Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020R0717

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/717 ón gComhairle an 28 Bealtaine 2020 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 17(3) de Rialachán (AE) Uimh. 224/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht na hAfraice Láir

    ST/7957/2020/INIT

    IO L 168, 29.5.2020, p. 61–63 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/717/oj

    29.5.2020   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 168/61


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2020/717 ÓN gCOMHAIRLE

    an 28 Bealtaine 2020

    lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 17(3) de Rialachán (AE) Uimh. 224/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht na hAfraice Láir

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 224/2014 an 10 Márta 2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht na hAfraice Láir (1), agus go háirithe Airteagal 17(3) de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 10 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 224/2014.

    (2)

    An 5 Bealtaine 2020, rinne Coiste Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (UNSC) arna bhunú de bhun Rún UNSC 2127 (2013) nuashonrú ar an bhfaisnéis a bhaineann le duine amháin atá faoi réir bearta sriantacha.

    (3)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 224/2014 a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear leis seo Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 224/2014 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm dáta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 28 Bealtaine 2020.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    G. GRLIĆ RADMAN


    (1)  IO L 70, 11.3.2014, lch. 1.


    IARSCRÍBHINN

    Sa liosta a leagtar amach i gCuid A (Daoine) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh 224/2014, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála do Martin KOUMTAMADJI :

    13. Martin KOUMTAMADJI (ailias: a) Abdoulaye Miskine b) Abdoullaye Miskine c) Martin Nadingar Koumtamadji d) Martin Nkoumtamadji e) Martin Koumta Madji f) Omar Mahamat)

    Ainmniú: Uachtarán agus ardcheannasaí an Front Démocratique du Peuple Centrafricain (FDPC)

    Dáta breithe: a) 5 Deireadh Fómhair 1965 b) 3 Márta 1965

    Áit bhreithe: a) Ndïnaba, Sead b) Kobo, Poblacht na hAfraice Láir (c) Kabo, Poblacht na hAfraice Láir

    Náisiúntacht: a) Sead b) Poblacht na hAfraice Láir c) an Congó

    Uimhir phas: a) 06FBO2262 (pas taidhleoireachta na hAfraice Láir) a eisíodh an 22 Feabhra 2007, a chuaigh in éag an 21 Feabhra 2012b) pas seirbhíse an Chongó SA0020249, a eisíodh an 22 Eanáir 2019, a rachaidh in éag an 21 Eanáir 2022;

    Seoladh: Am Dafock, Vakaga, Poblacht na hAfraice Láir (an suíomh deiridh is eol)

    Dáta ainmniúcháin na Náisiún Aontaithe:20 Aibreán 2020

    Faisnéis eile: Bhunaigh Martin Koumtamadji FDPC in 2005. Chuaigh sé isteach i gcomhghuaillíocht Séléka i mí na Nollag 2012 sular fhág sé é i mí Aibreáin 2013 tar éis do na reibiliúnaigh teacht i gcumhacht in Bangui. Tar éis é a ghabháil i gCamarún, aistríodh chuig Brazzaville i bPoblacht an Chongó é. Bhí sé i gceannas ar a thrúpaí ar an talamh i bPoblacht na hAfraice Láir i gcónaí, fiú nuair a bhí sé in Brazzaville sular fhill sé ar Phoblacht na hAfraice Láir (idir Samhain 2014 agus 2019). Shínigh FDPC an Comhaontú Polaitiúil um Shíocháin agus Athmhuintearas i bPoblacht na hAfraice Láir an 6 Feabhra 2019 ach tá Martin Koumtamadji fós ina bhagairt don tsíocháin, don chobhsaíocht agus don tslándáil i bPoblacht na hAfraice Láir. Grianghraf ar fáil lena chur sa Fógra Speisialta ó INTERPOL-Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. Nasc gréasáin chuig Fógra Speisialta INTERPOL-Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe: https://www.interpol.int/en/How-we-work/Notices/View-UN-Notices-Individuals.

    Faisnéis ó insint achomair na gcúiseanna lena liostú a chuir an Coiste Smachtbhannaí ar fáil:

    Agus é ina uachtarán agus ardcheannasaí ar an Front Démocratique du Peuple Centrafricain (FDPC, grúpa armtha atá ag gabháil do ghníomhaíochtaí foréigneacha), bhí Martin Koumatamadji ag gabháil do ghníomhaíochtaí a chuir síocháin, cobhsaíocht agus slándáil Phoblacht na hAfraice Láir i mbaol agus, go háirithe, cur chun feidhme an Chomhaontaithe Pholaitiúil um Shíocháin agus Athmhuintearais a síníodh in Bangui an 6 Feabhra 2019.

    Dhiúltaigh sé do dhí-armáil chomhraiceoirí FDPC, i gcomhréir lena ghealltanais mar shínitheoir ar an gComhaontú Polaitiúil um Shíocháin agus Athmhuintearas i bPoblacht na hAfraice Láir, agus bhagair sé an tUachtarán Touadéra a chur as oifig i mí Iúil 2019.

    Thosaigh sé ag comhoibriú le Nourredine Adam (CFi.002), duine ar cuireadh smachtbhannaí i bhfeidhm air, i mí an Mheithimh 2019 agus bhí sé ag gabháil do gháinneáil arm le dlúthchomhlach de Nourredine Adam, d’fhonn cur le cumais mhíleata FDPC.

    Rinne sé tairiscint freisin do Front Populaire pour la Renaissance de la Centifrique (FPRC) oibríocht mhíleata a dhéanamh lena ghrúpa armtha le linn na troda in Vakaga in 2019.

    Lean sé de bhac a chur ar athbhunú údarás an stáit i réimsí oibríochta FPDC trí bhloic mhídhleathacha a choinneáil ar bhóithre chun airgead a bhaint le foréigean d’fheirmeoirí eallach, de ghníomhaithe eacnamaíocha (lena n-áirítear cuideachtaí mianadóireachta óir atá ag feidhmiú in Nana-Mambéré), agus de thaistealaithe.

    Faoina cheannaireacht, rinne an FDPC gníomhartha in Nana-Mambéré arbh ionann iad agus mí‐úsáid nó sáruithe ar chearta an duine, lena n-áirítear ionsaithe a díríodh ar shibhialtaigh i mí Aibreáin 2019, fuadach sibhialtach i mí an Mhárta 2019 (gar do Zoukombo) agus gníomhartha foréigin ghnéasaigh agus inscnebhunaithe i mí na Bealtaine 2019 (in Bagary). In 2017, rinne FDPC 14 ghníomh foréigin ghnéasaigh i gcoimhlint.

    Idir 2016 agus 2019, d’earcaigh FDPC leanaí chun fónamh mar shaighdiúirí i gcoinbhleacht armtha agus chuir siad iallach ar aon chailín déag pósadh le comhaltaí FDPC.

    I mí an Mhárta 2019, bhí baint aige le bac a chur ar sheachadadh an chúnaimh dhaonnúil nuair a rinne FDPC, faoi cheannaireacht Miskine, sraith ionsaithe ar an bpríomhbhóthar go Bangui ó Chamarún.

    Ar deireadh, bhí imruagadh idir gnéithe de FDPC agus MINUSCA i mí Aibreáin 2019 gar do Zoukombo (Nana-Mambéré) agus ar ais Bouar-Beleko.”


    Top