This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32020R0900
Council Regulation (EU) 2020/900 of 25 June 2020 amending Regulation (EU) 2019/1838 as regards certain fishing opportunities for 2020 in the Baltic Sea and amending Regulation (EU) 2020/123 as regards certain fishing opportunities in 2020 in Union and non-Union waters
Rialachán (AE) 2020/900ón gComhairle an 25 Meitheamh 2020 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1838 a mhéid a bhaineann le deiseanna iascaireachta áirithe le haghaidh 2020 i Muir Bhailt, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2020/123 a mhéid a bhaineann le deiseanna iascaireachta áirithe in 2020 in uiscí an Aontais agus in uiscí nach de chuid an Aontais iad
Rialachán (AE) 2020/900ón gComhairle an 25 Meitheamh 2020 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1838 a mhéid a bhaineann le deiseanna iascaireachta áirithe le haghaidh 2020 i Muir Bhailt, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2020/123 a mhéid a bhaineann le deiseanna iascaireachta áirithe in 2020 in uiscí an Aontais agus in uiscí nach de chuid an Aontais iad
ST/8799/2020/INIT
IO L 207, 30.6.2020, pp. 4–14
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
No longer in force
|
30.6.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 207/4 |
RIALACHÁN (AE) 2020/900ÓN GCOMHAIRLE
an 25 Meitheamh 2020
lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1838 a mhéid a bhaineann le deiseanna iascaireachta áirithe le haghaidh 2020 i Muir Bhailt, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2020/123 a mhéid a bhaineann le deiseanna iascaireachta áirithe in 2020 in uiscí an Aontais agus in uiscí nach de chuid an Aontais iad
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(3) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2019/1838 ón gComhairle (1) socraítear na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme i Muir Bhailt le haghaidh 2020. Bunaítear leis tréimhsí coiscthe le haghaidh an dá stoc troisc, tréimhsí atá ina dtréimhsí sceite ag na stoic sin, lena mbaineann maolú le haghaidh soithí iascaireachta ar lú a bhfad iomlán ná 12 mhéadar a bhíonn ag iascaireacht le trealaimh éighníomhacha áirithe. Tá iascaireacht a dhéantar le sruthdhoruithe eisiata ón maolú. Mar sin féin, meastar gur cheart úsáid sruthdhoruithe a cheadú agus gur cheart dá réir í a áireamh leis an maolú, mar a rinneadh sna rialacháin maidir le deiseanna iascaireachta a bhí ann roimhe seo. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2019/1838 a leasú dá réir. |
|
(2) |
Le Rialachán (AE) 2020/123 ón gComhairle (2), socraítear le haghaidh 2020 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad. |
|
(3) |
Sa tuarascáil faoina sheisiún iomlánach an 16-20 Márta 2020, ba é an conclúid ón gCoiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (STECF), i gcás foghabhálacha faoitíní (Merlangius merlangus) sa Mhuir Cheilteach, gurb é an soc-fhoirceann mogaill mhuileataigh 100 mm le painéal de mhogall cearnógach 160 mm an cineál soc-fhoircinn is roghnaithí de na ceithre chineál a liostaítear sna bearta feabhais a leagtar amach i bpointe (a) d’Airteagal 13(1) de Rialachán (AE) 2020/123 lena socraítear deiseanna iascaireachta le haghaidh 2020. Ní raibh aon mheastacháin iontaofa ag STECF maidir le roghnaíocht trosc (Gadus morhua) sa soc-fhoirceann mogaill mhuileataigh 100 mm le painéal de mhogall cearnógach 160 mm. Dá bhrí sin, chun athshlánú an stoic faoitíní lena mbaineann a áirithiú, is iomchuí leanúint d’úsáid an chomhcheangail sin de shoc-fhoirceann agus painéal de mhogall cearnógach. D’fhonn athshlánú trosc sa Mhuir Cheilteach a áirithiú, ba cheart leanúint den soc-fhoirceann mogaill mhuileataigh 100 mm le painéal de mhogall cearnógach 160 mm a úsáid le líne iascaireachta ardaithe. |
|
(4) |
Tá an bhásmhaireacht iascaireachta (F) le haghaidh an troisc sa Mhuir Thuaidh (Gadus morhua) méadaithe ó bhí 2016 ann agus meastar anois go bhfuil sí os cionn an phointe thagartha um an ráta básmhaireachta san iascaireacht (Flim), i.e. pointe tagartha a mbeidh meánmhéid stoic ag pointe tagartha teorann i dtaca le bithmhais (Blim) mar thoradh air san fhadtéarma. Má dhéantar iascaireacht ar leibhéil os cionn Flim ídeofar an stoc dá bharr go leibhéil faoi bhun Blim. Mar thoradh air sin, tá bithmhais an stoic sceite (SSB) laghdaithe ó bhí 2015 ann agus meastar go bhfuil sé faoi bhun Blim.Is é Blim an pointe tagartha dá bhforáiltear sa chomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil, dá bhforálann an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES) go háirithe, arbh fhéidir go mbeadh acmhainneacht síolraithe laghdaithe faoina bhun. Thairis sin, bhí an earcaíocht tearc i gcónaí ó bhí 1998 ann, agus thar a bheith tearc in 2016 agus 2018. |
|
(5) |
I gcomhréir le hAirteagal 7(2) de Rialachán (AE) 2018/973 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) lena mbunaítear plean ilbhliantúil na Mara Thuaidh (4), i gcás ina léireofar leis an gcomhairle eolaíoch go bhfuil bithmhais stoic sceite aon cheann de na stoic éisc dá dtagraítear in Airteagal 1(1) den Rialachán sin faoi bhun Blim, tá bearta ceartaitheacha breise le glacadh chun a áirithiú go ndéanfar leibhéil an stoic éisc a athbhunú go tapa os cionn na leibhéal atá in ann uastáirgeacht inbhuanaithe (UTI) a tháirgeadh. Féadfar a áireamh ar na bearta ceartaitheacha sin go háirithe iascaireacht dhírithe an stoic lena mbaineann a chur ar fionraí agus laghdú leordhóthanach deiseanna iascaireachta le haghaidh na stoc sin nó le haghaidh stoc eile in iascaigh ina dtarlaíonn foghabhálacha trosc, nó lena n-aghaidh sin araon. |
|
(6) |
In éagmais Moladh Comhpháirteach ó ghrúpa réigiúnach Bhallstáit na Mara Thuaidh maidir le bearta níos fadtéarmaí, tá an Coimisiún ag moladh bearta teicniúla breise a thabhairt isteach atá nasctha go feidhmiúil leis na deiseanna iascaireachta le haghaidh 2020, i gcomhréir leis na gealltanais atá tugtha idir an tAontas agus an Iorua, atá comhsheasmhach leis an ráiteas comhpháirteach ón gCoimisiún Eorpach agus ón gComhairle. |
|
(7) |
D’fhonn gabhálacha na stoc éisc a socraítear gabhálacha iomlána incheadaithe (TACanna) ina leith a laghdú, ba cheart na deiseanna iascaireachta le haghaidh na n-iascach as a ngabhtar na stoic sin a shocrú ag leibhéil a chuidíonn le bithmhais na stoc leochaileach a athshlánú go leibhéal inbhuanaithe. Ba cheart bearta teicniúla atá nasctha go feidhmiúil le deiseanna iascaireachta a bhunú freisin. Ina fhorbhreathnú maidir le hiascach measctha le haghaidh na Mara Thuaidh, measann ICES go mbeidh na gabhálacha trosc tuairim is 40 000 tonna, is é sin i gcás nach dtiocfaidh aon athrú ar phatrúin iascaireachta agus i bhfianaise an aischuir neamhdhleathaigh a bhítear a dhéanamh. Chun an riosca go ndéanfaí gabhálacha i bhfad níos mó ná an TAC comhaontaithe a íoslaghdú, teastaíonn bearta breise chun gabhálacha a theorannú tuilleadh. |
|
(8) |
I gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear sna comhaontuithe nó sna prótacail ar an gcaidreamh iascaigh leis an Iorua (5), bhí comhairliúcháin maidir le cearta iascaireachta ag an Aontas leis an Iorua. Tá sé comhaontaithe ag na Páirtithe a mholadh dá n-údaráis ar leith bearta ceartaitheacha breise a thabhairt isteach chun an TAC a aontaíodh cheana i Nollaig 2019 a fhorlíonadh, ionas go soláthrófar cosaint bhreise ar bhonn sealadach do throisc idir óg agus aosach le linn 2020. Ba cheart a áireamh ar na bearta sin tréimhsí coiscthe séasúracha ar mhaithe le troisc óga a chosaint, limistéir shrianta lena mbaineann coinníollacha sonracha rochtana agus tabhairt isteach bearta nua atá bunaithe ar threalamh iascaireachta. |
|
(9) |
An 9 Márta 2020, d’eisigh ICES comhairle le haghaidh gabhálacha séaclaí Artacha (Pandalus borealis) i ranna 3a agus 4a Thoir ICES (Skagerrak, Kattegat, agus an taobh ó thuaidh den Mhuir Thuaidh i dTrinse na hIorua). Ar bhonn na comhairle sin agus i ndiaidh comhairliúcháin leis an Iorua, is iomchuí cuóta an Aontais le haghaidh séaclaí Artacha i roinn 3a ICES a shocrú ag 3 266 thona, i gcomhréir leis an UTI. |
|
(10) |
De réir chomhairle ICES an 14 Aibreán 2020, ní ceart gabhálacha salán (Sprattus sprattus) in uiscí an Aontais i bhfolimistéar 4 ICES (an Mhuir Thuaidh) agus i roinn 3a ICES (Skagerrak agus Kattegatt) a bheith níos mó ná 207 807 tona le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2020 go dtí an 30 Meitheamh 2021. Ba cheart, mar sin, na deiseanna iascaireachta le haghaidh salán a shocrú ag 169 778 in uiscí an Aontais i 2a ICES agus i bhfolimistéar 4 ICES, agus ag 38 029 tona i roinn 3a ICES le haghaidh na tréimhse sin, i gcomhréir leis an UTI. |
|
(11) |
Tá an TAC le haghaidh ainseabhaithe (Engraulis encrasicolus) i bhfolimistéir 9 agus 10 ICES agus in uiscí de chuid an Aontais a bhaineann leis an gCoiste Iascaigh um an Atlantach Thoir Láir (CECAF) 34.1.1. le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2020 go dtí an 30 Meitheamh 2021 socraithe ag nialas, go dtí go n-eiseofar an chomhairle eolaíoch le haghaidh na tréimhse sin. Eiseoidh ICES a chomhairle le haghaidh an stoic éisc sin ag deireadh Mheitheamh 2020. Chun a áirithiú go bhféadfar leanúint de ghníomhaíocht iascaireachta go dtí go socrófar an TAC ar bhonn na comhairle eolaíche is déanaí, ba cheart TAC sealadach 4 018 tona, arna bhunú ar na gabhálacha a rinneadh sa tríú ráithe de 2019, a bhunú. Ba cheart an TAC sealadach sin a leasú i gcomhréir le comhairle eolaíoch ICES. |
|
(12) |
I dTaifead Comhaontaithe na gComhairliúchán Iascaigh idir an Iorua agus an tAontas Eorpach le haghaidh 2020 an 19 Nollaig 2019, d’aontaigh na Páirtithe go ndéanfar líon breise 10 000 tona ar a mhéid a dheonú, anuas ar an 50 000 tona scadáin (Clupea harengus) arb é sin an líon comhaontaithe a dtugtar cead don Iorua é a ghabháil óna cuóta in uiscí an Aontais in 4a agus 4b agus is féidir leis an Aontas a ghabháil in uiscí na hIorua laisteas de 62°T, má iarann an Iorua nó an tAontas méadú den sórt sin. Ba cheart an comhaontú sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais. |
|
(13) |
Ag an gcruinniú bliantúil a bhí aici in 2020 a reáchtáladh ón 14 go dtí an 18 Feabhra 2020, d’athbhreithnigh an Eagraíocht Réigiúnach um Bainistíocht Iascaigh san Aigéan Ciúin Theas (SPRFMO) an beart caomhnaithe le haghaidh bolmán (Trachurus murphyi), nár cinneadh fós na deiseanna iascaireachta ina leith i Rialachán (AE) 2020/123. Ba cheart na bearta infheidhme a chur chun feidhme i ndlí an Aontais. |
|
(14) |
Ag an gcruinniú bliantúil a bhí aige a reáchtáladh ón 23 go dtí an 27 Meán Fómhair 2019, chinn Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh (NAFO) an t-iascach alfainsín thaibhsigh (Beryx splendens) a dhúnadh i bhfolimistéar 6 NAFO de bharr gurbh fhéidir go n-ídeofaí an stoc. Dá bhrí sin ba cheart an beart sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais agus an liosta speiceas atá faoi thoirmeasc a leasú dá réir. |
|
(15) |
Tá Moladh 16-05 ón gCoimisiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (ICCAT), lenar laghdaíodh an TAC le haghaidh colgáin Mheánmhuirí (Xiphias gladius) in 2020, curtha chun feidhme cheana i ndlí an Aontais. In Eanáir 2020, áfach, d’eisigh Rúnaíocht ICCAT treoirlínte maidir le ríomh an TAC le haghaidh colgáin Mheánmhuirí. Mar thoradh air sin, caithfear cuóta an Aontais a nuashonrú dá réir. |
|
(16) |
Ag an gcruinniú bliantúil a bhí aige in 2019 a reáchtáladh ón 17 go dtí an 21 Meitheamh 2019, ghlac an Coimisiún um Thuinníní an Aigéin Indiaigh (IOTC) teorainneacha nua gabhála le haghaidh tuinníní buí (Thunnus albacares) nach ndéanann difear do theorainneacha gabhála an Aontais faoi chreat IOTC. Mar sin féin, laghdaigh sé na deiseanna úsáid a bhaint as feistí um chomhbhailiú éisc (FADanna), soithí soláthair agus baoithe gléasta freisin. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán AE 2020/123 a athrú tuilleadh chun a áirithiú go léirítear i gceart leis na rialacha cur chun feidhme na cinntí atá glactha ag na Páirtithe Conarthacha in IOTC. |
|
(17) |
I mí Iúil 2019, sa Séú Cruinniú de Pháirtithe Chomhaontú Iascaigh an Aigéin Indiaigh Theas (SIOFA), socraíodh bearta maidir le hiascaireacht ghrinnill agus teorannú iarrachta i limistéar an Chomhaontaithe. Cuireadh na bearta sin chun feidhme i ndlí an Aontais le Rialachán (AE) 2020/123. Mar sin féin, ba cheart tuilleadh athruithe a dhéanamh lena áirithiú go léirítear i gceart sna rialacha cur chun feidhme na cinntí atá glactha ag SIOFA maidir le teorainneacha le hiascaireacht ghrinnill. |
|
(18) |
Tugann an Coimisiún ceadúnais iascaireachta do shoithí a bhfuil bratach Veiniséala ar foluain acu chun a cheadú dóibh sclamhaire a ghabháil in uiscí de chuid na hEorpa amach ó chósta Ghuáin na Fraince. Foráiltear le Rialachán (AE) 2020/123 do dheonú 45 cheadúnas. Chun go n-eiseofar na húdaruithe sin, ní mór fianaise a sholáthar go bhfuil conradh bailí tugtha chun críche idir an longúinéir agus cuideachta próiseála atá lonnaithe i Roinn Ghuáin na Fraince. Le linn an phróisis údaraithe a bhíonn ar siúl idir dhá bhliain, ba cheart leanúnachas oibríochtaí iascaireachta a cheadú faoi choinníollacha áirithe. |
|
(19) |
I gcás soithí a bhíonn ag iascach spéirlintí ag baint úsáid as gléasanna áirithe i bhforanna 2a, 3a agus 4 ICES, ba cheart iad a bheith faoi réir tréimhsí toirmisc ón 1 Lúnasa go dtí an 31 Nollaig 2020 agus ón 1 Eanáir go dtí an 31 Márta 2021. |
|
(20) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2020/123 a leasú dá réir. |
|
(21) |
Tá feidhm ag na teorainneacha gabhála dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2019/1838 agus Rialachán (AE) 2020/123 ón 1 Eanáir 2020. Dá bhrí sin ba cheart na forálacha maidir le teorainneacha gabhála a thugtar isteach leis an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm a luaithe is féidir. Maidir le hathruithe ar leibhéil TACanna, an maolú breise i Muir Bhailt agus an cead leanúnach trealamh a úsáid sa Mhuir Cheilteach, ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha ón 1 Eanáir 2020 ar aghaidh. Ós rud é nach bhfuil na deiseanna iascaireachta atá i gceist ídithe go fóill nó toisc go méadaítear iad agus go dtugtar isteach rialacha níos boige leis an Rialachán seo, ní dhéantar difear do phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus don phrionsabal i dtaobh ionchais dhlisteanacha a chosaint le cur i bhfeidhm cúlghabhálach an Rialacháin seo. |
|
(22) |
Chuathas i gcomhairle leis an Ríocht Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 130(1) den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, (6) |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasú ar Rialachán (AE) 2019/1838
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1838 i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Leasú ar Rialachán (AE) 2020/123
Leasaítear Rialachán (AE) 2020/123 mar a leanas:
|
(1) |
In Airteagal 3, cuirtear isteach na pointí seo a leanas:
|
|
(2) |
Cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 12a Séasúir coiscthe iascaireachta le haghaidh spéirlintí Toirmeascfar iascaireacht tráchtála a dhéanamh ar spéirlintí le trál grinnill, líon saighne ná trealamh tarraingthe comhchosúla ag a bhfuil mogallmhéid is lú ná 16 mm i ranna 2a agus 3a ICES agus i bhfolimistéar 4 ICES ón 1 Lúnasa go dtí an 31 Nollaig 2020 agus ón 1 Eanáir go dtí an 31 Márta 2021.” |
|
(3) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheathrú fleasc de phointe (a) d’Airteagal 13(1):
|
|
(4) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14: “Airteagal 14 Bearta ceartaitheacha le haghaidh troisc sa Mhuir Thuaidh 1. Leagtar amach in Iarscríbhinn IV na limistéir atá coiscthe don iascaireacht seachas le hiascaigh peiligeach (peas-saighne agus tráil) agus na tréimhsí a mbeidh feidhm ag na tréimhsí coiscthe lena linn. 2. Soithí a bhíonn ag iascaireacht le tráil ghrinnill agus saighní lena mbaineann mogallmhéid íosta 70 mm in 4a agus 4b nó ar a laghad 90mm in 3a, agus spiléir (7), toirmiscfear orthu sin a bheith ag iascaireacht in uiscí de chuid an Aontais i roinn 4a ICES, lastuaidh de dhomhanleithead 58° 30′ 00 T agus laisteas de dhomhanleithead 61° 30′ 00 T agus in uiscí de chuid an Aontais i ranna 3a.20 (Skagerrak), 4a agus 4b ICES, lastuaidh de dhomhanleithead 57° 00′ 00 T agus lastoir de dhomhanfhad 5 00’ 00" O. 3. De mhaolú ar mhír 2, féadfaidh soithí iascaireachta dá dtagraítear i mír 2 iascaireacht a dhéanamh sna limistéir dá dtagraítear i mír 1 ar choinníoll go gcomhlíontar leo ceann amháin ar a laghad de na critéir a leanas:
4. Feabhsóidh na Ballstáit faireachán, rialú agus faireachas ar na soithí dá dtagraítear i mír 2 chun comhlíonadh na gcoinníollacha a shonraítear i bpointí (a) go (e) de mhír 3 a rialú. (7) Cóid trealaimh: OTB, OTT, OT, TBN, TBS, TB, TX, PTB, SDN, SSC, SX, LL, LLS.” " |
|
(5) |
In Airteagal 16(1), cuirtear an pointe seo a leanas isteach:
|
|
(6) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 27: “Airteagal 27 Sruthfheistí um chomhbhailiú éisc (FADanna) agus soithí tacaíochta 1. Beidh sruthfheistí um chomhbhailiú éisc (FADanna) feistithe le baoithe gléasta. Tá cosc ar aon bhaoi eile, amhail baoithe raidió, a úsáid. 2. Ní leanfaidh soitheach peas-saighne níos mó ná 300 baoi oibríochtúil ag aon tráth amháin. 3. Is é 500 an t-uaslíon baoithe gléasta is féidir a fháil go bliantúil le haghaidh gach soithigh spiléireachta. Ní bheidh níos mó ná 500 baoi gléasta ag aon soitheach spiléireachta (idir bhaoithe atá sa stoc agus bhaoithe oibríochtúla) tráth ar bith. 4. Uaslíon dhá shoitheach soláthair mar thaca le líon nach lú ná cúig shoitheach peas-saighne a bheidh sa líon soithí soláthair, agus bratach Ballstáit ar foluain acu uile. Ní bheidh feidhm ag an bhforáil seo maidir le Ballstáit nach mbainfidh úsáid ach as an aon soitheach soláthair amháin. 5. Ní bheidh níos mó ná an t-aon soitheach soláthair amháin mar thaca ag soitheach peas-saighne ar a mbeidh bratach Ballstáit ar foluain tráth ar bith. 6. Ní chláróidh an tAontas soithí soláthair nua nó breise i gclár soithí údaraithe IOTC.”. |
|
(7) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 46: “Airteagal 46 Teorainneacha le hiascaireacht ghrinnill Áiritheoidh Ballstáit, maidir le soithí a bhfuil a mbratach ar foluain acu a bhíonn ag iascaireacht i Limistéar Chomhaontú SIOFA:
|
|
(8) |
Cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad Airteagal 51: “Airteagal 51 Séasúir coiscthe iascaireachta Soithí tríú tír a údaraítear chun spéirlintí agus foghabhálacha gaolmhara a iascach in uiscí an Aontais i bhfolimistéar 4 ICES, ní dhéanfaidh siad spéirlintí a iascach san fholimistéar sin le trál grinnill, líon saighne ná trealamh tarraingthe comhchosúla ag a bhfuil mogallmhéid is lú ná 16 mm le linn na dtréimhsí seo a leanas:
|
|
(9) |
Leasaítear Iarscríbhinní, IA, ID, IH agus V i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag Airteagal 1 agus pointe (3) d’Airteagal 2 agus pointe (9) d’Airteagal 2 i gcomhcheangal le pointí 1(a) agus (e) agus le pointí 2 agus 3 d’Iarscríbhinn II ón 1 Eanáir 2020.
Beidh feidhm ag pointí (1), (2) agus (5) go (8) d’Airteagal 2 agus ag pointe (9) d’Airtegal 2 i gcomhcheangal le pointí 1(b), (c) agus (d) agus le pointe 4 d’Iarscríbhinn II ón 1 Iúil 2020.
Beidh feidhm ag pointe (4) d’Airteagal 2 ón 15 Lúnasa 2020.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Meitheamh 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. METELKO-ZGOMBIĆ
(1) Rialachán (AE) 2019/1838 ón gComhairle an 30 Deireadh Fómhair 2019 lena socraítear le haghaidh 2020 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme i Muir Bhailt, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/124 maidir le deiseanna iascaireachta áirithe in uiscí eile (IO L 281, 31.10.2019, lch. 1).
(2) Rialachán (AE) 2020/123 ón gComhairle an 27 Eanáir 2020 lena socraítear le haghaidh 2020 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad (IO L 25, 30.1.2020, lch. 1)
(3) Rialachán (AE) 2020/123 ón gComhairle an 27 Eanáir 2020 lena socraítear le haghaidh 2020 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad (IO L 25, 30.1.2020, lch. 1).
(4) Rialachán (AE) 2018/973 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do stoic ghrinnill sa Mhuir Thuaidh agus don iascach a shaothraíonn na stoic sin, lena sonraítear mionsonraí maidir le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír sa Mhuir Thuaidh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 676/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 1342/2008 ón gComhairle (IO L 179, 16.7.2018, lch. 1).
(5) An Comhaontú ar iascaigh idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Ríocht na hIorua (IO L 226, 29.8.1980, lch. 48).
IARSCRÍBHINN I
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1838 mar a leanas:
|
(1) |
Sa tábla deiseanna iascaireachta le haghaidh troisc i bhforanna 25-32 ICES, cuirtear an méid seo a leanas in áit fhonóta 2:
|
|
(2) |
Sa tábla deiseanna iascaireachta le haghaidh troisc i bhforanna 22-24 ICES, cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhonótaí 1 agus 2:
|
IARSCRÍBHINN II
Leasaítear Iarscríbhinní IA, ID, IH agus V a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/123 mar a leanas:
|
(1) |
Leasaítear Iarscríbhinn IA mar a leanas:
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(2) |
In Iarscríbhinn ID, cuirtear an méid seo a leanas in áit an tábla deiseanna iascaireachta le haghaidh colgáin sa Mheánmhuir:
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(3) |
In Iarscríbhinn IH, cuirtear an méid seo a leanas in áit an tábla deiseanna iascaireachta le haghaidh bolmáin i limistéar choinbhinsiún SPRFMO:
|
|||||||||||||||||||||||||
|
(4) |
In Iarscríbhinn V, i gcuid B an tábla maidir leis “An líon uasta údaruithe iascaireachta le haghaidh soithí tríú tír a dhéanann iascaireacht in uiscí an Aontais”, cuirtear an méid seo a leanas in áit fhonóta 1:
|
(1) Gabhálacha scadán a thógtar in iascaigh a úsáideann líonta a bhfuil méid a mogaill cothrom le 32 mm nó níos mó ná sin.
(2) Gabhálacha a thógtar laistigh den chuóta seo, asbhainfear iad ó sciar na hIorua den TAC. Laistigh de theorainn an chuóta seo, ní fhéadfar níos mó ná an chainníocht a thugtar thíos a thógáil in uiscí de chuid an Aontais in 4a agus 4b (HER/*4AB-C). Deonófar cainníocht bhreise 10 000 tona ar a mhéid má iarrann an Iorua méadú den sórt sin.
50 000
(3) Ní fhéadfar an cuóta a ghabháil ach ón 1 Iúil 2020 go dtí an 30 Meán Fómhair 2020.”
(4) Féadfaidh suas le 5 % den chuóta a bheith ina fhoghabhálacha faoitíní (OTH/*2AC4C). Foghabhálacha faoitíní arna gcomhaireamh in aghaidh an chuóta de bhun na forála seo agus foghabhálacha speiceas arna gcomhaireamh in aghaidh an chuóta de bhun Airteagal 15(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ní rachaidh siad, i dteannta a chéile, thar 9 % den chuóta.
(5) Ní fhéadfar an cuóta a ghabháil ach ón 1 Iúil 2020 go dtí an 30 Meitheamh 2021.”
(6) Ní fhéadfar an cuóta a ghabháil ach ón 1 Iúil 2020 go dtí an 30 Meitheamh 2021.
(7) Féadfaidh suas le 2 % den chuóta a bheith ina fhoghabhálacha faoitíní (OTH/*2AC4C). Foghabhálacha faoitíní arna gcomhaireamh in aghaidh an chuóta de bhun na forála seo agus foghabhálacha speiceas arna gcomhaireamh in aghaidh an chuóta de bhun Airteagal 15(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ní rachaidh siad, i dteannta a chéile, thar 9 % den chuóta.
(8) Lena n-áirítear spéirlintí.
(9) Féadfaidh suas le 4 % de a bheith ina fhoghabhálacha scadán.”
(10) Ní fhéadfar an cuóta seo a ghabháil ach ón 1 Aibreán go dtí an 31 Nollaig.”