Valitse kokeelliset ominaisuudet, joita haluat kokeilla

Tämä asiakirja on ote EUR-Lex-verkkosivustolta

Asiakirja 32020R0231

    Rialachán (AE) 2020/231ón gcomhairle an 18 Feabhra 2020 lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1977 lena n-osclaítear bainistiú tharaif-chuótaí uathrialaitheacha an Aontais le haghaidh táirgí iascaigh áirithe le linn na tréimhse 2019-2020 agus lena bhforáiltear maidir leis an mbainistiú sin

    ST/5380/2020/INIT

    IO L 47I, 20.2.2020, s. 1—2 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Asiakirjan oikeudellinen asema Ei enää voimassa, Voimassaolon päättymispäivämäärä: 31/12/2020

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/231/oj

    20.2.2020   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    LI 47/1


    RIALACHÁN (AE) 2020/231ÓN GCOMHAIRLE

    an 18 Feabhra 2020

    lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1977 lena n-osclaítear bainistiú tharaif-chuótaí uathrialaitheacha an Aontais le haghaidh táirgí iascaigh áirithe le linn na tréimhse 2019-2020 agus lena bhforáiltear maidir leis an mbainistiú sin

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 31 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Rialachán (AE) 2018/1977 ón gComhairle (1), osclaítear bainistiú tharaif-chuótaí uathrialaitheacha an Aontais le haghaidh táirgí iascaigh áirithe le linn na tréimhse 2019‐2020 agus foráiltear maidir leis an mbainistiú sin. Cinntear méideanna iomchuí le haghaidh gach taraif-chuóta chun a áirithiú go mbeidh soláthar leordhóthanach do thionscal próiseála an Aontais le linn na tréimhse 2019-2020.

    (2)

    Laistigh den taraif-chuóta infheidhmithe faoi shraithuimhir 09.2750, a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1977, ní chomhfhreagraíonn ach na táirgí atá faoi chód AC ex 0305 20 00 ag a bhfuil cód TARIC 35 don tuairisc "eochraí éisc chrua, í nite, na horgáin ghreamaitheacha bainte di agus í saillte go simplí nó faoi sháile, chun ionadach caibheáir a mhonarú".

    (3)

    Faoi Rialachán (AE) 2015/2265 ón gComhairle (2), áfach, a tháinig roimh Rialachán (AE) 2018/1977, rinne an taraif-chuóta lena mbaineann tagairt do tháirge chód AC ex 1604 32 00 ag a bhfuil cód TARIC 20, agus is iad na táirgí sin a cumhdaíodh leis an tuairisc "eochraí éisc chrua, í nite, na horgáin ghreamaitheacha bainte di agus í saillte go simplí nó faoi sháile, chun ionadach caibheáir a mhonarú".

    (4)

    Maidir leis an neamhréireacht idir na cóid AC ábhartha atá sa dá Rialachán, i ndáil leis an sraithuimhir céanna, d’fhág go raibh sé deacair do thionscal próiseála an Aontais forálacha ábhartha a léirmhíniú agus an difríocht idir an dá chód AC a thuiscint. Bhí drochthionchar ag an easpa soiléireachta sin ar thionscal próiseála an Aontais.

    (5)

    Is iomchuí liosta na dtáirgí a chumhdaítear leis an taraif-chuóta le haghaidh shraithuimhir 09.2750 a leasú ionas go mbeidh táirgí chód AC 1604 32 00 ag a bhfuil cód TARIC 20 san áireamh go ceann tréimhse theoranta bliana amháin. Ina theannta sin, ba cheart fonóta a chur isteach a dhéanfaidh tagairt do na cóid AC agus TARIC sin agus an tréimhse ón 1 Eanáir 2019 go dtí an 31 Nollaig 2019 a chur san áireamh freisin.

    (6)

    Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2018/1977 a leasú dá réir.

    (7)

    Beidh feidhm ag na cuótaí a osclaítear le Rialachán (AE) 2018/1977 sa chéad bhliain i rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2019 go dtí an 31 Nollaig 2019. Ós rud é gur gá a áirithiú go gcaithfear go cothrom le hoibreoirí eacnamaíocha, agus é a chur san áireamh nach bhfuil an taraif-chuóta faoi shraithuimhir 09.2752 caite fós, ba cheart an Rialachán seo a chur i bhfeidhm go haisghníomhach le héifeacht ón 1 Eanáir 2019 ionas go mbeidh an deis ag na hoibreoirí eacnamaíocha a bhaineann úsáid as eochraí éisc chrua (críochtháirgí) leas a bhaint as an dleacht chuóta fhabhrach i gcónaí gan bhriseadh ar feadh tréimhse theoranta ama. Dá bhrí sin, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm láithreach,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear an tríú líne den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1977 (sraithuimhir 09.2750) mar seo a leanas:

    (1)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála faoin gcolún “cód AC”:

    “ex 0305 20 00

    ex 1604 32 00”;

    (2)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála faoin gcolún “cód TARIC”:

    “35

    20”;

    (3)

    cuirtear an fonóta seo a leanas leis an gcolún “tuairisc” i ndiaidh an fhocail “ionadach caibheáir”:

    “Maidir le cód TARIC 1604320020, beidh feidhm ag an taraif-chuóta seo ón 1 Eanáir 2019 go dtí an 31 Nollaig 2019”.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2019.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 18 Feabhra 2020.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    Z. MARIĆ


    (1)  Rialachán (AE) 2018/1977 ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena n‐osclaítear bainistiú tharaif-chuótaí uathrialaitheacha an Aontais le haghaidh táirgí iascaigh áirithe le linn na tréimhse 2019-2020 agus lena bhforáiltear maidir leis an mbainistiú sin (IO L 317, 14.12.2018, Lch. 2).

    (2)  Rialachán (AE) 2015/2265 ón gComhairle an 7 Nollaig 2015 lena n‐osclaítear bainistiú tharaif-chuótaí uathrialaitheacha an Aontais le haghaidh táirgí iascaigh áirithe le linn na tréimhse 2016-2018 agus lena bhforáiltear maidir leis an mbainistiú sin (IO L 322, 8.12.2015, Lch. 4).


    Alkuun