This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32020R1649
Council Implementing Regulation (EU) 2020/1649 of 6 November 2020 implementing Regulation (EU) No 36/2012 concerning restrictive measures in view of the situation in Syria
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1649 an 6 Samhain 2020 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1649 an 6 Samhain 2020 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria
IO L 370I, 6.11.2020, p. 7–8
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
6.11.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
LI 370/7 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2020/1649
an 6 Samhain 2020
lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 ón gComhairle an 18 Eanáir 2012 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria agus lena n‐aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 442/2011 (1), agus go háirithe Airteagal 32(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas,
(1) |
An 18 Eanáir 2012, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 36/2012. |
(2) |
I bhfianaise thromchúis na staide mar atá sa tSiria, agus aird againn ar na hairí rialtais a ceapadh le déanaí, ba cheart ochtar a chur le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n‐eintiteas nó na gcomhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012. |
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 6 Samhain 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. ROTH
IARSCRÍBHINN
Cuirtear na hiontrálacha seo a leanas leis an liosta a leagtar amach i Roinn A (Daoine) d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012:
|
Ainm |
Faisnéis aitheantais |
Cúiseanna |
Dáta an liostaithe |
“303. |
Bassam TOU’MA (dá ngairtear freisin TU’MA) (بسام طعمة) |
Dáta breithe: 1969 Áit bhreithe: Safita, Syria Inscne: Fireann |
Aire Ola agus Acmhainní Mianra. I mí Lúnasa 2020 a ceapadh. Ina cháil mar Aire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialta. |
6.11.2020 |
304. |
Hassan GHABACHE (dá ngairtear freisin GHOBASH, AL-GHABBASH) (حسن غباشة) |
Dáta breithe: 1971 Áit bhreithe: Damascus, Syria Inscne: Fireann |
Aire Sláinte. I mí Lúnasa 2020 a ceapadh. Ina cháil mar Aire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas Shiria ar an bpobal sibhialta. |
6.11.2020 |
305. |
Ziyad SABBAGH (زياد صباغ) |
Dáta breithe: 1960 Áit bhreithe: Aleppo, Syria Inscne: Fireann |
Aire Tionscail. I mí Lúnasa 2020 a ceapadh. Ina cháil mar Aire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialta. |
6.11.2020 |
306. |
Mohammad Hassan QATANA (حسن قطانة) |
Áit bhreithe: Damascus, Syria Inscne: Fireann |
Aire Talmhaíochta agus um Athriar Talúntais. I mí Lúnasa 2020 a ceapadh. Ina cháil mar Aire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialta. |
6.11.2020 |
307. |
Ghassan ZAMEL (dá ngairtear freisin AL-ZAMIL, AL-ZAMEL) (غسان زامل) |
Dáta breithe: 1963 Áit bhreithe: Damascus, Syria Inscne: Fireann |
Aire Leictreachais. I mí Lúnasa 2020 a ceapadh. Ina cháil mar Aire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialta. |
6.11.2020 |
308. |
Mohamad (dá ngairtear freisin Mohammad) Fayez BARCHA (dá ngairtear freisin AL-BARSHA, AL-BARASHA) (محمد فايز برشة) |
Dáta breithe: 1955 Áit bhreithe: Damascus, Syria Inscne: Fireann |
Aire Stáit. I mí Lúnasa 2020 a ceapadh. Ina cháil mar Aire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialta. |
6.11.2020 |
309. |
Malloul (dá ngairtear freisin Maloul) HUSSEIN (dá ngairtear freisin AL-HUSSEIN) (ملول حسين) |
Dáta breithe: 1950 Áit bhreithe: Al-Hasakah Governorate, Syria Inscne: Fireann |
Aire Stáit. I mí Lúnasa 2020 a ceapadh. Ina cháil mar Aire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialta. |
6.11.2020 |
310. |
Mohammad Samir HADDAD (محمد سمير حداد) |
Dáta breithe: 1956 Áit bhreithe: Tartous, Syria Inscne: Fireann |
Aire Stáit. I mí Lúnasa 2020 a ceapadh. Ina cháil mar Aire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialta. |
6.11.2020” |