This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32020R0119
Council Implementing Regulation (EU) 2020/119 of 28 January 2020 implementing Regulation (EU) No 269/2014 concerning restrictive measures in respect of actions undermining or threatening the territorial integrity, sovereignty and independence of Ukraine
Rialachán cur chun Feidhme (AE) 2020/119 ón Gcomhairle an 28 Eanáir 2020 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin
Rialachán cur chun Feidhme (AE) 2020/119 ón Gcomhairle an 28 Eanáir 2020 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin
ST/15150/2019/INIT
IO L 22I, 28.1.2020, p. 1–4
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
28.1.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
LI 22/1 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2020/119 ÓN GCOMHAIRLE
an 28 Eanáir 2020
lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014 maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (1), agus go háirithe Airteagal 14(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid a leanas:
(1) |
An 17 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 269/2014. |
(2) |
Tar éis do Chónaidhm na Rúise “toghcháin áitiúla”, mar a thugtar orthu, an 8 Meán Fómhair 2019 a reáchtáil i bPoblacht Fhéinrialaitheach na Crimé agus i gCathair Sevastopol na hÚcráine, a ndearnadh nascghabháil neamhdhleathach orthu, measann an Chomhairle gur cheart seachtar a chur le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n‐eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014. |
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirfear na daoine a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo leis an liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Eanáir 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. METELKO-ZGOMBIĆ
IARSCRÍBHINN
Cuirtear na daoine a leanas le liosta na ndaoine a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014:
|
Ainm |
Faisnéis chéannachta |
Na cúiseanna |
Dáta an liostaithe |
“184. |
Sergei Andreevich DANILENKO (Сергей Андреевич ДАНИЛЕНКО) |
Inscne: fireann Dáta breithe: 14.3.1960 Áit bhreithe: Krasnodar (íar‐APSS) |
Ceann Choimisiún Toghcháin Sevastopol. Sa cháil sin, ghlac sé páirt i reáchtáil na dtoghchán áitiúil an 8 Meán Fómhair 2019 i gcathair Sevastopol, a ndearnadh nascghabháil neamhdhleathach uirthi, agus ar an gcaoi sin thacaigh sé go gníomhach le gníomhaíochtaí agus chuir sé beartais chun feidhme a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin. |
28.1.2020 |
185. |
Lidia Aleksandrovna BASOVA (Лидия Александровна БАСОВА) / Lidiya Oleksandrivna BASOVA (Лiдiя Олександрiвна БАСОВА) |
Inscne: baineann Dáta breithe: 1972 Áit bhreithe: Anaithnid |
Leas-Cheann Choimisiún Toghcháin Sevastopol. Sa cháil sin, ghlac sí páirt i reáchtáil na dtoghchán áitiúil an 8 Meán Fómhair 2019 i gcathair Sevastopol, a ndearnadh nascghabháil neamhdhleathach uirthi, agus ar an gcaoi sin thacaigh sí go gníomhach le gníomhaíochtaí agus chuir sí beartais chun feidhme a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin. |
28.1.2020 |
186. |
Ekaterina Eduardovna PYRKOVA (Екатерина Эдуардовна ПЫРКОВА) / Kateryna Eduardivna PYRKOVA (Катерина Едуардiвна ПИРКОВА) |
Inscne: baineann Dáta breithe: 22.8.1967 Áit bhreithe: Sevastopol (Iar‐APSS) |
Rúnaí Choimisiún Toghcháin Sevastopol. Sa cháil sin, ghlac sí páirt i reáchtáil na dtoghchán áitiúil an 8 Meán Fómhair 2019 i gcathair Sevastopol, a ndearnadh nascghabháil neamhdhleathach uirthi, agus ar an gcaoi sin thacaigh sí go gníomhach le gníomhaíochtaí agus chuir sí beartais chun feidhme a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin. |
28.1.2020 |
187. |
Ekaterina Borisovna ALTABAEVA (Екатерина Борисовна АЛТАБАЕВА) / Kateryna Borysivna ALTABAEVA (Катерина Борисiвна АЛТАБАЄВА) |
Inscne: baineann Dáta breithe: 27.5.1956 Áit bhreithe: Uglich (Iar-APSS) |
Comhalta de Chomhairle Cónaidhme Chónaidhm na Rúise do chathair Sevastopol, a ndearnadh nascghabháil neamhdhleathach uirthi. Ag gníomhú di sa cháil sin a ghlac sí uirthi féin, d’oibrigh sí chun cathair Sevastopol, a ndearnadh nascghabháil neamhdhleathach uirthi, a lánpháirtiú a thuilleadh i gCónaidhm na Rúise agus ar an gcaoi sin thacaigh sí go gníomhach le gníomhaíochtaí agus chuir sí beartais chun feidhme a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin. |
28.1.2020 |
188. |
Yuriy Mikhailovich GOTSANYUK / Yuriy Mikhailovich GOTSANYUK (Юрий Михайлович ГОЦАНЮК)/ Iurii Mykhailovych HOTSANIUK (Юрiй Михайлович ГОЦАНЮК) |
Inscne: fireann Dáta breithe: 18.7.1966 Áit bhreithe: Novaya Derevnya/Nove Selo (Iar-APSS) |
Príomh-Aire ‘Phoblacht na Crimé’, mar a thugtar uirthi. Ag gníomhú dó sa cháil sin a ghlac sé air féin, d’oibrigh sé chun Poblacht na Crimé, mar a thugtar uirthi, a lánpháirtiú a thuilleadh i gCónaidhm na Rúise agus ar an gcaoi sin thacaigh sé go gníomhach le gníomhaíochtaí agus chuir sé beartais chun feidhme a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin. |
28.1.2020 |
189. |
Vladimir Vladimirovich NEMTSEV (Владимир Владимирович НЕМЦЕВ) / Volodymyr Volodymyrovych NEMTSEV (Володимир Володимирович НЄМЦЕВ) |
Inscne: fireann Dáta breithe: 15.11.1971 Áit bhreithe: Sevastopol (Iar‐APSS) |
Cathaoirleach ar ‘Thionól Reachtach’, mar a thugtar air, chathair Sevastopol, a ndearnadh nascghabháil neamhdhleathach uirthi. Ag gníomhú dó sa cháil sin a ghlac sé air féin, d’oibrigh sé chun cathair Sevastopol, a ndearnadh nascghabháil neamhdhleathach uirthi, a lánpháirtiú a thuilleadh i gCónaidhm na Rúise agus ar an gcaoi sin thacaigh sé go gníomhach le gníomhaíochtaí agus chuir sé beartais chun feidhme a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin. |
28.1.2020 |
190. |
Mikhail Vladimirovich RAZVOZHAEV (Михаил Владимирович РАЗВОЖАЕВ) / Mykhailo Volodymyrovich RAZVOZHAEV (Михайло Володимирович РАЗВОЖАЄВ) |
Inscne: fireann Dáta breithe: 30.12.1980 Áit bhreithe: Krasnoyarsk (Iar‐APSS) |
‘Gobharnóir gníomhach’, mar a thugtar air, chathair Sevastopol, a ndearnadh nascghabháil neamhdhleathach uirthi. Ag gníomhú dó sa cháil sin a ghlac sé air féin, d’oibrigh sé chun cathair Sevastopol, a ndearnadh nascghabháil neamhdhleathach uirthi, a lánpháirtiú a thuilleadh i gCónaidhm na Rúise agus ar an gcaoi sin thacaigh sé go gníomhach le gníomhaíochtaí agus chuir sé beartais chun feidhme a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin. |
28.1.2020” |