This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32020R1309
Council Implementing Regulation (EU) 2020/1309 of 21 September 2020 implementing Article 21(2) of Regulation (EU) 2016/44 concerning restrictive measures in view of the situation in Libya
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1309 ón gComhairle an 21 Meán Fómhair 2020 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 21(2) de Rialachán (AE) 2016/44 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1309 ón gComhairle an 21 Meán Fómhair 2020 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 21(2) de Rialachán (AE) 2016/44 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia
IO L 305I, 21.9.2020, p. 1–4
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
21.9.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
LI 305/1 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2020/1309 ÓN gCOMHAIRLE
an 21 Meán Fómhair 2020
lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 21(2) de Rialachán (AE) 2016/44 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/44 ón gComhairle an 18 Eanáir 2016 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia agus lena n‐aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 204/2011 (1), agus go háirithe Airteagal 21(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 18 Eanáir 2016, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2016/44. |
(2) |
An 27 Márta 2020, d’eisigh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“an tArdionadaí”) dearbhú thar ceann an Aontais maidir leis an Libia inar iarradh ar na páirtithe uile cearta an duine agus an dlí idirnáisiúnta a urramú. |
(3) |
An 12 Bealtaine 2020, d’eisigh an tArdionadaí dearbhú thar ceann an Aontais inar luadh gur de thiomantas an Aontais fós go ndéanfar trádbhac na Náisiún Aontaithe sa Libia a urramú go hiomlán. Cuireadh i dtreis chomh maith sa Dearbhú nach mór gach iarracht a dhéanamh a áirithiú go gcuirfear na rúin ábhartha ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe chun feidhme go hiomlán agus go héifeachtach freisin ar theorainneacha talún agus aeir na Libia. |
(4) |
Thairis sin, cuireadh i gcuimhne do na páirtithe sa Dearbhú nach mór dóibh an dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear an dlí daonnúil idirnáisiúnta, a urramú agus go ndéanfar iad siúd a sháraíonn é a thabhairt chun cuntais. |
(5) |
Is cúis mhór imní don Chomhairle i gcónaí an staid sa Libia go háirithe a mhéid a bhaineann le gníomhaíochtaí a chuireann síocháin, slándáil nó cobhsaíocht na Libia i mbaol, lena n‐áirítear sáruithe ar thrádbhac arm na Náisiún Aontaithe agus iarrachtaí aindleathacha ola na Libia a smuigleáil, mar aon le sáruithe ar chearta an duine. |
(6) |
Ós amhlaidh atá, agus i bhfianaise an ghéaraithe leanúnaigh atá ag teacht ar an bhforéigean sa Libia, ba cheart beirt atá freagrach as sáruithe ar chearta an duine, mar aon le trí eintiteas, a raibh lámh acu i sárú thrádbhac arm na Náisiún Aontaithe, a chur le liosta na ndaoine agus na n‐eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/44. |
(7) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/44 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Article 1
Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/44 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Meán Fómhair 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
IARSCRÍBHINN
(1)
I gCuid (A) (Daoine) d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/44, cuirtear isteach na hiontrálacha seo a leanas:
|
Ainm |
Faisnéis aitheantais |
Cúiseanna |
Dáta an liostaithe |
'20. |
AL-WERFALLI, Mahmoud Mustafa Busayf ar a dtugtar freisin AL-WARFALLI, Mahmud |
Dáta breithe: 1978 Áit bhreithe: Werfalla Tribe, West of Libya or Elrseefa (Bani Walid) Inscne: fireann |
Tá Mahmoud al-Werfalli ina cheannasaí (leifteanant) ar Bhriogáid al-Saiga atá lonnaithe in Benghazi. Sa cháil sin dó, tá al‐Werfalli freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n‐áirítear maruithe agus básuithe, agus páirt glactha aige go díreach nó go hindíreach sna sáruithe sin. Tá Al-Werfalli luaite le trí dhuine dhéag is fiche a mharú idir Meitheamh 2016 agus Iúil 2017 i roinnt teagmhas chomh maith le deichniúr a bhású an 24 Eanáir 2018. |
21.9.2020 |
21. |
DIAB, Moussa ar a dtugtar freisin DIAB, Mousa |
Inscne: fireann |
Tá Moussa Diab freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine lena n‐áirítear gáinneáil ar dhaoine agus imircigh agus dídeanaithe a fhuadach, a éigniú agus a mharú agus páirt glactha aige go díreach sna sáruithe sin. Choimeád sé imircigh agus dídeanaithe i mbraighdeanas i gcampa coinneála mídhleathach gar do Bani Walid áit ar caitheadh go cruálach agus go táireach leo. Maraíodh roinnt imirceach agus dídeanaithe nuair a rinne siad iarracht éalú as an gcampa coinneála. |
21.9.2020 |
(2)
I gCuid (B) (Eintitis) d'Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/44, cuirtear isteach na hiontrálacha seo a leanas:
|
Ainm |
Faisnéis aitheantais |
Cúiseanna |
Dáta an liostaithe |
|||
'17. |
Sigma Airlines ar a dtugtar freisin Sigma Aviation; Air Sigma |
Seoladh:
Teil.: +77272922305 Suíomh gréasáin: https://airsigma.pro/ Cláraithe faoin ainm: Kenesbayev Umirbek Zharmenovich |
Cuideachta aerlasta tráchtála is ea Sigma Airlines a oibríonn aerárthaí ar measadh gur sháraigh siad an trádbhac arm sa Libia a bunaíodh le Rún 1970 (2011) ó Chomhairle Slándála na Náisiún agus a trasuíodh in Airteagal 1 de Chinneadh (CBES) 2015/1333. Tá aitheanta ag na Náisiúin Aontaithe go bhfuil Sigma Airlines ar cheann de na cuideachtaí aerlasta tráchtála atá ag feidhmiú gan trádbhac na Náisiún Aontaithe a bheith á chomhlíonadh aici. |
21.9.2020 |
|||
18. |
Avrasya Shipping |
Seoladh: Liman Mh. Gezi Cd. Uimh: 22/3 İlkadım, Samsun, Turkey Teil.: +90 549 720 1748 Ríomhphost: info@avrasyashipping.com Suíomh gréasáin: http://www.avrasyashipping.com/iletisim |
Cuideachta mhuirí is ea Avrasya Shipping a oibríonn soitheach ar a dtugtar Cirkin ar measadh gur sháraigh sí an trádbhac arm sa Libia a bunaíodh le Rún 1970 (2011) ó Chomhairle Slándála na Náisiún agus a trasuíodh in Airteagal 1 de Chinneadh (CFSP) 2015/1333. Go sonrach, tá Cirkin luaite le hábhar míleata a iompar chuig an Libia i mBealtaine agus i Meitheamh na bliana 2020. |
21.9.2020 |
|||
19. |
Med Wave Shipping |
Seoladh:
Teil.: +962787064121; +96265865550; +96265868550 Ríomhphost: operation@medwave.co |
Is cuideachta mhuirí é Med Wave Shipping a oibríonn soitheach ar a dtugtar Bana ar measadh gur sháraigh sí an trádbhac arm sa Libia a bunaíodh le Rún 1970 (2011) ó Chomhairle Slándála na Náisiún agus a trasuíodh in Airteagal 1 de Chinneadh (CFSP) 2015/1333. Go sonrach, tá Bana luaite le hábhar míleata a iompar chuig an Libia i mí Eanáir 2020.' |
21.9.2020 |