This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32020R1505
Council Implementing Regulation (EU) 2020/1505 of 16 October 2020 implementing Regulation (EU) No 36/2012 concerning restrictive measures in view of the situation in Syria
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1505 ón gComhairle an 16 Deireadh Fómhair 2020 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1505 ón gComhairle an 16 Deireadh Fómhair 2020 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria
IO L 342I, 16.10.2020, p. 1–5
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
16.10.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
LI 342/1 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2020/1505 ÓN gCOMHAIRLE
an 16 Deireadh Fómhair 2020
lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 ón gComhairle an 18 Eanáir 2012 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria agus lena n‐aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 442/201 (1), agus go háirithe Airteagal 32(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 18 Eanáir 2012, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 36/2012. |
(2) |
I bhfianaise thromchúis na staide mar atá sa tSiria, agus aird againn ar na hairí rialtais a ceapadh le déanaí, ba cheart seachtar a chur le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n‐eintiteas nó na gcomhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012. Chomh maith leis sin, ba cheart an fhaisnéis a bhaineann le 18 duine a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a thabhairt cothrom le dáta. |
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Deireadh Fómhair 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M.ROTH
IARSCRÍBHINN
I.
Cuirtear na daoine seo a leanas leis an liosta a leagtar amach i Roinn A (“Daoine”) d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012:
|
Ainm |
Faisnéis aitheantais |
Cúiseanna |
Dáta an liostaithe |
“296. |
Talal AL-BARAZI (dá ngairtear freisin Barazi) (طلال البرازي) |
Dáta breithe: 1963; Áit bhreithe: cathair Hama, Siria; Inscne: Fireann |
An tAire Trádála Inmheánaí agus Cosanta Tomhaltóirí. I mBealtaine 2020 a ceapadh. Ina cháil mar Aire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialta. |
16.10.2020 |
297. |
Loubana MOUCHAWEH (dá ngairtear freisin Lubana, Mshaweh) (لبانة مشوّح) |
Dáta breithe: 1955; Áit bhreithe: Damaisc, Siria; Inscne: Baineann |
An tAire Cultúir. I Lúnasa 2020 a ceapadh. Ina cáil mar Aire Rialtais, tá freagracht uirthi as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialta. |
16.10.2020 |
298. |
Darem TABA’A (دارم طباع) |
Dáta breithe: 1958; Áit bhreithe: Damaisc, Siria; Inscne: Fireann |
An tAire Oideachais. I Lúnasa 2020 a ceapadh. Ina cháil mar Aire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialta. |
16.10.2020 |
299. |
Ahmad SAYYED (dá ngairtear freisin Alsyed, al-Sayyed, al-Sayed) (أحمد السيد) |
Dáta breithe: 1965; Áit bhreithe: Ouneitra, Siria; Inscne: Fireann |
An tAire Dlí agus Cirt. I Lúnasa 2020 a ceapadh. Ina cháil mar Aire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialta. |
16.10.2020 |
300. |
Tammam RA’AD (dá ngairtear freisin; Tamam; Raad) (تمام رعد) |
Dáta breithe: 1965; Áit bhreithe: Al-Qusayr, Siria; nó Homs, Siria; Inscne: Fireann |
An tAire Acmhainní Hiodrálacha. I Lúnasa 2020 a ceapadh. Ina cháil mar Aire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialta. |
16.10.2020 |
301. |
Kinan YAGHI (dá ngairtear freisin Yagi) (كنان ياغي) |
Dáta breithe: 1976; Áit bhreithe: Salmiya, ceantar tuaithe Hama, Siria; Inscne: Fireann |
An tAire Airgeadais I Lúnasa 2020 a ceapadh. Ina cháil mar Aire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialta. |
16.10.2020 |
302. |
Zuhair KHAZIM (dá ngairtear freisin Zouhair) (زهير خزيم) |
Dáta breithe: 1963; Áit bhreithe: Ain al-Tinah, Siriach ó Lattakia, Siria; Inscne: Fireann |
An tAire Iompair. I mí Lúnasa 2020 a ceapadh. Ina cháil mar Aire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialta.” |
16.10.2020 |
II.
I Roinn A (“Daoine”) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na n‐iontrálacha a bhaineann leis na daoine seo a leanas:
|
Ainm |
Faisnéis aitheantais |
Cúiseanna |
Dáta an liostaithe |
“56. |
Ali (
|
Dáta breithe: 1952 Áit bhreithe: Lattakia, Siria; Inscne: fireann |
Leas-Uachtarán ar Chomhairle na nAirí agus an tAire Cosanta. In Eanáir 2018 a ceapadh. Oifigeach atá ina Ghinearál in Arm na Siria, sa phost tar éis mhí Bealtaine 2011. IarCheannaire ar an General Staff of the Syrian Armed Forces. Duine a thacaíonn le réimeas na Siria agus atá freagrach as cur faoi chois agus foréigean i gcoinne an phobail sibhialtach sa tSiria. |
14.11.2011 |
109. |
Imad ( ( (dá ngairtear freisin Imad Mohammad Dib Khamees) |
Dáta breithe: 1.8.1961; Áit bhreithe: gar do Damaisc, Siria; Inscne: fireann |
IarPhríomh-Aire agus Iar-Aire Leictreachais. Ina cháil mar iarAire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialtach. |
23.3.2012 |
178. |
Nizar Wahbeh YAZAJI (dá ngairtear freisin Nizar Wehbe Yazigi) (نزار وهبه يازجي) |
Dáta breithe: 1961; Áit bhreithe: Damaisc, Siria; Inscne: fireann |
Iar-Aire Sláinte. Ina cháil mar iarAire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialtach. |
21.10.2014 |
180. |
Ahmad AL‐QADRI (أحمد القادري) |
Dáta breithe: 1956; Inscne: fireann |
IarAire Talmhaíochta agus um Athriar Talúntais. Ina cháil mar iarAire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialta. |
24.6.2014 |
190. |
Hussein ARNOUS (dá ngairtear freisin Arnus)(حسين عرنوس) |
Dáta breithe: 1953; Áit bhreithe: Idleh, Siria; Inscne: fireann |
An Príomh-Aire. I Lúnasa 2020 a ceapadh. Ina cháil mar Aire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialta. |
24.6.2014 |
217. |
Atef NADDAF ( |
Dáta breithe: 1956; Áit bhreithe: ceantar tuaithe Dhamaisc, Siria; Inscne: fireann |
IarAire Trádála Inmheánaí agus Cosanta Tomhaltóirí. Ina cháil mar iarAire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialtach. |
14.11.2016 |
218. |
Hussein MAKHLOUF (dá ngairtear freisin Makhluf) ( |
Dáta breithe: 1964; Áit bhreithe: Lattakia, Siria; Inscne: fireann |
An tAire Riaracháin Áitiúil agus Comhshaoil. IarGhobharnóir Ghobharnóireacht na Damaisce. Ina cháil mar Aire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialta. Col ceathrar le Rami Makhlouf. |
14.11.2016 |
220. |
Ali GHANEM ( |
Dáta breithe: 1963; Áit bhreithe: Damascus, Siria; Inscne: fireann |
IarAire Peitriliam agus Acmhainní Mianra. Ina cháil mar iarAire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialtach. |
14.11.2016 |
222. |
Mohammed (dá ngairtear freisin Mohamed, Muhammad, Mohammad) AL-AHMED (dá ngairtear freisin al-Ahmad) ( |
Dáta breithe: 1961; Áit bhreithe: Lattakia, Siria; Inscne: fireann |
IarAire Cultúir. Ina cháil mar iarAire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialtach. |
14.11.2016 |
223. |
Ali HAMOUD (dá ngairtear freisin Hammoud) ( |
Dáta breithe: 1964; Áit bhreithe: Tartus, Siria; Inscne: fireann |
IarAire Iompair. Ina cháil mar iarAire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialtach. |
14.11.2016 |
224. |
Mohammed Zuhair (dá ngairtear freisin Zahir) KHARBOUTLI ( |
Áit bhreithe: Damaisc, Siria; Inscne: fireann |
IarAire Leictreachais. Ina cháil mar iarAire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialta. |
14.11.2016 |
225. |
Maamoun (dá ngairtear freisin Ma’moun) HAMDAN ( |
Dáta breithe: 1958; Áit bhreithe: Damaisc, Siria; Inscne: fireann |
IarAire Airgeadais. Ina cháil mar iarAire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialtach. |
14.11.2016 |
229. |
Abdullah ABDULLAH ( |
Dáta breithe: 1956; Inscne: fireann |
IarAire Stáit. Ina cháil mar iarAire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialtach. |
14.11.2016 |
230. |
Salwa ABDULLAH ( |
Dáta breithe: 1953; Áit bhreithe: Quneitra, Siria; Inscne: baineann |
An tAire Gnóthaí Sóisialta agus Saothair. I Lúnasa 2020 a ceapadh. IarAire Stáit. Ina cáil mar Aire Rialtais, tá freagracht uirthi as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialta. |
14.11.2016 |
231. |
Rafe’a Abu SA’AD (dá ngairtear freisin Saad) ( |
Dáta breithe: 1954; Áit bhreithe: sráidbhaile Habran, dúiche Sweida, Siria; Inscne: fireann |
IarAire Stáit. Ina cháil mar iarAire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialtach. |
14.11.2016 |
239. |
Hisham Mohammad Mamdouh AL‐SHA’AR (هشام محمد ممدوح الشعار) |
Dáta breithe: 1958; Áit bhreithe: Damaisc, Siria; Inscne: fireann |
IarAire Dlí agus Cirt. Ina cháil mar iarAire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialtach. |
30.5.2017 |
277. |
Imad Muwaffaq AL‐AZAB (عماد موفق العزب) |
Dáta breithe: 1970; Áit bhreithe: ceantar tuaithe Dhamaisc, Siria; Inscne: fireann |
IarAire Oideachais. Ina cháil mar iarAire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialtach. |
4.3.2019 |
281. |
Mohammad Maen Zein Jazba AL-ABIDIN (ar a dtugar freisin Mohammad Maen Zein Jazba Al-Abidin) (محمد معن زين العابدين) |
Dáta breithe: 1962; Áit bhreithe: Aleppo, Siria; Inscne: fireann |
IarAire Tionscail. Ina cháil mar iarAire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialtach. |
4.3.2019” |