EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020R1655

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1655 ón gComhairle an 6 Samhain 2020 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1890 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí druileála neamhúdaraithe na Tuirce sa Mheánmhuir Thoir

IO L 372I, 9.11.2020, p. 1–2 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/1655/oj

9.11.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 372/1

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2020/1655 ÓN gCOMHAIRLE

an 6 Samhain 2020

lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1890 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí druileála neamhúdaraithe na Tuirce sa Mheánmhuir Thoir

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1890 ón gComhairle an 11 Samhain 2019 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí druileála neamhúdaraithe na Tuirce sa Mheánmhuir Thoir (1), agus go háirithe Airteagal 12(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ar an 11 Samhain 2019, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2019/1890.

(2)

Ar bhonn athbhreithniú ar na bearta, ba cheart na hiontrálacha atá i liosta na ndaoine nádúrtha agus dlíthiúla, na n‐eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1890 a uasdátú agus a leasú.

(3)

Ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1890 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1890 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 6 Samhain 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH

(1)  IO L 291, 12.11.2019, lch. 3.

IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CBES) 2019/1890, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontrálacha 1 agus 2:

Ainm

Faisnéis sainaitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

“1.

Mehmet Ferruh AKALIN

Dáta breithe: 9.12.1960

Uimhir Phas nó Aitheantais: 13571379758

Náisiúntacht: Turcach

Inscne: fireann

Tá Mehmet Ferruh Akalın ina Leas-Uachtarán (Bainisteoir Cúnta Ginearálta) agus ina chomhalta ar Bhord Stiúrthóirí Chorparáid Pheitriliam na Tuirce (TPAO). Tá sé ina cheann ar na Ranna Taiscéalaíochta, Taighde agus Forbartha agus Teicneolaíochtaí Faisnéise de chuid TPAO.

Ina cháil mar Leas-Uachtarán TPAO agus mar cheann na Roinne Taiscéalaíochta, tá Mehmet Ferruh Akalın freagrach as gníomhaíochtaí taiscéalaíochta hidreacarbóin amach ón gcósta de chuid TPAO a phleanáil, a stiúradh agus a chur chun feidhme. Áirítear orthu siúd gníomhaíochtaí druileála TPAO nár údaraigh Poblacht na Cipire iad, mar a leagtar amach thíos.

Rinne na soithí seo a leanas na gníomhaíochtaí druileála neamhúdaraithe sin:

(a)

soitheach druileála TPAO Yavuz i bhfarraige theorann Phoblacht na Cipire idir mí Iúil agus mí Mheán Fómhair 2019;

(b)

soitheach druileála TPAO Yavuz i réimse den limistéar eacnamaíoch eisiach de chuid Phoblacht na Cipire ar thug sí fógra ina leith do na Náisiúin Aontaithe agus atá teormharcáilte i gcomhaontú leis an Éigipt, idir mí Dheireadh Fómhair 2019 agus mí Eanáir 2020;

(c)

soitheach druileála TPAO Yavuz i réimse den limistéar eacnamaíoch eisiach de chuid Phoblacht na Cipire ar thug sí fógra ina leith do na Náisiúin Aontaithe agus atá teormharcáilte i gcomhaontú leis an Éigipt, agus i gcomhaontú le hIosrael, idir mí Eanáir agus mí Aibreáin 2020;

(d)

soitheach druileála TPAO Yavuz i réimse den limistéar eacnamaíoch eisiach de chuid Phoblacht na Cipire ar thug sí fógra ina leith do na Náisiúin Aontaithe agus atá teormharcáilte i gcomhaontú leis an Éigipt, idir mí Aibreáin agus mí Mheán Fómhair 2020;

(e)

soitheach druileála TPAO Fatih i réimse den limistéar eacnamaíoch eisiach de chuid Phoblacht na Cipire ar thug sí fógra ina leith do na Náisiúin Aontaithe, an‐ghar dá farraige theorann, idir mí na Samhna 2019 agus mí Eanáir 2020;

(f)

soitheach druileála TPAO Fatih i réimse thiar den limistéar eacnamaíoch eisiach de chuid Phoblacht na Cipire ar thug sí fógra do na Náisiúin Aontaithe ina leith, idir mí na Bealtaine agus mí na Samhna 2019.

27.2.2020

2.

Ali Coscun NAMOGLU

Dáta breithe: 27.11.1956

Uimhir Phas nó Aitheantais: 11096919534

Náisiúntacht: Turcach

Inscne: fireann

Tá Ali Coscun Namoglu ina Leas-Stiúrthóir ar Roinn Taiscéalaíochta Chorparáid Pheitriliam na Tuirce (TPAO).

Sa cháil sin, tá Ali Coscun Namoglu páirteach i ngníomhaíochtaí taiscéalaíochta hidreacarbóin amach ón gcósta de chuid TPAO a phleanáil, a stiúradh agus a chur chun feidhme. Áirítear orthu siúd gníomhaíochtaí druileála TPAO nár údaraigh Poblacht na Cipire iad, mar a leagtar amach thíos.

Rinne na soithí seo a leanas na gníomhaíochtaí druileála neamhúdaraithe sin:

(a)

soitheach druileála TPAO Yavuz i bhfarraige theorann Phoblacht na Cipire idir mí Iúil agus mí Mheán Fómhair 2019;

(b)

soitheach druileála TPAO Yavuz i réimse den limistéar eacnamaíoch eisiach de chuid Phoblacht na Cipire ar thug sí fógra ina leith do na Náisiúin Aontaithe agus atá teormharcáilte i gcomhaontú leis an Éigipt, idir mí Dheireadh Fómhair 2019 agus mí Eanáir 2020;

(c)

soitheach druileála TPAO Yavuz i réimse den limistéar eacnamaíoch eisiach de chuid Phoblacht na Cipire ar thug sí fógra ina leith do na Náisiúin Aontaithe agus atá teormharcáilte i gcomhaontú leis an Éigipt, agus i gcomhaontú le hIosrael, idir mí Eanáir 2020 agus mí Aibreáin 2020;

27.2.2020”

Top