dhéanamh ar CAI chun go ndéanfar na huasteorainneacha agus na corrlaigh atá ar fáil a athríomh.

(7)

Ba cheart rialacha a leagan síos do chásanna eile lena bhféadfaí a éileamh go ndéanfaí CAI a choigeartú. D’fhéadfadh coigeartuithe den sórt sin a bheith nasctha le glacadh moillithe rialacha nó clár nua faoi bhainistíocht roinnte, le bearta atá nasctha le rialachas eacnamaíoch fónta, nó le bearta a ghlactar faoin Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint. Ba cheart rialacha a leagan síos freisin maidir le sásra le haghaidh coigeartú clárshonrach.

(8)

Ba cheart solúbthacht shonrach agus an tsolúbthacht is mó is féidir a chur chun feidhme chun go bhféadfaidh an tAontas a oibleagáidí a chomhall i gcomhréir le hAirteagal 323 CFAE.

(9)

Tá gá leis na hionstraimí speisialta téamacha seo a leanas chun go bhféadfaidh an tAontas freagairt ar imthosca nó iarmhairtí sonraithe gan choinne agus chun go bhféadfar, ar an gcaoi sin, an nós imeachta buiséadach a reáchtáil ar bhealach rianúil: an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú, an Cúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála agus an Cúlchiste Coigeartaithe Brexit. Níl an Cúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála dírithe ar aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí géarchéimeanna a bhfuil baint acu leis an margadh a dhéanfaidh difear don táirgeacht talmhaíochta nó dáileadh talmhaíochta.

(10)

Tá gá leis na hionstraimí speisialta neamhthéamacha seo a leanas chun an tsolúbthacht a fheabhsú a thuilleadh: an Ionstraim Corrlaigh Aonair agus an Ionstraim Sholúbthachta. Leis an Ionstraim Corrlaigh Aonair, ba cheart a bheith in ann na corrlaigh a bheidh ar fáil faoi na huasteorainneacha do leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí faoi seach a aistriú idir na blianta airgeadais agus, i gcás leithreasuithe faoi chomhair gealltanas, idir ceannteidil CAI, gan dul thar mhéideanna iomlána uasteorainneacha CAI do leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí do thréimhse iomlán CAI. Leis an Ionstraim Sholúbthachta, ba cheart caiteachas sonrach gan choinne do bhliain airgeadais faoi leith a mhaoiniú.

(11)

Ba cheart foráil shonrach a dhéanamh don fhéidearthacht leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe comhfhreagracha faoi chomhair íocaíochtaí a chur sa bhuiséad de bhreis ar na huasteorainneacha a leagtar amach in CAI i gcás inar gá leas a bhaint as ionstraimí speisialta.

(12)

Is gá foráil a dhéanamh d’athbhreithniú ar CAI i gcás athbhreithniú ar na Conarthaí ag a mbeidh impleachtaí buiséadacha, d’athaontú na Cipire nó do mhéadú an Aontais, agus i bhfianaise chur chun feidhme an bhuiséid.

(13)

Lena chois sin, d’fhéadfadh sé gur ghá an Rialachán seo a athbhreithniú maidir le himthosca gan choinne nach féidir déileáil leo laistigh de na teorainneacha a leagtar amach in CAI. Ní mór, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh don athbhreithniú ar CAI i gcásanna den sórt sin.

(14)

Ní mór rialacha sonracha a bheith ann freisin chun déileáil le tionscadail mhórscála a mbíonn saolré i bhfad níos faide acu ná an tréimhse a leagtar síos do CAI. Ní mór na huasmhéideanna a bhunú do na ranníocaíochtaí ó bhuiséad ginearálta an Aontais do na tionscadail sin agus a áirithiú, ar an gcaoi sin, nach mbeidh aon tionchar acu ar thionscadail eile a mhaoinítear leis an mbuiséad sin.

(15)

Is gá rialacha ginearálta a leagan síos maidir le comhar idirinstitiúideach sa nós imeachta buiséadach, agus cumhachtaí buiséadacha Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin (na “hInstitiúidí”) mar atá siad leagtha síos sna Conarthaí á n-urramú chomh maith le ceanglais trédhearcachta.

(16)

Ba cheart go dtíolacfadh an Coimisiún togra le haghaidh creat airgeadais ilbhliantúil nua roimh an 1 Iúil 2025 chun go gcuirfear ar chumas na n-institiúidí é a ghlacadh in am is i dtráth sula gcuirfear tús leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil ina dhiaidh sin. I gcomhréir le hAirteagal 312(4) CFAE, leanfaidh na huasteorainneacha a chomhfhreagraíonn don bhliain dheireanach de CAI a leagtar amach sa Rialachán seo d’fheidhm a bheith acu i gcás nach nglacfar creat airgeadais ilbhliantúil nua roimh dheireadh théarma CAI a leagtar síos sa Rialachán seo.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL 1

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Creat airgeadais ilbhliantúil

Leis an Rialachán seo, leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (CAI).

Airteagal 2

Uasteorainneacha CAI a chomhlíonadh

1.   Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún (na “hInstitiúidí”), le linn gach nós imeachta bhuiséadaigh agus tráth a bheidh an buiséad don bhliain lena mbaineann á chur chun feidhme acu, na huasteorainneacha bliantúla caiteachais a leagtar amach in Iarscríbhinn I a chomhlíonadh (na “huasteorainneacha CAI”).

Bunaítear an fho-uasteorainn do cheannteideal 3 mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I í gan dochar don tsolúbthacht idir dhá cholún an Chomhbheartais Talmhaíochta (CBT). Déanfar an uasteorainn choigeartaithe a chuirfear i bhfeidhm ar cholún I CBT tar éis na n-aistrithe idir an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus íocaíochtaí díreacha a leagan síos sa ghníomh ábhartha dlíthiúil agus déanfar CAI a choigeartú dá réir sin faoin gcoigeartú teicniúil dá bhforáiltear in Airteagal 4 den Rialachán seo.

2.   I gcás inar gá úsáid a bhaint as na hacmhainní ó na hionstraimí speisialta dá bhforáiltear in Airteagail 8, 9, 10 agus 12, iontrálfar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe comhfhreagracha faoi chomhair íocaíochtaí sa bhuiséad de bhreis ar uasteorainneacha ábhartha CAI.

I gcás inar gá úsáid a bhaint as na hacmhainní ón Ionstraim Corrlaigh Aonair mar a leagtar síos in Airteagal 11, iontrálfar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe comhfhreagracha faoi chomhair íocaíochtaí sa bhuiséad de bhreis ar uasteorainneacha ábhartha CAI do bhliain ar leith.

3.   I gcás inar gá ráthaíocht a shlógadh le haghaidh cúnamh airgeadais atá údaraithe do na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 220(1) den Rialachán Airgeadais, déanfar an méid riachtanach a shlógadh de bhreis ar uasteorainneacha CAI.

Airteagal 3

Urraim d’uasteorainn na n-acmhainní dílse

1.   I ndáil le gach ceann de na blianta a chumhdaítear le CAI, ní eascróidh ráta glaoite isteach d’acmhainní dílse lena rachfar thar uasteorainn na n-acmhainní dílse a leagtar amach sa chinneadh ón gComhairle maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh atá i bhfeidhm a glacadh i gcomhréir leis an tríú mír d’Airteagal 311 CFAE (an “Cinneadh maidir le hAcmhainní Dílse”) as na leithreasuithe iomlána faoi chomhair íocaíochtaí a éilítear, tar éis an choigeartaithe bhliantúil agus tar éis aon choigeartuithe agus athbhreithnithe eile, chomh maith le cur i bhfeidhm Airteagal 2(2) agus (3), a chur san áireamh.

2.   I gcás inar gá, déanfar uasteorainneacha CAI a ísliú chun a áirithiú go gcomhlíonfar uasteorainn na n-acmhainní dílse a leagtar amach sa Chinneadh maidir le hAcmhainní Dílse.

CAIBIDIL 2

COIGEARTUITHE AR CAI

Airteagal 4

Coigeartuithe teicniúla

1.   Déanfaidh an Coimisiún na coigeartuithe teicniúla seo a leanas ar CAI gach bliain, ag gníomhú dó sula gcuirfear an nós imeachta buiséadach do bhliain n+1 i bhfeidhm:

(a)

athluacháil, ag praghsanna bhliain n+1, ar na huasteorainneacha agus ar na figiúirí foriomlána do leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus do leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí;

(b)

ríomh an chorrlaigh atá ar fáil faoi uasteorainn na n-acmhainní dílse a leagtar amach sa Chinneadh maidir le hAcmhainní Dílse;

(c)

ríomh mhéid na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas atá ar fáil faoin Ionstraim Corrlaigh Aonair dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 11(1), chomh maith leis an uasmhéid iomlán dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 11(2);

(d)

ríomh an choigeartaithe ar an uasteorainn le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí faoin Ionstraim Corrlaigh Aonair dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 11(1), chomh maith leis an uasmhéid dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 11(2);

(e)

ríomh na leithdháiltí breise le haghaidh cláir shonracha dá dtagraítear in Airteagal 5(1) agus toradh an choigeartaithe bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 5(2).

2.   Déanfaidh an Coimisiún na coigeartuithe teicniúla dá dtagraítear i mír 1 ar bhonn díbhoilsceora shocraithe 2 % in aghaidh na bliana.

3.   Cuirfidh an Coimisiún torthaí na gcoigeartuithe teicniúla dá dtagraítear i mír 1, chomh maith leis na réamhaisnéisí eacnamaíocha foluiteacha, in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

4.   Gan dochar d’Airteagail 6 agus 7, ní dhéanfar aon choigeartuithe teicniúla eile i ndáil leis an mbliain lena mbaineann, le linn na bliana nó mar cheartúcháin ex post sna blianta ina dhiaidh sin.

Airteagal 5

Coigeartú clárshonrach

1.   Beidh méid is ionann agus an t-ioncam ó fhíneálacha arna bhforchur faoi Rialacháin (EC) Uimh. 1/2003 (3) agus (EC) Uimh. 139/2004 (4) ag institiúidí an Aontais, a iontrálfar i mbuiséad na bliana n-1 i gcomhréir le hAirteagal 107 den Rialachán Airgeadais, tar éis an méid don bhliain n-1 dá dtagraítear in Airteagal 141(1) den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (5) a bhaint, ar fáil do leithdháileadh breise den mhéid seo a leanas:

(a)

leithreasuithe faoi chomhair gealltanas do bhliain n+1, ag tosú don bhliain 2022 agus ag críochnú in 2027, do na cláir atá liostaithe in Iarscríbhinn II, i gcomhréir le céatadáin arna leagan amach do na cláir sin sa cholún “Eochair leithdháilte” den tábla in Iarscríbhinn II; agus

(b)

leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí do bhliain n+1, ag tosú don bhliain 2022 agus ag críochnú in 2027.

Is é EUR 11 000 milliún (i bpraghsanna 2018) a bheidh i méid iomlán na leithdháiltí breise don tréimhse 2022 go 2027 le haghaidh leithreasaí faoi chomhair gealltanas agus leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí faoi seach. I gcás gach ceann de na blianta 2022 go 2026, EUR 1 500 milliún (i bpraghsanna 2018) ar a laghad a bheidh i méid bliantúil na leithdháiltí breise le haghaidh leithreasaí faoi chomhair gealltanas agus leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí agus ní rachaidh sé thar EUR 2 000 milliún (i bpraghsanna 2018).

Leagtar amach méid iomlán na leithdháiltí breise le haghaidh leithreasaí faoi chomhair gealltanas do na cláir sa tréimhse 2022 go 2027 sa cholún “Leithdháileadh breise iomlán na leithreasaí faoi chomhair gealltanas faoi Airteagal 5” den tábla in Iarscríbhinn II.

2.   Déanfar na huasteorainneacha do leithreasaí faoi chomhair gealltanas faoina ceannteidil ábhartha do bhliain n+ 1, ag tosú don bhliain 2022 agus ag críochnú in 2027, a choigeartú suas leis na méideanna a chomhfhreagraíonn do na leithdháiltí breise atá leagtha amach i mír 1, i gcomhréir leis na céatadáin atá leagtha amach do na ceannteidil sin sa cholún “Eochair leithdháilte” den tábla in Iarscríbhinn II. Déanfar an uasteorainn le haghaidh leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí do bhliain n+ 1, ag tosú don bhliain 2022 agus ag críochnú in 2027, a choigeartú suas go huathoibríoch leis na méideanna a chomhfhreagraíonn do na leithdháiltí breise a leagtar amach i mír 1.

Airteagal 6

Coigeartuithe a bhaineann le bearta atá nasctha le rialachas eacnamaíoch fónta nó le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint

1.   I gcás ina gcuirfear deireadh le gealltanais bhuiséadacha a chur ar fionraí a bhaineann le cistí an Aontais, i gcomhréir leis na bunghníomhartha ábhartha, i gcomhthéacs beart atá nasctha le rialachas eacnamaíoch fónta nó le bearta a ghlacfar faoin Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint, aistreofar na méideanna a chomhfhreagraíonn do na gealltanais a cuireadh ar fionraí chuig na blianta ina dhiaidh sin agus déanfar uasteorainneacha comhfhreagracha CAI a choigeartú dá réir.

2.   Cuirfidh an Coimisiún toradh aon choigeartuithe faoi mhír 1 in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

3.   Ní fhéadfar gealltanais bhliain n a cuireadh ar fionraí a iontráil i mbuiséad ginearálta an Aontais tar éis bhliain n+2.

Airteagal 7

Coigeartú i ndiaidh rialacha nó cláir nua faoi bhainistíocht roinnte

1.   I gcás ina nglacfaí rialacha nó cláir nua faoi bhainistíocht roinnte tar éis an 1 Eanáir 2021 i ndáil leis na Cistí Struchtúracha, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste um Aistriú Cóir, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh, leis an gCiste Tearmainn agus Imirce, leis an gCiste Slándála Inmheánaí agus leis an Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um Víosaí faoin gCiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, aistreofar na méideanna a fhreagraíonn do na leithdháiltí nár úsáideadh in 2021 chuig gach ceann de na blianta 2022 go 2025 i gcionmhaireachtaí comhionanna, agus déanfar uasteorainneacha comhfhreagracha CAI a choigeartú dá réir sin.

2.   Cuirfidh an Coimisiún toradh aon choigeartuithe faoi mhír 1 in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

CAIBIDIL 3

IONSTRAIMÍ SPEISIALTA

ROINN 1

Ionstraimí speisialta téamacha

Airteagal 8

An Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú

1.   Ní rachaidh an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú, a leagtar amach na cuspóirí agus an raon feidhme atá leis i Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú, thar uasmhéid bliantúil EUR 186 mhilliún (i bpraghsanna 2018).

2.   Déanfar na leithreasuithe don Chiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a chur isteach i mbuiséad ginearálta an Aontais mar fhoráil.

Airteagal 9

Cúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála

1.   Féadfar an Cúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála a úsáid chun na gníomhaíochtaí seo a leanas a mhaoiniú:

(a)

cúnamh chun freagairt ar chásanna éigeandála a eascraíonn as tubaistí móra a chumhdaítear le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a leagtar amach na cuspóirí agus an raon feidhme atá leis i Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle (6); agus

(b)

mearfhreagairtí a thabhairt ar riachtanais shonracha éigeandála laistigh den Aontas nó i dtríú tíortha ag eascairt as imeachtaí nach bhféadfaí a thuar nuair a bunaíodh an buiséad, go háirithe le haghaidh práinnfhreagairtí agus oibríochtaí tacaíochta tar éis tubaistí nádúrtha nach gcumhdaítear le pointe (a), tubaistí de dhéanamh an duine, géarchéimeanna daonnúla i gcásanna ina bhfuil bagairtí ar an tsláinte phoiblí, bagairtí tréidliachta nó fíteashláintíochta ar mhórscála ann, chomh maith le cásanna a mbeidh brú faoi leith ag baint leo ag teorainneacha seachtracha an Aontais a eascróidh as sreafaí imirce, i gcás ina n-éileofar sin leis na himthosca.

2.   Ní rachaidh an Cúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála thar uasmhéid bliantúil EUR 1 200 milliún (i bpraghsanna 2018). Féadfar aon chuid den mhéid bliantúil nach n-úsáidfear i mbliain n a úsáid suas go bliain n+1. Tarraingeofar ar an gcuid den mhéid bliantúil a eascróidh as an mbliain roimhe sin ar dtús. Rachaidh aon chuid den mhéid bliantúil ó bhliain n nach mbainfear úsáid as i mbliain n+1 in éag.

3.   Déanfar na leithreasuithe don Chúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála a iontráil i mbuiséad ginearálta an Aontais mar fhoráil.

4.   An 1 Deireadh Fómhair gach bliain, beidh ar a laghad an ceathrú cuid den mhéid bliantúil dá dtagraítear i mír 2 fós ar fáil chun na riachtanais a thiocfaidh chun cinn i míonna deiridh na bliana sin a chumhdach.

Gan dochar don chéad fhomhír, féadfar na céatadáin uasta seo a leanas den mhéid foriomlán atá ar fáil go dtí an 1 Meán Fómhair gach bliain a shlógadh:

50 % le haghaidh cúnamh faoi phointe (a) de mhír 1; déanfar an méid a bheidh mar thoradh ar an ríomh sin a laghdú de réir aon mhéid a slógadh sa bhliain roimhe sin agus mír 5 á cur i bhfeidhm;

35 % le haghaidh cúnamh do thríú tíortha faoi phointe (b) de mhír 1;

15 % le haghaidh cúnamh laistigh den Aontas faoi phointe (b) de mhír 1.

Gan dochar don chéad fhomhír, ón 1 Meán Fómhair gach bliain, féadfar an chuid atá fágtha den mhéid atá ar fáil a úsáid le haghaidh aon chúnaimh dá dtagraítear sa dara fomhír chun na riachtanais a thagann chun cinn go dtí deireadh na bliana sin a chumhdach.

5.   I gcásanna eisceachtúla agus mura leor na hacmhainní airgeadais a bheidh fágtha sa Chúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála chun an méid a chumhdach a mheastar a bheith riachtanach don chúnamh faoi phointe (a) de mhír 1 sa bhliain a tharlóidh an tubaiste, dá dtagraítear sa phointe sin, féadfaidh an Coimisiún a mholadh go ndéanfar an difríocht a mhaoiniú trí na méideanna bliantúla a bheidh ar fáil don Chúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála an bhliain ina dhiaidh sin, suas le huasmhéid de EUR 400 mhilliún (i bpraghasanna 2018).

Airteagal 10

Cúlchiste Coigeartaithe Brexit

1.   Le Cúlchiste Coigeartaithe Brexit, tabharfar cúnamh dul i ngleic le hiarmhairtí díobhálacha gan choinne sna Ballstáit agus sna hearnálacha is mó atá thíos le tarraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann as an Aontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, faoi réir agus i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach san ionstraim ábhartha.

2.   Ní rachaidh an Cúlchiste Coigeartaithe Brexit thar mhéid EUR 5 000 milliún (i bpraghsanna 2018).

3.   Déanfar na leithreasuithe don Chúlchiste Coigeartaithe Brexit a chur isteach i mbuiséad ginearálta an Aontais mar fhoráil.

ROINN 2

Ionstraimí speisialta neamhthéamacha

Airteagal 11

Ionstraim Corrlaigh Aonair

1.   Is éard a bheidh san Ionstraim Corrlaigh Aonair:

(a)

amhail ó 2022, méideanna a fhreagraíonn do chorrlaigh a bheidh fós ar fáil faoi uasteorainneacha CAI do leithreasuithe faoi chomhair gealltanas de bhliain n-1 a chuirfear ar fáil de bhreis ar na huasteorainneacha CAI do leithreasuithe faoi chomhair gealltanas do na blianta ó 2022 go 2027;

(b)

amhail ó 2022, méideanna atá coibhéiseach leis an difríocht idir na híocaíochtaí a fhorghníomhaítear agus uasteorainn íocaíochta CAI de bhliain n-1 chun an uasteorainn íocaíochta do na blianta ó 2022 go 2027 a choigeartú suas; agus

(c)

méideanna breise a fhéadfar a chur ar fáil de bhreis ar uasteorainneacha CAI in aon bhliain ar leith do leithreasuithe faoi chomhair gealltanas nó do leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, nó don dá rud, de réir mar a bheidh, ar choinníoll go ndéanfar iad a fhritháireamh go hiomlán in aghaidh na gcorrlach i gceann amháin nó níos mó de cheannteidil CAI don bhliain airgeadais reatha nó do na blianta airgeadais amach anseo a mhéid a bhaineann le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus go ndéanfar iad a fhritháireamh go hiomlán in aghaidh na gcorrlach faoin uasteorainn íocaíochta do na blianta airgeadais amach anseo a mhéid a bhaineann le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

Ní fhéadfar méideanna a shlógadh faoi phointe (c) den chéad fhomhír ach amháin mura leor na méideanna atá ar fáil de bhun phointí (a) agus (b) den fhomhír sin, de réir mar is infheidhme, agus in aon chás mar rogha dheireanach chun freagairt ar chúinsí gan choinne.

I gcás ina rachfar ar iontaoibh phointe (c) den chéad fhomhír ní bheidh mar thoradh air sin go rachfar thar méideanna iomlána uasteorainneacha CAI do leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí don bhliain airgeadais reatha agus do na blianta airgeadais amach anseo. Dá bhrí sin aon mhéideanna a dhéanfar a fhritháireamh i gcomhréir leis an bpointe sin, ní shlógfar iad a thuilleadh i gcomhthéacs CAI.

2.   I gcás ina rachfar ar iontaoibh na hIonstraime Corrlaigh Aonair faoi phointí (a) agus (c) den chéad fhomhír de mhír 1 ní rachfar, in aon bhliain ar leith, thar na hiomláin seo a leanas:

(a)

0,04 % d’ollioncam náisiúnta an Aontais i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas, arna ríomh sa choigeartú teicniúil bliantúil ar CAI dá dtagraítear in Airteagal 4;

(b)

0,03 % d’ollioncam náisiúnta an Aontais i leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, arna ríomh sa choigeartú teicniúil bliantúil ar CAI dá dtagraítear in Airteagal 4.

An méid a rachfar ar iontaoibh na hIonstraime Corrlaigh Aonair in aon bhliain ar leith beidh sé comhsheasmhach leis na huasteorainneacha a leagtar amach sa Chinneadh maidir le hAcmhainní Dílse.

3.   Ní rachaidh na coigeartuithe bliantúla dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír de mhír 1 thar na huasmhéideanna seo a leanas (i bpraghsanna 2018) do na blianta ó 2025 go 2027 i gcomparáid leis an mbun-uasteorainn íocaíochta do na blianta ábhartha:

2025 – EUR 8 000 milliún;

2026 – EUR 13 000 milliún;

2027 – EUR 15 000 milliún.

Beidh na méideanna dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 5(2) sa bhreis ar na huasmhéideanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo.

Déanfar aon choigeartú suas a fhritháireamh trí laghdú comhfhreagrach a dhéanfar ar an uasteorainn íocaíochta do bhliain n-1.

4.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle méideanna dá dtagraítear i bpointí (a) agus (c) den chéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo a shlógadh faoi chuimsiú an nós imeachta bhuiséadaigh dá bhforáiltear in Airteagal 314 CFAE ionas go bhféadfar caiteachas a mhaoiniú nach bhféadfaí a mhaoiniú laistigh de theorainneacha uasteorainneacha ábhartha CAI atá ar fáil in aon bhliain ar leith.

Is é an Coimisiún a dhéanfaidh an coigeartú suas dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo, ag tosú in 2022, mar chuid den choigeartú teicniúil dá dtagraítear in Airteagal 4.

Airteagal 12

An Ionstraim Sholúbthachta

1.   Féadfar an Ionstraim Sholúbthachta a úsáid chun maoiniú a dhéanamh, d’aon bhliain airgeadais ar leith, ar chaiteachas sonrach gan choinne i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí comhfhreagracha nach féidir a mhaoiniú laistigh de theorainneacha na n-uasteorainneacha atá ar fáil le haghaidh ceann amháin nó níos mó de na ceannteidil eile. Beidh uasteorainn EUR 915 milliún (i bpraghsanna 2018) ar an tsuim bhliantúil a bheidh ar fáil le haghaidh na hIonstraime Solúbthachta.

2.   Féadfar an chuid nach mbainfear úsáid as den mhéid bliantúil den Ionstraim Sholúbthachta a úsáid suas go bliain n+2. Déanfar aon chuid den mhéid bliantúil a eascraíonn ó na blianta roimhe sin a úsáid ar dtús, de réir aoise. Rachaidh aon chuid den mhéid bliantúil ó bhliain n nach mbainfear úsáid as faoi bhliain n+2 in éag.

CAIBIDIL 4

ATHBHREITHNIÚ AR CAI

Airteagal 13

Athbhreithniú ar CAI

1.   Gan dochar d’Airteagal 3(2) ná d’Airteagail 14 go 17, i gcás imthosca gan choinne, féadfar athbhreithniú a dhéanamh ar CAI i gcomhréir le huasteorainn na n-acmhainní dílse a leagtar amach sa Chinneadh maidir le hAcmhainní Dílse.

2.   Mar riail ghinearálta, déanfar aon togra le haghaidh athbhreithniú ar CAI i gcomhréir le mír 1 a thíolacadh agus a ghlacadh sula gcuirfear tús leis an nós imeachta buiséadach don bhliain nó don chéad cheann de na blianta lena mbaineann.

3.   In aon togra le haghaidh athbhreithniú ar CAI i gcomhréir le mír 1, scrúdófar an raon feidhme atá ann chun caiteachas a ath-leithdháileadh idir na cláir a chumhdaítear leis an gceannteideal lena mbaineann an t-athbhreithniú, agus tagairt faoi leith á déanamh d’aon tearcúsáid a mheastar a bhainfear as leithreasuithe.

4.   Cuirfear san áireamh in aon athbhreithniú a dhéanfar ar CAI i gcomhréir le mír 1, an raon feidhme atá ann chun aon ardú a dhéanfar ar an uasteorainn do cheannteideal amháin a fhritháireamh trí ísliú a dhéanamh ar an uasteorainn do cheannteideal eile.

5.   Coimeádfar gaol iomchuí idir leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí in aon athbhreithniú a dhéanfar ar CAI i gcomhréir le mír 1.

Airteagal 14

Athbhreithniú a bhaineann le cur chun feidhme

Nuair a bheidh fógra maidir le torthaí na gcoigeartuithe teicniúla ar CAI á thabhairt ag an gCoimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, tíolacfaidh sé, i gcás inarb iomchuí, aon togra chun athbhreithniú a dhéanamh ar na leithreasuithe iomlána faoi chomhair íocaíochtaí a mheasfaidh sé a bheith riachtanach, i bhfianaise an chur chun feidhme, lena áirithiú go ndéanfar bainistiú fónta ar na huasteorainneacha íocaíochta bliantúla agus, go háirithe, go ndéanfar forchéimniú ar bhealach ordúil i ndáil leis na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas.

Airteagal 15

Athbhreithniú i gcás ina ndéanfaí athbhreithniú ar na Conarthaí

I gcás ina ndéanfaí athbhreithniú ar na Conarthaí lena ngabhfaidh impleachtaí buiséadacha, déanfar CAI a athbhreithniú dá réir.

Airteagal 16

Athbhreithniú i gcás ina méadófaí an tAontas

I gcás aontachais amháin nó níos mó leis an Aontas, déanfar CAI a athbhreithniú chun na ceanglais chaiteachais a bheidh mar thoradh air sin a chur san áireamh.

Airteagal 17

Athbhreithniú i gcás athaontú na Cipire

I gcás ina ndéanfar an Chipir a athaontú, déanfar CAI a athbhreithniú chun go gcuirfear san áireamh an réiteach cuimsitheach ar fhadhb na Cipire agus na riachtanais bhreise airgeadais a bheidh mar thoradh ar an athaontú.

CAIBIDIL 5

RANNÍOCAÍOCHT LE MAOINIÚ TIONSCADAL AR MHÓRSCÁLA

Airteagal 18

Ranníocaíocht le maoiniú tionscadal ar mhórscála

1.   Beidh uasmhéid EUR 13 202 milliún (i bpraghsanna 2018) ar fáil ó bhuiséad ginearálta an Aontais don tréimhse ó 2021 go 2027 do thionscadail ar mhórscála faoin Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear clár spáis an Aontais agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis.

2.   Beidh uasmhéid EUR 5 000 milliún (i bpraghsanna 2018) ar fáil ó bhuiséad ginearálta an Aontais don tréimhse ó 2021 go 2027 don tionscadal d’Imoibreoir Trialach Teirmeanúicléach Idirnáisiúnta (ITER).

CAIBIDIL 6

COMHAR IDIRINSTITIÚIDEACH SA NÓS IMEACHTA BUISÉADACH

Airteagal 19

Comhar idirinstitiúideach sa nós imeachta buiséadach

1.   Déanfaidh na hInstitiúidí bearta chun an nós imeachta buiséadach bliantúil a éascú.

2.   Comhoibreoidh na hInstitiúidí de mheon macánta le linn an nós imeachta d’fhonn a seasaimh a thabhairt le chéile. Comhoibreoidh na hInstitiúidí, ag gach céim den nós imeachta, trí na teagmhálacha idirinstitiúideacha iomchuí chun go ndéanfar faireachán ar dhul chun cinn na hoibre agus go ndéanfar anailís ar mhéid an chóineasaithe.

3.   Áiritheoidh na hInstitiúidí go ndéanfar a bhféilirí oibre faoi seach a chomhordú a mhéid is féidir, chun go bhféadfar imeachtaí a sheoladh ar bhealach comhleanúnach agus cóineasaithe, agus go mbeidh glacadh críochnaitheach bhuiséad ginearálta an Aontais mar thoradh air.

4.   Féadfar cruinnithe tríthaobhacha a thionól ag gach céim den nós imeachta agus ag leibhéil éagsúla ionadaíochta, ag brath ar chineál an phlé a mbeifear ag súil leis. Déanfaidh gach institiúid, i gcomhréir lena rialacha nós imeachta féin, a rannpháirtithe i ngach cruinniú a ainmniú, a sainordú le haghaidh na gcaibidlíochtaí a leagan amach agus na hinstitiúidí eile a chur ar an eolas in am trátha, maidir leis na socruithe le haghaidh na gcruinnithe.

Airteagal 20

Aontacht an bhuiséid

Áireofar caiteachas agus ioncam uile an Aontais agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach i mbuiséad ginearálta an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 7 den Rialachán Airgeadais, lena n-áirítear caiteachas a bheidh mar thoradh ar aon chinneadh ábhartha a dhéanfaidh an Chomhairle d’aontoil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, faoi chuimsiú Airteagal 332 CFAE.

CAIBIDIL 7

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 21

Aistriú i dtreo an chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile

Roimh an 1 Iúil 2025, tíolacfaidh an Coimisiún togra le haghaidh creat airgeadais ilbhliantúil nua.

Airteagal 22

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 17 Nollaig 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

S. SCHULZE


(1)  Toiliú an 16 Nollaig 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le cur chun feidhme na rialacha iomaíochta a leagtar síos in Airteagail 81 agus 82 den Chonradh (IO L 1, 4.1.2003, lch. 1)

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle an 20 Eanáir 2004 maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (Rialachán um Chumaisc CE) (IO L 24, 29.1.2004, lch. 1)

(5)  IO L 29, 31.1.2020, lch. 7.

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle an 11 Samhain 2002 lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (IO L 311, 14.11.2002, lch. 3).


IARSCRÍBHINN I

AN CREAT AIRGEADAIS ILBHLIANTÚIL (AE-27)

(EUR milliún – i bpraghsanna 2018)

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Iomlán

2021-2027

1.

An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Cúrsaí Digiteacha

19 712

19 666

19 133

18 633

18 518

18 646

18 473

132 781

2.

Comhtháthú, Athléimneacht agus Luachanna

49 741

51 101

52 194

53 954

55 182

56 787

58 809

377 768

2a.

Comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach

45 411

45 951

46 493

47 130

47 770

48 414

49 066

330 235

2b.

Athléimneacht agus luachanna

4 330

5 150

5 701

6 824

7 412

8 373

9 743

47 533

3.

Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol

55 242

52 214

51 489

50 617

49 719

48 932

48 161

356 374

ar a bhfuil: Caiteachas a bhaineann leis an margadh agus íocaíochtaí díreacha

38 564

38 115

37 604

36 983

36 373

35 772

35 183

258 594

4.

Imirce agus Bainistiú Teorainneacha

2 324

2 811

3 164

3 282

3 672

3 682

3 736

22 671

5.

Slándáil agus Cosaint

1 700

1 725

1 737

1 754

1 928

2 078

2 263

13 185

6.

An Chomharsanacht agus an Domhan

15 309

15 522

14 789

14 056

13 323

12 592

12 828

98 419

7.

An Riarachán Poiblí Eorpach

10 021

10 215

10 342

10 454

10 554

10 673

10 843

73 102

ar a bhfuil: Caiteachas riaracháin na n-institiúidí

7 742

7 878

7 945

7 997

8 025

8 077

8 188

55 852

IOMLÁN NA LEITHREASUITHE FAOI CHOMHAIR GEALLTANAS

154 049

153 254

152 848

152 750

152 896

153 390

155 113

1 074 300

IOMLÁN NA LEITHREASUITHE FAOI CHOMHAIR ÍOCAÍOCHTAÍ

156 557

154 822

149 936

149 936

149 936

149 936

149 936

1 061 058


IARSCRÍBHINN II

COIGEARTÚ CLÁRSHONRACH – LIOSTA NA gCLÁR, EOCHAIR LEITHDHÁILTE AGUS LEITHDHÁILEADH BREISE IOMLÁN NA LEITHREASUITHE FAOI CHOMHAIR GEALLTANAS

(i EUR milliún, praghsanna 2018)

 

Eochair leithdháilte

Leithdháileadh breise iomlán na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas faoi Airteagal 5

1.

An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Cúrsaí Digiteacha

36,36 %

4 000

Fís Eorpach

27,27 %

3 000

Ciste InvestEU

9,09 %

1 000

2b.

Athléimneacht agus Luachanna

54,55 %

6 000

EU4Health

26,37 %

2 900

Erasmus+

15,46 %

1 700

Eoraip na Cruthaitheachta

5,45 %

600

Cearta agus Luachanna

7,27 %

800

4.

Imirce agus Bainistiú Teorainneacha

9,09 %

1 000

An Ciste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha

9,09 %

1 000

IOMLÁN

100,00 %

11 000


Top