EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020R0872

Rialachán (AE) 2020/872 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2020 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 a mhéid a bhaineann le beart sonrach chun tacaíocht eisceachtúil shealadach a chur ar fáil faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) mar fhreagairt ar ráig COVID-19

PE/17/2020/REV/1

IO L 204, 26.6.2020, p. 1–3 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2022; Arna aisghairm go hintuigthe ag 32021R2115

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/872/oj

26.6.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 204/1


RIALACHÁN (AE) 2020/872 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 24 Meitheamh 2020

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 a mhéid a bhaineann le beart sonrach chun tacaíocht eisceachtúil shealadach a chur ar fáil faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) mar fhreagairt ar ráig COVID-19

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 42 agus 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá feirmeoirí agus gnólachtaí tuaithe buailte go trom le hiarmhairtí ráig COVID-19 ar bhealach nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe. Na mórshrianta maidir le gluaiseacht a cuireadh i bhfeidhm sna Ballstáit, chomh maith le siopaí, margaí faoin aer, bialanna agus gnólachtaí fáilteachais eile a bheith á ndúnadh ar bhonn riachtanach, chruthaigh siad mícshocracht eacnamaíoch san earnáil talmhaíochta agus sna pobail tuaithe agus d’eascair fadhbanna leachtacha agus sreafa airgid d’fheirmeoirí agus do ghnólachtaí beaga a dhéanann próiseáil, margaíocht nó forbairt ar tháirgí talmhaíochta astu. Mar gheall air sin cruthaíodh staid eisceachtúil nach mór aghaidh a thabhairt uirthi.

(2)

Chun freagairt a thabhairt ar thionchar na géarchéime ag eascairt as ráig COVID-19 (“an ghéarchéim”), ba cheart go nglacfaí beart nua eisceachtúil sealadach chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna leachtacha a chuireann leanúnachas ghníomhaíochtaí feirmeoireachta agus ghnólachtaí beaga i mbaol, gnólachtaí a dhéanann próiseáil, margaíocht nó forbairt ar tháirgí talmhaíochta.

(3)

Ba cheart go gcuirfeadh an beart sin ar chumas na mBallstát na cistí atá ar fáil a úsáid faoina gcláir forbartha tuaithe atá ann cheana d’fhonn tacú le feirmeoirí agus fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) a dtéann an ghéarchéim go mór i bhfeidhm orthu. An tacaíocht, a bhfuil sé d’aidhm aici iomaíochas ghnólachtaí talmhaíochta agus inmharthanacht feirmeacha a chosaint, d’fhonn na hacmhainní atá ar fáil a dhíriú ar na tairbhithe is mó atá ag fulaingt de bharr na géarchéime, ba cheart iad a dheonú ar bhonn critéir oibiachtúla, neamh-idirdhealaitheacha. I gcás na bhfeirmeoirí, ar na critéir a d’fhéadfaí a chur san áireamh, tá earnálacha táirgthe, cineálacha feirmeoireachta, struchtúir feirme, cineálacha margaíochta a dhéantar ar tháirgí feirmeoireachta agus líon na n-oibrithe séasúracha a fhostaítear; i gcás FBManna, féadfar a áireamh sna critéir sin cineálacha earnálacha, cineálacha gníomhaíochta, cineálacha réigiún, agus srianta sonracha eile.

(4)

De dheasca na práinne agus toisc go bhfuil gné eisceachtúil ag an mbeart sin, ba cheart íocaíocht aonuaire agus teorainn ama le haghaidh chur i bhfeidhm an bhirt a shocrú, agus ní mór an prionsabal lena bhfuil íocaíochtaí ón gCoimisiún le déanamh i gcomhréir le leithreasuithe buiséadacha agus faoi réir chistithe atá ar fáil a choinneáil i gcuimhne.

(5)

Chun tacaíocht níos airde a thabhairt do na feirmeoirí agus do na FBManna is mó atá buailte, is iomchuí a cheadú do Bhallstáit coigeartú a dhéanamh ar leibhéal na gcnapshuimeanna le haghaidh catagóirí áirithe de thairbhithe incháilithe, bunaithe ar chritéir oibiachtúla agus neamh-idirdhealaitheacha.

(6)

Chun a áirithiú go ndéanfar an beart nua a mhaoiniú go leordhóthanach gan cuspóirí eile na gclár forbartha tuaithe a chur i mbaol, mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), ba cheart uaschion a shocrú do ranníocaíocht an Aontais leis an mbeart sin.

(7)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon freagairt do thionchar na géarchéime trí bheart sonrach a thabhairt isteach chun tacaíocht shealadach eisceachtúil a sholáthar faoi CETFT, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta atá beartaithe, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(8)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 a leasú dá réir.

(9)

I bhfianaise na práinne maidir le aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim, measadh gurbh iomchuí a fhoráil d’eisceacht ar an tréimhse ocht seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bParlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal le CAE, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.

(10)

I bhfianaise na práinne atá leis an staid a bhaineann leis an ngéarchéim, ba cheart go dtiocfadh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 mar a leanas:

(1)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

Airteagal 39b

Tacaíocht eisceachtúil shealadach d’fheirmeoirí agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) atá buailte go trom ag géarchéim COVID-19

1.   Leis an tacaíocht faoin mbeart sin, cuirfear cabhair éigeandála ar fáil d’fheirmeoirí agus do FBManna atá buailte go trom ag géarchéim COVID-19, dírithe ar leanúnachas i leith a gcuid gníomhaíochta gnó, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo.

2.   Deonófar tacaíocht d’fheirmeoirí agus do FBManna a dhéanann próiseáil, margaíocht nó forbairt ar tháirgí talmhaíochta arna gcumhdach le hIarscríbhinn I a ghabhann le CFAE nó cadás, seachas táirgí iascaigh. D’fhéadfadh sé gur táirge nach gcumhdaítear leis an Iarscríbhinn sin a bheadh in aschur an phróisis táirgeachta.

3.   Déanfaidh na Ballstáit an tacaíocht a dhíriú ar na tairbhithe is mó atá buailte le géarchéim COVID-19, trí choinníollacha incháilitheachta agus, i gcás go measann an Ballstát lena mbaineann gurb iomchuí, critéir roghnúcháin a bheidh oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach, a chinneadh, bunaithe ar an bhfianaise atá ar fáil.

4.   Beidh an tacaíocht i bhfoirm íocaíochta cnapshuime a íocfar faoin 30 Meitheamh 2021, bunaithe ar iarratais ar thacaíocht arna gceadú ag an údarás inniúil faoin 31 Nollaig 2020. Déanfar an aisíocaíocht ina dhiaidh sin ón gCoimisiún i gcomhréir le leithreasuithe buiséid agus faoi réir an chistithe atá ar fáil. Féadfar leibhéal na híocaíochta a idirdhealú de réir catagóirí tairbhithe, i gcomhréir le critéir oibiachtúla agus neamh-idirdhealaitheacha.

5.   Ní rachaidh uasmhéid na tacaíochta thar EUR 7 000 in aghaidh an fheirmeora agus EUR 50 000 in aghaidh an FBM.

6.   Agus tacaíocht a dheonú faoin Airteagal seo, áireoidh na Ballstáit an tacaíocht a dheonaítear faoi ionstraimí tacaíochta náisiúnta eile nó ionstraimí tacaíochta eile de chuid an Aontais nó faoi scéimeanna príobháideacha chun freagairt do thionchar ghéarchéim COVID-19.”;

(2)

in Airteagal 49, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Áiritheoidh údarás an Bhallstáit atá freagrach as roghnú na n-oibríochtaí, cé is moite de na hoibríochtaí faoi phointe (b) d’Airteagal 18(1), faoi phointe (d) d’Airteagal 24(1) agus Airteagail 28 go 31, 33, 34 agus 36 go 39b, go roghnófar oibríochtaí i gcomhréir leis na critéir roghnúcháin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus de réir nós imeachta trédhearcach a mbeidh doiciméadú maith ann ina leith.”;

(3)

in Airteagal 59, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“6a.   Ní rachaidh tacaíocht CETFT arna soláthar faoi Airteagal 39b thar 2 % de ranníocaíocht iomlán CETFT leis an gclár forbartha tuaithe.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Meitheamh 2020.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

N. BRNJAC


(1)  Tuairim an 11 Meitheamh 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Meitheamh 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 24 Meitheamh 2020.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 487).


Top