EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020R0460

Rialachán (AE) 2020/460 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Márta 2020 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013 agus (AE) Uimh. 508/2014 a mhéid a bhaineann le bearta sonracha chun infheistíochtaí a shlógadh i gcórais cúraim sláinte na mBallstát agus in earnálacha eile dá ngeilleagar mar fhreagairt ar ráig COVID-19 (An Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas)

PE/5/2020/REV/1

IO L 99, 31.3.2020, p. 5–8 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/460/oj

31.3.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 99/5


RIALACHÁN (AE) 2020/460 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 30 Márta 2020

lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013 agus (AE) Uimh. 508/2014 a mhéid a bhaineann le bearta sonracha chun infheistíochtaí a shlógadh i gcórais cúraim sláinte na mBallstát agus in earnálacha eile dá ngeilleagar mar fhreagairt ar ráig COVID-19 (An Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 43(2), 177 agus 178 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá iarmhairtí ráig COVID-19 dulta i bhfeidhm ar na Ballstáit ar shlí ar leith. Tá an ghéarchéim sláinte poibli atá ann i láthair na huaire ag cur bac ar fhás sna Ballstáit agus, mar thoradh air sin, tá an easpa leachtachta thromchúiseach ag dul in olcas, easpa arb é is cúis léi an t‐ardú tobann agus suntasach atá tagtha ar na hinfheistíochtaí poiblí is gá a dhéanamh i gcórais cúraim sláinte na mBallstát agus in earnálacha eile dá ngeilleagair. Tháinig de sin staid eisceachtúil nach mór aghaidh a thabhairt uirthi le bearta sonracha.

(2)

Tá sé ríthábhachtach nach mbeidh an easpa leachtachta agus an easpa cistí poiblí i mBallstáit ina bac ar na hinfheistíochtaí is gá a dhéanamh faoi chláir a fhaigheann tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (“CFRE”), ó Chiste Sóisialta na hEorpa (CSE) agus ón gCiste Comhtháthaithe (“CC”) (dá ngairtear le chéile “na Cistí”) agus ón gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh (“CEMI”) chun ráig COVID-19 a chomhrac.

(3)

Chun freagairt a thabhairt ar thionchar na géarchéime sláinte poiblí, ba cheart do CFRE tacú le maoiniú caipitil oibre i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide (“FBManna”), i gcás inar gá, mar bheart sealadach chun freagairt éifeachtach a thabhairt ar an ngéarchéim sláinte poiblí.

(4)

Chun freagairt a thabhairt ar thionchar na géarchéime sláinte poiblí, ba cheart do thosaíocht infheistíochta CFRE maidir le taighde, forbairt teicneolaíochta agus nuálaíocht a neartú, infheistíocht a chumhdach sna táirgí agus sna seirbhísí a bhfuil gá leo chun acmhainneachtaí freagartha ar ghéarchéimeanna sna seirbhísí sláinte a chothú.

(5)

Chun tuilleadh solúbthachta a sholáthar chun aghaidh a thabhairt ar ráig COVID-19, ba cheart tuilleadh solúbthachta a thabhairt do na Ballstáit chun cláir a chur chun feidhme agus ba cheart nós imeachta simplithe nach n‐éilíonn cinneadh ón gCoimisiún a chur ar fáil maidir le hathruithe ar chláir oibríochtúla. Ba cheart an fhaisnéis a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin maidir le hathruithe den sórt sin a shoiléiriú.

(6)

Chun freagairt a thabhairt ar thionchar na géarchéime sláinte poiblí, ba cheart d’ionstraimí airgeadais arna maoiniú ag na Cistí tacaíocht a chur ar fáil i bhfoirm caipitil oibre freisin d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide, i gcás inar gá, mar bheart sealadach chun freagairt éifeachtach a thabhairt ar an ngéarchéim sláinte poiblí.

(7)

Chun freagairt láithreach a thabhairt ar thionchar na géarchéime sláinte poiblí, ba cheart an caiteachas ar oibríochtaí chun acmhainneachtaí freagartha ar ghéarchéimeanna a chothú a bheith incháilithe amhail ón 1 Feabhra 2020.

(8)

Chun a áirithiú go mbeidh na hacmhainní leordhóthanacha airgeadais ag Ballstáit chun na hinfheistíochtaí a bhfuil gá leo a dhéanamh gan mhoill, is iomchuí don Choimisiún gan orduithe aisghabhála a eisiúint maidir leis na méideanna is in‐aisghabhála ó Bhallstáit le haghaidh na gcuntas bliantúil arna gcur isteach in 2020. Ba cheart do na Ballstáit na méideanna nár aisghabhadh a úsáid chun dlús a chur le hinfheistíochtaí a bhaineann le ráig COVID-19 agus atá incháilithe faoi Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus faoi na rialacha Ciste-shonracha.

(9)

Ba cheart na méideanna nár aisghabhadh in 2020 a imréiteach nó iad a bheith faoi réir orduithe aisghabhála tráth dúnta na gclár.

(10)

Chun freagairt ar thionchar na géarchéime sláinte poiblí, ba cheart do CEMI tacaíocht a thabhairt do chistí frithpháirteacha agus d’árachas stoc chun ioncam iascairí agus feirmeoirí dobharshaothraithe a ndéanann an ghéarchéim sláinte poiblí difear dóibh a choimirciú.

(11)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon freagairt do thionchar na géarchéime sláinte poiblí, a ghnóthú go leordhóthanach ach, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta atá beartaithe, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (“CAE”). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(12)

I bhfianaise na práinne atá leis an tacaíocht atá ag teastáil, ba cheart don Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(13)

I bhfianaise ráig COVID-19 agus an phráinn atá ag baint maidir le haghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim sláinte phoiblí ghaolmhar, measadh go raibh sé iomchuí foráil a dhéanamh d’eisceacht ón tréimhse ocht seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh 1 maidir le na bParlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal leis an CAE, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach um Fhuinneamh Adamhach.

(14)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013 (3), (AE) Uimh. 1303/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 (4) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013

Leasaítear Rialachán (AE) 1301/2013 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 3(1) cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

“5. Ina theannta sin, féadfaidh CRFE tacú le maoiniú caipitil oibre in FBManna i gcás inar gá, mar bheart sealadach, chun freagairt éifeachtach a thabhairt ar ghéarchéim sláinte poiblí.”;

(2)

in Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (1)(b):

“(b)

infheistíocht ghnó a chur chun cinn i réimse na teicneolaíochta agus na nuálaíochta, agus naisc agus sineirgí a fhorbairt idir fiontair, ionaid taighde agus forbartha agus earnáil an ardoideachais, go háirithe trí infheistíocht a chur chun cinn i bhforbairt táirgí agus seirbhísí, aistriú teicneolaíochta, nuálaíocht shóisialta, éiceanuálaíocht, feidhmchláir don tseirbhís phoiblí, cothú éilimh, líonrú, braislí agus nuálaíocht oscailte trí speisialtóireacht chliste, agus trí thacú le taighde teicneolaíochta agus feidhmeach, línte píolótacha, bearta luathbhailíochtaithe táirge, ardchumas monaraíochta agus céadtáirgeadh, go háirithe in eochairtheicneolaíochtaí cumasúcháin agus scaipeadh teicneolaíochtaí ilfheidhmeacha, chomh maith leis an infheistíocht is gá a chothú chun acmhainneachtaí freagartha ar ghéarchéimeanna sna seirbhísí sláinte a neartú;”.

Airteagal 2

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 30, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“5.   De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, i gcás na gclár a fhaigheann tacaíocht ó CFRE, ón gCiste Comhtháthaithe agus ó CSE, féadfaidh an Ballstát suas le 8 % de leithdháileadh de thosaíocht amhail ón 1 Feabhra 2020 agus nach mó ná 4 % de bhuiséad an chláir a aistriú le linn na clárthréimhse chuig tosaíocht eile de chuid an Chiste chéanna den chlár céanna.

Ní dhéanfaidh na haistrithe sin difear do bhlianta roimhe sin. Measfar nach aistrithe substaintiúla iad agus ní bheidh gá le cinneadh ón gCoimisiún lena leasaítear an clár. Mar sin féin, beidh siad i gcomhréir leis na ceanglais rialála uile agus déanfaidh an coiste faireacháin iad a fhormheas roimh ré. Tabharfaidh an Ballstát fógra don Choimisiún maidir leis na táblaí airgeadais athbhreithnithe.”;

(2)

in Airteagal 37(4), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

“Féadfaidh ionstraimí airgeadais tacaíocht a chur ar fáil i bhfoirm caipitil oibre d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide más gá, mar bheart sealadach, chun freagairt éifeachtach a thabhairt ar ghéarchéim sláinte poiblí.”;

(3)

in Airteagal 65(10), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

“De mhaolú ar mhír 9, beidh caiteachas ar oibríochtaí chun acmhainneachtaí freagartha ar ghéarchéimeanna a chothú i gcomhthéacs ráig COVID-19 incháilithe amhail ón 1 Feabhra 2020.”;

(4)

in Airteagal 96, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 10:

“10.   Gan dochar d’Airteagal 30(5), glacfaidh an Coimisiún cinneadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, lena bhformheasfar gnéithe uile an chláir oibríochtúil, lena n‐áirítear aon leasú a dhéanfar air amach anseo, a thagann faoin Airteagal seo, ach amháin na gnéithe sin a thagann faoi phointí (b)(vi), (c)(v) agus (e) den chéad fhomhír de mhír 2, faoi mhíreanna 4 agus 5, faoi phointí (a) agus (c) de mhír 6 agus faoi mhír 7, arb iad na Ballstáit a bheidh freagrach astu i gcónaí.”;

(5)

In Airteagal 139(7), cuirtear na fomhíreanna seo a leanas leis:

“De mhaolú ar an gcéad fhomhír, ní eiseoidh an Coimisiún ordú aisghabhála i leith méideanna is inghnóthaithe ón mBallstát le haghaidh na gcuntas arna dtíolacadh in 2020. Bainfear úsáid as méideanna nár aisghabhadh chun dlús a chur le hinfheistíochtaí a bhaineann le ráig COVID-19 agus atá incháilithe faoin Rialachán seo agus faoi rialacha a bhaineann go sonrach leis na Cistí.

Déanfar na méideanna nár aisghabhadh a imréiteach nó a aisghabháil tráth an dúnta.”.

Airteagal 3

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 508/2014

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 mar a leanas:

(1)

Leasaítear Airteagal 35 mar seo a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

“Cistí frithpháirteacha le haghaidh géarchéimeanna sláinte poiblí, teagmhais dhíobhálacha aeráide agus teagmhais chomhshaoil”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Féadfaidh CEMI rannchuidiú leis na cistí frithpháirteacha a íocann cúiteamh airgeadais le hiascairí i gcomhair caillteanas eacnamaíoch a tharlaíonn mar thoradh ar ghéarchéimeanna sláinte poiblí, ar theagmhais dhíobhálacha aeráide, ar theagmhais chomhshaoil nó ar na costais tarrthála i gcás iascairí nó soithí iascaireachta ar éirigh tionóiscí dóibh le linn a ngníomhaíochtaí iascaireachta.”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 5 agus 6:

“5.   Saineoidh na Ballstáit na rialacha maidir le bunú agus bainistíocht na gcistí frithpháirteacha, go háirithe maidir le deonú íocaíochtaí cúitimh agus le hincháilitheacht iascairí an cúiteamh sin a fháil i gcás géarchéimeanna sláinte poiblí, teagmhais dhíobhálacha aeráide, teagmhais chomhshaoil nó tionóiscí ar muir amháil dá dtagraítear i mír 1, agus maidir le riarachán agus faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na rialacha sin. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar foráil i socruithe na gcistí do phionóis i gcás mórfhaillí ó thaobh an iascaire de.

6.   Is iad na géarchéimeanna sláinte poiblí, na teagmhais dhíobhálacha aeráide, na teagmhais chomhshaoil nó na tionóiscí ar muir amhail dá dtagraítear i mír 1 na cinn sin a aithníonn údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann go foirmiúil a tharla.”;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:

“8.   Ní dheonófar rannchuidithe faoi mhír 1 ach amháin chun caillteanas a tharla trí ghéarchéimeanna sláinte poiblí, trí theagmhais dhíobhálacha aeráide, trí theagmhais chomhshaoil nó trí thionóiscí ar muir a chúiteamh, ar caillteanas é ar fiú níos mó ná 30 % de láimhdeachas bliantúil an ghnóthais lena mbaineann é agus a ríomhfar ar bhonn mheánláimhdeachas an ghnóthais sin sna 3 bliana féilire roimhe sin.”;

(2)

in Airteagal 57(1) cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(e)

géarchéimeanna sláinte poiblí.”.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Márta 2020.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. GRLIĆ RADMAN


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Márta 2020 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 30 Márta 2020 .

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 320).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus maidir le forálacha sonracha a bhaineann le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006 (IO L 347, 20.12.2013, lch 289)

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CE) 2328/2003 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 791/2007 ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1255/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 149 20.5.2014, lch. 1).


Top