EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020R1543

Rialachán (AE) 2020/1543 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2020 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 a mhéid a bhaineann leis an nós imeachta saortha

IO L 356, 26.10.2020, p. 3–4 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/1543/oj

26.10.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 356/3


RIALACHÁN (AE) 2020/1543 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 21 Deireadh Fómhair 2020

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 a mhéid a bhaineann leis an nós imeachta saortha

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 78(2), Airteagal 79(2) agus (4), Airteagal 82(1), Airteagal 84 agus Airteagal 87(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá iarmhairtí phaindéim COVID-19 tar éis dul i bhfeidhm ar na Ballstáit ar bhealach nach bhfacthas riamh roimhe seo. Tá difear déanta ag paindéim COVID-19 don imirce, don tslándáil agus do bhainistiú teorainneacha sna Ballstáit agus, mar thoradh air sin, tá na ganntanais thromchúiseacha leachtachta ar a bhfuil aghaidh á dtabhairt ag na Ballstáit tar éis dul in olcas, ganntanais arb é is cúis leo an t‐ardú tobann suntasach atá tagtha ar na hinfheistíochtaí poiblí atá ag teastáil in a lán earnálacha. Tháinig as sin staid eisceachtúil ar cheart aghaidh a thabhairt uirthi le bearta sonracha.

(2)

Is gá solúbthacht bhreise a sholáthar do na Ballstáit chun é a chur ar a gcumas aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim seo, géarchéim nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo, trí chur leis an deis lánúsáid a bhaint as an tréimhse cur chun feidhme a bheidh ar fáil do chláir náisiúnta dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) go dtí go ndúnfar na cláir sin faoin 31 Nollaig 2023. Chun aghaidh a thabhairt ar ghá den sórt sin, ba cheart an spriocdháta céanna a bheith i gceist leis na spriodhátaí maidir le saoradh agus maidir le cur isteach na n‐iarratas ar an iarmhéid bliantúil a íoc. Is é an 15 Feabhra den bhliain tar éis na bliana airgeadais ábhartha, dáta is féidir leis an gCoimisiún a shíneadh, ar bhonn eisceachtúil, go dtí an 1 Márta den bhliain sin, an spriocdháta rialála maidir le hiarratais ar an iarmhéid bliantúil a íoc, cé gurbh é an 31 Nollaig den dara bliain tar éis bhliain an ghealltanais bhuiséadaigh an spriocdháta a socraíodh don saoradh ar dtús. Tríd an spriocdháta maidir leis an saoradh a ailíniú leis an spriocdháta ábhartha maidir le cur isteach na n‐iarratas ar an iarmhéid bliantúil a íoc, beidh an Coimisiún in ann an t‐iarratas ar an iarmhéid bliantúil a íoc arna chur isteach ag na Ballstáit an 15 Feabhra nó an 1 Márta, de réir mar is iomchuí, a chur san áireamh chun críche an tsaortha.

(3)

Chun a áirithiú gur féidir leis na Ballstáit lánúsáid a bhaint as na leithdháiltí breise a deonaíodh in 2018 agus 2019, ba cheart an bhliain ina gcuirtear an gealltanas buiséadach i bhfeidhm a choigeartú. Cuireadh na leithdháiltí breise sin san áireamh i mbuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh le haghaidh na mblianta airgeadais 2018 agus 2019 agus ina dhiaidh sin gealladh iad do na cláir náisiúnta.

(4)

I bhfianaise na práinne a bhaineann leis na cúinsí eisceachtúla arbh í paindéim COVID-19 ba chúis leo, meastar gurb iomchuí foráil a dhéanamh maidir le heisceacht ón tréimhse ocht seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bParlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE), leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.

(5)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon an leas is fearr a bhaint as an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 516/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), agus an Ciste Slándála Inmheánaí, a bunaíodh le Rialacháin (AE) Uimh. 513/2014 (4) agus (AE) Uimh. 515/2014 (5) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun aghaidh a thabhairt ar na héifeachtaí díreacha agus indíreacha a eascraíonn as an ngéarchéim sláinte poiblí i gcomhthéacs phaindéim COVID-19, géarchéim nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta arna beartú, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(6)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 a leasú dá réir.

(7)

Chun deimhneacht dhlíthiúil a thabhairt do na Ballstáit maidir leis an spriocdháta maidir leis an saoradh, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 50 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Cuirfear nós imeachta saortha i bhfeidhm ar chláir náisiúnta, nós imeachta atá bunaithe ar an mbonn, más rud é, faoin 15 Feabhra nó, i gcás ina ndéanann an Coimisiún an spriocdháta maidir le cur isteach an iarratais ar íocaíocht a shíneadh i gcomhréir le hAirteagal 44(1), faoin 1 Márta den bhliain tar éis an dara bliain tar éis bhliain an ghealltanais bhuiséadaigh, nach bhfuil méideanna atá nasctha le gealltanas cumhdaithe leis an réamh-mhaoiniú tosaigh agus bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 35 agus le hiarratas ar íocaíocht arna chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 44(1), go saorfar na méideanna sin. Chun críoch an tsaortha, déanfaidh an Coimisiún an méid a ríomh tríd an séú cuid den ghealltanas buiséadach bliantúil a bhaineann le ranníocaíocht mhéid iomlán 2014 a chur le gach ceann de na gealltanais bhuiséadacha le haghaidh na mblianta 2015-2020.

Maidir le méideanna a chomhfhreagraíonn do na leithdháiltí breise a sannadh do na cláir náisiúnta in 2018, cuirfear an gealltanas buiséadach i bhfeidhm in 2019. Maidir le méideanna a chomhfhreagraíonn do na leithdháiltí breise a sannadh do na cláir náisiúnta sa bhliain 2019, cuirfear an gealltanas buiséadach i bhfeidhm in 2020.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Deireadh Fómhair 2020.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Deireadh Fómhair 2020 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2020.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena leagtar síos na forálacha ginearálta maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht agus maidir leis an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do chomhar póilíneachta, don choireacht a chosc agus a chomhrac, agus do bhainistíocht géarchéime (IO L 150, 20.5.2014, lch. 112).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 516/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, lena leasaítear Cinneadh 2008/381/CE ón gComhairle agus lena n‐aisghairtear Cinneadh Uimh. 573/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 575/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2007/435/CE ón gComhairle (IO L 150, 20.5.2014, lch. 168).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 513/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do chomhar póilíneachta, don choireacht a chosc agus a chomhrac agus do bhainistíocht géarchéime agus lena n‐aisghairtear Cinneadh 2007/125/CGB ón gComhairle (IO L 150, 20.5.2014, lch. 93 ).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do theorainneacha seachtracha agus do víosaí agus lena n‐aisghairtear Cinneadh Uimh. 574/2007/CE (IO L 150, 20.5.2014, lch. 143).


Top