Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020R1311

    Rialachán (AE) 2020/1311 ón gComhairle an 21 Meán Fómhair 2020 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 224/2014 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht na hAfraice Láir

    IO L 308, 22.9.2020, p. 1–2 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/1311/oj

    22.9.2020   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 308/1


    RIALACHÁN (AE) 2020/1311 ÓN GCOMHAIRLE

    an 21 Meán Fómhair 2020

    lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 224/2014 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht na hAfraice Láir

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,

    Ag féachaint do Chinneadh 2013/798/CBES ón gComhairle an 23 Nollaig 2013 maidir le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht na hAfraice Láir (1),

    Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 10 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 224/2014 (2) ar mhaithe le feidhm a thabhairt do bhearta áirithe dá bhforáiltear i gCinneadh 2013/798/CBES.

    (2)

    An 28 Iúil 2020, ghlac Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (CSNA) Rún 2536 (2020). Leis an Rún sin leathnaítear na díolúintí chun an trádbhac arm a chumhdach.

    (3)

    An 21 Meán Fómhair 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/1312 (3), lena leasaítear Cinneadh 2013/798/CBES i gcomhréir le Rún 2536 (2020).

    (4)

    Cinn áirithe de na leasuithe seo, tagann siad faoi raon feidhme an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus, dá bhrí sin, is gá gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais chun iad a chur chun feidhme i dteannta coigeartuithe teicniúla i bhfianaise Rúin CSNA a glacadh cheana, go háirithe d’fhonn a áirithiú go gcuirfidh oibreoirí eacnamaíocha iad i bhfeidhm go haonfhoirmeach i ngach Ballstát.

    (5)

    Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 224/2014 a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    In Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 224/2014, cuirtear na pointí seo a leanas leis:

    “(e)

    maidir le hairm a bhfuil calabra 14,5 mm acu nó níos lú, armlón agus comhpháirteanna atá saindeartha do na hairm sin, agus le feithiclí míleata is feithiclí talún neamharmtha agus feithiclí míleata is feithiclí talún agus airm feistithe orthu, airm a bhfuil calabra 14,5 mm acu nó níos lú, agus a bpáirteanna spártha, agus le gránáidí roicéadtiomána, agus armlón atá saindeartha do na hairm sin, d’fhórsaí slándála Phoblacht na hAfraice Láir, lena n‐áirítear institiúidí stáit um fhorfheidhmiú an dlí shibhialta, i gcás inarb é is rún le hairm, armlón, comhpháirteanna agus feithiclí den chineál sin, iad a úsáid i bpróiseas athchóirithe na hearnála slándála i bPoblacht na hAfraice Láir nó chun tacú leis, agus sin amháin, ar choinníoll go dtugtar fógra don Coiste Smachtbhannaí ar a laghad 20 lá roimh ré maidir leis an gcúnamh nó na seirbhísí sin a sholáthar;

    (f)

    maidir le hairm agus trealamh marfach gaolmhar eile nach liostaítear i bpointe (e) d’Airteagal 3, d’fhórsaí slándála Phoblacht na hAfraice Láir, lena n‐áirítear institiúidí stáit um fhorfheidhmiú an dlí shibhialta, i gcás inarb é is rún le hairm, armlón, comhpháirteanna agus feithiclí den chineál sin, iad a úsáid i bpróiseas athchóirithe na hearnála slándála i bPoblacht na hAfraice Láir nó chun tacú leis, agus sin amháin, de réir mar a fhormheasann an Coiste Smachtbhannaí roimh ré.”.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Meán Fómhair 2020.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    J. BORRELL FONTELLES


    (1)  IO L 352, 24.12.2013, lch. 51.

    (2)  Rialachán (AE) ón gComhairle Uimh. 224/2014 an 10 Márta 2014 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht na hAfraice Láir (IO L 70, 11.3.2014, lch. 1).

    (3)  Cinneadh (CBES) 2020/1312 ón gComhairle an 21 Meán Fómhair lena leasaítear Cinneadh 2013/798/CBES maidir le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht na hAfraice Láir (féach leathanach 3 den Iris Oifigiúil seo).


    Top