Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020R0897

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/897 ón gComhairle an 29 Meitheamh 2020 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2017/2063 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise a bhfuil ag tarlú i Veiniséala

ST/8673/2020/INIT

IO L 205I, 29.6.2020, pp. 1–5 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/897/oj

29.6.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 205/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2020/897 ÓN GCOMHAIRLE

an 29 Meitheamh 2020

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2017/2063 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise a bhfuil ag tarlú i Veiniséala

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/2063 ón gComhairle an 13 Samhain 2017 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise a bhfuil ag tarlú i Veiniséala (1), agus go háirithe Airteagal 17(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 13 Samhain 2017, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2017/2063.

(2)

An 21 Nollaig 2019, d’eisigh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“an tArdionadaí”) dearbhú thar ceann an Aontais ina luaitear gur sárú tromchúiseach ar na forálacha bunreachtúla, ar an smacht reachta agus ar phrionsabal daonlathach dheighilt na gcumhachtaí é an cinneadh ó Chúirt Uachtarach Veiniséala agus ón gComhthionól Bunreachta neamh-aitheanta an díolúine pharlaiminteach a cheadaítear faoin mbunreacht a bhaint de cheathrar comhaltaí den Tionól Náisiúnta. Cuireadh in iúl go soiléir sa dearbhú go leanfadh an tAontas d’fhaireachán a dhéanamh ar an gcás agus léiríodh ann go bhfuil an tAontas faoi réir le leas a bhaint as na hionstraimí atá ar fáil dó chun an daonlathas, an smacht reachta agus cearta an duine a chur chun cinn, lena n-áirítear bearta spriocdhírithe nach dochar iad do mhuintir Veiniséala.

(3)

An 9 Eanáir 2020, d’eisigh an tArdionadaí dearbhú thar ceann an Aontais ina luaitear gur ghéaraigh na bearta a rinneadh le déanaí in aghaidh an Tionóil Náisiúnta, an t-aon chomhlacht a thoghtar go daonlathach i Veiniséala, agus in aghaidh go leor Comhaltaí dá chuid, lena n-áirítear Uachtarán an Tionóil Náisiúnta, gur ghéaraigh siad ar an ngéarchéim i Veiniséala agus nach raibh aon ghlacadh ar chor ar bith leis na hiarrachtaí a rinneadh bac a chur, le forneart, ar phróiseas dlisteanach toghcháin Bhord Stiúrthóirí an Tionóil Náisiúnta an 5 Eanáir 2020 ná le húsáid an fhornirt i gcoinne Uachtarán an bhoird agus reachtóirí éagsúla le nach bhféadfaidís freastal ar an Tionól Náisiúnta. Cuireadh in iúl ann freisin nach raibh an seisiún vótála ba chúis le “toghadh” Luis Parra dlisteanach toisc nár urramaíodh na nósanna imeachta dlíthiúla ná na prionsabail bhunreachtúla dhaonlathacha lena linn agus nach mór do Chomhaltaí an Tionóil Náisiúnta a bheith in ann an sainordú parlaiminteach a fuair siad ó mhuintir Veiniséala a fheidhmiú gan imeaglú agus gan baol beart díoltais. Ina theannta sin, i bhfianaise na ngníomhartha agus na gcinntí tromchúiseacha sin lena mbaintear an bonn den daonlathas, den smacht reachta agus de chearta an duine, leagadh béim sa dearbhú ar a thiomanta atá an tAontas luí isteach ar bhearta spriocdhírithe a chur i bhfeidhm i gcoinne daoine aonair a bhíonn bainteach le sárú na bprionsabal agus na gceart sin.

(4)

An 4 Meitheamh 2020, d’eisigh an tArdionadaí dearbhú thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir leis an gcor is déanaí a tharla i Veiniséala, lena n-áirítear an cinneadh ó Chúirt Uachtarach Veiniséala an 26 Bealtaine 2020 lena ndaingnítear Luis Parra ina Uachtarán ar an Tionól Náisiúnta. Cuireadh i dtreis sa dearbhú go measann an tAontas nár dhlisteanach an seisiún vótála as ar eascair toghadh, mar a thugtar air, Luis Parra, toisc nár urramaíodh leis an nós imeachta dlíthiúil ná prionsabail bhunreachtúla dhaonlathacha. Cuireadh in iúl ann freisin gur doimhne fós atá an ghéarchéim fhadtéarmach institiúideach agus pholaitiúil i Veiniséala agus gur lú an spás daonlathach agus bunreachtúil sa tír mar thoradh ar an méid is déanaí a tharla. Athdhearbhaíodh seasamh an Aontais sa dearbhú, is é sin nach féidir teacht as an ngéarchéim i Veiniséala ar bhealach inbhuanaithe ach amháin trí fhíorphróiseas polaitiúil cuimsitheach, agus ag an am céanna ag diúltú do gach cineál foréigin, lena n-áirítear aon ionradh míleata nó foréigneach sa tír. Sa chomhthéacs sin, thug an tAontas dá aire gur céim dhearfach é an comhaontú ar tháinig gníomhaithe náisiúnta air le déanaí maidir le cabhair dhaonnúil agus chuir sé i bhfios go láidir go gcaithfidh gach taobh oibriú le chéile ar bhealach cuiditheach chun fulaingt uafásach mhuintir Veiniséala a mhaolú, fulaingt is measa fós mar thoradh ar phaindéim COVID-19.

(5)

Ós amhlaidh atá, agus i bhfianaise na staide tromchúisí leanúnaí i Veiniséala, ba cheart aon duine dhéag a áireamh ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2063.

(6)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2063 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2063 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Meitheamh 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A.METELKO-ZGOMBIĆ


(1)   IO L 295, 14.11.2017, lch. 21.


IARSCRÍBHINN

Cuirtear na daoine a leanas ar an liosta de dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha, d’eintitis agus de chomhlachtaí in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Cinneadh (AE) 2017/2063:

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

“26.

José Adelino Ornelas Ferreira

Ailias: Ornella Ferreira/Ornellas Ferreira

Dáta breithe: 14 Nollaig 1964

Áit bhreithe: Caracas, Distrito Capital, Veiniséala

Uimhir Aitheantais: V-7087964

Inscne: fireann

Ard-Rúnaí na Comhairle Náisiúnta Cosanta ón 26 Iúil 2019 i leith agus iarcheannasaí ar Réigiún Straitéiseach Bunchosanta na Príomhchathrach Náisiúnta (REDI Capital), iar-Cheann Foirne agus iar-Leas-Cheannaire ar Cheannas Oibríochtúil agus Straitéiseach ar Fhórsaí Armtha Náisiúnta Bholavarach Veiniséala (CEOFANB). Sna róil sin, thacaigh sé le gníomhaíochtaí agus beartais de chuid Rialtas Veiniséala a bhain an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala agus d’éascaigh sé na gníomhaíochtaí agus na beartais sin. Bhí sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an tsochaí shibhialta agus an freasúra daonlathach i Veiniséala a chur faoi chois, lena n-áirítear trí bhac a chur ar sholáthar cabhrach daonnúla agus trí úsáid iomarcach an fhornirt ag oifigigh Fhórsaí Armtha Bolavaracha (FANB), agus ag fo-fhórsaí faoina cheannas, lena n-áirítear an Réigiún Straitéiseach Bunchosanta (REDI), Crios na Oibríochtaí Bunchosanta (ZODI) agus an Garda Náisiúnta Bolavarach, a bhí faoina cheannas.

29.6.2020

27.

Gladys del Valle Requena

Dáta breithe: 9 Samhain 1952

Áit bhreithe: Puerto Santo, Sucre, Veiniséala

Uimhir Aitheantais: V-4114842

Inscne: baineann

Comhalta den Tionól Bunreachta Náisiúnta (ANC), nach n-aithnítear, agus an Dara Leas-Uachtarán ar an Tionól ón 26 Deireadh Fómhair 2018 i leith. Sa ról ceannasach a bhí aici sa ANC, nach n-aithnítear, bhain sí an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala, lena n-áirítear tríd an bhforaithne a shíniú lenar baineadh an díolúine pharlaiminteach a bhí ag uachtarán Thionól Náisiúnta Veiniséala, Juan Guaidó.

29.6.2020

28.

Tania Valentina Diaz González

Dáta breithe: 18 Meitheamh 1963

Áit bhreithe: Caracas, Distrito Capital, Veiniséala

Uimhir Aitheantais: V-6432672

Inscne: baineann

Comhalta den Tionól Bunreachta Náisiúnta (ANC), nach n-aithnítear, agus an Chéad Leas-Uachtarán ar an Tionól ón 4 Eanáir 2018 i leith. Sa ról ceannasach a bhí aici sa ANC, nach n-aithnítear, bhain sí an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala, lena n-áirítear tríd an bhforaithne a shíniú lenar baineadh an díolúine pharlaiminteach a bhí ag uachtarán Thionól Náisiúnta Veiniséala, Juan Guaidó.

29.6.2020

29.

Elvis Eduardo Hidrobo Amoroso

Dáta breithe: 4 Lúnasa 1963

Áit bhreithe: Caracas, Distrito Capital, Veiniséala

Uimhir Aitheantais: V-7659695

Inscne: fireann

Ard-Reachtaire ar an Tionól Bunreachta Náisiúnta (ANC), nach n‐aithnítear, ón 23 Deireadh Fómhair 2018 i leith agus iar-chéad agus iar-dara Leas-Uachtarán ar an Tionól. Bhain a chuid gníomhaíochtaí an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala, lena n‐áirítear, trína bheith i gceannas ar an ANC, nach n-aithnítear, an dlí i gcoinne an fhuatha a shíniú, údar a thabhairt le gobharnóir freasúra a toghadh go dlíthiúil a chur as oifig agus toirmeasc a chur ar Juan Guaidó seasamh d’aon oifig phoiblí.

29.6.2020

30.

Juan Jose Mendoza Jover

Dáta breithe: 11 Márta 1969

Áit bhreithe: Trujillo, Veiniséala

Seoladh: Arnoldo Gabaldon, Candelaria, Edo. Trujillo

Uimhir Aitheantais: V- 9499372

Inscne: fireann

Dara Leas-Uachtarán na Cúirte Breithiúnais Uachtaraí i Veiniséala (Tribunal Supremo de Justicia (TSJ) agus Uachtarán Dlísheomra Bunreachtúil an TSJ ón 24 Feabhra 2017 i leith. Bhain a chuid gníomhaíochtaí an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala, lena n-áirítear trí roinnt rialuithe breithiúnacha a ritheadh le dhá bhliain anuas agus a chuir srian le cumhachtaí bunreachtúla chomhlacht reachtach Veiniséala, an Tionól Náisiúnta, arna thoghadh go daonlathach, nó a bhain an bonn den Tionól.

29.6.2020

31.

Jorge Elieser Marquez Monsalve

Dáta breithe: 20 Feabhra 1971

Áit bhreithe: Caracas, Veiniséala

Uimhir Aitheantais: V- 8714253

Inscne: fireann

Ard-Stiúrthóir an Choimisiúin Náisiúnta Teileachumarsáide (CONATEL) ón 7.8.2017 i leith. Bhain a chuid gníomhaíochtaí an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala, lena n-áirítear trí shrian ollmhór a chur le cearta mhuintir Veiniseála maidir le saoirse an phreasa, saoirse cainte agus faisnéis. Bhain sé úsáid as cumhachtaí speisialta CONATEL chun lucht cáinte agus daoine nár aontaigh leis an réimeas a chur ina dtost trína suíomhanna gréasáin a bhlocáil, scagadh a dhéanamh orthu agus bac a chur orthu agus trí cheadúnais atá ann cheana do stáisiúin raidió agus teilifíse a chúlghairm agus trí dhiúltú ceadúnais nua den chineál sin a dheonú.

29.6.2020

32.

Farik Karin Mora Salcedo

Uimhir Aitheantais: V-8608523

Inscne: fireann

Ionchúisitheoir atá ag fónamh ag an gCéad Chúirt Speisialta Chéadchéime i Veiniséala ag a bhfuil oifig in Ard-Stiúrthóireacht na Frithaisnéise Míleata (Dirección General de Contrainteligencia Militar (DGCIM)). Bhain a chuid gníomhaíochtaí an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala, lena n-áirítear trí ionchúisimh a raibh cúiseanna polaitiúla leo a thionscnamh agus ar coinníodh go treallach comhaltaí den Tionól Náisiúnta agus oifigigh eile atá i gcoinne réimeas Maduro dá bharr.

29.6.2020

33.

Dinorah Yoselin Bustamante Puerta

Dáta breithe: 14 Eanáir 1975

Uimhir Aitheantais: V-10002096

Inscne: baineann

Ionchúisitheoir atá ag fónamh ag an gCéad Chúirt Speisialta Chéadchéime i Veiniseála, ag a bhfuil oifig in Ard-Stiúrthóireacht na Frithaisnéise Míleata (Dirección General de Contrainteligencia Militar (DGCIM)). Bhain a cuid gníomhaíochtaí an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala, lena n-áirítear trí ionchúisimh a raibh cúiseanna polaitiúla leo a thionscnamh agus ar coinníodh go treallach comhaltaí den Tionól Náisiúnta agus oifigigh eile atá i gcoinne réimeas Maduro dá bharr.

29.6.2020

34.

Luis Eduardo Parra Rivero

Dáta breithe: 7 Iúil 1978

Uimhir Aitheantais: V-14211633

Inscne: fireann

Comhalta den Tionól Náisiúnta agus uachtarán ar an Tionól, arna thoghadh go neamhdhlisteanach. Mar chomhalta den Tionól Náisiúnta, reáchtáil sé toghchán bréige mar Uachtarán ar an Tionól Náisiúnta an 5 Eanáir 2020, agus leis sin, bhain sé an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala. Reáchtáladh an toghchán gan chóram tráth ar chuir na póilíní (míleata) bac ar roinnt parlaiminteoirí a mbealach a dhéanamh isteach chuig áitreamh an Tionóil Náisiúnta. Dá bhrí sin, bhí ar chomhaltaí an fhreasúra iad féin a eagrú taobh amuigh d’áitreabh an Tionóil Náisiúnta chun Juan Guaidó a atoghadh mar Uachtarán ar an Tionól. Go gearr tar éis an toghcháin, lenar thacaigh páirtí politiúila de chuid an réimis (PSUV), chuir Maduro agus an Tionól Bunreachta Náisiúnta (ANC), nach n-aithnítear, fáilte roimh Parra.

29.6.2020

35.

Franklyn Leonardo Duarte

Dáta breithe: 15 Bealtaine 1977

Uimhir Aitheantais: V-3304045

Comhalta den Tionól Náisiúnta agus an chéad Leas-Uachtarán ar an Tionól, arna thoghadh go neamhdhlisteanach. Mar chomhalta den Tionól Náisiúnta, reáchtáil sé toghchán bréige mar an chéad Leas-Uachtarán ar an Tionól Náisiúnta an 5 Eanáir 2020, agus leis sin, bhain sé an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala. Reáchtáladh an toghchán gan chóram tráth ar chuir na póilíní (míleata) bac ar roinnt parlaiminteoirí a mbealach a dhéanamh isteach. Dá bhrí sin, bhí ar chomhaltaí an fhreasúra iad féin a eagrú taobh amuigh d’áitreabh an Tionóil Náisiúnta chun Juan Guaidó a atoghadh mar Uachtarán ar an Tionól. Go gearr tar éis an toghcháin bréige Duarte, lenar thacaigh páirtí polaitiúil (PSUV) de chuid an réimis, ba dhíol sásaimh do Maduro agus don Tionól Bunreachta Náisiúnta (ANC), nach n-aithnítear, gur toghadh an Bhoird Stiúrtha.

29.6.2020

36.

José Gregorio Noriega Figueroa

Dáta breithe: 21 Feabhra 1969

Uimhir Aitheantais: V-8348784

Inscne: fireann

Comhalta den Tionól Náisiúnta agus an dara Leas-Uachtarán ar an Tionól, arna thoghadh go neamhdhlisteanach. Mar chomhalta den Tionól Náisiúnta, reáchtáil sé toghchán bréige mar an dara Leas-Uachtarán ar an Tionól Náisiúnta an 5 Eanáir 2020, agus leis sin, bhain sé an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala. Reáchtáladh an toghchán gan chóram tráth ar chuir na póilíní (míleata) bac ar roinnt parlaiminteoirí a mbealach a dhéanamh isteach. Dá bhrí sin, bhí ar chomhaltaí an fhreasúra iad féin a eagrú taobh amuigh d’áitreabh an Tionóil Náisiúnta chun Juan Guaidó a atoghadh mar Uachtarán ar an Tionól. Go gearr tar éis an toghcháin bréige Noriega, lenar thacaigh páirtí polaitiúil (PSUV) de chuid an réimis, ba dhíol sásaimh do Maduro agus don Tionól Bunreachta Náisiúnta (ANC), nach n-aithnítear, gur toghadh an Bhoird Stiúrtha.”

29.6.2020


Top