Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020R0283

    Rialachán (AE) 2020/283Ón Gcomhairle an 18 Feabhra 2020 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 maidir le bearta chun comhar riaracháin a neartú ar mhaithe le calaois CBL a chomhrac

    ST/14128/2019/INIT

    IO L 62, 2.3.2020, p. 1–6 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/283/oj

    2.3.2020   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 62/1


    RIALACHÁN (AE) 2020/283ÓN GCOMHAIRLE

    an 18 Feabhra 2020

    lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 maidir le bearta chun comhar riaracháin a neartú ar mhaithe le calaois CBL a chomhrac

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 113 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa (1),

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 ón gComhairle (3), leagtar síos rialacha, inter alia, maidir le faisnéis shonrach a stóráil agus a mhalartú trí mheán leictreonach, i réimse na cánach breisluacha (CBL).

    (2)

    Leis an bhfás atá tagtha ar an tráchtáil leictreonach (“r-thráchtáil”), is fusa go mór earraí agus seirbhísí a dhíol trasna na teorann le tomhaltóirí deiridh i mBallstáit eile. Sa chomhthéacs sin, is éard is ciall le r-thráchtáil trasteorann soláthairtí a bhfuil CBL dlite ina leith i mBallstát amháin, ach a bhfuil an soláthróir bunaithe i mBallstát eile, nó i dtríú críoch nó i dtríú tír. Mar sin féin, gnóthaí calaoiseacha, atá bunaithe i mBallstát nó i dtríú críoch nó i dtríú tír, baineann siad leas as deiseanna r-thráchtála chun buntáistí éagóracha a fháil ón margadh trína n-oibleagáidí CBL a sheachaint. I gcás ina mbeidh feidhm ag prionsabal an chánachais ag an gceann scríbe toisc nach mbíonn aon oibleagáidí cuntasaíochta ar thomhaltóirí, is gá uirlisí iomchuí a bheith ag na Ballstáit tomhaltais chun gnóthaí calaoiseacha den sórt sin a bhrath agus a rialú. Tá sé tábhachtach calaois CBL trasteorann a chomhrac, calaois arb é iompar calaoiseach roinnt gnóthaí i réimse na r‐thráchtála trasteorann is cúis léi.

    (3)

    Go dtí seo, bhí comhar idir údaráis chánach na mBallstát (“na húdaráis chánach”) chun calaois CBL a chomhrac bunaithe go hiondúil ar thaifid atá i seilbh na ngnóthaí a bhfuil baint dhíreach acu leis an idirbheart inchánach. I gcás soláthairtí trasteorann den chineál gnó le tomhaltóir, atá tipiciúil i réimse na r-thráchtála, d’fhéadfadh sé nach mbeadh an fhaisnéis sin ar fáil go díreach. Dá bhrí sin, tá gá le huirlisí nua chun gur féidir le húdaráis chánach calaois CBL a chomhrac ar bhealach éifeachtach.

    (4)

    I gcás fhormhór mór na gceannachán trasteorann ar líne a dhéanann tomhaltóirí san Aontas, is trí sholáthraithe seirbhíse íocaíochta a dhéantar na híocaíochtaí. Chun gur féidir seirbhísí íocaíochta a sholáthar, bíonn faisnéis shonrach ina sheilbh ag soláthraí seirbhíse íocaíochta chun faighteoir, nó íocaí, na híocaíochta trasteorann sin a shainaithint mar aon le mionsonraí maidir le dáta agus méid na híocaíochta agus maidir le Ballstát tionscnaimh na híocaíochta. Bíonn faisnéis den sórt sin riachtanach chun gur féidir leis na húdaráis chánach a gcuid bunchúraimí a dhéanamh, is é sin gnóthaí calaoiseacha a bhrath agus dliteanais CBL a chinneadh i dtaca le soláthairtí trasteorann den chineál gnó le tomhaltóir. Is gá, dá bhrí sin, agus is comhréireach go ndéanfar an fhaisnéis is ábhartha maidir le CBL, atá i seilbh soláthraithe seirbhíse íocaíochta, a chur ar fáil do na Ballstáit agus gur féidir leis na Ballstáit an fhaisnéis sin a stóráil ina gcórais leictreonacha náisiúnta agus a tharchur chuig lárchóras leictreonach faisnéise íocaíochta chun calaois CBL trasteorann a bhrath agus a chomhrac, go háirithe a mhéid a bhaineann le soláthairtí den chineál gnó le tomhaltóir.

    (5)

    Mar sin, is beart riachtanach comhréireach é chun calaois CBL a chomhrac go héifeachtach na huirlisí a thabhairt do na Ballstáit an fhaisnéis arna soláthar ag soláthraithe seirbhíse íocaíochta a bhailiú, a stóráil agus a tharchur agus rochtain ar an bhfaisnéis sin a thabhairt d’oifigigh idirchaidrimh Eurofisc nuair atá baint ag an bhfaisnéis le himscrúdú ar chalaois CBL amhrasta, nó calaois CBL a bhrath. Tá na huirlisí sin riachtanach ós rud é go bhfuil an fhaisnéis sin ag teastáil ó na húdaráis chánach chun críocha CBL a rialú, chun ioncam poiblí a chosaint agus, chomh maith leis sin, chun gnóthaí dlisteanacha sna Ballstáit a chosaint, ar gnóthaí iad a dhéanann an fhostaíocht agus saoránaigh an Aontais a chosaint.

    (6)

    Is den tábhacht é go mbeadh an phróiseáil faisnéise a dhéanann na Ballstáit i leith íocaíochtaí i gcomhréir leis an gcuspóir calaois CBL a chomhrac. Ar an ábhar sin, níor cheart do na Ballstáit faisnéis a bhailiú, a stóráil nó a tharchur faoi thomhaltóirí nó faoi íocóirí agus faoi íocaíochtaí nach dócha go mbeidh nasc acu le gníomhaíochtaí eacnamaíocha.

    (7)

    Chun an cuspóir maidir le calaois CBL a chomhrac ar bhealach níos éifeachtaí, ba cheart lárchóras leictreonach faisnéise íocaíochta (“CESOP”) a bhunú, lar chuige a dtarchuireann na Ballstáit faisnéis faoi íocaíochtaí a bhailíonn siad agus atá siad in ann a stóráil ar an leibhéal náisiúnta. Le CESOP, ba cheart faisnéis ábhartha uile CBL maidir le híocaíochtaí arna dtarchur ag na Ballstáit, a mhéid a bhaineann le híocaithe aonair, a stóráil, a chomhiomlánú agus a anailísiú. Le CESOP, ba cheart a bheith in ann forléargas iomlán a thabhairt ar na híocaíochtaí a fhaigheann íocaithe ó íocóirí atá lonnaithe sna Ballstáit agus toradh na hanailíse sonraí ar fhaisnéis a chur ar fáil d’oifigigh idirchaidrimh Eurofisc. Le CESOP, ba cheart iltaifid ar na híocaíochtaí céanna a aithint, mar shampla, d’fhéadfaí an íocaíocht chéanna a thuairisciú ón mbanc agus ó eisitheoir cártaí íocóra ar leith, an fhaisnéis a fhaightear ó na Ballstáit a ghlanadh, mar shampla trí dhúblaigh a bhaint agus earráidí i sonraí a cheartú, agus ba cheart cead a thabhairt d’oifigigh idirchaidrimh Eurofisc faisnéis íocaíochta a chros-seiceáil leis an bhfaisnéis CBL atá ina seilbh acu, fiosrúcháin a dhéanamh chun críche imscrúdaithe ar chalaois CBL amhrasta, nó chun calaois CBL a bhrath agus faisnéis fhorlíontach a chur ar fáil.

    (8)

    Cuspóir tábhachtach leas ginearálta poiblí an Aontais agus na mBallstát is ea an cánachas agus aithnítear sin i dtaca leis na srianta is féidir a fhorchur leis na hoibleagáidí agus leis na cearta dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2016/679 (4) ó Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle agus i Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle (5). Mar gheall ar chineál agus ar mhéid na faisnéise a thagann ó sholáthraithe seirbhíse íocaíochta, tá teorainneacha le leagan síos maidir le cearta cosanta sonraí agus tá siad le bunú ar na coinníollacha sonracha a leagtar síos in dTreoir (AE) 2020/284 ón gComhairle (6) . Ós rud é go bhfuil faisnéis íocaíochta thar a bheith íogair, ní mór a bheith soiléir ag gach céim den láimhseáil sonraí faoi cé hé an rialaitheoir nó an próiseálaí i gcomhréir le Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725.

    (9)

    Dá bhrí sin, is gá srianta a chur i bhfeidhm ar chearta an ábhair sonraí i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 904/2010. Go deimhin, dá gcuirfí cearta agus oibleagáidí na n‐ábhar sonraí i bhfeidhm ina n-iomláine, bhainfí an bonn go mór ón gcuspóir calaois CBL a chomhrac go héifeachtach agus thabharfadh sé an deis do na hábhair sonraí bac a chur ar anailís agus imscrúduithe, a bhíonn ar siúl i rith an ama, i ngeall ar an méid ollmhór faisnéise a sheolann na soláthraithe seirbhíse íocaíochta chuig na Ballstáit, chuig an gCoimisiún nó chucu araon agus an méadú a d’fhéadfadh teacht ar iarrataí ó ábhair sonraí. Laghdódh sé sin cumas na n-údarás cánach cuspóir an Rialacháin seo a shaothrú trí fhiosrúcháin, anailís, imscrúduithe agus nósanna imeachta a dhéantar i gcomhréir leis an Rialachán seo a chur i mbaol. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag srianta ar chearta an ábhair sonraí agus faisnéis á próiseáil aige nó aici i gcomhréir leis an Rialachán seo. Ní féidir an cuspóir maidir le calaois CBL a chomhrac a bhaint amach trí mhodhanna eile éifeachtachta nach bhfuil chomh sriantach céanna.

    (10)

    Ba cheart rochtain a bheith ag oifigigh idirchaidrimh Eurofisc, agus acu siúd amháin, ar an bhfaisnéis íocaíochta atá stóráilte in CESOP chun calaois CBL a chomhrac agus chuige sin amháin. D’fhéadfaí an fhaisnéis sin a úsáid, de bhreis ar an measúnú ar CBL, freisin chun measúnú a dhéanamh ar thobhaigh, ar dhleachtanna agus ar chánacha eile mar a bhunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 904/2010. Níor cheart an fhaisnéis sin a úsáid chun críoch eile, amhail chun críoch tráchtála.

    (11)

    Ba cheart do gach Ballstát, agus an fhaisnéis íocaíochta á próiseáil aige i gcomhréir leis na Rialachán seo, urraim a thabhairt do na teorainneacha maidir leis na nithe is comhréireach agus is riachtanach chun imscrúdú a dhéanamh ar chalaois CBL amhrasta nó chun calaois CBL a bhrath.

    (12)

    Tá sé tábhachtach, chun na cearta agus na hoibleagáidí faoi Rialachán (AE) 2016/679 a choimirciú, nach n-úsáidtear faisnéis i ndáil le híocaíochtaí le haghaidh cinnteoireacht aonair uathoibrithe agus gur cheart, dá bhrí sin, í a fhíorú i gcónaí trí thagairt a dhéanamh d’fhaisnéis chánach eile a bhíonn ar fáil do n húdaráis chánach.

    (13)

    Chun cabhrú leis na Ballstáit an chalaois chánach a chomhrac agus calaoiseoirí a bhrath, is gá agus is iomchuí go gcoinneodh soláthraithe seirbhíse íocaíochta taifid ar an bhfaisnéis maidir le híocaithe agus le híocaíochtaí i ndáil leis na seirbhísí íocaíochta a sholáthraíonn siad ar feadh trí bliana féilire. Beidh go leor ama ag na Ballstáit, sa tréimhse sin, chun rialuithe a dhéanamh go héifeachtach agus chun calaois CBL amhrasta a imscrúdú nó a bhrath, agus tá an tréimhse comhréireach freisin i bhfianaise a líonmhaire atá méid na faisnéise íocaíochta agus a íogaire atá an fhaisnéis sin ó thaobh sonraí pearsanta a chosaint.

    (14)

    Cé nár cheart oifigigh idirchaidrimh Eurofisc a bheith in ann rochtain a fháil ar an bhfaisnéis íocaíochta atá stóráilte in CESOP chun calaois CBL a chomhrac, níor cheart do dhaoine cuí-chreidiúnaithe sa Choimisiún a bheith in ann rochtain a fháil ar an bhfaisnéis sin ach amháin chun CESOP a fhorbairt agus a chothabháil. Tá gach duine atá ag fáil rochtain ar an bhfaisnéis sin faoi cheangal na rialacha rúndachta a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 904/2010.

    (15)

    De bhrí go mbeidh gá le forbairtí teicneolaíocha nua chun CESOP a chur chun feidhme, ní mór cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur siar chun go mbeidh an deis ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún na teicneolaíochtaí sin a fhorbairt.

    (16)

    Chun coinníollacha comhionanna a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil leis na bearta teicniúla chun CESOP a bhunú agus a chothabháil, cúraimí an Choimisiúin maidir le CESOP a bhainistiú go teicniúil, mionsonraí teicniúla is gá chun an nasc agus an inoibritheacht fhoriomlán idir na córais leictreonacha náisiúnta agus CESOP a ráthú; foirmeacha caighdeánacha leictreonacha chun faisnéis a bhailiú ó na soláthraithe seirbhíse íocaíochta, na sonraí teicniúla agus eile maidir leis an rochtain ar an bhfaisnéis ag oifigigh idirchaidrimh Eurofisc, na socruithe praiticiúla maidir leis na hoifigigh idirchaidrimh Eurofisc a bhfuil rochtain acu ar CESOP a shainaithint, na nósanna imeachta lena bhféadfar na bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla slándála a ghlacadh d’fhorbairt agus d’oibriú CESOP, róil agus freagrachtaí na mBallstát agus an Choimisiúin maidir le feidhmeanna an rialaitheora agus an phróiseálaí faoi Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725 agus i leith socruithe nósanna imeachta maidir le Eurofisc. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

    (17)

    Is fadhb choiteann do na Ballstáit uile í calaois CBL. Níl an fhaisnéis is gá ag na Ballstáit ina n-aonar chun a áirithiú go ndéantar rialacha CBL maidir le ríomhthráchtáil trasteorann a chur i bhfeidhm mar is ceart nó chun calaois CBL sa ríomhthráchtáil trasteorann a chomhrac. Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon calaois CBL a chomhrac, a ghnóthú go leordhóthanach a mhéid a bhaineann leis an ríomhthráchtáil trasteorann agus, de bharr fairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

    (18)

    Sa Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe, an ceart go ndéanfaí sonraí pearsanta a chosaint. I ndáil leis sin, cuireann an Rialachán seo teorainn dhocht leis an méid sonraí pearsanta atá le cur ar fáil do na Ballstáit. Níor cheart an fhaisnéis íocaíochta a phróiseáil, de bhun an Rialacháin seo, ach amháin chun calaois CBL a chomhrac.

    (19)

    Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 gur thug tuairim ar an 14 Márta 2019 (8).

    (20)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Rialachán (AE) 904/2010 mar a leanas:

    (1)

    in Airteagal 2, cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

    “(s)

    ciallaíonn “soláthraí seirbhíse íocaíochta” na catagóirí soláthraithe seirbhísí íocaíochta a liostaítear i bpointe (a) go pointe (d) d’Airteagal 1(1) de Threoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), nó duine nádúrtha nó dlítheanach a thairbhíonn de dhíolúine i gcomhréir le hAirteagal 32 den Treoir sin;

    (t)

    ciallaíonn “íocaíocht”, faoi réir na n-eisiamh dá bhforáiltear in Airteagal 3 de Threoir (AE) 2015/2366, “idirbheart íocaíochta” mar a shainmhínítear sin i bpointe (5) d’Airteagal 4 den Treoir sin, nó “seoltán airgid” mar a shainmhínítear sin i bpointe (22) d’Airteagal 4 den Treoir sin;

    (u)

    ciallaíonn “íocóir”“íocóir” mar a shainmhínítear sin i bpointe (8) d’Airteagal 4 de Threoir (AE) 2015/2366;

    (v)

    ciallaíonn “íoca픓íocaí” mar a shainmhínítear sin i bpointe (9) d’Airteagal 4 de Threoir (AE) 2015/2366.

    (*1)  Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoracha 2002/65/CE, 2009/110/CE agus 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35).”;"

    (2)

    leasaítear Caibidil V mar seo a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Chaibidil V:

    FAISNÉIS SHONRACH A BHAILIÚ, A STÓRÁIL AGUS A MHALART Ú”;

    (b)

    déantar an ceannteideal seo a leanas a chur isteach roimh Airteagal 17:

    “ROINN 1

    Rochtain uathoibrithe ar fhaisnéis shonrach atá stóráilte i gcórais leictreonacha náisiúnta ”;

    (c)

    déantar an Roinn seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Airteagal 24:

    “ROINN 2

    An lárchóras leictreonach um fhaisnéis íocaíochta;

    Airteagal 24a

    Déanfaidh an Coimisiún lárchóras leictreonach um fhaisnéis íocaíochta (“CESOP”) a fhorbairt, a chothabháil agus a óstáil, agus a bhainistiú go teicniúil, chun críche imscrúduithe ar chalaois CBL amhrasta nó chun calaois CBL a bhrath.

    Airteagal 24b

    1.   Féadfaidh gach Ballstát an fhaisnéis faoi na híocaithe agus na híocaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 243b de Threoir 2006/112/CE * a bhailiú.

    Baileoidh gach Ballstát an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír ó sholáthraithe seirbhísí íocaíochta:

    (a)

    tráth nach déanaí ná faoi dheireadh na míosa i ndiaidh na ráithe féilire lena mbaineann an fhaisnéis;

    (b)

    trí bhíthin foirm chaighdeánach leictreonach

    2.   Féadfaidh gach Ballstát an fhaisnéis arna bailiú i gcomhréir le mír 1 a stóráil i gcórais leictreonacha náisiúnta.

    3.   Déanfaidh an lároifig idirchaidrimh, nó na ranna idirchaidrimh nó na hoifigigh inniúla arna n-ainmniú ag údarás inniúil gach Ballstáit, an fhaisnéis arna bailiú i gcomhréir le mír 1 a tharchur chuig CESOP tráth nach déanaí ná an deichiú lá den dara mí tar éis na ráithe féilire lena mbaineann an fhaisnéis.

    Airteagal 24c

    1.   Beidh na cumais seo a leanas ag CESOP maidir le faisnéis arna tarchur i gcomhréir le hAirteagal 24b(3):

    (a)

    an fhaisnéis a stóráil;

    (b)

    an fhaisnéis a chomhiomlánú, i leith gach íocaí aonair;

    (c)

    anailís a dhéanamh ar an bhfaisnéis a stórálfar agus ar an bhfaisnéis ábhartha spriocdhírithe a chuirfear in iúl nó a bhaileofar de bhun an Rialacháin seo;

    (d)

    an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den mhír seo a dhéanamh inrochtana d’oifigigh idirchaidrimh Eurofisc, dá dtagraítear in Airteagal 36(1).

    2.   Coinneoidh CESOP an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 ar feadh uastréimhse cúig bliana ó dheireadh na bliana inar aistríodh an fhaisnéis chuige.

    Airteagal 24d

    Ní thabharfar rochtain ar CESOP ach amháin d’oifigigh idirchaidrimh Eurofisc, dá dtagraítear in Airteagal 36(1), a mbeidh aitheantas úsáideora phearsanta acu do CESOP agus i gcás ina mbainfidh an rochtain sin le himscrúdú ar chalaois CBL amhrasta nó i gcás inarb é calaois CBL a bhrath is cuspóir don rochtain sin.

    Airteagal 24e

    Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an méid seo a leanas:

    (a)

    na bearta teicniúla chun CESOP a bhunú agus a chothabháil;

    (b)

    cúraimí an Choimisiúin maidir le CESOP a bhainistiú go teicniúil;

    (c)

    mionsonraí teicniúla an bhonneagair agus na n-uirlisí is gá chun an nasc agus an inoibritheacht fhoriomlán idir na córais leictreonacha náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 24b agus CESOP a ráthú;

    (d)

    na foirmeacha caighdeánacha leictreonacha dá dtagraítear i bpointe (b) den dara fomhír d’Airteagal 24b(1);

    (e)

    na sonraí teicniúla agus eile maidir leis an rochtain ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 24c(1);

    (f)

    na socruithe praiticiúla chun an t-oifigeach idirchaidrimh Eurofisc a shainaithint, dá dtagraítear in Airteagal 36(1), a mbeidh rochtain acu ar CESOP i gcomhréir le hAirteagal 24d;

    (g)

    na nósanna imeachta atá le húsáid ag an gCoimisiún i gcónaí chun a áirithiú go gcuirfear na bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla slándála d’fhorbairt agus d’oibriú CESOP i bhfeidhm;

    (h)

    róil agus freagrachtaí na mBallstát agus an Choimisiúin maidir le feidhmeanna an rialaitheora agus an phróiseálaí faoi Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2) agus Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3).

    Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 58(2).

    Airteagal 24f

    1.   Is as buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh a íocfar na costais a bhaineann le CESOP a bhunú, a oibriú agus a chothabháil. Áireofar ar na costais sin costais a bhaineann leis an nasc slán idir CESOP agus na córais náisiúnta leictreonacha dá dtagraítear in Airteagal 24b(2), agus na seirbhísí is gá chun na cumais a liostaítear in Airteagal 24c(1) a chur i gcrích.

    2.   Seasfaidh gach Ballstát na costais a bheidh ar gach forbairt is gá a dhéanfar ar a chóras leictreonach náisiúnta féin, dá dtagraítear in Airteagal 24b(2), agus beidh siad freagrach as na forbairtí sin.”;

    (*2)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2106, lch. 1)."

    (*3)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39)."

    (3)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 37:

    “Airteagal 37

    1.   Cuirfidh cathaoirleach Eurofisc tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí na réimsí oibre uile faoi bhráid an Choiste dá dtagraítear in Airteagal 58(1). Beidh an méid seo a leanas ar a laghad sa tuarascáil bhliantúil:

    (a)

    an méid iomlán uaireanta a dhéantar rochtain ar CESOP;

    (b)

    na torthaí oibríochtúla bunaithe ar an bhfaisnéis a dhéantar a rochtain agus a phróiseáiltear de bhun Airteagal 24d, faoi mar atá sainaitheanta ag oifigigh idirchaidrimh Eurofisc;

    (c)

    measúnú cáilíochta ar na sonraí a phróiseáiltear in CESOP.

    2.   Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na socruithe nós imeachta i ndáil le Eurofisc. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 58(2).”;

    (4)

    in Airteagal 55, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

    “1a.   Ní úsáidfear an fhaisnéis dá dtagraítear i Roinn 2 de Chaibidil V ach amháin chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1 agus i gcás inar fíoraíodh í trí thagairt d’fhaisnéis eile chánach atá ar fáil d’údaráis inniúla na mBallstát.”.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2024.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 18 Feabhra 2020.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    Z. MARIĆ


    (1)  Tuairim an 17 Nollaig 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

    (2)  IO C 240, 16.7.2019, lch. 29.

    (3)  Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 an 7 Deireadh Fómhair 2010 ón gComhairle maidir le comhar riaracháin agus calaois a chomhrac i réimse na cánach breisluacha (IO L 268, 12.10.2010, lch. 1).

    (4)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

    (5)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

    (6)  Treoir (AE) 2020/284 ón gComhairle an 18 Feabhra 2020 lena leasaítear Treoir 2006/112/CE maidir le ceanglais áirithe do sholáthraithe seirbhíse íocaíochta a thabhairt isteach (Féach leathanach 7 den Iris Oifigiúil seo).

    (7)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

    (8)  IO C 140, 16.4.2019, lch. 4.


    Top