Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020R1578

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1578 ón gComhairle an 29 Deireadh Fómhair 2020 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2015/1755 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhurúin

    IO L 362, 30.10.2020, p. 1–2 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/1578/oj

    30.10.2020   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 362/1


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2020/1578 ÓN gCOMHAIRLE

    an 29 Deireadh Fómhair 2020

    lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2015/1755 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhurúin

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/1755 ón gComhairle an 1 Deireadh Fómhair 2015 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhurúin (1), agus go háirithe Airteagal 13(4) de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 1 Deireadh Fómhair 2015, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2015/1755.

    (2)

    Ar bhonn athbhreithniú a rinne an Chomhairle, ba cheart an fhaisnéis a bhaineann le beirt daoine nádúrtha agus atá in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/1755 a leasú.

    (3)

    Ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/1755 a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/1755 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Deireadh Fómhair 2020.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    M. ROTH


    (1)  IO: 257, 2.10.2015, lch. 1.


    IARSCRÍBHINN

    San Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2015/1755, in ionad iontrálacha 1 agus 2 faoin gceannteideal “Liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n‐eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 1 agus 2”, cuirtear an méid seo a leanas:

     

    Ainm

    Faisnéis aitheantais

    Forais ainmniúcháin

    “1.

    Godefroid BIZIMANA

    Inscne: Fireann

    Dáta breithe: 23.4.1968

    Áit breithe: Nyagaseke, Mabayi, Cibitoke

    Náisiúntacht: An Bhurúin. Uimhir an Phas: DP0001520

    “Chargé de missions de la Présidence” agus iarLeas-Ard-Stiúrthóir na bPóilíní Náisiúnta. An 31 Nollaig 2019, tugadh ardú céime do Bizimana go Príomh-Choimisinéir Póilíneachta. Freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas trí chinntí oibríochtúla a dhéanamh as ar eascair úsáid dhíréireach an fhornirt agus gníomhartha de bhrú faoi chois foréigneach i gcoinne léirsithe síochánta a thosaigh an 26 Aibreán 2015 tar éis fhógairt iarrthóireacht uachtaránachta Uachtarán Nkurunziza.

    2.

    Gervais NDIRAKOBUCA dá ngairtear freisin NDAKUGARIKA

    Inscne: Fireann

    Dáta Breithe: 1.8.1970

    Náisiúntacht: An Bhurúin. Uimhir an Phas: DP0000761

    An tAire Gnóthaí Baile, Forbartha Pobail agus Slándála Poiblí ó mhí an Mheithimh 2020 ar aghaidh. Iarcheannaire Oifig Rialtais na hUachtaránachta (“Présidence”) a bhí freagrach as cúrsaí a bhaineann leis na Póilíní Náisiúnta idir Bealtaine 2013 agus Samhain 2019, agus iar-Ard-Stiúrthóir na Seirbhíse Náisiúnta Faisnéise idir Samhain 2019 agus Meitheamh 2020. Freagrach as bac a chur ar an iarracht teacht ar réiteach polaitiúil sa Bhurúin trí threoracha a thabhairt as ar eascair úsáid dhíréireach an fhornirt, gníomhartha foréigin, gníomhartha diansmachta agus sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta ar léirsitheoirí a bhí ag agóid ón 26 Aibreán 2015 ar aghaidh, tar éis fhógairt iarrthóireacht uachtaránachta an Uachtaráin Nkurunziza, lena n‐áirítear an 26, an 27 agus an 28 Aibreán 2015 sna dúichí Nyakabiga agus Musaga in Bujumbura.”


    Top